Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



“AN CLAIDHEAMH SOLUIS.”



Tá an páipéar so ag dul ar aghaidh go hálainn agus go
huasal faoi stiúradh a rígh-eagarthóra. Tá Conán
Maol 'na steill-bheathaidh fós agus é go lán láidir bláth-


L. 553


mhar “Bór”-ghrádhach. Má tá aon tseoinín cogaidh i
n-acfainn Gaedhilge do léigheadh — ní dóigh linn go
bhfuil a leithéid ann — is dócha gur beag air an sgríbh-
neoir seo. Támaid ag fághail lochta air i dtaobh “an
tSíne” bheith thíos aige. Go deimhin dó, níor lugha'r
linn saighdiuir dearg ag déanamh orainn 'ná é d'fheic-
sint fá chló an chéad turus eile. Is feárr linn “an
tSín,” agus “na Síne” 'na chás gheineamhnach. Sin é
bhíos ag cách eile d'á sgríobhadh. Tá rudaidhe eile
nach é ná taitneann linn acht ní fiú linn a luadh. Is
fíor-mhaith foghanta an sgríbhneoir “Méarthóg Ghuill”.
Tá an púicín tógtha de chanamhaint na gConnachtach
aige. Tuigthear anois nach caint bhriste í agus nach gan a
sáith féin d'fhoclaibh bríoghmhara atá sí. Caithfimíd
“An Claidheamh” do chionntughadh 'na leith seo: barraidh-
eacht Béarla ann — milleann sin na hailt Ghaedhilge, ar
mhodh nach léighthear iad.



“An Gaodhal” (The Gael). New York. May and
June, 1900.



Fuaramar an dá uimhir seo thuas. Ó thárla an
páipéar so ag atharrach fir tar an Lochánach, is mór do
chuaidh sé i bhfeabhas agus i gcéim. Tá an cló agus na cosamh-
lachta go hálainn. Is é ár n-aon locht air, an
iomarca de'n Bhéarla agus de chaint agus de ghnásaibh an
nGaill-Éireannach do bheith ann. Acht ní dóigh linn go
dtuigeann lucht Gaedhilge an Oileáin Úir nach ceart
'ná ceaduighthe filidheacht agus ailt Ghaill-bhéarla do
leigean isteach, go háirighthe má's aisdí liteardhálta
iad agus gan baint aca leis an nGaedhilg do chur chum
cinn. Tá súil againn, ámh, go dtiocfaidh biseach ar an
easbhaidh seo. 'S iad na rudaidhe is fearr dá bhfuil
'san dá uimhir seo “An Macaomh Mór, mac ríogh na
hEaspáine” atá 'na sgéal fiannaidheacht, agus “Párlai-
ment na mban.” Leanfar díobh so ó mhí go mí. Tá
an dá chineál cló Ghaedhealaigh go fír-dheas, agus tá
tionntodh Gaill-bhéarla ar “An Macaomh Mór”.



“An t-Európach”. Irisleabhar il-theangadh na hEorpa.
Áth Cliath. Bealtaine, 1900.



Seo chugainn ár gcómh-chara greannmhar arís. Ní
baoghal ná fuil sé lán-bheó. Is maith an ruidín “Óráid
an Mhangaire ar aonach Bhaile-na-móna.” Acht an
féidir gurab í féin í féin? Nó an amhlaidh is rud
eile í? Ó's ionann “óráid” agus “paidir,” cionnus is
féidir di bheith 'na comhrádh? Acht is iongantach an
fear Tórna Draoi. Ó's draoi é, tá cumas tarmchrotha
aige, ar mhodh gur chas sé paidir i gcomhrádh! Cad
chuige do dhraoi béarlachas gránda mar “álraighit”
do chur síos? Faire, a Thórna! Ina fhéagmhais sin, is
mór atá an “Óráid” ionmholta againn. Tá duine
éigin eile ag leigean air ná tuigeann an chluiche
Shasanach úd cricket atá comh coitchionnta sain 'nár
measg, faraor. Is éigean dúinn “Na prás-adhruigh-
theoiridhe” do mholadh go mór, má tá nach bhfuil ann
acht “cloigeann” agus “cláirseach”. Do-chímíd go dtug
Tórna draoi freagra ar “Sgaradh,” cé nach chuige
adubhairt an file é, má's ceart ár dtuairim. Níor
mheasamar go dearbhtha, a Thórna draoi, go dtaisdealfá
id' racaireacht thar teórainn choidhche! Má theangmhaigh
leat an “Sgaradh” so 'san Eórpach thíos, ar cheadmhach
dhuit a fhreagra is gan gnó aige dhíot? Tionntodh ar
dhán le Bret Harte is eadh an rud déidheanach. Is ur-
ghránda cuid mhór de'n chló an turus so. Faire, a
chlodhadóir, agus mór-chuid de chló deas agat!



