Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Athbhaisteadh Chaoilte.

Title
Filidheacht. Athbhaisteadh Chaoilte.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Slevin, Patrick. Eadar-dhá-ghabhal, nea
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 137


ATHBHAISTEADH CHAOILTE.



Lá dá rabh Fianna Finn
Ag coimeád cuain agus talaimh,
Go bhfaca muid chugainn ins a' ród
An fear mór agus é ar leath-chois.



Aon chos amháin a bhí as a thóin
Agus é ag tomhas na móna chugainn;
Aon súil amháin i gclár a éadain
Agus é ag féachaint ar mhac Cumhaill.



Go mbeannuighe an rí agus na geáidh
Do do dheáidh-se, a Fhinn mhic Cumhaill.
Go mbeannuighear duid-se mar 'gciadna,
A shúil fhiata nach n-aithnighim.



Lon Mhac a' Líomhtha m'ainm baisdthe;
Bheirim buaidh freasdail as gach ceardcha;
Is mé lúth ghoibhne an domhain
Ag Rígh Lochlainn ins a' mBeirbhe.



Cábha mhór Ní Mhorcáin -
Budh mhaith an mháthair chloinne í -
rug sí mé i n-éinfheacht,
Mé fhéin agus mo leitheid eile.



Cuirim sibh fa gheasaibh,
Mur rabh sibh agam i mbuidhin ochtair
Ag naoi ndorsa mo cheardcha.


L. 138


Cá bhful do cheardcha, a ghobha,
A ghiolla mhóir na gcochall croicinn?
Gluais liom d'á fhéachaint,
Agus má fhéadaim, cha ngeabhair.



D'imthigh sé uainn i n-a reatha
Fríd ghleanntaibh fada fásaigh,
Agus ní fheiciomuist do Éirinn,
Acht mur Binn Éadain a mhásaidhe.



Ní thiocfadh linn a shamhailt a dhá chluais
Acht mur rabh dhá theá'pall ar chabláisge.



Leigimid uili-g i n-ar reatha;
Go crích na Lochlann budh linn buaidh
Agus ag árdughadh dúinn ag Ceis Corainn,
Druid romham, arsa Delgus,
Dar anláimh sin ort, a ádhbhar goibhne,
Ní rachaidh tú i gceardcha ad' aonar.



Annsin a fuair muid builg d'á séideadh
Agus fuair muid cré i gceardcha,
Fuair muid buidhean thógtha
De fhearaibh móra nachar mhaith deilbh;
Bhí ocht lámha ag bualadh
Agus budh luaithe le Delgus.



Annsin a d'fhiafruigh ná goibhne fríg ghruam-
dhacht,
Gach duine d'á chéile,
cé an caol-fhear cruaidh láidir
A bhuaileas an barra cruach?



Annsin a labhair Conn mac Baoisgne,
Fear sgaoilte gach ceisdeach,
Cé feárr ainm a mbeidh feasda air
'Ná Caoilte gasda a bheith ar Dhelgus.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services