Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Litir

Title
Litir
Author(s)
Pedersen, Holger,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Litir



Ó'n Ollamh Holger Pedersen, Copenhagen, chum an
Athar Risteard de h-Enebre, Ollamh Gaedhilge i
Washington.



A chara Ghaodhlach,
Is binn liom a chloistin go bh-fhuil tú ag neart-
ughadh leis an nGaedhilge. Badh truagh liom-sa an
Ghaedhilge do faghbháil bháis agus na Gaedhil do chailleamhain
a n-duthchasa dílis féin agus gan bheith ionnta ó shoin amach
acht Sasanaigh. Óir an uair nach Gaodhlach an teanga
ní Gaodhlach feasda an croidhe ag Éirinn. Agus dar
n-dóigh badh mhór an truaighe é sin, óir badh iad na
h-Éireannaigh thugadar fóghluim don roinn Eorpa go
léir a n-allódh, agus is acu-san dogheibhthear na sgeulta
fianuigheachta rug bárr ar a raibh san domhan mhór fad
ó, agus fós is í an Ghaedhilge an teanga is milse blas
agus is binne glór dá bh-fuil san roinn Eorpa andiu. Do
na Lochlannachaibh damsa agus dá bhrigh sin badh doiligh liom
an lucht san do bhídís seal mar óidibh léighinn agus eoluis
dhúinne do dul ar ceal, agus nídh eile atá a fhios agam-sa
go maith má maireann na fíor-Éireannaigh beo go
m-badh mór bhus feirsde an cineadh daonna.



Mise le mór-mheas,
Holger Pedersen

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services