Popular Studies in Mythology, Romance and Folklore.
6d. each. No. 6, The Fairy Mythology of Shakespeare.
By Alfred Nutt. London: David Nutt.



Do-chímíd géar-chúis an ughdair 'san leabhrán so comh
maith le n-a dhéantúsaíbh eile. Is amhlaidh mheasas sé
nach bhfuil 'san aos sidhe .i. isna sidheógaibh nó daoinibh
maithe acht fuigheall sean-déithe bréige Áriánach na
hEorpa. Dob' iad sain go mór-mhór déithe 'ga mbíodh
smacht aca ar mheas agus thoirthibh na talmhan. Tuatha Dé
Danann, dar leis, agus Cromm Cruaich agus a dháréag de
chomh-dhéithibh cumainn ar Mhuigh Sleacht budh phríomh-bhun
leis na sidheogaibh so againne, atá (agus nach bhfuil) anois
ann. Dionysius budh dhia an chreidimh seo 'san nGréig.
Sgéalaidheacht Artúir ríogh Breatan, a n-abair sé, fá
ndeara creideamh do'n aos sidhe i Sasanaibh fá mar
atá thíos ortha ag Shakespeare. Dob'é a thús sgéalta
sidhe na sean-Bhreatnaise do cuireadh i bhFrainncis na
Nortmann i dtosach agus i Sacsbhéarla fá dheoidh. Acht
munab é sean-leabhair Ghaedhealacha na hÉireann, ní
fhéadfaidhe an méad so do spíonadh 'na cheart, ó nár
cailleadh riamh i nÉirinn baint an aosa sidhe le
Tuathaibh Dé Danann. Ní aontuighmid ar aon chor ar
an gclár mín do chuir an t-ughdar ar a sgéal. Go
deimhin agus go dearbhtha dhó, is i Sasanaibh do chuaidh
creideamh do'n aos sidhe i ndísg i bhfad ó shoin, agus ní
féidir an sgéalaidheacht so bheith ar tarraing aca
feasda. Tá litridheacht Shasan ag dul i n-olcas comh
maith le béasaibh agus creideamh na Sasanach, agus is dóigh linn
go bhfuil sí anois 'na múr thar ghréin.



Plays and their Supervision. London: Chas. J. Thynne.



Is é rud atá insan leabhrán so comhrádh do rinneadh
os comhair Párlamaide Londan an 15° lá de'n Bheal-
taine, 1900, ag Samuel Smith, feisire, agus freagra air
ó Rúnaidhe Shasan, agus aguisín fós. Tuigimíd as go
bhfuil dráma an Ghaill-bhéarla ag tuitim chum deiridh
agus ag dul i n-olcas ó ló go ló, agus gur feárr go mbeidh
a litridheacht ar an nós céadna (Cá bhfios dúinn nach
é sin di anois féin?). Seo mar do labhair an cainteoir
féin: “a decadent drama, and what always accom-
panies it, a decadent literature, will produce a de-
cadent nation”. Tá baramhail Sasanaigh eile, Mr.
Clement Scott, thíos fós mar dheismireacht aige:
“Society has accepted the satire and our dramatists
of the first class have one after the other broken away
from the beautiful, the helpful, and the ideal, and
coquetted with the distorted, the tainted, and the
poisonous in life”. I smaointibh graosda grabálta agus
i gcomhráidhtibh garsamhla barbardha chuirid uaisle agus


