Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Udhacht Pháidín Thoirdhealbhaigh.

Title
Filidheacht. Udhacht Pháidín Thoirdhealbhaigh.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Clainndiolúin, Seumas
Contributor
Mac Conóil, Pádraic
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AMHRÁN Ó CHLÁR GHEAL THUADHMHUMHAN.



Baile Atha Cliath,
31/10/01.



A Laoidigh, a chara,



Táim ag cur na líne so chughat le súil go mbfhiú
a gcur i gcló iad. Fuair mé ó bhuachaill darbh ainm
Pádraic Mac Conóil iad. Tá sé 'na chomhnuidhe i
n-aice do Lios-dúin-bheárna i gCóndae an Chláir.



Mise le meas,



SEUMAS CLAINNDIOLÚIN.



Do Sheosamh Laoide.



UDHACHT PHÁIDÍN THOIRDHEALBHAIGH.



I.



Anois i dteacht an tsamhraidh déanfaidh mé
m' udhacht
Is rachaidh mé ar mo ghlúine go dtí an
sagart
Is roinnfidh mé an Mhumhain ar sgafairí
súgach
Fad a mhairfidh aon lughad in mo theanga.
Ag Aindréas bán bíodh Innis-tighe-Máin
Is a bhfuil ó Challán go Bun Raite,
Cúig mhíle 'na láimh le roinnt ar bhochtáin,
Agus tuillfidh sé grásta na bhflaitheas.



II.



Ag Brian Ua Móráin bíodh Baile-Ghúnáin,
Cathair-Mhionnáin is Cill-Chathrach
A bhfuil ó Chill-asbrúnáin go Cladach Ghlinn-
Mheadhóin
Is as sin go bárr Ghuirt-a'-Daingin.
I gceann a dhearbhráthar bíodh Cathair-na-
nÁrd,
Aniar go dtí Fánta 's a' Creagach
A bhfuil ó Bhaile-Bhrisleáin go Cill-Mhuire-
Í Bhriocáin
Agus suas an caisleán is mo bheannacht.



III.



Ag Auguistín Críonna bíonn maithe na tíre,
Níor mhór dhó lúach fíona 'gus leanna
Mar chaitheann siad mí ann ar meisge gan
cuimhne
As a lán de'n chois-mhuintir 'na n-aice.
Gheobhaidh sé cúig míle de'n airgead síos -
As bhancanna an Ríogh bhéas a tharraingt,
Is bronnaim d'á mhnaoi mar phroperty choidhch'
A bhfuil ó Bh'l'áth' 'n Rí go Cionn-Mhara.



IV.



Tabhairfidh mé Díleann do mhuintir Chuínn
Baile-Mhichíl agus Faithche;
Bíodh Cnoc-na-Ríghthe ag Tomás Mac Suibhne
Mar ba ró-mhaith a thigheasach 'sa mbaile.


L. 195


Bronnaim dá mhnaoi Gleann-na-Sealluighe
Cnoc-Baile-Gríobhtha 'gus Ceapach;
Dá gcaithfeadh sé mí ann níor phinginn dhá
díol é,
Mar ba mhaith a chuid bídh is a leaba.



V.



Ag Dochtúir Murray bíodh Baile-Bhriain
Paráisde na Díseard gan dada,
A bhfuil as súd síos go Coilleán-Uí-Shíde
Faoi bhuláin, faoi chaora 's faoi chapaill;
An dá Lis-Láirthín agus Baile-Caisín
Cnoc-leabhair as an rí-Chathair-fhada
Gan sgilling, gan cíos, gan taxes ón Rígh
Agus hogaiséd fíon gach aon tSathrainn.



VI.



Ag Donnchadh Cathail fágaim talamh is
áitreabh -
Níor chóir dham é chaitheamh gan dada -
Cotha 's Coilleán, is na Sean-Tuirlilgh bhána
Agus bun agus bárr Bhaile-Ghaisdil
Gach a bhfuil bán anoir ó Chill-Tártain
Go ndeaghaidh sé análl le Cinn-Aille
Siúd faoi n-a láimh gan pinginn go bráth
Nuair d'íocfaidh sé cárt uisge bheata.



VII.



Ag Seaghan Ua Móráin bíodh paráisde Chláim,
'S ar m'anam nach gádh dhó bheith 'ceasacht,
A bhfuil ó Bhun-an-chaisleáin go Teampoll
na Ráithe
Is roinnfidh sé a lán de le Harry.
Míle buláin ó Aonach Cill'-Mháile
As díolfaidh sé i mbárach na bainbh;
Beidh sé lán láidir ag teacht an Fhéil' Phádraic
Ar éis iad thiomáint chuig' an tsleatair.



VIII.



