AMHRÁN Ó'N MUMHAIN.
An Cnoc, Droichead Banndan.
Co. Chorcaighe,
12 Eanáir, 1901
A Dhuine Uasail,
Seolaim chughat amhrán do bhíodh i mbéal-
aibh na ndaoine thiar i mBéarra bliadhanta ó
shoin darab ainm "An Cnoicín Fraoigh," agus
b'fhéidir go mb'fhiú leat craobhsgaoileadh do
dhéanamh air 'san Irisleabhar, má thaithneann
sé leat. Fear dar bh'ainm "Morty Larry"
do bhí na chomhnuidhe i bparóiste Tuaithe
Ua Siosta, i ngar do Neidín, i gCo. Chiarr-
aidhe, do chum an t-amhrán so.
Ní fheadar go deimhin 'ná go bhfuil an file
úd 'na bheathaidh fós, acht pé sgéal é, fear
de mhuintir Shúileabháin dob' each é, agus bhí an
ainm úd thuas mar leasainm air. Ceann de
na concaibh atá timcheall an Doirín is eadh
"an Cnoicín Fraoigh" ar a dtráchtann Morty
chomh fialmhar, agus ní hiongnadh go mbiadh brón
mór air ar eagla go gcaithfidhe amach é, mar
áit aoibhinn áluinn is eadh é i ngiorracht do'n
fhairrge, agus na cnuic is na sléibhte mór-
dtimcheall ort. Má thaisdealais riamh ar
an mbóthar mór ó Bhaile an Chaisleáin
Bhéarra go Neidín, do-chífeá an áit ar a
bhfuilim ag trácht.
Tá dhá rann san méid atáim a chur chughat
atá i gcló cheana i leabhar Uí Dhálaigh, i
bhfilidheacht na Mumhan, agus is é mo thuairim
nár cuireadh an chuid eile i gcló riamh fós.
Níl sé ar mo chumas cuid de'n sgríbhinn
atá ar an duilléoig ghlais do dhéanamh amach,
agus ar an adhbhar sin, táim ag á seoladh chughat-sa,
mar tá fhios agam nach teipfidh sé ort-sa
'ná ar Ghaedilgeóiríbh Bhaile Átha Cliath sgrú-
dughadh ceart do dhéanamh air. Nuair a
bheidhir réidh leis an duilleóig ghlais, do bheinn
buidheach dhíot um é do sheoladh thar n-ais
chugham; mar sean-charaid dam i laetheantaibh
m'óige do b'eadh an sgríbhneóir atá ins an
gcré le mórán bliadhanta.
Cuirim chughat leis cóip de na "Rásanna"
atá i gcló 'san "Irisleabhar" de mhí
Mheadhóin an Fhoghmhair agus chífidh tú go bhfuil
deifiridheacht bheag i bhfus agus thall idir an dá
chóip. Féach ar an bhficheadh rann san Iris-
leabhair, agus ar líne a seacht de sin, agus déan
comparáid idir é agus an t-octmhadh rann
déag dem' chóip-se, líne a seacht, agus chífir go
bhfuil ciall i gceann aca nach bhfuil 'san
gceann eile, sin é an líne atá i gcló "Is
iomdha etc.. Is iomdha Sagsanach trom ar an
abhainn" an sgríbhinn cheart gan amhras.
Fós, ní h-é "Micheál an Oileáin" do chum
an t-amhrán, acht Uilliam Ua Duibhir, mo
shean-charaid. Is é do sgríobh "an Cnoicín
Fraoigh" damh-sa ar an duilleóig ghlais.
Tá sé féin agus cuid mhaith de na fearaibh ar
ar thrácht sé ins na "Rásanna" san úir le
bliadhantaibh, beannacht Dé le n-a n-anam.
Bhí aithne mhaith agam ortha go léir mar
muintir d'aon pharóiste dob' eadh sinn, acht
go speiseálta ar Uilliam, mar is 'mó
bliadhain do chaitheamair ar aon sgoil le n-a
chéile. Tá "Micheál" 'na bheathaidh fós ann,
sin é, mara bhfuair sé bás le bliadhain nó dhó.
