Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.

Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 81


BRISLEACH MHÓR MHAIGHE MHUIRTHEIMHNE
Annso thíos.



Feacht n-aon dá dtángadar Ulaidh
go hEamhain Macha go subhach soi-
mheanmnach agus táinig Cú Chulainn go
Dún Dealgan ar mbreith buaidhe
cosgair agus comhmaoidhte ar fhearaibh
Éireann i gcath Fionnchoradh, i gcath Rois
na Ríogh ar Bhóinn, i gcath Gáibheach Gáiridhe
agus gidh mór do ríoghaibh, do churaibh, do
chaithmhíleadhaibh agus do ró-thighearnaíbh fear
n-Éireann do thuit leis, nocha ndearna
gníomh ná eacht ba fhearr leis ná Cailitin
dána go n-a sheacht machaibh fichead do thuitim
leis, óir ní raibh ceist éaga ná oidheadh air
ó thuiteadar sin leis; agus is amhlaidh d'fhágaibh
Cailitin a bhean taobhthrom torrach, agus an
uair táinig am a tuismighthe rug sí seisear
d'éan-toirbheart, .i. triar mac agus triar inghean,
agus táinig Meadhbh Muacháin, inghean Eochadha
Feidligh dá n-ionnsaighe agus do rinne sí aimidí
tuatacha díob, agus do hoileadh agus do leasuigheadh
le Meidhbh iad go ceann seacht mbliadhan
déag, agus, ar mbeith san aois sin dóibh, táinig
dá n-ionnsaighe agus is eadh adubhairt, "an
bhfeadabhar cia do mharbh bhar n-aithre?"



"D'fheadamar," ar iad-san, "gurab é Cú
Chulainn mac Sualtaigh do mharbh é."



"Is fíor sin," ar Meadhbh, "agus déanaidh-se
imtheacht ar fud an domhain mhóir," ar sí,
"do dhéanamh foghluma agus éirgidh chum na
ndraoithe agus déanaidh fios agus draoidheacht
d'fhoghluim uatha."



Is ann-sin do ghluaiseadar an seisear siabh-
artha seirgneacha siobh-shúileacha sin cloinne
cuiripe Cailitin rómpa agus do chuadar go
hAlbain agus do bhádar trí bliadhna innti agus do
chuadar go Sagsaibh agus do bhádar dhá bhliadhain
ann ag foghluim draoidheacht agus diabhluigh-
eachta, agus téid as sin do'n Bhaibiolóin agus fós
do shíorsad draoithe an domhain ó thurgabháil
gréine gnúis-shoillse go a fuineadh ag
déanamh a bhfoghluma nó go rángadar i
gcríochaibh adhfhuathmhara Ifrinn agus do bhádar
dá bhliadhain i bhfochair Bholcáin ann agus do
rinne sé trí hairm dóibh, .i. trí claidhmhte agus
trí sgeana.



"Ag soin bhar n-airm agaibh," ar sé
"agus déanaidh imtheacht leó agus tuitfid trí
ríghthe do na sleaghaibh sin agus is iad is mó
réim agus gráin dá ndearnadh liom-sa
riamh," agus adubhairt an laoidh so síos mar
leanas: -


L. 82


Ag soin bhar n-airm áigh,
A chlann Cailitin cháidh;
Tuitfidh leó, cidh caomh a ghné,
Cú Chulainn Muirtheimhne.



Anmanna bhar sleagh re cur cath
Gaodh is Leodh is Leadradh;
Anmanna bhar cloidhmhte go mbladh
Lot is Agh is Urchradh.



Tuitfidh libh an Chú chruadhach
Chneadhach chréachtach chathbhuadhach;
Éan-mhac Deichide gan on,
Ar bhar gcionn fá thuaidh atá-sain.



Is annsin adubhairt Bolcán, "Is iad na
trí rígh thuitfeas do na sleaghaibh sin .i. rí
gaisgidheach Éireann, .i. Cú Chulainn, agus rí
giollaidhe Éireann, .i. Laogh mac Rianghabhra
agus rí each Éireann, .i. an Liath Macha, agus do
chéileabhradar Clann Chailitin do Bholcán agus
d'éirgheadar amach a hIfreann agus tángadar
le néalaibh na gaoithe glan-fhuaire go faithche
na Cruacha.



Dála Meidhbhe, d'éirigh sí amach an lá sin
i n-a grianán glan-radharcach gloine agus do
chonnairc na haimidí tuatacha ar na bhfaithche
agus d'aithin gurab iad clann Chailitin claon-
ainmheach do bhí ann agus do ghabh sí a brat
iongantach órshnáithe uimpi agus táinig amach ar
an bhfaithche mar a rabhadar na haimidí agus
d'fhear sí fíor-chaoin fáilte rómpa agus ro
shuidh eatorra agus fiafruigheas a n-imtheachta
agus a n-eachtra díobh ó d'fhágbhadar Éire go
ham na huaire sin agus adubhairt an laoidh: -



Dia bhar mbeatha, a seisir shaor,
Go clár Fódla na bhfionn-chraobh;
An tualang libh - mór an modh -
Dul do dhíoghail bhar n-athar.



