Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghráinneóg agus an Gearrfhiadh.

Title
An Ghráinneóg agus an Gearrfhiadh.
Author(s)
Ó Murchadha, Mícheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 17


AN GHRÁINNEÓG AGUS AN GEARRFHIADH.



Do bhí gearrfhiadh óg cos-árdach ag siubhal
ar fuaid guirt choirce lá breágh
foghmhair agus do casadh gráinneóg
sgoth-aosda mí-chúmtha air. D'fheuch an
gearrfhiadh air le fuath agus le droch-mheas agus
dubhairt: "Gráin ort! a ainmhidhe ghránda
gan chrot, gan sgéimh, cad do bheir do
leithéid do thruagh nirt ar an saoghal so ar
aon chor?"



"Ní fheicim puinn sgiamhacht ort féin, agus
ní heól dam puinn tréithe fóghanta ionnat,
acht an saoghal mór sa tárr ort, a chnámh-
thoirt bhuidhe," ars' an ghruinneóg go feargach,
"agus, fós, ní'l nídh ar eólus agat nách eól
dómh-sa chomh maith leat, ná gaisge nirt ná
lútha ar do chumas nách féidir liom-sa do
dhéanamh."



"Dar ndóigh, tá rith agus léim agam go
h-áirighthe, agus a chrot orm, nídh nách fuil ort-sa,
a chrúnca mhí-ádhbharaigh," ars' an gearrfhiadh.



"Ní fheadar sain go fóil," ars' an
ghráinneog, "chum go mbeidh triall againn
air!"



"An amhlaidh a shéidfeadh an donas leat,
a óinsighthín gan chéill, dul chum reatha
liom-sa?" ars' an gearrfhiadh agus lán a
chroidhe do iongnadh air.



"Seadh go deimhin, mhaise," ars' an
ghráinneóg, "agus táim i ndóchas láidir an
teasbach do bhaint díot leis."



"Agus cá mbeidh an rás againn?" ars'
an gearrfhiadh.



"'San ínse gharrdha so thiar le hais na
habhann," ars' an ghráinneóg.



"Bí ullamh i gcionn leathuaire an chluig,
má 'seadh," ars' an gearrfhiadh, "chum go
bhféacham amach le chéile é."



"Bead is fáilthe," ars' an ghráinneóg;
"ní bheidh moill orm acht mo phroinn do
chaitheamh."



Agus do sgaradar le chéile agus chuaidh gach
aon díobh chum a ghnáthóige féin, agus do innis
an ghráinneóg d'á bhain-chéile cionnus mar
do bhí coimheasgar reatha idir é féin agus an
gearrfhiadh, "agus anois," ars' eisean léi,
"caithfir cabhrughadh liom chum buadh do
bhreith ar an bpataire gearrfhiaidh seo.



"Agus cionnus do thiocfair air sin?" ars'
ise.



"'Neósad-sa dhuit," ars' eisean: "'San
ínse gharrdha seo thiar do bheidh an rás
eadrainn; istigh ins na claiseacha 'seadh do
rithfeam. Tiocfad-sa i mbárr na claise, agus
tusa i mbun. Nuair thabharfad-sa an focal
do'n amadán gearrfhiaidh úd, leigfead orm
rith le fánaidh, acht ní rithfead rán tailimh,
agus nuair thiocfaidh sé go bun, abair-se, "táim
annso rómhat," agus má ritheann sé tar n-ais,
bead-sa roimis."


L. 18


Sin mar a thárlaidh, agus do tháinig an
gearrfhiadh go hionad an choinne, agus do bhí

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services