Ag O Flaithbheartaigh fágaim Achadh a'
Mhinneáin,
Bun Guirt an Chláir as Sliabh Charrthain,
A bhfuil ó Bhaile 'n locháin go bun an Phuill
Bháin
Bun Baile 'n Chláir is an Daingean.
An teallach is fearr dá bhfuil in mo pháirc
Idir chaora, buláin, is ba seasga;
Nuair bhí a lán atá árd de factha 'na láimh,
do bhí bágún go h-árd ag tigh a athar.



IX.



Ag Brianach 's a chlann bhíl riamh ins an Gleann;
Mar a mbíodh greann agus aiteas,
Aimsear gach dream a bheith 'sgreadach le
call,
Siúd iad a bhí teann ann mar charaid.
Bronnaim dóibh súd an Rabhachan 's an Cúmhad
Oileán-na-Súile 'gus Poplar,
An Chros is an Chúirt gan pinginn, gan púnt,
Is cead fiadhaigh ar lár Mumhan gan aon
taxes.



X.



Tá go leor aca uaim ba mhaith liom im'
radharc
Is go deimhin dhuit go leigheasfainn a
ngalair.
Diarmuid Mhac Fhloinn 'sé shéidfeadh an
adharc
'S a bhaileóchadh na gadhair chughainn go
tapaidh;
Bronnaim slíabh Eilbhe-lug ar a chloinn
Cnocán agus Coillte Ocht' Dara
'S agat-sa Phat Lysaght, bíodh paráisde
Cill Eibhle
Is a bhfuil in do radharc go Cuan na Mara.



XI.



Anois dar go deimhin díbh, tá mo phroperty
roinnte
Go dtí leathad 'béil adhairce do thalamh:
Botháinín faoi phuill agus lag in a dhruim
's me am dhalladh gan radharc ag an
ndeatach;
Tá súil agam fós le h-uaisle i gClár Fódhla
Go bhfuighidh mé sórt áitreibh feasda
As súd go dtí 'n Spá nó go h-Inis Tighe
Máin,
Is go mbeidh me im' phléráca lem' phractice.


L. 196


XII.



Ar maidin Dia Máirt bíodh an Sagart ar
fághail;
Gheobhfaidh mise bás chuig' an t-Sathrainn;
Cuirigidh faoi chlár mé ag doras tighe an
tábhairne,
Mar ba mhinic mé i bpáirt le mná an
leanna.
Nuair a gheibhinn-se spailp cháirde d'ólainn
mo sháith dhe
Is ba mhinic na báillidhe am' stracadh;
Anois ó thárla faoi ráidhte ólaigidh bhar sáith
de
Agus cuirigidh cárt de le'm anam.



Dinnseachas.



1. Callán - Sliabh Callan.
Bunraite - Bunnratty Castle, near Limerick.



2. Baile Ghúnáin - Ballygounin, between Lisdoon-
varna and Kilfenora.
Cathair Mhionnáin - Caherminnaun in Barony of
Coromroe, and Parish of Kilfenora.
Cill Chathrach - Close to Kilfenora, contains a
ruined church.
Cillasprúnáin - Local pronunciation of Killanas-
buglonane (Cíll an Easbuig Fhlannáin?), near
Ennistymon in Barony of Corcomroe.
Cladach Glínn Mheádhóin - A landing-place for
fishing boats between Doolin and Black Head.
I do not find it on the maps, but was told its
position by Mr. O'Flanagan, N.T. of Doolin.
Gort-a'-Daingin. - Near Ballyvaughan.
Cathair na n-Árd - I have been unable to locate
this exactly, but I think it is the name applied
to a Cathair on the heights near Doonagore
quarries overlooking Doolin.
Fánta - Townland near Kilfenora, contains exten-
sive glebe lands.
Creagach - In Parish of Killonaghan, Burren
Barony.
Baile Bhrisleáin - Townland in Barony of Cor-
comroe, between Ennistymon and cliffs of
Moher.
Cill-Mhuire-Í-Bhriocáin - Kilmurry Ibricken,
village in Barony of Ibricken, lying between
Milltown Malbay and Kilkee. Called Kilmury
Ibricken to distinguish it from Kilmurry
MacMahon.



3. B'l'áth'n Ríogh - Athenry, Co. Galway.
Cionn-mhara - Kinvarra, on Galway Bay.



4. Díleann - Dileann Beag and Dileann Mor - two
townlands in Oughtmama district, Burren.
Baile Mhichíl - In Kilcorney Parish, Burren.
Cnoc na Righthe - In Townland of Rath, between
Corofin and Inagh, in the Barony of Inchiquin.
Faithche - There are several places of this name.
One, N. and S. Fahee (Ord. Survey Spelling),
in Barony of Burren, and Parish of Carron;
the other in Barony of Tulla Upper, Parish of
Feakle; Fahy Mor and Beg, in Barony of Tulla
Lower. Faithche in Burren is the place most pro-
bably meant.
Gleann-na-Sealluidhe - In Parish of Kilnamona,
about 4 miles from Ennis; Sealluidhe river
runs through it.
Cnoc-Bhaile-Ghríobtha - Ballygriffey, about 2 miles
from Ennis; a square castle in good preserva-
tion, close to West Clare railway line, gives its
name to the townland; Barony Inchiquin.
Ceapach - In Carron Parish, Barony of Burren,
contains ruined castle.