Bhí aithne agam leis ar mhuintir Phádraic
Uí Laoghaire, act ní raibh aon aithne air féin
agam, mar bhí sé ró-óg nuair do fhágas-sa
an baile ar dtús.
Ba mhór an dochar do chúis na Gaedhilge
bás na beirte úd, agus fairíor! tógadh uainn iad
araon i laetheantaibh a n-óige. Do chum
mac Uí Dhuibhir dánta eile fós agus an chéad
uair dheireannac do bhidheas thíos i mBéarra,
chuireas tuairisg ortha acht do theip orm aon
chuntas d'fághail ortha agus is baoghalach liom
go bhfuil siad go léir caillte anois. Tá
eagla orm go bhfuil ad' bhodhradh le breis
cainte. Go deimhin, níl poinn eolais agam
ar Ghaedhilg do sgríobhadh. Seo í an treas
litir do sgríobhas i dteanga ar sinsear go
dtí seo, agus tá suil agam go mbeidh foighne
agad ag á léighead.
Mise le mór-mheas, do chara i gcúis na
Gaedhilge,
TADHG UA LOINGSIGH.
AN CNOICÍN FRAOIGH.
I.
Ta sgamall ar an mbaile seo, athtuirseach,
gan sásamh
Ó cuireadh as na sár-fhir bhí ábalta 'san
mbruighin;
Tighearnaí is iarlaí Shasana ag taisdeal
chughainn tar sáile
Gach imeal, ciumhais is fáithim gach lá aca
dhá gcur faoi chloidhe;
Na sagairt bhreaghtha bheannuighthe do ceapadh
do na grásaibh,
Gan toradh aca ar a ráidhtibh acht ag crádh
ortha le poímp
Acht is cuma liom fhad mhairfead, biad ag
ceapadhlaoithe is dánta
Ó deileadh uaim gan sásamh mo Chnoicín
Fraoigh.
II.
Is dá madh liomsa dúthaighe Chairbreach is
an-chuid de'n Bhlárnann.
Mucros is Páiris 's a lán de bhruach na
Laoi,
Ní ruitheann sé lem' aigneadh go mairfinn ar
feadh ráithe,
Dá gcuridís chum fáin me ó árdaibh
Chnuic a' Tighe;
Bíonn an ghrian go fial ag taithneamh ann
gach maidin aoibhinn samhraidh,
Na gearrfhiadhthe is na creabhair ann gan
amhgar 'na luighe,
Is ba cosamhail é le Parrthas do ceapadh
ins an tseanreacht
Thar ar dheil na tighearnaí Gallda uaim
mo Chnoicín Fraoigh.
III.
Ta mil is beóir 'na gceathaibh ann ar bharra
an fhraoigh 's an fhásaigh,
An cuileann glas ag fás ann is bláthanna
ar gach craoibh,
A aghaidh ar radharc na fairrge is sgamall
drúchta láimh leis,
As chífear uaidh an t-árthach ag snámh ar
an dtuinn;
Bíd na ceolta sidhe is binne puirt dá seinm
'san uaigneas
Is dá dhéine do théidheann an bhuaidhirt
orm, níor bh'fhuath liom bheith 'na slighe;
Acht is cuma liom fhad mhairfead, bead ag
ceapadh laoithe is dánta.
Ó deileadh uaim gan sásamh mo Chnoicín
Fraoigh.
IV.
Tá tobar glan ar leacain chnuic ó cheapadar
na naoimh é,
Is léigheasfadh sé na mílte go mbeadh
baois ortha gan áird;
Níl aisdear ann chun aifrinn lá solumanta
saoire;
Tá foithin ins gach gaoith ann is aoibhneas
na ngrás;
Is mór na cúrsaidhe mearbhail, má sgarfaid
siad liom coidhche é,
Na taxanna agam díolta as, na cíosanna
's gach díol.
Acht tá súil arís im' aigneadh go dtiocfaidh
sé lem' líontaibh,
Is go mairfinn ar feadh míle ar mo
Chnoicín Fraoigh.
