Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Targaire Choluim Chille.

Title
Sgéalaidheacht. Targaire Choluim Chille.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TARGAIRE CHOLUIM CHILLE.



Dubhairt Colum Cille gur'b é mac an
Alb'naigh a chuideachadh le mac a' Ghaodhail
[fá] Éirinn a bhaint agus go mbéidheadh mac an
Alb'naigh chomh Gaodhalach le mac a' Ghaodhail
agus go labhartaoi an Ghaedhealc eadar Alb'naigh
agus Gaodhail sol mur dtiocfadh an t-am sin
isteach. Chuala mé go dtiocfadh na Págá-
laigh isteach go hÉirinn agus nach mbéidheadh a'n
fhear le feiceáil i n-Éirinn [i gcionn] seacht
mbliadhan a' chogaidh agus go mbeadh ceathrar ban
ionn i máraidh ar a' t-sliabh aige Fealach
(Folach) Éirinne - thuas i gCor a' chuit atá
sí, ar Shliabh Fadhaigh (Fathaigh), tamall beag
taobh thuas de Uaigh na Mná Móire - agus cha
bhíonn ag an cheathrar ban acht lán noigin
cárta de mhin choirce agus raghaidh (rachaidh) bean
aca amach go dorus a' mháraidh agus 'tchífidh sí
fear ag teacht aníos Fealach (Folach) Éirinne
agus déarfaidh sí leis a' bhean eile: "Ó, choinic
me fear," agus béidh noigin chárta na mine i
láimh na mná a chluinfeas a' bhean eile ag
ráidhtigh go bhfaca sí an fear agus tuitfidh sí
as a seasamh agus éagfaidh sí agus dóirtfidh sí an
mhin agus cha bhíonn a'n ghreim ag an triúr a
d'fhág sí 'na déidh agus annsin éagfaidh an triúr
le hacras agus sin deireadh na n-Éireannach,
agus tiocfaidh na Spáinnigh isteach annsin go
hÉirinn agus tógfaidh siad a gcuid caisleánach
agus béidh Éirinn fúbhtha (faoibhthea) fhéin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services