5. Baile Bhriain - Ballybreen Fort is near roadside
between Kilfenora and Doolin, and close to
former place; Barony of Corcomroe.
Paráisde na Díseard - Dysert of O'Dea.
And Dá Lisláithrín - Lislarheen Mór and Beag,
two townlands in Rathborney Parish, Burren
Barony.
Coilleán Uí Shídhe. (Uí h-Íde?) - This I could not
locate exactly; it may be a part of Townland
of Cullane, in Rathborney Parish; but there
is also a Lake Cullaun in Killinaboy.
Baile Caisín - Parish of Kilnaboy, Inchiquin
Barony.
Cnoc Leabhair - In Kilnaboy Parish?
Cathair Fhada - Caherfada, Parish of Kilnaboy,
Inchiquin Barony, close to Máire Ruadh's castle
of Leimanegh.



6. Cotha - Townland of Parish of Kilfenora, Corcom-
roe Barony.
Coilleán - Townland of Rathborney Parish,
Burren Barony.
Na Sean-Túirligh Bhána - The district known as the
Turloughs takes its name from several small
loughs which appear and disappear periodically.
They are situated in Oughtmama, the wildest
part of Burren, the principal is Turloughmore,
which has an annual fair; races were formerly
held there.
Baile Gaisdil - Townland in Killeany Parish,
about 1 mile East of Lisdoonvarna.
Cill Tártain - Kiltarton Barony includes town
of Gort in Co. of Galway; the Parish of Kil-
tartan adjoins that of Gort.
Cinn Aille - Kinallia, or Eagle's Rock, is a high
cliff on the Burren mountains, on boundary of
Oughtmama and Carron; in near vicinity
are the church, well, and bed of St Colman
MacDuagh. There is also a Cathair Cínn Aille
near Lisdoonvarna.



7. Paráisde Chláim. - In Kilfenora Diocese.
Bun an Chaisleáin - Near Ballyvaughan.
Teampoll na Ráithe - In Ruan Parish, Barony of
Inchiquin.
Cíll Mháile - Kilmaley, about 4 miles S.W. of
Ennis.



8. Achadh Mhinneáin - a townland in Oughtmama
Parish, Burren Barony.
Gort an Chláir - A mountain in Oughtmama.
Sliabh Carrthain - A hill in Carron Parish, Burren.
Baile an Locháin - Perhaps Baile na Leacain,
Ballinalacken, but I am not certain.


L. 197


An Poll Bán - Poulban is the name of the town-
land immediately north of Dysert; it takes its
name from a small pond. There is another
Poll Bán in Oughtmama district, on the left
hand side of road leading from Kilfenora to
Kinvarra. A bay on south shore of Inchiquin
Lake is known as Poulivaun Bay, and the steep
wooded hill immediately above it as Poulivaun
Wood.
Baile an Chláir - Most likely Clare Castle.
An Daingean - In Rathborney parish, Burren, not
far from Ballyvaughan.



9. An Gleann - A picturesque valley close to Ennis-
tymon.
A Rabhacháin - In Parish of Killinaboy, Inchiquin
Barony, on left bank of Fergus, near its source.
Cumhad - Coad, a townland about 1 mile north of
Corofin, near Inchiquin Lake.
Oileán na Súile. - In Inchiquin Lake?
Poplar - On north shore of Inchiquin Lake.
An Chros - Townland of Cross, Inchiquin Barony,
Parish Kilkeedy.
An Chúirt - In Parish of Kilkeedy.



10. Sliabh Aidhlbhe - a high mountain overlooking
Lisdoonvarna.
Cnocán - Most likely Cnocán an Aireagail in
Dysert Parish; but there are two Cnocáns in
Ennis rural district.
Ucht Dara - Oughdara, townland near Ballina-
lacken Castle.
Paráisde Cíll Éile - Killeila Parish, which
includes Doolin and Fisher-street, where I took
down this song.
'S a bhfuil in do radharc go Cuan-na-Mara - From
the sumit of the last spur of the Burren
Mountains, which runs into Killeila Parish,
one can see on a calm day the whole extent of
Connemara from Spiddal west, together with
the Arran Islands - a magnificent view, with
Galway Bay lying between. The extent of
Pat Lysaght's "submarine estate" would sink
that of a certain politician into insignificance.



11. An Spá- This song was written at a time when
the virtues of the Lisdoonvarna springs had only
just been discovered. The Sórt áitreibh would
be a trifle of 6 miles or so in length from Doolin
to Lisdoonvarna, or a little more to Ennistymon.



Seumas Clainndiolúin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services