Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchas - Sgéal Taidhbhseach ar Oidhche Shamhna.

Title
Seanchas - Sgéal Taidhbhseach ar Oidhche Shamhna.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGÉAL TAIDHBHSEACH AR OIDHCHE SHAMHNA.



Bhí lánamhain 'na gcomhnaidhe
fad ó shoin ann-san ait s'ag-
ainne, nach rabh aca de
chloinn acht aon
inghean amháin dar
budh ainm dí Úna,
agus budh cailín laghach gean-
amhail í nuair do bhí sí i
n-aois a pósta.



Ar theacht Oidhce Samhna bliadhain amháin
cheapadar aos óg na háite cruinniughadh i
gceann a chéile i dteach le cleasaibh agus geas-
rógaibh Shamhna do dhéanadh, is ní nach iongnadh,
do gheall Úna do bheith ar an sgoruidheacht.
Mar nach rabh cungnadh ar bith aici, ar
theacht oidhce na céilidhe, bhí an dorchadas ag
tuitim sul má rabh obair an tighe críoch-
nuighthe aicí, acht faoi dheireadh bhí na ba
blighte 's gach giotamáil eile déanta agus
fuair Úna cead na coise. Gheall sí d'á
máthair gan fanamhaint go mall is 'réis sé
nó seacht ubhla do bhí aicí de bhárr an aonaigh
do bhailiughadh léi, cuir sí i dtoiseach a gúna
iad 's amach léi chum an bhealaigh.



Bhí teach an chruinnighthe sgathadh maith ó n-a
teach féin imeasg na bpáirceann, acht bhí
cleachtadh maith aicí ar an gcasán, thré
thalamh Éamuinn Dhomhnaill, is cia do cas-
faidhe uirthí acht Éamonn é fhéin is adhastar
i n-a láimh is é ag tabhairt a bhaile bramach
dubh a bhí aige ar féarach ann. Bheannuigh sé
do Úna, is 'réis fonomhaid bhig eatorra i
dtaobh an ghrinn do bhí ar cois aca, do chuir
sé an t-adhastar ar an bhramach is léim sé
ar a dhruim. “Anois, a Úna,” ar sé, “seas
ar an tulaigh sin, is suidh suas taobh thiar
dhíom is bhéarfaidh mé cúlóg duit, an chuid
is mó de'n bhealach.”


L. 592


Bhí Úna áthasach go leor air sin is shuidh sí
suas ar a chúl is thiomáineadar leo. Bhí
Úna ag coimhéad a cuid ubhla i riocht nár
bhreathnuigh sí go ro-ghéar an bealach do
bhíodar do ghabháil.



Chuadar amach thar cnocán do bhí rompa,
's ag dul thairis dóibh dhearc Úna ar an
bhfear do bhí 'na shuidhe roimpí ar an bheathach,
agus budh léir dhí na réalta ann-sa' spéir thré
n-a chorp is fhóbair go dtuitfeadh sí 'na
cnap laige ar an bhall sin. Is furus tuig-
sint an sgannradh do fuair sí, agus an riocht
i ndeachaidh sí ann. Thainic taom uirthi a
d'fhág gan mheabhair gan bhrígh a hintinn
's a h-aigneadh mar bheidheadh duine ag
siubhal codlata, is ní rabh fhios aicí riamh 'na
dhiaidh sin cá fhad do mhair an chuid eile do'n
turus eaglach uathbhásach úd.



Budh feasach di go ndeachadar amach ar
mórán bearnaigh, agus thríd go leor bóithríní
cumhanga, gur tharraingeadar suas faoi
dheireadh, le hais balla bhig ísil ar thaobh an
bhóthair, is thuirling an bheirt anuas. “Anois,
a Úna, ar sé, “gabh isteach ar an staighre
sin agus fan ag an teinidh fheicfeas tú as do
choinne is tiucfaidh mise chugat gan mhoill.”
Chuaidh sí thar an bhalla 's shiubhail sí suas
casán ó'n gcloidhe, is nuair do dhearc sí ar
gach taobh dhi cad do fheicfeadh sí acht clocha
uaigheannaibh ann chomh tiugh leis an bhféar is
d'aithin sí gur ann-san reilig do bhí sí.



