Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dhá adhbhar déag

Title
Dhá adhbhar déag
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 1, 1899



Dhá adhbhar déag



Seo dhá adhbhar déag fá'r cóir do gach uile Éireannach
an Ghaedhilg do bheith fá mheas aige.



1. Is í an Ghaedhilg teanga na hÉireann.



Ní'l aon teanga dhúthchais ag muinntir na hÉireann
acht í. Is é dúthchas an tSasanaigh an Bhéarla. An rud
is dual do'n tSasanach, ní féidir gur dual do'n
Éireannach.



2. Is í an Ghaedhilg teanga ár sinnsear.



Ní raibh aon líne de chlannaibh Gaedheal riamh, go
dtí a bhfuil le fíor-dhéidheanaighe, nach Gaedhilg do bhí
aca. Is í bhí ag laochraidh agus ag ríoghraidh na hÉireann
fad' ó. Is í bhí ag uaislibh agus ag lucht léighinn na tíre.
Is í do labhair Pádraig, Bríghid, Colm Cille, agus gach
naomh eile do bhí ina ndiaidh i nÉirinn. Sainnt agus
aindlighe, feall agus fóirneart, is uatha d'fhás an Béarla i
nÉirinn.



3. Is í an Ghaedhilg an teanga is oireamhnaighe do
mhuinntir na hÉireann.



Ní h-indiu ná indé do cuireadh i n-oireamhaint
dóibh í. D'fhás leó agus ní cóir di bás d'fhagháil acht leó.
Is ball oirleise dhóibh an Béarla an méad atá aca dhe.
Is ball d'a mballaibh cuirp an Ghaedhilg. Is maith an
rud oirleis, acht cia bhéarfadh ball d'a chorp féin uirri?



4. Is teanga álainn uasal í an Ghaedhilg.



Is uaisle go mór í ná an Béarla. Is cosmhail an
Béarla le bríste an bhacaigh, ní'l éadach ar caitheamh
nach bhfuil ceirt de fuaighte ann; nó le him an bhráthar,
nach raibh tír san Eóraip nach bhfuair dath a bhrataigh féin
ann. Is ceólmhaire go mór Gaedhilg ná Béarla. Deir
an t-Árdeasbog Gallda Uiséar, agus é ag labhairt i
n-aghaidh na Gaedhilge, go bhfuil sí ar na teangthaibh is
uaisle ar bith ar mhúinteacht agus ar mhór-shaidhbhreas.



5. Is teanga árd-inntinneach ghéar-chúiseach í, an
Ghaedhilg.



Is géire agus is áirde inntinn an cineadh ag a bhfuil
sí 'ná an dream nach bhfuil aca acht Béarla. Deir
an Cáirdinéal Ó Maoilmhaodhóg gur ag muinntir
na Gaedhilge atá an "croidhe glan cráibhtheach
náireach déarcach umhal" thar a bhfuil de dhaoinibh eile
i nÉirinn.



6. Is teanga liteardha léigheannta í an Ghaedhilg.



Bhí litridheacht agus léigheann san Ghaedhilg an uair
nach raibh a leithéid san Bhéarla acht oiread agus tá i gcaint
na bpréachán.



7. Nuair bhí Éire fá mheas ag an domhan, ní raibh ar
labhairt innti acht Gaedhilg.



Ní nár bh'iongnadh, óir an té chaitheas droich-mheas ar
a athair agus ar a mháthair féin, ní baoghal go mbeidh sé fá
mheas ag cách acht d'a réir sin. An t-urlabhra, tra, is
athair agus is máthair do'n inntinn. Ní'l aon nídh is mo
spreagas agus bhrostuigheas inntinn agus céadfaidhe cinidh ar
bith 'ná a dteanga féin do bheith fá áird-réim aca.



8. Is i an Ghaedhilg comhartha is follusaighe ar náisiún-
tacht na hÉireann.



Má théidheann Éireannach sa bhFrainc nó san Ghear-
máin, nó i dtír choimhighthigh eile, dar le muinntir na
gcríoch soin is Sasanach é, nuair nach mbíonn de
theangaidh aige acht an Béarla Sasanach.



9. Is í an Ghaedhilg an t-arm cosanta is treise ag
náisiúntacht na hÉireann.



Dá mbainfidhe gach seilbh ar bith de mhuinntir na
hÉireann, agus go bhfagfaidhe an Ghaedhilg aca, badh chinnte
dóibh éirghe ina náisiún i ndeireadh na dála.



10. Is í an Ghaedhilg uirleis is éifeachtaighe chum
náisiúntachta shaothrughadh do mhuinntir na hÉireann.



"Má's Éireannach an teanga, ní féidir ná gurab
Éireannach an croidhe." Sasanach adubhairt é, is é sin
Éamonn Spenser an file.



11. Is í an Ghaedhilg féin an chuid is bríoghmhaire agus is
dílse d'ár náisiúntacht.



Ní'l aon náisiún ar dhruim talmhan nach dtui-
geann agus nach gcreideann go daingean an méad sin.
Féach muinntir Shasan agus muinntir Americá Thuaidh ghá
mhaoidheamh go hárd le tamall gurab aon chineadh
amháin iad, de bhrígh gurab aon teanga amháin atá ar
labhairt aca. Féach muinntir na hÁistria agus muinntir
na Gearmáine, atá ar aon teanga amháin, agus druidim
i n-aice a chéile ó ló go ló. Is é dligheadh an domhain
go sluigeann cineadh na teangadh dúthchais isteach ina
bhéal gach cineadh eile ghlacas leis an teangaidh sin.



12. Tá sin de bhuaidh ar theangaidh dhúthchais, go
spreagann sí na daoine atá bródamhail ríméadach
muinighneach aisti, chum go gcuirid siad a gcuid gnótha
saoghalta chum cinn go hádhamhail.



Ní hiongnadh soin, óir an té atá gan bród gan
muinighin as a láimh féin, is annamh a ghnó saoghalta
ag éirghe leis. Taobh le chéile d'éirigh gnó an teangadh
agus gnó na sligheadh beathadh ag muinntir na Finnia agus ag
muinntir na Bóhémia. Taobh le chéile is eadh thuit an
dá ghnó chum deiridh ag muinntir na hÉireann. Taobh
le hiasacht taobh le donas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services