V.
Is ró-bhreagh an t-am é, ar theacht mí na
Bealtaine,
Ag féachaint anonn ar mo Chnoicín Fraoigh,
Is grian gheal an tsamhraidh ag cur teas
ins na geamhartha
Is duilleabhar glas na gcrann ag fás le
gnaoi.
Bíonn lacha ann, bíonn bárdal, bíonn banbh
ag an gcráin ann,
Bíonn searrach ag an láir ann is leanbh
ag an mnaoi;
Bíonn bradán geal ag snámh ann, 's an
breac ag eirghe 'n-áirde
'S an té bheidheadh ar phonc báis ann,
d'éireoghadh arís.
VI.
Tá fuarthan mór lá an teasbaigh ann, is
seasgaireacht ó'n ngaoith ann,
Is ní thagann liom, do réir laoithe, cur
síos air mar is cóir;
Bíonn uaill ag sluagh na mbeach ann, ag
taithneamh teas na gréine,
Ag tabhairt meala ó bharr na gcraobh leo,
le chéile ag déanamh stóir
Níl sgúirse, gaoit, níl galar ann, níl basgadh
fáil 'ná féithe ann
Is ní fhéadfhadh ughdair léigheannta le
briathraibh air cur síos;
Is an té bheidheadh brúighte basgaithe le
dathachaibh, lag, cáinte,
Do geobhadh arís a shláinte in-san Chnoicín
Fhraoigh.
VII.
Tá a aghaidh ar chuantaibh fairrge o Thaithile
go Baoi de,
O Chalaros go Druing, Doire Uí Chuinn
agus Ír Dhuinn,
Is is mór na cúrsaidhe mearbhail, má sgaraid
siad liom chóidhche é,
Is go mairfinn le bheith críonn ann gan
suim a chur i ngnó.
Do chloisfidhe céol ag asalaibh gach maidin
ann ag blaodhraigh,
An tarbh ann go meadhrach, an traona
agus an laogh,
Na géanna 'gus na lachain ann, 'na sgataidhe
ar bhruachna h-aibhne;
Is cé déarfadh 'na gur'b amhgar dam mo
Choincín Fraoigh?
VIII.
'S is bréagh na boill Gleann Atharla, Ráith
Chaithile 's Portláirge
Mór-dtimcheall Bhaile Uí Láindir is i
n-Árd Dúin na sgiath,
Is ar sain síos go Caiseal mar a stadadh ann
Naomh Pádraig -
is é bheannuigh ár n-oileán dúinn, deir
fáidhe go cruinn;
Acht dá madh liom-sa gach ball aca i n-aisgidh
gan aon táibhle,
is gan éinneach beó im' pháirtidheacht chum
áitighthe 'ná dlighe,
Nó dá mbronnfaidhe orm Sasana mar
mhalairt, ní bheidhinn sásta,
Dá gcuiridís chum fáin me óm' Chnoicín
Fraoigh.
IX.
Is tá buaidhirt is uabhar ar m'aigneadh, ní
chodlaim leath mo shásaimh,
Ag tréatúiríbh is tíoránaigh mar mháighistríbh
os ar ndruim,
Ag déanamh feidirisg d'ar gcreideamh is
a bpiobar ann gach lá aca,
Is le haghaidh gach ionntarála ag cur
árdughadh orm 'san chíos
Is ní hé sin féin is measa, gidh gur damanta
mar cheárd é,
Acht go measaid siad ár n-áitreabh, a lán
de a chur fá choill,
Is sgeilimis ó ifreann go dtigidh sé ar ár
námhadaibh
Do chuirfidh iad go fánach ó chomáin an
Chnoicín Fhraoigh.
X.