Mar dubhairt an fear léi chonnaic sí teine
bheag ghleórthach ag cois sean-mhúta na cille
do bhí i lár na reilige agus shuidh sí síos le n'ais
agus ní bréag a rádh go rabh síl tréith-lag
uaigneach go leor.



Níor dhearc sí cad a rabh sí 'na suidhe air,
acht ní rabh sí i bhfad ann gur thuit splannc
dhearg ó mhullach na teineadh, is rith se anall
eadair a dá bhróig. Labhair guth fúithi “Ó, a
chara,” ar sé, “ná dóigh mise.” “Ní dhóigh-
fead” arsa Úna, is chaith sí an splannc
suas ar an teinidh arís. Thuit sé an dara
huair is chuaidh sé anonn uaithi taobh thall
de'n teinidh an t-am so, acht má thuit, thainic
an guth anall aicí “Och! a dheirbhshiúr, ní
dhóighfeá mise.” “Ní dhóighfead,” arsa Úna,
is chaith sí an splannc ar an teinidh an darna
uair, agus leis sin d'amhairc sí níos cruinne
fúithi is thairstí, thimcheall na teineadh, is
cad a rabh sí 'ná suidhe air acht cófhra cláir,
is ceann eile taobh thall as a coinne.



Faoin am so thainic Éamonn Dhomhnaill,
nó an spiorad dó bhí i n-a chruth ar ais, is
dubhairt sé léi, “Téirigh anonn go dtí an
teach úd imeasg na gcrann is fágh iasacht
láighe is sluaisde uatha is beir chugam iad
go beó.” “Rachad,” ar sise, is d'imthigh léi
ag ionnsaighe na háite ar thaisbeán sé na
crainn di, go dtainic sí go dorus an tighe
is bhuail sí air. D'iarr muintir an tighe cia
do bhí annsin, nó cad do theastuigh uaithi.
'Sé do freagair Úna bhocht, ”A' dtiubharfá
iasacht sguaibe dham ar feadh tamaill?” bhí
sí an mhéid sin thré n-a chéile. “Imthigh
leat a bhaile,” arsa fear an tighe, “budh
córa dhuit do bheith 'do luighe ar do lea-
baidh, ioná ag imirt cleasanna an tráth
so dh'oidhche.”



D'fhill Úna ar ais chum na reilige agus d'fhiaf-
ruigh an fear di, “A' bhfuarais dam iad?”
“Ní bhfuair,” ar sí. “Cad d'iarrais ortha?”
“D'iarr mé iasacht sguaibe.” “Nár dhubhras
leat láighe is sluasad do tabhairt chugam?”
ar sé, is bhagair se uirthí le gruaim fheargach
is a dhá shúil ar lasadh i n-a cheann. “Imthigh
leat arís go tapaidh agus beir chugam láighe agus
sluasad ó'n teach sin, nó cuirfidh mise a
fhiacha ort.”



Cuaidh sí anonn (ch)un a' tighe an darna
uair is bhuail sí an dorus, acht 'nuair do
labhair fear an tighe léi, is ar éigin d'fhéad


