Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Luibhleabhrán: Irish and Scottish Names of Herbs,
Plants, Trees, etc. By F. Edmund Hogan, S.J.,
F.R.U.I., D.Litt., John Hogan, B.A., John C.
MacErlean, S.J. Dublin: M. H. Gill & Son,
O'Connell-street.



Cuirimid fáilte agus fiche roimh an leabhar so (ní ceart
leabhrán do thabhairt air agus níos mó 'ná oiread leabh-
ráin ann), mar is mór do bhí a leithéid uainn. Cnuasach
as leabhraibh is eadh an leabhar so. Ag tabhairt an
mhéid seo i gcuimhne, is fíor-mhaith an leabhar é 'na
chnuasach. Truagh nach raibh caoi ag an Athair Éamonn
Ó hÓgáin ar chanamhaint do spíonadh, ó's ró-fhíor go
bhfuil a lán d'anmannaibh luibheann agus a mbaineann
leo i gcanamhaint nach raibh riamh i leabhraibh. Croth-
nuighmid do dhíth orainn anmanna mar “neartrach”
(Tír Chonaill), “féar gaoil” (Cúige Uladh), “caise
púca” (Cúige Laighean), ”copóg shleamhain” (Cúige
Uladh), “fathalán” (Cuailnhge), “planntáil” (= i gcéill
agus an focal Sean-Ghaedhilge “clantae”), “síomán”
(Muintir Luinigh), “dúlamán” (Cúige Uladh), “dul”
(Midhe) = “tulan” ar l.128? “abhaill” = abhallghort
(Tír Chonaill), “gráinseach,” &c. Dar linne, is focail
Bhéarla “briar” agus “geel-gowan” (focal do tháinig i
n-Ultaibh le Gallaibh Alban é seo, gowan .i. neoinín).
Ní hionntaoibh ag buaint as leabhraibh coda de na
sgríbhneoiríbh, go háirithe R. Chichester Hart agus daoine
nach é. Féach “rideakut” go mór-mhór. Dar fiadh!
do bhainfeadh sin gáiridhe as an duine badh thromdha ar
bith. Ní'l ann acht “roideogach”. Sin mar deirthear
i dTír Chonaill é, agus i n-a ionad sain is amhlaidh do shaoil
Hart gur rideakut an fhuaim do chuala sé agus é gan
Gaedhilg. Na daoine Gallda nach gcualaidh focal
Gaedhilge riamh agus gan spéis aca innte, is iad féin
is measa chum an ghnótha sain. Tá fhios againn
féin nach bhféadann siad oiread le fuaim amháin do
thabhairt leo i gceart. Níor mhaiseach a litriughadh
sain do chur síos gan ceartughadh.



Tá súil againn, má thagann an leabhar so 'sa' chló
an ath-uair, go gcuirfear luibh-anmanna canamhainte i
gcionn a bhfuil cheana 'san leabhar. Ní'l díol 'ná sáith
an leabhair ann gan iad.



'Na dhiaidh sin agus uile, is mór le rádh é gan amhras, agus
ní beag an tairbhe bainfear as. Bhí sé d'uireasbhaidh
orainn go mór, agus támaid fíor-bhuidheach d'á theacht.
Tá sé d'ualach orainn a rádh leis go bhfuil buidheachas
mór againn ar an Athair fhoghlamtha do thionnsgain é agus
ar an mbeirt do chuidigh leis. Is mór é toradh a
saothair.



An Gaodhal (The Gael). New York. July, 1900.



Is deas ar fad atá an cló agus na cosamhlachta 'san
uimhir seo. Tá leanmhaint ar “An Macaomh Mór” agus
ar “Párlaiment na mban.” Is aird-iongnadh linn
“Fionn engaged in combat with the Big Man” d'fheic-
sint fá bhun na cosamhlachta atá ag foillsiughadh éachta
de'n sgéal. Cad as nach i nGaedhilg do sgríobhadh so?
Acht faraor! do-chímíd an iomarca de smacht na Gall-
dachta ar an bpáipéar. Cad chuige noneens, phisthro-
gues, na bock lish, phisthrogries, colleens, Lug-an-eany,
Cuchullin, sleghs, agus a leithéidí gránda eile do leigean
isteach? An i n-éagmuis léighinn atá an lucht eagair?
Is mór an t-iongnadh linn ar tráchtadh ar “The Irish
Stage”. Stáitse na Galldachta is é é sin. Ní ceart
rud mór do dhéanamh de'n “Celtic Renaissance”. Rud
bréagach is eadh é. Ní'l “An Gaodhal” ag cur bríghe
a theidil i gcéill dúinn 'na ceart. Truagh nach mbíonn
acht fíor-bheagáinín Gaedhilge ann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services