Agus mac tíre ag ól a sruthán, chonnaic
se uan ag ól stanng leastíos de. Rith
sé chuige, "A shoracháin," ar seision go
feargach leis an uan, "ca' n-a thaobh go
bhfuilir ag sailiughadh an uisge orm?" "Tá
imtheacht an uisge uait-se chugam-sa," ar an
t-uan, "uime sin, ní féidir do'n rud adeirir
bheith fíor." "A rógaire," ar an mac tíre,
"is eól dom go rabhais ag déanamh truim
orm rith na bliadhna i n-uraidh." "Ní rabhas
'sa' tsaoghal, an t-am sain" ar an t-uan.
"Bhí do dhearbhráthair, má's eadh," ar an mac
tíre. "Go deimhin, ní fhuil a leithéid agam i
n-éan-chor," ar an t-uan. "Is t'athair nó
do mháthair mar sin, táim deimhneach," ars 'n
mac tíre, "óir is maith is fios dom gur
fuath libh uile me, acht díolfair-se asta go
léir." Leis sin do strac se as a chéile an
t-uan bocht agus d'alp chuige é.
Is furus leis an drochdhuine cúis d'fhagháil
ar an duine mhacánta, agus 'nuair théidheann as
an bhfírinne do, ní fhuil aige acht tarraing
ar éitheach.
NÓTAIDHE.
(1) Saor seód, a jeweller.
(2) Thu bualadh in a threo, to fall in with you, to
meet you. Treó, place, direction; gan talamh gan
treó, "without house or home." I dtreó as = ar
slighe go = as that. I dtreó dhuit, so that I asssure
you.
(3) Agus = as, at that time that; "agus me ag dul
isteach" = when I was going in.
(4) Stanng leastíos de, some distance below;
stanng = space, distance; leastíos = taobh thíos.
(5) Sorachán, a worthless, troublesome fellow; dim.
of sor, a louse.
(6) Alpaim, I eat voraciously.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11