Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Celtia: a Pan-Celtic Monthly Magazine. Vol. I.,
No. 1. Dublin, 1st January, 1901. Price Sixpence.



Céad fáilte romhat, a Cheltia. Tá súil againn gur
mór an mhaith do-ghéanair do lucht na dtíortha gCeil-
teach. Déanfa tú iad do cheangal d'á chéile, má comh-
ailltear do thoisg.



I n-urthosach an irisleabhair seo do-chímíd sgríbhinní
gearra ó Mhac Giolla Pádraig, flaith Osruidhe, agus ó
Uilliam Ó Briain, feisire. Is maith iad araon le
léigheadh. Y Gwir yn erbyn y Byd (.i. "An Fhíor i
n-airchionn an Bheatha" focal ar fhocal má tá nach
ciall ar chéill ar fad é) atá os cionn an chéad tráchta
i gcuireann an t-eagarthóir síos ar an Uile-Cheilteacht.
B'fhéidir go bhfuil sé ró-mhuinighneachas as an ngnó 'sa'
deireadh thiar, acht bíodh air féin i n-a thaoibh sin de.
Is fear foghanta é féin agus is maith an obair atá sé
'dhéanamh. Ag filleadh an chéad leathanaigh eile dhúinn,
caidé do-chímíd acht Malloz ar Barz Goz o Vervel (F.
Jaffrennou), Melltith yr Hen Fardd wrth Farw (an rud
céadna curtha i mBreathnais ó T. Gwynn-Jones i
gCaernarfon), La Malediction du Vieux Barde Mourant
(i bhFrainncis leis ó'n gClocher Breton) .i. Mallacht
an tSean-Bháird le Bás. Ár lean le luadh! ní thuigi-
míd ceachtar do'n dá shórt Breathnaise! agus rud is
aistighe 'ná sin, tuigimíd an Fhrainncis ó thúis go
deireadh! Go deimhin féin, muna mbeadh an Fhrainncis,
bheadh fios an sgéil d'uireasbhaidh orainn ar fad. Acht
is dócha gur ar na ciantaibh d'aimsir atá an príomh-
locht. Is maith an dán an déantús so Jaffrennou ar
aon chuma. Má's féidir linn an méid sin do thuigsint
as an tionntodh Frainncise, nach amhlaidh badh cheart go
mbeadh a sheacht n-oirid bhríghe 'san bhun-chuma "Bhreath-
naige" Brezonek? Foclóireacht an chéad ghnó eile do
ghabh Celtia le n-a hais. Is mór ar fad an saothar do
chuir an t-eagarthóir air féin .i. spíonadh cúigir ar
theangthachaibh. Is mionca gurab ionann "tabhairt suas"
agus surrender. "Banab" an focal ar abbess, ní "beanab".
Badh cheart go mbeadh "neart" ar ability i nGaedhilg
Éireann agus Alban comh maith leis na trí teangthaibh eile.
Is olc ar fad an litriughadh úd "ionán" ar able.
"I n-ann" is eadh an fhuaim; ní'l an guth fada ar
chor ar bith. Ó "i n-innmhe" thig sé agus is mar sin badh
cheart é do litriughadh. "Lúbach láidir" an nós is
coitchionnta ar able-bodied, acht ní'l "sgafánta" i
bhfad amugha, cuir i gcás go bhfuil trácht ar phearsain
agus an chuid éadaigh an duine comh maith. "Thuas" an
ceart, ní "shuas". "As baile" is fearr ar abroad.
Is follus dúinn as léigheadh an fhoclóra so, an mhéid
is tá i gcló dhe, gur ró-ghairid gan amhras an gaol agus
an pháirt atá ag Gaedhilg Éireann, Alban agus Manann
le n-a chéile, agus gur i bhfad amach ó chéile ar fad atá
gaol an dá chineál Breathnaise. Canamhna Tréfóid
atá 'san Ghaedhilg iomláin, acht teangthacha atá 'san
dá Bhreathnais. Gaedhilg na Manann féin, is ró-bheag
nach ionann í agus an dá chanamhaint mhóra eile. Na focail
Mhanannacha nach bhfuil 'san dá cholumha. n Gaedhilge eile,
is iad féin nach bhfuil d'uireasbaidh ar Éirinn 'ná ar