Easgaine ó na flaitheasaibh go dtuitidh ar
an tréad úd,
Do sgaipigh ó n-a chéile iad ar strae ar
fuaid an cheoigh,
Mar is fada do na Sasanaigh ag sladaireacht
na hÉireann -
Tá saill na críche ar tae aca 's an saoghal
so ar fad leo;
Do thug Liútar coimhightheach teagasg dóibh,
nuair d'aistrigh sé (ó'n tréad so),
An t-aifreann do thréigint do chraos na
hAoine ar fheóil,
Is an té mhairfidh leis, beid Sasanaigh dhá
dtreasgairt tar a chéile,
'S is mithid iad do thraochadh, tá léirsgrios
'na gcomhair.
Tagairt ó'n Eagarthóir.
Tar slán, a Thaidhg Uí Loingsigh. Táim-se an-bhuidheach
díot ar fad. Is maith gur chuiris d'ualach orm freagra
do thabhairt i nGaedhilg. 'Níl aon rud is mó do chuir
áthas orm 'ná do litir charthannach do léigheadh. Dar
ndóig, is ró-mhinic daoine Gaedhealacha dom' bhodhradh
agus dom' bháthadh le Béarla, pé aca i litreachaibh nó nach
eadh. Do chuala féin trácht ar "Morty Larry," agus
céad fáilte is cuirthe dham roimh a dhéantús.
Is truagh nach féadfad anois do chóib-se de "Rásanna
Bhaile an Chaisleáin" do leigean isteach acht cuirim
síos annso an chuid is éifeachtaighe de na variae
lectiones.
I., 3, Is ar starthaibh na hÉireann gur éachtach é a
mbrígh; 4. dá léighid.
II., 5, dob' áil (i n-ionad "is breágh"; 8, go hUíbh
Rátha.
III., 1, Is do réir mar a chloisim ag sgéalthóirí an
bhaíll; 2, lem' líontaibh; 6, Is fir ó, 7c.; 8, go raibh
fir innti fein le friotháil dóibh.
VII., 1, Is do chabhruigh, 7c. (i n-ionad "do chóimhreamh,
7c.").
VIII., 5, Caoin (i n-áit "Chaoimh"); 6, tréan-ghéagach,
Cuallaighe; 7, éasgaithe (i n-áit "eolgusach").
X, 6, Is na luigeanna lárthuin, 7c.
XI., 7, bléata (= bréata"); 8, gach nóimeat (= mar
thuath, 7c.").
XVI., 2, gan bheith (i n-ionad "do bheith").
XVII., 1, 'na dtaobh so; 8, leó ("leis").
XVIII., 5, na dtrí bpróiste.
XIX., 4, nár (= "ar"); 5, lúthrach ná Gréigeach; 8,
sgríbis ("fóirneart").
XX., 1, Turcach ná Gréigeach; 7, trom (i n-ionad
"dream").
XXI., 2, úd (d'fhearr-is-barr i ndiaidh "léim"); 5,
air (d'fhearr-is-barr i ndiaidh "treasna").
XXII., 1, Is do dhruideadh na daoine, 7c.; 8, 'Ar
dtionnlac aníos as an sráid linn.
XXIII., 5, ó ndar-luin (= "na ndaor-chlann").
XXIV., 3, bhfeacadar (= "chonncadar"); 5, chlois-
eamair (= "chonnacmar").
Tá an méid seo d'aguisín (i ndéidh XXIV) in-sa'
sgríbhinn leis; ní'l acht an chéad leath-bheann d'uireas-
baidh air: -
Mar do thaisbeánadar go raibh misneach aca 'na
gcroidhe,
Is dá mb' aisdear é an tslighe gur'b eadh b'fheárr
iad;
Acht ní fearr bheith ag labhairt ar a bhfeabhas chun
tsíorruighe.
I mbeartughadh na rann so, mar ní'l cabhair duit
bheith ag sgríobhadh;
Ní féidir le n-ár ndántaibh a dtréithe chur síos,
Is ní mholfaidh ár mbréithre go bráth iad.
I ndeireadh na sgríbhne atá na focail seo: "Is
baoghlachliom go bhfuil an chuid eile de'n rann so
caillte - D. O hUallacháin." Is dóigh liom gurab é
seo furmhór an rainn nach fuair Pádraig Ó Laoghaire.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11