Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cóimhfhreagairt.

Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Ua Murchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÓIMHFHREAGAIRT.



AN BHORAMHA LAIGHEAN.



A Fhir Eagair, - Iarraim ort, cead do thabhairt dam
ar fhreagra do thabhairt ar dhá líne de litir Thomáis Uí
Néill Ruiséil i n-Irisleabhar an mhí seo. Sid iad iad.
Deir sé gur féidir leat-sa fir thuathalacha d'fhagháil
chum sgríobhtha 'na aghaidh féin i ndroch-Ghaedhilg ins an
Irisleabhar chum é féin do chur fá chois.



Níor sgríobh éinneach 'na aghaidh i dtaobh an leabhair
seo acht mise, ar an dtaobh amuigh dhíot féin, agus ar an
adhbhar sain, cad chuige go ndeir sé "fir thuathalacha"
nó "do-thuigsionacha," nó an amhlaidh a mheasann sé -
acht nach bhfuil de mheisneach ann a rádh - gur bheartuigh-
eamar araon d' éan-toil, claon-bheart d'imirt air'.



Cad ar a shon nár ainmnigh sé mise? Ní raibh m' ainm
ar iarraidh; bhí sé agus m' ionad chomhnuighthe fá bhun na
droch-Ghaedhilge úd. Níor theicheas ar sgáth ainm chleite
ó ruathar na nua-Ghaedhilge léigheannta, badh léir dam,
dar liom, do bhí ag tórmach os cionn m'inchinne tua-
thalaighe, ag cur na droch-Ghaedhilge úd le cheile dham.
Acht mo nuar! nach saobh iad breitheamhnaisí an duine,
mar, ar phléasgadh dho'n ruathar os comhair mo shúl ní
raibh ann acht leoithne bheag fann gan éifeacht, de
"chaint ghairbh" an "mhillteóra," mar adeir an file
gasda úd an Seachránaidhe i "bhFíor Chláirseach na
hÉireann."



A Mhic Uí Néill Ruiséil, seo chugat purgóid eile
de'n droch-Ghaedhilg. Is de'm mhehoin féin do chuireas
an droch-Ghaedhilg úd ag triall ar Fh. E. an Irisleabhair.
Ní raibh de fhios aige go rabhas dá cur chuige acht an
oiread agus do bhí a fhios ag Oisín an fhaid agus do bhí sé, go
haoibhinn fá sgéimh blátha na hóige, i dTír na n-Óg, go
raibh buaidh beirthe ag Pádruig na mbachall mbán ar
Phágántacht i nÉirinn ar mhaoilinn na Teamhrach i bhfiadh-
naise mórdhachta Éireann agus préamh-rúindiamhair chrei-
dimh na Críosdaidheachta craobhsgaoilte agus curtha ar
bun aige go daingean agus go deo i n-ionad na Págán-
tachta.



Ní hiongnadh liom-sa mo chuid Gaedhilge-se do bheith
fá dhroich-mheas agat, nuair is cuimhin liom tráth dá
rabhais gur beag agat Gaedhilg Thaidhg Ghaodhlaigh Uí
Shúilliobháin, acht pé aca olc maith mo chuid-se dhi,
d'fhoghluimigheas í ó bhéalaibh daoine nach raibh a smaointe
ná a n-éirimidhe suaidhte ag smaointibh Béarla. Acht
admhuighim, agus is soith liom é bheith agam le rádh, gur
fasda ó chlisteacht agus ó chruinneas an t-iarsma beag
d'fhan agam-sa de chaint na ndaoine úd, tá le fad do
bhliadhantaibh ar shlighe na fírinne, gurab maith an mhaise
dhóibh é.



Is dócha gur'b é fé ndeara dham í bheith chomh holc
agam agus tá sí, de bhrígh nár ceileadh orm eolas labhartha
Gaedhilge mo chúige dhúthchais féin le linn m'óige. Dá
gceilfidhe, is feárr go mór do bheidhinn gléasta i
gcomhair stuidéir do dhéanamh ar na seodannaibh
beaga gleoidhte na nua-Ghaedhilge léigheannta do
sgríobhais féin i "bhFíor-chláirseach na hÉireann."
Deirir i roimh-rádh an leabair seo nach ar lorg Gaedh-
ilge éan-chúige atá mic léighinn fíor-thír-ghrádhacha na
Gaedhilge. 'Sí Gaedhilg na hÉireann atá uatha agus ní
bheidh a hatharrach aca. Réitighim leat ar an méid sin.
Seo cur síos eile ar an Roimh-rádh so. Tá módh léigh-
eannta i nua-Ghaedhilg gur cheart do gach uile sgríbh-
neóir a dhícheall a dhéanamh ar sgríobhadh dá réir.
Chífeam anois ins an leabhar so, cionnus do chuiris féin
i bhfeidhm an chomhairle do thugais do dhaoinibh eile.



