Giorróid MacGearailt, cct.
Fonn - An Cnoicín Fraoich.
I.
Is mithid feasda trácht ar dhearmad na nbárdaibh
'Na bhfriotal ghasda fáidh-ghlic chum dánta agus laoidh,
Ná tug tosach áirimh do Mhagh Ghlas na ngeal-bhánta,
An leirg do cheap Ádam chum áitreibhis Íobh;
Tá toirthe tarta ag fás ann, olive is oráistí
is cocoa-nuts le fagháil ann gach lá ar an gcraoibh;
Tá an bile glas faoi bhláth ann 'n-a dtug an chuach léi
a hál as,
'S a shamhail ní'l le fagháil i n-éan-pháirt eile 'n tír.
II.
Is árd tá fiadh na mbeann an ag trácht do mhaoileann
gleannta,
Is tá an eilit óg ag damhsadh ann gan amhras i gcoill;
Tá sionnach ruadh na meang ann, an broc i sgairt gan
teann ann,
An gearrfhiadh gearr i dteannta 's is reamhar an
coinín;
Tá an ala ar linn go buacach, an fhaoileann bhreac ag
gluaiseacht,
An fiolar críonna i gcuasaibh is gan luasgadh air
ó'n ngaoith;
Ar neoin 'seadh chítear creabhair ann, an smóilín binn
ag labhairt ann
'S is clisde é cor an tseabhaic ann go crannda le haois.
III.
Tá'n céadar righin ag fás ann 'n-ar cuireadh puinn
'san áirc dhe,
Mar chanaid an chéad árthach do shnámhuigh riamh ar
tuinn,
'S gurab ann do cumadh bárca do'n churadh chliste Iáson
Do ghearradh sleasa ar sáile go rainig an Flíos;
Tá an t-ubhall, an chno, 's an t-áirne faoi, caora ag
lúbadh cárthainn,
Saothar beach d'á fásgadh ann gan trághadh acht mar
an Níl;
Tá an bradán geal le bás ann, 's an breac le sluit
ar láimh ann,
An corn crosach lán ann 's céad fáilte chum suidhe.
IV.
Is taitneamhach an áit é 's ní shroicheann gaoth an bháis é,
is go dtug an tseilg neámhdha le spás ann Oisín,
Is gurab ann do bhí moladh Pháris ar theacht an ubhaill
d'á láthair,
Do threasgaruigh na táinte 's thug áir-sgrios na
Traoi;
Tá cúrsas díreach ráis ann tré chubhar na líoga Spaw
ann,
Luibheanna cumhartha ar bánta ann le fagháil ins
gach mí,
Is an cliuite súighte tráighte do bhrúid mhuirt-dhúir
gan sláinte,
Dá gcaithfeadh sé trí lá nn, bheadh 'na shán-ruith arís.
V.
Gach buinne leabhair do'n árd-fhuil ba chlisde i gcuing
le náimhdibh,
Ar bhathasaibh ba ghnáthach faoi láimh ghliocais Fhinn,
Is gurab é d'ionnsuigh Conall Ceárnach tar éis
ruathair ar Chlár Luirc,
Ag imirt díoghaltais bháis a Ghaedheal-bhráthar mar bhí;
'S ann do thug mac Dáire tar éis taisdil triúcha an
Bhláthnait,
thug éag na seabhacán leis faoi shán-ratha draoidheacht,
Agus Pádraig nuair tháinig d'bhaineag críocha fáil
dúinn
Gur dhúbluigh sé an bárr air le breághthaig os gach tír.
VI.
Tá béithe múinte ghnáith ann, ionnraic, fíontach, fáil-
teach,
Do phlúr stoc Mumhan nár cáineadh i n-am ghábhaidhthe
ar a ngníomh,
Go luinneach lonnrach fáinneach craobhfholt fionn gach
báib díobh
Mar ghéis ar siubhal 'sí a ndeáramh i sgáiltigh an aoil;
Ní'l cúrsa ar bh'fhiú é trácht air ó thúirling Naois i
ngrása,
Caortha teinnte Shodaim nuair dearnadh dhe spríos,
Craocha crainn is cuaga agus naosgach na gcaol-spága
Go dtarraingid le snáthaid ar bhán-bhruit go cruinn.
VII.
Ní slad ná díolain dánta é do chríonach fhuighleach fáige
Ná líonad laoidh le soláthar na mbárdaibh gan
treoir;
Do'n ionad oinigh fáiltigh é, criosdal cnughadh gan
cháineadh,
Ar dtús rug clú 'gus bárr leis ó'n árd-chruinne
mhóir;
Tá taoide d'fhíonta Spáinneach' do shíor ag tigheacht id'
láthair,
'S an t-íot do chlaoidhigh na táinte nár fágadh an
deóir;
Do'n chléir bíonn dís gach tráth ann, do'n éag má taoir
i ngábhtar
Is an chraobh tar éis saothair Chlár Luirc gur fhág a
mór-mhaoir.
TOMÁS UA hUALLACHÁIN.
Cill Árd, i n-iarthar Thua'mhan.
TAGRA.
1. Na mbárdaibh for na mbárd. Leirg, plain; MS
lirig. Íobh = Éabha. II. Trácht, traversing? In poetry
trácht often = troigh, foot. Ala = eala, swan.
Crannda, decrepit. IV. Spaw: this seems to be the
reading here, but it is doubtful. Muirt-dhúr, purse-
proud? Sán-ruith, healthy state of body. In Béarra
tá sé 'na sháin-ruith is in use. The usual orthography
is rather 'na tháin-rith, and in Leath Chuinn 'na shean-
rith seems to be used instead. V. D'bhaineag: this
appears to be bad spelling. What does it represent?
Breághthaig = breághthacht? VI. Gábhaidhthe is no doubt
intended as a genitive form from gábhadh, danger.
Deáramh, a W. Munster form of deallramh, deallradh,
appearance. Sgáiltigh, dat. of sgáilteach? = sgáil,
shade. Craocha? For cuaga we should read cága, for
assonance sake Cuag, cág, cabhóg, cudhóg are all found
for jackdaw. Caolspága, narrow claws. VII. Díolain:
perhaps díoghlaim is th reading. Do'n: the MS. here
might be read ó'n also. Fáige = fáidhe. Cnughadh:
perhaps the same as "cnó, famous, excellent, gene-
rous," O'R. Íot = íota, excessive thirst, drouth. An
deoir: perhaps aon deor is the proper reading. Taoir
is a mixture of taoi and táir.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11