Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Crosánacht do rinneadh le fear na páirce.

Title
Filidheacht. Crosánacht do rinneadh le fear na páirce.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Mac Léighinn
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 26


Crosánacht do rinneadh le fear
na páirce.



Beannuigh, a Dhé, mo leabhar
Ins an mhaidin;
Mo sheadh 'gá chur ar meabhair
I gcéim laige.



Ní céim laige dhúinn bheith 'leanmhain
Ar an tslighe
Atá againn do dhíon ar n-anmann
Ó Rígh nimhe.



Ó Rígh nimhe atá na briathra
Ar a ndearcadh
Chuireas i gcéill dúinn an riaghail
Sin d'á cleachtadh.



Cleachtthar linn léaghadh an leabhair
Moch is anmoch,
'Cur urnaighthe Mhic Dé ar aghaidh
Do dhíon ar n-anmann.



Do dhíon ar n-anmann atá soiléir
Do shíol Ádhaimh
Léaghadh sa n-éisteacht an tsoisgéil,
'Cur re crábhadh.



Ag cur re crábhadh bíodh gach duine
Ar gach slighe;
Gheabha sé gach uile mhaith shíreas
Ó Rígh nimhe.



Ó Rígh nimhe atá gach uile
Mhaith ré' chosnamh;
Tugmaois gach urraim is onóir
Dhó so ar thosach.



Ar tús rinn Dia an saoghal uile
Do réir a thola;
Chuir sé a shaothar fó smacht dhuine:-
Cóir a mholadh.


L. 27


Cóir bheith ag moladh Dhé gach aon-lá
Is bheith 'gá leanmhain: -
Do rinn an duine le a mhíorbhuil
De dhust talmhan.



De dhust talmhan rinn Dia an duine,
É 'na aonar;
Thug asna as a thaoibh is é 'na chodladh,
Rinn dhe Éabha.



Do rinn sé Éabha dhó mar chuideacht
Ins an tsaoghal;
Bhí siad araon naomh gan tutim
Ar a gcaomh-chaomhnadh.



Caomh-chaomhnadh rinn Dia an t-Athair,
Parrthas bunaidh:
Daingneachadh déise 'na chathair
Mar aithne duthain.



Mar sin chuir Dia Éabha is Ádhamh
'Na gháirdín oinigh;
Thug aithne dhóibh mar dob' áil leis
Iad bheith cuimhneach.



Chuimhnigh an t-aidhbheirseoir cealgach.
Iad bheith 'sa' gháirdín;
Táinig 'má gcomhair go mealltach,
Mar so thárla.



Leabhair riú as an chraoibh i riocht nathrach:
"Ithidh de'n mheas-sa;
Comh cumhachtach re Dia na cathrach
Beidh sibh-se."



Thug Éabha lámh ins an chraoibh,
Do bhain di ubhall;
Chuaidh Ádhamh léi ar a comhairle -
Dhóibh budh phudhar.



Dhóibh budh phudhar briseadh aithne
Dhé gan easbhaidh
Le caitheamh an ubhaill go dána
Nach raibh cneasda.



Daoirse rinn Dia an t-Athair
Ar an tsaoghal
Do bhrosnadh gach neich de shíol Ádhaimh
Atá i mbaoghal.



Tá sinn i mbaoghal ó pheacadh
Nar gcéad athar
Bhris ar fonn Dhé i bhflaitheas
É 'na chathair.



Cathair ainglidhe Dhé a Pharrthas
Na n-uile aoibhneas;
Ní féidir le neach nartha
Mar tá a chaoimhneas.



Tá a chaoimhneas gnáth-athramhail
Ag dortadh saidhbhris
Orainn síol Éabha agus Ádhaimh
Is sinn daidhbhir.



Tá sinn daidhbhir do thaoibh creidimh
I n-ar gcroidhe,
Gan ar meabhair bheith ag freagra
D'ar ndlighe.



Dlighe gach neich ins an tsaoghal
De shíol Ádhaimh
Bheidh ag guidhe Mhic Dé d'á saoradh
Ó gach gábhadh.



Rí na Páise sinn as gach cás
D' ar ndíon ó'r mealladh
An té chruthuigh sinn 's do cheannuigh
A ainm bíodh beannuighthe.



Beannuigh, a Dhé, agus c.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services