Tairise linn, a Mheadhbh, mór t'fháilte,
Do chuirm, do chomh-ól;
Cidh gurab id bhíthin-se - líth ngal -
Táinig díth ar ndeagh-athar.



Bhar n-athair-ne níor ba lag
Go n-a sheacht macaibh fichead;
is é Cú Chulainn ro-s-mharbh
Ro budh gníomh uathmhar athgharbh.



Inniseadh dham as gach tír,
A chlann chródha Chailitin,
Cá hoideadha ba réidh rúin
Ag a ndearnabhar bhar bhfogluim.



Do rángamar, ar ndul tar chuan,
Go Bolcán na n-arm - níor bh'fhuar -
Is do shíoramar ní ba lia,
Go hInnsibh mara Media.



D'fhiafruigh Meadhbh díobh annsin, "an
ndearnabhar bhar bhfoghluim go maith is na
críochaibh sin." "Do rinneamar," ar iad-san,
"óir do dhéanmaois catha cródha cóirighthe
do na gasanraibh siubhlacha sanair agus do
bholgánaibh beilce agus do dhuilleabhar dairghe
doisléigne," agus rug Meadhbh léi iar sin iad
a múr Chruachna, agus do freasdladh agus do
fritheóladh léi iad do nua gacha bídh agus do shean
gacha dighe gur budh mheasgtha mór-ghlórach
iad agus do bhádar trí lá agus teóra n-oidhche ar
an seoladh sin i gCruachain. Is annsin do
fógradh sluaigh ádhbhal-mhór le Meidhbh agus le
hollchóigeadhaibh Éireann go Cruachain agus do
chuir feasa agus teachta go Lughaidh mac Con-
raoi, .i. rí Mumhan, agus táinig Lughaidh go
deithfreach agus téid Meadhbh agus Lughaidh i gcaoin-
eas agallmha re chéile.



"An bhfeadair tusa," ar Meadhbh, "cia
do mharbh t'athair."



"D'fheadar cheana," ar Lughaidh, "gurab
é Cú Chulainn mac Sualtaigh do mharbh é."



"Is fíor sin," ar Meadhbh, "agus tángadar
clann Chailitin chugam-sa anois ar gcuar-


L. 83


tughadh an domhain dóibh ag déanamh foghluma
fá chomhair Con Culainn do thuitim leo agus ní
fhuil urradh ná áirdrí ná taoiseach, tighearna
tréan-chóigeach ná brughaidh boicheadach baile,
deóraidhe ná amhas ná easurradh i gceithre
ollchóigeadhaibh Éireann dá raibh i n-a aghaidh
nachar thuit a charaid nó a chompánach, a
athair nó a bhráthair le Cú Chulainn i gcath
Tána Bó Cuailgne agus i ngach áit i dtárla
ris iad.



"Gonadh aire sin, is cóir dúinn léir-
thionól do dhéanamh agus mór-shluagh fear
n-Éireann do thabhairt dá ionnsaighe do
dhíoghail ár n-olc agus ár n-easonóra air."
Do gabh Lughaidh do láimh an sluagh d'fhreagra
agus táinig roimhe go réimdhíreach go ríoghaibh
Mumhan dá léir-thionól agus do cuireadh feasa
agus teachta go deithfreach go laochraidh Laighean
agus go Maicniadh agus go Conchubhar, dá mhac
Fionn mac Rossa, agus d'agail Meadhbh iad, ag
rádh:



"Maith, ámh, a Maicniadh agus a Chonchubhar,
an gcualabhar clann Chailitin do theacht go
hÉirinn."



"Ní chualamar," ar iad-san, "tángadar
go mór-dhraoidheact leó," ar sí, "agus an
bhfeadabhar cia do mharbh bhar n-athair."



"D'fheadamar," ars' iad-san, "gurab é
Cú Chulainn mac Sualtaigh do mharbh é."



Do chuir Meadhbh fios ar chionn Eirc mhic
Cairbre agus táinig Earc dá hionnsaighe.



"Maith, ámh, a Eirc," ar sí, "an bhfeadair
tusa cia do mharbh t'athair agus athair gach curadh
agus caithmhíleadh i nÉirinn."



"Do fheadar," ar Earc, "gurab é Cú
Chulainn do mharbh é i gCath Rois na Ríogh
for Bhóinn.



"Is fíor sain," ar Meadhbh, "agus is cóir daoibh
cóimhthionól do dhéanamh do dhíoghail bhar
n-easonóra ar Choin Chulainn do'n chor so."



(Ní críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services