Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann

Title
Greann
Author(s)
Connachtach,
Pen Name
Connachtach
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Greann



Bhí beirt Éireannach ag dul tré bhaile mhór i Sasana.
Bhí ocras ortha. Arsa fear aca leis an bhfear eile,
"Ní'l aon Bheurla agus ní'l aon airgead againn agus ceurd
do dhéanfamuid?
"Gabh thusa isteach ins an teach mór sin thall," arsa
eisean. "Cuir do mhéar in do bhéal. Béidh a fhios aca
annsin go bhfuil ocras ort."



Ceurd a bhí ann acht teach dochtúra. "Tabhair isteach
é," arsa an dochtúir, "fiacail theastuigheas uaidh thar-
raingt. Cuir síos ar chathaoir é."



Shíl mo dhuine bocht gur biadh bhí sé 'fhágháil. Thar-
raing an dochtúir amach a chuid pionsúr.



Tharraing sé fiacail.



"Babhadh!" ars eisean.



"Bhí a fhios agam," ars' an dochtúir, "nach í an fhiacail
cheart a tharraing mé." Tharraing sé ceann eile uaidh.
Bhris an fear bocht amach mar fhear a bheadh i bhfiadháin.



"Bhfuil aon dath leat 'ugamsa?" ars' an comráidín.
"Leig dom," ars 'eisean, "'á dtéidhfeá ag iarraidh
bídh annsin, m'anam le diabhal," ars eisean, "'á
bhfágfaidhe fiacail in do charbad."



Connachtach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services