L. 554


ísle Shasan a ndúil anois, má chreidimíd na sgéala
so, agus cad as nach gcreidfimís? Ní dhéinid sgríbhneoirí
agus sgriúdairí an Ghaill-bhéarla acht “fuineadh i n-aice
na mine.” Tá Sasana ag dul síos an cnoc do leith
béas agus beathadh. Ní aithnighid riaghaltas Shasan éagcóir
thar cóir. Ní aithnighid uaisle Shasan dubháilce thar
subháilce. Ní aithnighid banntracht Shasan — an chuid is
uaisle aca go háirithe — doibhéasa thar soibhéasa ná droich-
iomchar thar deigh-iomchar, má's fíor adeir an cainteoir
ag bun an tseachtmhadh leathanaigh. Is aisdeach ar fad
an léigheas do cheap an cainteoir chum an ghalair seo. Is
é a léigheas, dar leis, an impireánacht bhladhmannach so
atá ar siubhal i Sasanaibh anois! Go deimhin dó, is lag
do mheas sé nach raibh innte seo acht comhartha eile ar
Shasanaibh bheith ag dul síos an cnoc ar an tslighe
adubhramar! Agus is é adeir sé féin, ní'l i bhfad
roimhe, “I cannot too strongly express my conviction
that a decadent drama and a decadent literature mark
a stage in national decline. All the great empires of
antiquity perished of internal corruption.”



Faill na Gaedhilge cruadhóg an Ghaill-bhéarla.
Anois an t-am agaibh, a Ghaedhealtacht Éireann!
Leathaidh bhar dteanga agus bhar leabhair ar fud na
hÉireann ó cheann go ceann, ó Bhaile Átha Cliath go
dtí an fhairrge agus ó Eochaill go Máileann. Siúd agus
nach bhfuil ár ndráma-na acht ag tosnughadh, tá sé glan
gleoite gléineamhail.



Popular Studies in Mythology, Romance, and Folklore,
6d. each. No. 5. The popular Poetry of the Finns.
By Charles J. Billson, M.A. London: David Nutt.



Teas-mholadh thuilleas an leabhrán so uainn. Ceap-
amaid go dtuigeann an t-ughdar an sgéal go ríogh-
mhaith agus gur chuir sé síos air ar chnáimh a dhíchill. Siúd
agus nach eol dúinn teanga na bhFinneach, ní rabhamar riamh
nach gcuirimis suim insan gcineadh inntleachtach
léigheannta so chuireas spéis agus dúil ina fhilidheacht
dúthchasaigh, mar is dual. Tuigimid as trácht an
ughdair go bhfuil an fhilidheacht so go hálainn. Is
amhlaidh bhíos gach beann agus ocht siollaidhe innte i n-éin-
fheacht le huaim, le cineál amuis nó uaithne, agus le
freagairt chéille ar an dara binn, dálta salm Dháibhí,
ríogh na nEabhrach. Tá an sórt so rud beag cosamhail
leis an gcuma bhíos ar fhilidheacht na Gaedhilge, acht ní
bhíonn aon chomhardha i ndeireadh beann na bhFinneach.
Seo eisiompláir atá thíos insan leabhrán:



Enole Runun sukua,
Enkä loithu laulajoita;
Kuulen ulkoa Runoja,
Läpi sammalen sanoja,
Läpi lauan laulajoita,
Läpi seinen soilta joita, etc.



