Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bóithrín Buidhe.

Title
An Bóithrín Buidhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Ní Fhaircheallaigh, Aighnéas
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN BÓITHRÍN BUIDHE.



I.



Bhí mé lá gan amhras
'G dul sráid an bhóithrín bhuidhe
Maidin aoibhinn shamraidh, 'ar liom,
Go raibh an drúcht ag luighe:


L. 46


Cá thárla dhomh acht spéir bheag -
Ba deise, b'fhearr a glaoi -
Mo chreach, mo léan agus m'angar!
'Sí 'n bhean do bhrath mo chroidhe.



II.



Truagh gan mise i n-Armhach,
Is mé in mo cheannuidhe snáth;
Mo mhuirnín bheith i n-aice liom, -
Char bh'fhada liom an lá.
Dhá ndíolfadh sí an reicneáil,
Ghanfainn féin an clár,
Agus shnámhfainn ar an bhfairrge
Lem' chailín barramhail bán.



III.



A stóir, ná bíodh ort buaidhreadh,
Brón ná briseadh croidhe,
Ní ar bith do'n tshórt soin,
Acht aor agus spórt an tsaoghail.
Dá mbéadh agam an domhan mór
Agus a bhfuil i gcófra ghlais an ríogh,
Duit-se bheirinn é mar shéirín
Acht éalódh liom mar mhnaoi.



IV.



Suidhim in-sa' gcóirnéal
Agus bím breóite tinn;
Fiafrachaidh mé de mo mhúirnín
An gcíorfadh sí mo chionn;
Bíonn na céadta fear óg i ngrádh léithí,
Go bráthach cha dtig chum cinn,
Agus thug mé gean do ghrádh mo chléibh,
Ní'l náire ar bith liom ionn.



Tagra.



Táim i dteanntaibh ag na foclaibh seo: -



(I.) Line 3. - "'Ar liom" : b'éidir gur "dar liom"
ba cheart a léigheamh annso - do mhínigh an tshean-bhean
é mar "said" acht dubhart nach raibh sí cinnte i n-a
thaoibh.



(I.) Line 5. - Spéir bheag = spéir-bhean, deir sí.
(Spéir i n-ionad spéir-bhean - F. an I.)



(I.) Line 6. - Do mhínigh sí é seo mar glee i mBéarla;
b'éidir gur "gnaoi" atá ann agus gur cheart dúinn é do
léigheamh mar so: -



"Ba deise b'fheara gnaoi."



(III.) Line 6. - "Cófra" : 'sé an tshlighe i n-a
n-abarthar an focal so ioná mar "comhraidhe."



(III.) Line 7. - Féirín : Focal Béarla 'seadh é, do
réir mo bharamhla-sa (fairing). "Gift" an focal do
bhí ag an tshean-mhnaoi ann.



(IV.) Line 4. - Ní fhuil a fhios agam-sa an ceart F
bheith 'sa' mbriathar "cíoradh"; b'éidir gur "subjunc-
tive" é.



"An Bóithrín Ruadh" thug an tsean-bhean air mar
theideal agus 'sa' chéad cheathramhain, acht "buidhe" do
theasduigheas ó'n gcomhfhuaim ("luigh," 7c.).



(Is deas simplidhe an t-amhrán so fuair aighnéis Ní
Fhaircheallaigh. Chualas féin dhá cheathramhain de .i.II.
7 IV., agus tá sé ag rith trém' rámhaillíbh nach anaichnidh
dham I. agus III., má tá nach bhfuil cuimhne agam orra i
gceart. I dTír Chonaill agus insna hOirthearaibh do
chualas II. Seo dóigh Thíre Conaill air : -



Is truagh gan mé i Sasana
is mé in mo cheannaidhe snáth,
Mo mhuirnín deas i n-aice liom,
Níor bh'fhada liom-sa an lá;
Sgabfainn ór is airgead,
dá ndíolfadh sin an cháin,
Is leanfainn ar an fhairrge
Mo chailín geanamhail bán.



I gcríochaibh eile, do chualas "Muineachán" i n-ionad
"Sasana" agus "Dá ndíolfadh sise an reicnin, bhuailfinn-
se féin an clár" nó an bheann deiridh mar seo: -


L. 47


Sgairtfinn ar an mbiotáilte
Agus shíolfadh Máire an cháin,
Is snámhfainn bruach Loch' Eirne
Do mo mhaighre barramhail mná.



Is minic "muirnín" i n-ionad "cailín" agus "gean-
amhail" nó "maiseach" i n-ionad "barramhail."



Seo mar do chualas IV. ó mhnaoi as contae an
Chábhain ag Sruth Chúirsis i n-aice Bhaile Átha Cliath (do
réir mo chuimhne): -



Luighfidh mé in-sa chóirneál
Agus béidh mé breoidhte tinn,
Ag fiafraidhe de mo mhuirnín
An gcíorfadh sí mo chionn;
Tá na céadta fear i ngrádh léi
Go bráth nach dtiocfadh 'un cinn;
'S má thug mé grádh do Mhalaidh Bháin,
Dheamhan náire ar bith liom ionn.



(Acht ní raibh fhios agam riamh gur cheathramhna d'aon
amhrán II. agus IV., agus táim buidheach d'Aighnéis Ní
Fhaircheallaigh do chuir iongnadh orm i n-a thaobh. Ag
athsmuaineadh ar "glaoi" dham, ceapaim gurab é rud
atá ann "dlaoigh." - F. and I.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services