Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh.

Title
Sgéalaidheacht. Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Corragáin, Tomás, Carraig Mhachaire Ro
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 577


PARRACH MHAC GHIOLLA RIABHAIGH.



Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh as Contae
Dhúin na nGall, chuaidh se 'un an fhoghmhair go
Condae na Midhe, agus na fir a bhí leis, chuaidh
siad abhaile, nuair a bhí an foghmhar réidh
acu.



“Cha dtéidhim-sa abhaile,” arsa Parrach
Mhac Ghiolla Riabhaigh, ”go dtí go mbeidh an
cíos liom.”



Bhuail sé isteach go tigh sgolóige móire agus
d'fhiostruigh sé a' bhfuigheadh sé obair.
Dubhairt fear an tighe go bhfuigheadh.
D'ársuigh se dó go rabh dúil aige nach rachadh
se abhaile go dtuillfeadh sé an cíos.



“Bhearfa(idh) mise cúig phonta duid,”
ars' an sgológ, “má fhanann tú 'sa' tigh
mór sin thall go maidin.”



“Fanachad,” arsa Paidí.



“Gheobha(idh) tú teinidh,” ars' an sgológ;
“gheobha(idh) tú solus.”



Fuaras réidh teinidh 'sa' tigh dó agus solus agus
greideal aráin agus h-ubhradh (= dubhradh) aire
thabhairt do'n arán bhí ar a' ghreideil.



Cha rabh se i bhfad ann go gcuala sé an
torann agus iongantais mhóra. Chonnaic se
seanduine mór ag teacht anuas ar na
staighrí. Shuidh se taobh thall de is chuaidh se
a theanntach (= thionntodh) na bunnóige.



“Ná teana sin an dara bomhta 'ná cha
dtéid sé leat. Dar an leabhar,” arsa
Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh, “is gránna
do cháirr.”



“Ó, céad fáilte is sláinte dhuid, a Pharrach
Mhac Ghiolla Riabhaigh as Contae Dhúin na
nGall! Arsacha(idh) tú do mo mhac ar maidin
go rabh tú ag caint liom is an feirm talaimh
a thabhairt do'n bhean bhocht ar bhain mise dí
é, is gheana(idh) me gar duid,” adeir se:
“bheirim éadach buird duit, agus seort ar bith
a sgairtfidh tú air, tiocfaidh sé ar an éadach
buird chugad.”



Thainic an mhaidin is d'ársuigh Parrach Mhac
Ghiolla Riabhaigh do'n sgolóig gach aon rud a
chonnaic se. Thug an sgológ buidheachas dó,
is thug se cúig phonta dó. D'imthigh leis a
bhaile is a chúig phonta agus a éadach buird leis.
Bhí se ag siubhal gur chas píobaire ar bhruach
an bhóthair air.



“Tá mé áthasach,” arsa Parrach Mhac
Ghiolla Riabhaigh, “gur chas cuideachta orm.”



Chuir an píobaire na píopacha air agus sgairt
se ar chuideachta saighdiuir. D'imthigh an
bheirt agus bhí siad ag siubhal an bóthar.



“B'fheárr liom go rabh greim le hithe
againn,” ars' an píobaire.



Spréidh Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh an
t-éadach buird is thainic togha gach bídh agus
rogha gach dighe chucú.



“'Sh fheárr duid malairt a dheanamh liom,”
ars' an píobaire.



“Is cuma liom,” arsa Paidí.



Thug se an t-éadach buird do'n phíobaire
agus bhí na píopacha ag Parrach Mhac Ghiolla
Riabhaigh.


L. 578


Char bh'fhada shiubhail se gur ghlac se aithreach
fá'n éadach buird a thabhairt ar siubhal.
Chuir Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh na píop-
acha air agus sgairt se ar chuideachta shaighdiuir.
D'iarr se orthú a dhul agus an t-éadach buird a
thabhairt ar ais 'uige. D'imthigh na saigh-
diuirí agus char bh'fhada go dtainic siad ar
ais agus an t-éadach buird leobhtha. D'imthigh
Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh go rabh se thíos
i gCondae Dhúin na nGall agus na píopacha agus
an t-éadach buird leis. Nuair a chuaidh se
abhaile, spréidh se an t-éadach buird dó
féin agus do n-a mhnaoi agus do'n mhuirighin. Thainic
togha gach bídh is rogha gach dighe 'ucú. Bhí
siad lán áthais mar d'éirigh dóbhtha go dearn
Paidí foghmhar maith.



Char bh'fhada go gcualaidh an tighearna go
dtainic se abhaile. Chuir se fear d'á chuid
báillidheannaibh 'na choinne, go rabh gnaithe
aige leis. Chuaidh Paidí ar aghaidh go tigh an
tighearna.



“An é nach bhfuil tú 'g dul a dhíol an
chíosa,” ars' an tighearna, “i ndiaidh a bheith
ag an fhoghmhar?”



“Chan fhuil se agam,” arsa Paidí, go
seadh.”



“Chan fhuil se i bhfad go gcuiridh me amach
thú,” arsa an tighearna, “óir nach fheil tú 'g
dul a dhíol an chíosa.”



Char bh'fhada go dtainic se fhéin 's a chuid
báillidheannaibh. Nuair a chonnaic Parrach
Mhac Ghiolla Riabhaigh ag teacht iad, chuir se
na píopacha air agus sgairt se ar chuideachta
shaighdiuir is dubhairt leobhtha na fir seo
dhíbirt as aice an tighe. Lean na saighdiuirí
a bhaile an tighearna 'un a thighe fhéin.



Lá ar n-a bhárach chuir an ti earna fios
ar Pharrach Mhac Ghiolla Riabhaigh. Dubhairt
an tighearna leis go maithfeadh sé a rabh
'chíos air agus nach n-iarrfadh sé ní 'mhó a chíos
air acht a chuid saighdiuir choingbheáil socair.
Bhí dóigh mhaith ar Pharrach Mhac Ghiolla
Riabhaigh go bhfuair sé bás agus nár iarr sé ní
'mó 'chíos air.



TAGRA.
Tomás O Corragáin d'innis isan Chaisleán i n-aice
Cairrge Machaire Rois. Parrach or Parra' a local
abbreviated form of Pádraic. Mhac Ghiolla Riabhaigh
= MacAreavy; Mhac Ghiolla in such surnames is
commonly worn down to wo-hal, waul, or wo-her in
pronunciation, even the r-form often appearing in the
Anglicised spelling of other surnames - e.g., Mac-
Erlean = Mac Giolla Eoin. Fanachad (= fanfad),
probably shows the influence of fuireochad from
fuirighim. Iongantais: iongantaise (öN-thi-she) as
heard. Bomhta from bout, a favaourite Anglicism for
uair, dreas (greas), seal, &c. Cáirr = ugly counten-
ance. Píopacha for píobthacha? Ag siubhal an bóthar,
like an dorus in chuaidh se amach an doras. Fá'n
éadach: an t-éadach as heard; the former is still
known, though obsolescent; after adjectives fá is
always used in such phrases. A thabhairt ar siubhal,
to give away. Nach fheil (no-hel) = nach bhfuil. As
aice an tighe, from the neighbourhood of the house.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services