Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bhfuil Gaedhilg ar do chloinn?

Title
Bhfuil Gaedhilg ar do chloinn?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 15, 1899



Bhfuil Gaedhilg ar do chloinn?



Is iomdha athair agus máthair a bhfuil an Ghaedhilg go
socair réidh deisbhéalach aca, agus gan oiread is pioc
féin di ag a gcuid cloinne. Mo thruaighe mhór, is
iomdha! Tá na céadta aca i dtír na hÉireann indiu -
na céadta, an eadh? Ní headh, acht na mílte féin aca!
Ní lia méar 'sa bhfoghmhair ná iad. Castar dhuit iad
ins gach uile cheanntar a bhfuil an Ghaedhilg dhá labhairt
ann. Nach iomdha teach i nÉirinn 'na mbíonn an
Ghaedhilg dhá spreagadh go bríoghmhar beodha ag na sean-
daoinibh agus ag na daoinibh meadhon-aosta, agus na páisdi
gan focal de 'na gceann?



Nach é seo an chúis náire a muinntir na Gaedhilge?
Nach é an sgéal cráidhte é? Nach é an truagh-Mhuire
é? Go deimhin agus go deimhin féin is é! Gaedhilg ag
na sean-daoinibh agus gan ag an aos óg acht Béarla na
Sasanach! Go bhfóiridh Dia orainn!



Sibhse atá ag léigheadh an Chlaidhimh seo, sibhse a bhfuil
an Ghaedhilg in bhar bpluic, tá ceist agam oraibh:
BHFUIL GAEDHILG AG BHAR GCUID CLOINNE? Muna
bhfuil cia is ciontach leis? "Ná páisdi féin", arsa
duine agaibh. Go dearbhtha ní headh. "Ní thig ciall
roimh aois," adeir an sean-fhocal, agus dar liom fhéin
is minic nach dtig sí chor ar bith. "Na Sgoileanna
Gallda," arsa duine eile. Go deimhin féin, ní headh.
B'fhéidir go bhfuil cuid de'n locht ortha-san, ní nach
iongnadh, acht ní hiad-san is ciontaighe. Cia is cion-
taighe leis mar sin? Sin ceist nach deacair freagra
do thabhairt uirthi. Cia is ciontaighe acht SIBH FÉIN? -
sibhse atá in bhar n-aithreachaibh agus in bhar máithreachaibh agus
gan an Ghaedhilg do mhúineadh do'n aos óg mar budh
dhual. Mo sheacht náire sibh go deo! Ag dún-mharbhadh
bhar gcloinne 'seadh atá sibh, a gan fhios dhíbh féin.



A dhaoine gan chéill, tá beagáinín beag comhartha
agam le tabhairt díbh. An mian libh bheith ar an dream
úd atá ag cur na Gaedhilge chum báis? Munab eadh,
tosnuigh ar a mhúineadh do bhar gcloinn gan mhoill
muna bhfuil sí aca cheana. Sibhse do dhúil isteach an
Ghaedhilg le cích bhar máthar, tá oraibhse í chongbháil ar
bun. Tá oraibh í thabhairt do bhar gcloinn do réir
mar fuair sibhse í. Is é Dia féin thug dhuinn mar thean-
gaidh í, agus an é gur caithte amach ar an mbóthar dhúinn í,
mar chaithfidhe madadh nó cat marbh? Tá sí dhá labhairt
i nÉirinn le breis agus dhá mhíle bliadhain. Rinneadar na
Sasanaigh a láin-dhícheall chum a díbeartha agus do theip
ortha. Do theip ortha glan. An rud do theip ar an
Sasanach an amhlaidh atá sibhse toilteanach ar dhéa-
namh? Nár leigidh Dia! Stadaidh de'n amadántacht so,
agus dar ndóigh is mhithid dhíbh. Labhraidh an Ghaedhilg le
n-a chéile agus go háirighthe leis an aos óg. Má dhéanann
gach aon a chion féin, is gearr gairid go mbeidh an
obair i gcrích againn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services