Ar leathanach a 2, táid na focail seo le fagháil: -



"Ta fonn an phíosa so neamh-aithnighthe anois, acht do
chuid bhig na n-abhránaidh."



Ar leathanach a 18, deirir: -



"Tá an t-abhrán so aithnighthe ar feadh Éireann uile."



Ar leathanach a 83, deirir: -



"As "Irisleabhar na Gaedhilge" cóip so an abhráin
deagh-aithnighthe so, etc.."



Ar leathanach a 116, deirir: -



"Níor sgríobhadh agus nior cumadh abhrán ar feadh
mórán bliadhan do thaithnigh na daoine go coitcheann
níos mó ná an t-abhrán so. Ní héigean a rádh gur
Éireannach an bheanuasal Needham agus an Saoi O'Fathaigh
araon."



Acht ba ró-fhóbair dham seod na seod do dhearmad.
Sidé é.



"Bhí Bresal bocht i n-áit chumhaing mar a deirimíd
i mBéarla."



Dúntar feasda leabhair na n-ughdar. Ní'l a thuilleadh
gnótha againn díobh. Seo buaidhte orra d'éin-iarracht.


L. 159


Sidí an chraobh beirthe uatha go caithréimeach. A ollaimh
na nua-Gaedhilge agus a scoláire sháir-léigheannta i
Leabhar Laighean, an é seo toradh do chuid stuidéir ar
ughdaraibh nua-Ghaedhilge léigheannta na seiseadh agus na
seachtmhadh haoise déag? Nach dealbh í litiridheacht na
n-ughdar so no nach dall í t' inntleacht féin chumh a
rádh nach bhféadfá cás Bhresail bhoicht d'innsint dúinn
ghan bheith ag braith ar "chaint ghairbh" an "mhillteora"?
agus gan air sin féin agat acht atharrughadh bacach aindeis.



Is dócha gur'b iad so na smaointe bhí id' aigne, ag
sgriobhadh na bhfocal so dhuit, "Poor Bresal was in a
tight corner". Athróchad na focail seo tar n-ais go
Béarla ionnus go bhfeicfeam a mbacaighe agus a n-aindeise
go soiléir: "Poor Bresal was in a narrow place".



Á! ár náire agus ár n-aithris go deo is choidhche mar
nochtais bacaighe theangan Bhanba agus dealbhas litiridheacht
a h-éigse os comhair súl na suadh! Cuirim ort anois
a dhearbhughadh nach Gall-Ghaedhilg na somplaí seo atá
curtha síos agam ód' pheann féin agus nach bhfuil ionnta
acht focail Ghaedhilge caithte le chéile gan chéill, chum
do smaointe Bhéarla do chumhdach go haindeis leó.



Má théidheann díot é seo do dhearbhughadh, cuir uait
do chuid sgríbhneóireachta i nGaedhilg agus ná bí ag cur
mac léighinn na Gaedhilge ar seachrán, agus ná bí ag
caitheamh fear dtuathalach agus gan aca acht droch-Ghaedhilg
mar achmhusán i súilibh Fh. E. Irisleabhair na Gaedhilge.



Má ritheann leat é dhearbhughadh gur'b í seo Gaedhilg
Charsewell, an Chéitinnigh agus an chuid eile aca, ar a
dtráchtann tú chomh minic, déanfad leoir-ghníomh ins an
éagcoir, ma tá sí déanta agam ort, má's fiú leat é,
leoir-ghníomh do ghlacadh óthuatha lán.



Acht, a bhráthair, cé fada dhuit ag tarraingt a' tobar
leamhnachta na Gaedhilge, níor rith leat an t-uachtar do
thaisge; chuaidh sé go léir 'na ghruth is 'na mheidhg ort,
id' chuid phrómhais is filidheachta.



