Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. An Cogar.

Title
Filidheacht. An Cogar.
Author(s)
Máirtín, Máire,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN COGAR.



Giota beag thall in-sa' pháirc udaidh thall,
Píosa beag thall in-sa' pháirc,
Chuaidh na héireoga isteac 'un cuid arbhair
Phádraic,
'S ní fheicfimid iad go bráth,
Go bráth, go bráth ar ais;
Ní fheicfimid iad go bráth;
Chuaidh na héireoga isteach 'un cuid arbhair
Phádraic,
'S ní fheicfimid iad go bráth.



Amach annsin le cailín óg,
Agus bhí sí iongantach deas,
Ag sgairtigh ar na héireogaibh d'imthigh
Isteach 'san arbhar ghlas,
Ghlas, ghlas, ghlas udaidh thall,
Isteach 'san arbhar ghlas;
Ag sgairtigh ar na héireogaibh d'imthigh
Isteach 'san arbhar ghlas.



Leag me mo lámh ar a gualainn annsin
Agus chogair mé isteach i n-a cluais.
D'amhairc sí orm go hiongantach tútach:
"Imthigh ar siubhal amach uaim,
Amach uaim, amach uaim ar fad,
Imthigh ar siubhal amach uaim."
D'amhairc sí orm go hiongantach tútach:
"Imthigh ar siubhal amach uaim."



Chogair mé isteach i n-a cluais ar ais,
Agus, leóga, bhí an cogar sin fíor;
Tá se iongantach deas ag tabhairt chogair
do ghirrsigh
Nár éist lé aon chogar ariamh,
Ariamh, ariamh, aroimhe,
Nár éist lé aon chogar ariamh;
Tá sé iongantach deas ag tabhairt chogair
do ghirrsigh
Nár éist lé aon chogar ariamh.



Amach annsin lé sean-bhean mhór,
is bhí sí buaidheartha go leór,
Ag coimheád ar an phéire 'na seasamh
Ag bun an arbhair mhóir,
Mhóir, mhóir, mhóir udaidh thíos,
Ag bun an arbhair mhóir;
Ag coimheád ar an phéire 'na seasamh
Ag bun an arbhair mhóir.


L. 14


Amach annsin le seandhuine mór,
Agus d'amhairc sé soir agus siar:
"Má's é seo an chaoi 'bhfuil sibh ag coimheád
na gcearc,
Saothrochaidh mise mé fhéin an phighinn,
An phighinn, an phighinn anois,
Saochrochaidh mise mé fhéin an phighinn;
Má's é seo an chaoi 'bhfuil sibh ag coimheád
na gcearc,
Saothrochaidh mise mé fhéin an phighinn."



MÁIRE MÁIRTÍN.
An Gharbhach,
Tamhnach an Mhullaigh.



(Is féidir a rádh gur as a stuaim féin do bhain
Máire an t-abhrán so. Má's fíor gurab é rud budh
bhun dó abhrán Ghaillbhéarla tugadh go Tamhnach an
Mhullaigh ó hallaíbh an ain-cheoil i nGlaschú, nach amhlaidh
d'fhág sí lorg glaine a cainte féin air? - F. an I.).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services