CÓIMHFHREAGAIRT.
AN BHORAMHA LAIGHEAN.
A Fhir Eagair,
Chidhim go bhfuil mo chara Pádruig Ó Briain i gcabhair
do ughdhar an leabhair seo arís i n-Irisleabhar an mhí
seo. Tá ceart aige chuige gan amhrus má chidheann sé
go bhfuil gádh leis, agus ní mheasaim aon chur isteach do
dheunamh air 'na thaobh; acht is dóigh liom nach beag
leis de, mar go ndeir sé nach mbeidh sé ad' bhodhradh as
so amach.
Do sgaoilfinn tharm an leitir seo mara mbeadh gur
thug sé iarracht fúm-sa gan cúis gan adhbhar sar ar fhág
sé slán agat go síor. Is soith liom go deimhin go bhfuil
sé air agam bheith i n-aghaidh Phádruig Uí Bhriain do'n
chor so, acht tá súil agam nach buan cogadh na gcarad
eadrainn é. "Badh mhaith an ní," adeir sé, "dá
sgríobhfainn-se leabhar," agus a fhios go dian-mhaith aige
nach bfuil sé ar mo chumas aon saghas leabhair do
sgríobhadh; acht, dá mbeinn i dtreó aon obair fhóghanta
do dheunamh le haghaidh na n-aos óg atá ag fóghluim
teanga na hÉireann, is í an cheud obair do chuirfinn
romham ná a bhfuil de dhrabhaoil Ghaedhilge idir frómhas
agus filidheacht ag gluaiseacht ar fud na tíre le n-ár
linn-ne do chnuasughadh i n-aon láthair agus iad do chur
thrí theine, chun na n-aos óg do chosaint ar an ndríodar
so; mar, mara gcuirfear cosg i n-am ar fhor-leat-
núghadh na Gall-Ghaedhilge seo, ní beidh aon bhreith ar a
dheunamh i gceann beagáin bliadhan eile.
TADHG UA MURCHADHA.
[Ní féidir linn a chreideadh ó'n nGaedhilgeoir chliste
seo nach bhfuil sé ar a chumas leabhar do sgríobhadh
dhúinn. - F. an I.]
CORMAC UA CONAILL.
D'Fhear Eagair an Irisleabhair, - Ní dóigh liom go
bhfuil an ceart agat i dtaobh "lasmuigh," "laistíos"
agus "lastoir". Is minic a chuala na focail seo agus "lais-
tigh," "laistear," "laistiar" agus "lastuaidh." Níor
chuala riamh an t-"l" acht leathan. Bidheann an %t-"S"
leathan no caol d'réir an fhocail eile. Leathan i
"lastuaidh" agus caol i "laistear". Deir tusa gur
"leath" an chéad cuid. Da mba mhaith liomsa aon
fhocal aca so a shíneadh amach, is dóigh liom gur "lámh-"
is-muigh" an ceart.
Ni doigh liom gur fiú biorrán ciaca "ciannos" no
"cionnus" a sgríobhtar. B'fhearr liomsa cianos
(cia-nós) no canos (ca-nós).
Anois nuair a bhidheann duine a fagháil locht air an
fhear thall 'dtaobh a chuid sgribhte ba cheart do féin
bheith gan locht.
Ba ceart go mbeadh a chuid sgriobhnoireachta soléir
do chách. An féidir le cách é seo a thuisgint?
"Nior chuirthe do'n ughdar an iad."
Ní thigim-se é,
Mise,
SEAMUS UA DUBHGHAILL.
Dromalla, Rathmaoláin,
26/7/01.
[Tá fear na litre seo go han-dhian orainn ar fad.
Dar ndóigh, ag steall-mhagadh fúinn atá sé, dar leis
féin. Maidir linn féin, ní dóigh linn gur airigheamar
riamh acht "leasmuigh," "leastuaidh," "leastuas,"
"leastoir," "leaistig," "leaistiar," etc., agus an chéad
litir caol i gcomhnaidhe. Caidé an rud atá 'sna leabh-
raibh? Tá go bhfaghmaoid "leath-thuaidh," "leath-theas,"
"leath-thiar," "leath-thoir," etc.. Tá "cuirthe," "tuigthe,"
"dultha," "gearánta," "déanta," agus a leithéidí par-
ticipium necessitatis lán-bheó fós i n-Iar-Mhumhain.
Is iongnadh lilnn dúil an sgríbhneóra 'sa' tuathal .i.
cianos. "Cionnus" an ceart gan amhras; ní "nós"
atá ann i n-éan-chor acht "ionnus". Ní maith linn
"biorrán" vexation; biorán pin ná "ní
thigim-se" I do not come uaidh. Go deimhin, is fiú
dhúinn spéis do chur 'san litriughadh ceart. - F. an I.].