B'fhéidir go ndéarfá gur dána an t-éadan é do
thuathalán a thuairim do thabhairt ar fhilidheacht. Ad-
mhuighim gur'b eadh agus tá critheagla ó bhathas go bonn
orm 'na thaobh, mar is cuimhin liom go gcloisinn na
seandaoine 'ghá rádh fad ó gur dream leo féin iad na
filídhe, agus gur ró-bhaoghalach ar fad do dhuine nach
mbeidheadh 'na fhile é féin, fearg do chur ar cheann aca,
mar, dá sgaoilfeadh sé rith a bhéil air nár bhfeárr
choidhche le n-a shaoghal é; acht tá súil agam nach bhfuil
an oíde sin i ndán damhsa.



D'airighinn mar an gcéadna iad 'ghá rádh go raibh trí
chinéal filidheachta ann mar leanas: -



a Filidheacht le féith is foghluim.
b Filidheacht le féith gan foghluim.
c Filidheacht gan innti acht ainm filidheachta.



Cé aca cinéal díobh so atá ionnat-sa? Sin ceist
nach gádh dhuit a réidhteach, má's rogha leat gan a
dhéanamh.



Á! is truagh mhór duit é, nach rabhais suas i n-allód
i ré an Chearbhallánaigh. O! nach aoibhinn do sgeithfeadh
sé a cheol draoidheachta féd' abhránaibh! Nó i gcomh-
luadar Sheagháin Chláraigh, nuair bhíodh sé go modhmharach
'na cheann-urraidh ar thionólaibh na mbárd is na bhfile.
Annsain, gan amhras, do gheobhthá ionad oireamhnach
dod' cháilidheacht. Chomh luath is do luighfeadh géar-
rosg a fhilidheachta ar d' "fhúiseoigín" cheolmhar ag



"Cantan i meadhan neime
go dána i súilibh Dé."



Agus ar dhealbh agus sgéimh do "Chailín Ruadh" d'ar
thugais bárr tar bheithibh na cruinne de bhrígh go bhfuil
"A cum mar cum aingil, díreach le saighid." Níor
bheag leis mar fhromhadh ar do cháilidheacht an dá sheód
so, do chuirfeadh a fhalluing umat. Láithreach, le n-a dhá
láimh féin, agus d'fhógróchadh le mórtas agus mór-bhród a
chroidhe gur tú féin an t-oighre dob' oireamhnaighe air
féin, an fhaid agus do bheidheadh féith na filidheachta i
gCloinn Míleadh, agus do fhreagróchadh na báird agus na
filídhe d'éan-toil agus d'éan-ghuth go lúthgháireach i n-árd
a gcinn 's a ngotha.



"Bíodh mar sin go bráth."



A fhile tar filíbh Gaedhilge, cad chuige gur cuireadh
dánta agus amhráin Aodhgáin Uí Rathaille agus Sheathrúin
Chéitinn i gclódh, nó cá bhfuil an riachtanas amhráin
Eoghain Ruaidh, Shéagháin Chláraigh agus an chuid eile aca
d'fhoillsiughadh? Nach bhfuil cáilidheacht a gcuid filidh-
eachta go léir le chéile agus cuid Dhonnchaidh Mhóir Uí
Dhálaigh 'na measg, le fagháil id' sheodaibh beaga féin
i "bhFíor-Chláirseach na hÉireann"?



"Nach aoibhinn díbh-se, a lucht an eolais," mar adeir
an sean-fhocal atá fós i mbéalaibh na dtuathalán, acht
ní dhéanfadh eolas ná léigheann na cruinne file do
dhuine mara mbeidheadh féith na filidheachta go nádúrtha
ann, acht ná déin-se a áiteamh ort féin agus ná creid ó
éinneach go bhfuil féith na filidheachta ionnat-sa. Ní'l,
mar níor rugadh leat í.



TADHG UA MURCHADHA.



(Tá corp-lár an chirt ag Tadhg Ua Murchadha. Is
diocair a thuilleadh do chur leis an sgéal - tá sé fada
a dhóithin anois - acht má's toil leis an Ruiséalach nó
le héinneach eile cur i gcoinne deimhnighthe na fírinne
seo thuas, beidh míle fáilte roimh a ndéantúsaíbh. Ní
bainfear ceart ná cóir díobh, acht gach éin-cheart agus cóir
iarraid do thabhairt dóibh. - F. an I.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services