Tá a trí de dhuantaibh fada ag Finneachaibh darab
anmanna na Loitsuronoja, Kanteletar (“inghean an
duilcimeir”), agus an Kalevala. An Kalevala is mó is
eol do'n Eoraip ar fad. Is é an fear léighinn úd an
Dr. Elias Lönnrot do chuir le chéile an Kalevala. Is
amhlaidh do bhailigh sé a lán de laoithibh éagsamhla nach
raibh aon bhaint ag mór-chuid aca le n-a chéile ar chor
ar bith agus d'fhigh agus d'fhuaigh sé tré n-a chéile iad, ag
athrughadh beagáin de na foclaibh thall agus i bhfus agus ag
cur fíor-bheagáin uaidh féin ionnta, go ndearna sé
aon duan fada amháin díobh, ar mhodh go ndéantar ion-
gantas agus mór-shuim d'á chuid saothair go dtí an lá atá
indiu ann. Do féadfaidhe a leithéid do dhéanamh le
fiannaidheacht na Gaedhilge acht do leig “Cumann na
fiannaidheachta” an chaoi nó an fhaill thársta. Féach
“Laoithe fiannaidheachta I,” nach i ndiaidh a chéile, as
tóin a chéile agus i n-alt a chéile atá “Agallamh Oisín agus
Phádraig,” “Cath Chnuic an áir,” “Laoidh Mheargaigh na
lann ngéar,” “Laoidh mhná Mheargaigh” agus “Anmanna
na bpríomh-laochradh de'n Fhéinn do thuit ar Chnoc an
áir le sluagh Mheargaigh,” agus nach bhféadfaidhe “Seilg
Shléibhe Fuaid” do chur tamall 'na dhiaidh sin arís,
toisg gur bh'í Áilne shnuadh-geal, bean Mheargaigh na
lann ngéar, an fiadh do tháinig do dhéanamh léir-
sgriosta ar an bhFéinn i ndíoghail bháis a fir? Agus
rud eile, níor dho-dhéanta na laoithe eile d'fhighe isteach
comh maith céadna. Dob' éigean do Lönnrot ádhbhar
an Kalevala do thiomargadh i dTír na Finne, i dTír na
Cairéile agus i gcríochaibh eile na bhFinneach (is iongnadh
linn nár spíon sé an Estóin mar an gcéadna) le
saothar mór, ag cur síos ó bheal-aithris na ndaoine
dtuata. Níor bh'é sin dúinne. Siúd agus go bhfuilid na
laoithe ar eolus ag lucht Gaedhilge fós, bhíodar riamh
i leabhraibh lámh againn agus ní raibh ar “Chumann na
fiannaidheachta” acht iad d'fhighe i n-a chéile go deas agus
go deagh-chumtha, agus “eipic” do thabhairt air, dálta an
Kalevala. Níor fhéachadar leis agus budh chaillte an
mhaise aca é. Tá an éagcóir ag Dubhghlas De hIde
adeir nach raibh a leithéid riamh insan Ghaedhilg.



Is cosamhail le Gaedhealaibh Finnigh ar mhodhaibh. Is
beag nach é an t-aon nós gabhála ceoil atá aca .i.
greim ar láimh a chéile. Tá brón i bhfilidheacht Fhinneach,
dálta Gaedheal. Tá dúil mhór ag an dá chineadh i
saoirse leis, agus is iomdha nós eile ar bh'fhéidir a gcur
i gcompráid le n-a chéile.



Gur fada mhairfeas teanga agus léigheann na bhFinneach
fá réim, agus badh dhíol truaighe iad, dá mbainfidhe a
saoirse ar fad uatha ag Rusachaibh.



Seanmóiridh le Dochtúir Séamas O Gallchobhair, easbog
Ratha-bhoth (1725-1737). Edited, with Vocabulary, by
Rev. Joseph S. Gallagher, Amboy, Illinois, U.S.A.
Part I. Baile Átha Cliath: Brian O Dubhghaill, 9
Céibh Oirmhumhan Uachtair.



Fíorchaoin fáilte is cuirthe dhúinn roimh an gclódh
so. Badh mhaith an t-ughdar an té do sgríobh, agus ní
ceart go ndearmódfaidhe é.



Ar thús an leabhráin, tá cur síos gearr ag an
eagarthóir ar an easbog féin. 'Siad na seanmóirí
atá 'san gcuid seo “Ar riachtanas na beathadh
síorraidhe do shaothrughadh” agus “Seanmóir ar shogh na
bhflaitheas.”


L. 555


Ní bheimís macánta, dá molamais an leabhrán so
mar badh mhian linn. Dob' áil linn a mholadh go mór
acht ní fhéadamaid é leis an mbeag-shuim i gcruinneas
do-chímíd ann. Is truagh nar chuir an t-eagarthóir an
litriughadh agus iarratas an ghraiméir síos 'na gceart
gach aon uair, ó's minic do sháruigh sin air. Támaid
'gá ghuidhe um atharrach cuma do chur ar an gcéad chuid
eile de'n leabhar, ar mhodh go mbeadh an tuathal do
léathtaoibh, mar is olc an rud gan eagar maith do
bheith ar leabhar.



Festschrift Whitley Stokes zum siebzigsten Geburtstage
am 28 Februar, 1900, gewidmet von Kuno Meyer,
L. Chr. Stern, R. Thurneysen, F. Sommer, W. Foy,
A. Leskien, K. Brugmann, E. Windisch. Leipzig:
Otto Harrassowitz. 1900.