L. 593


sí fáir do thabhairt air mar bhí a caint air
crithe le laigeacht. Faoi dheireadh d'fhéad
sí “Láighe is sluasad” do rádh, is bhí fear
a' tighe ag gearán nach leigfeadh dhó támh
chodlata fhághail, acht dubhairt a bhean leis
éirghe go bhfeicfeadh sé cia bhí ann, mar shíl
sí gur aithin sí an ghlóir. D'éirigh sé i n-a
shuidhe is las sé coinneal go mí-shásta, acht
níor luaithe d'fhosgluigheadh an dorus 'ná
thuit Úna isteach ar an urlár gan focal
innti. Ghlaoidh sé ar a mhnaoi is thóigeadar
í isteach ann-san leabaidh. Chomh luath is
chonnaic bean a' tighe a héadan, “Uill
óill,” ar sí, “is í mo chol-ceathar, Úna óg
Ní Chonchobhair ó'n Diafrach, atá ann.”
“Ó, ní feidir,” ars' an fear, “cad do
bhéarfadh annso í an tráth so?”



D'fhan an bheirt ag freastal ar Úna go
lá, is d'féachadar gach uile shlighe le cabhair
do thabhairt di acht níor thainic sí aicí fhéin
gur ghoir an coileach, is ní'l aon ghlaodh d'ar
chuir sé as nár thug Úna léim ann-san lea-
baidh gur leig se dhá ghlaodh déag as.
Annsin thainic an chaint aicí is d'innis sí
dóibh gach a dtainic di ar feadh na hoidhche, is
chuir sé iongnadh mór ortha mar bhíodar deich
míle ó theach a hathara; agus 'réis a ndeachaidh
sí thríd bhí na hubhla go fóill aici i n-a gúna.
Chuireadar 'na codladh í 'réis an sgéal do
chloistint, 's ar maidin chuaidh fear a' tighe
go dtí an chill, is bhí lorg na teineadh ag
bun an tsean-bhalla acht ní rabh rian 'ná
comhartha an dá chófhra lé feiceáil ann.



Tugadh Úna a bhaile 'na dhiaidh sin agus budh
mhór an lúthgháir do bhí ar a hathair 's a
máthair roimpí, mar go rabhadar a' dul as
a gcionn ag cur a tuairisge in gach uile
áird, is gan sgéal le fághail aca uirthi, ó
dhuine ar bith, gur fhill sí. I dtaobh Éamuinn
Dhómhnaill, fuaradar go rabh sé 'na luighe
go dona an oidhche sin, is nár fhág sé an
teach. Budh é baramhail lucht eólais gur
droch-spiorad i n-a shamhailt do thug Úna
leis chum bealaigh. Níor tugadh an bromach
dubh isteach ó'n bhféar an oidhche chéadna
acht bhí a chruibh is a luirgne salach le cré agus
clábar, amhail is dá mbeadh sí 'réis turus
fada siubhail do dhéanadh. Act ní mór a
rádh nach ndeachaidh Úna óg choidhche arís le
geasróga Samhna do dhéanadh. Cuireadh í
'sa' mbliadhain 1851, an bhliadhain chéadna
d'innis sí an sgéal dúinne is í os cionn
ceithre fichead bliadhanta de aois. Beann-
acht Dé le n-a h-anam. Níor labhair sí
focal Bearla ariamh.



SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ.



Corr-fhocla.



Geasróga Samhan = divination tricks practised on
Hallow-eve.
Giotamáil = household work. "Chores," as the
Americans would say.
Gheall sí gan fanamhaint go mall = she promised not
to stay late.
Fhóbair go dtuitfeadh sí 'na cnap laige = "she was
like to fall in a heap of a faint."



Éamonn Dhomhnaill = E., son of Donall. His surname
was, I think, Mac A' Druidh (Drury).



Cúlóg = in this connection, "a ride behind me."



Adhastar = a halter.



Múta = a ruin. Old ruins of buildings are so styled.
Múitín = the stump of a limb or finger that had
been cut off. Any connection here with the root
of mutilate?



Cuireadh í = she was buried. When reference was
made to the date or time of death this was used
in preference to Fuair sí bás.



Diafrach = a district on the northern shore of Lough
O'Gara. I fear the name is now disused.



[Múta = móta, from Eng. moat. It has no con-
nection with mutilate. - ED.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services