A Saoi Ionmhuin. - Tá sean-fhocal ann: an té chuimleas
le ceannairg nach baineann leis, is cosmhail é le neach
bheireas ar mhadra ar a chluasaibh. Mar sin féin,
caitfidh mé sgríobhadh chugat a rádh nach mór liom do
chúntas ar "Cormac Ua Conaill". Im' thuairim-se,
is cúntas gan carthannacht an cúntas úd. Go deimhin,
ní taisbeánann sé puínn na subháilce do bheir orainn
a chuid féin do thabhairt do gach aon. I sgeul Chormaic
tá tuairisg fhírinneach ar phobal Gaedhilge i n-íochtar
na seiseadh h-aoise déag. Is cosmhail é le fíor-stair
na haimsire úd. Is breagh iomad pictiúirí 'san
sgeul chéadna. Agus i dtaoibh beatha nó saoghail tá
tuairim an ughdair chomh maith le tuairim aon fhir óig
i mBaile Átha Cliath!
"Is deimhin gur mhó a shuim i n-Iarla Deas-Mhumhan
'ná i n-a thír." Gan droch-nídh ar m'anam 'táir ag
magadh fúinn. Bhí Cormac bocht 'na bhuachaillín, agus ba
nádúrtha leis suim do chur 'san Iarla. Agus b'fhiú
suim an tIarla, óir is fíor-Ghaedheal agus fear cródha
calma dob' eadh é. Chuireadar fir níos síne 'ná
Cormac suim ann. Ní fhásann sean-cheann ar guailnibh
óige. Acht go deimhin is aoibhinn linn simplidheacht agus
"naïveté" Chormac.
Is maith liom an "t-Irisleabhar" i gcomhnuidhe, acht,
a chara, is feárr an duine bhidheas ag caint ar a lochtaibh
beaga. "Do thug sé ar a sgéimh cnaoi mar leomhan ag
cnaoi eudaigh."
Mise,
SCOLÁIRE ÓG.
Camberwell, 22nd July, 1901.
[A chara, ciaca locht is mó, an locht do fuaramair-
ne ar "Chormac Ua Conaill", nó an locht atá agat-sa
d'á fhághail orainne? Níor cheart duit sinn do chion-
tughadh le neithibh ar nár smaoineamar riamh. Ar dtúis,
caithfimíd rud do chur i n-umhail duit: "Caithfidh
mé …," arsa tusa, "a rádh nach mór liom do chúntas
ar "Chormac Ua Conaill"," sin é, mar thuigthear an
chaint sin go coitchionnta, go bhfuilir sásta linn um
locht d'fhághail ar an leabhar, agus nár mhisde leat sinne
d'fhághail a thuillidh lochta air! Acht ní dóigh linn
gur'b in é an smaoineadh bhí ar t'aigneadh. Má cheapann
tusa gur "cúntas gan carthannacht" é, ní fhágann
sain go bhfuil an ceart agat. Ní leigimíd leat gur
tuairisg fhírinneach ar phobal Ghaedhealach i n-íochtar na
seiseadh haoise déag é. Dá mbíodh na Gaedhil comh
dúlmhar sain i ngéar-ghul agus i sileadh deór 'san aimsir
sin ní fhéadfaidís an cogadh do chur ar a namhaid comh
teann comh tréan comh tinneasnach agus do chuireadar ar
feadh móráin de bhliadhantaibh. Ní h-ó shíor-shileadh
deór fhásas meisneach agus meanma. Ár bhfocal duit gur
dáríribh cruinn do bhíomar i dtaobh suime Chormaic 'san
Iarla. Ag tagairt do "Chlodhannaibh Nua" dhúinn, ní
gnáth linn éan-fhocal magaidh do sgríobhadh, acht ár
meas féin do chur síos go macánta, do réir ár n-ac-
fuinne, gan fonn, gan fuath, gan faitcheas. Tá an
rádh déidheanach níos déine orainn 'ná gach a dtáinig
roimhe, acht ní dóigh linn gur dáríribh do sgríobhais é.
Muna' ceaduightheach dhúinn trácht ar lochtaibh leabhar,
'gá mionsgrúdughadh dhúinn, caidé an mhaith dhúinn trácht
orra i n-éan-chor? Má rugais leat go raibh olc againn
do'n ughdar, níor cheart duit é, go háirighthe má léighis
ár dtuarasgbháil ar "Chreideamh agus Gorta". - F. an I.]
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11