L. 31


Albain, má tá nach bhfuil siad thíos, mar shomplaidhibh,
dy hilgey bunrysdyn do theilgean bun os cionn,
ardvenreil manishter árd-bhean riaghla mainistreach,
ardchallin noo árd-chailleach naomh (?), dy yannoo nys
loo do dhéanamh níos lugha, aagherrid athghairid,
dy cheau jeh do chaitheamh de, brooinney bruinne
(brú, bruinn), dy ghriennaghey do ghreannughadh,
niaghyn nigheachán, mooarane mórán, etc..



Tá "Céad míle fáilte" mar theideal os cionn
roinnte de litreachaibh. 'Sí litir is fearr aca, d'ár
ndóigh-ne, an litir úd do sgríobh triúr de Bhreathna-
chaibh Frainnce .i. F. Jaffrennou, V. Nouël de Kerangué,
agus Leon Ar Berr. Is dearbh go bhfuil an-dhúil ar fad
ag Breathnachaibh na Frainnce 'san Uile-Cheilteacht.



Do ghabh an Ruiséalach do láimh "Cia treide cétna
labratar iar na genemain fó chétóir, ocus cid ro
labraiset?" as Leabhar Laighean. Is taitneamhach
tásgamhail an sgéal é agus níor mhol an Ruiséalach é níos
mó 'ná mar thuill sé moladh uaidh.



"The Future" is teideal d'alt eile ó'n eagarthóir
'na dhiaidh sin, agus 'na dhiaidh sin arís caidé do-chímíd acht
fíor-chailín deas Gaedhealach 'na suidhe i leathtaoibh ar
mhuin asail agus bárrdóga (nó feannóga) ar a béalaibh.
Fad-saoghal ag a leithéid agus Gaedhilg 'na bpluic go
deireadh na dála! Ag á bhun so atá "Mo bhrón ar an
bhfairrge" agus tionntodh Breathnaise le n-a thaoibh .i.
Gwae fi o'r eigion ó'n ealadhnaidhe J. Morris Jones
i gColáisde Bhangor.



Thugamar fuath agus dubhghráin lom-láithreach do'n
tarraing ghránda fhuathamhail úd "A Happy Family"
atá ar an gclúdach, ar bhréagaighe agus ar ghráineamhlacht
gan fírinne atá i ndeilbh agus i ndéanamh an Éireannaig
innte. Cad chuige do'n eagarthóir aire do thabhairt do
mhailís Sasanaigh? Truagh nach síos go fudhomhain
Puill Tighe Liabáin is féidir an bastún Sasanaigh seo
do chaitheamh!



Irish Texts Society (Cumann na Sgríbheann Gaedhilge.)
Vol. III. Dánta Aodhagáin Uí Rathaille. (The
Poems of Egan O'Rahilly.) To which are added
Miscellaneous Pieces illustrating their subjects and
language. Edited, with Introduction, Translation,
Notes and Glossary, by Rev. Patrick S. Dinneen,
M.A. London: Published for the Irish Texts
Society by David Nutt, 57-59 Long Acre. 1900.



A beól ba bhinn, a glór ba chaoin, is ró-shearc linn an
cailín,
Céile Bhriain d'ár ghéill an Fhiann, mo léir-chreach dian
a haicíd,
Fá shúiste Gall dá brughadh go teann, mo chúilfhionn
tseang do shlad sinn;
Ní'l faoiseamh seal le tigheacht 'na gar go bhfillfidh
Mac an Cheannaidhe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services