Déantús ochtair de shaoithibh sár-fhoghlamtha na
hAlmáinne an leabhar so. Is iad sain cuid de'n dream
is eolgasaighe ar bith ar fhocailseanchus na dteangadh
nInd-Eorpach nó nÁriánach. Ní deacair a thuigsint as
teideal an leabhair nó as an Vorwort nó díonbhrollach
ag Dr. Ernst Windisch caidé fá ndeara do'n ochtar
léigheannta so cur le chéile chum a fheabhais seo de
leabhar do chur i gcóir .i. le comóradh do thabhairt do'n
ollamh Éireannach úd Dr. Fuitlidh Stócas, ar slánughadh
a sheachtmhoghad bliadhain dó. Seo mar do thosnuigh
Dr. Windisch ar an ngnó i bhfíor-thús na cúise:
“Acht deutsche Gelehrte, dei in Ihnen einen der
hervorragendsten Celtologen verehren, haben sich
zusammengethan, um nach Gelehrtenart Ihren 70.
Geburtstag durch eine Festschrift zu feiern.” Lean-
ann sé ar an sgéal ar an gcuma sain, ag moladh agus ag
síor-mholadh an Stócasaigh, mar ghioll ar an síor- agus an
sár-obair do rinne sé i leith na Sean-Ghaedhilge agus na
Gaedhilge Meadhónaighe do chur ar bun daingean deagh-
fhoghlama le teann saothair agus síor-sgrúduighthe. Ní
baoghal nach mór an díol molta Dr. Fuitlidh Stócas i
n-a thaobh sain de. Gibé duine d'fhoisgeoladh leabhar
d'á leabhraibh, do bheidheadh d'fhiachaibh air gan dearmad
ard-iongantas agus brígh mhór do dhéanamh de. Do mholfadh
an léightheoir go mór-mhór an sár-shaothar agus an fhíor-
léigheanntacht badh léir dó ann agus do thuigfeadh sé as
gach focal dá léighfeadh go mbíodh an-tóir ag an ughdar
ar an tSean-Ghaedhilg agus gur mhór an dúil do chuireadh
i ngach abairt di.



Is é céad alt d'á bhfuil ann Totenklage um König
Niall Nóigiallach (Caoineadh Néill Naoi-ghiallaigh, ríogh
Éireann) ó Chúnó Meyer, ollamh is mó a bhfuil aithne
againne air. Is éigean dúinn, dar leis, ádhbhar na
laoidhe seo do chur siar do bhrígh nár bh'fhéidir a cumadh
ní budh mhoille 'ná 'san 9 céad. Is álainn an laoidh í,
agus deibhidhe sgaoilte an mhéadaireacht i bhfuil sí. Badh
mhaith linn í bheith fá chló arís insan irisleabhar so uair
éigin, agus tá súil againn go bhfeicimíd sin, má bhíonn
caoi air. Do chuir Dr. Cúno Meyer comaoin mhór ar
Ghaedhealaibh, ar gcur na laoidhe seo i gcló dhó.



Is é an dara halt Eine ossianische Ballade aus dem
XII. Jahrhundert (Laoidh fiannaidheachta do cumadh
'san XII. céad …) ó'n Dr. L. Chr. Stern. Ní leigimid
a leas an t-eagar do mholadh. Nach leor dúinn, má
deirimid gurab ar nós críochnuighthe na nAlmáinneach
do rinneadh sain? I ndeibhidhe sgaoilte atá an laoidh
seo, amhail adeir an t-eagarthoir féin (“Sie ist in einem
freiern Debide abgefasst”). Is é ádhbhar na laoidhe
“dámh thrír” nó triúr compánach do tháinig ó'n Hior-
uaidh go h'Éirinn, agus cú draoidheachta leo, le haimsir do
dhéanamh le Fionn mac Cumhaill. Do réir na laoidhe
féin



Da bátar athaidh sin Fhéin.
in triar tháncatar do chéin:
Selg leó i cumma chaidchi.
feiss fo leith cech óen aidchi.



Do chuadar a dtriúr fá choinfheasgar go Carn Fer-
adaig agus an chú le n-a gcois agus is ann do mharbhadar
Dubhán mac Breasail Bairne. D'iarr Fionn “ícc”
(íoc) nó éiric ortha i nDubhán, agus do ghealladar dó an
chú draoidheachta do thabhairt uatha mar éiric. Ní
thugadar, ámh, mar, ina ionad sain is amhlaidh do mhar-
bhadar an chú agus “rucsat croccend in chon sair co
tech Merchi mór-glonnaig”, ar ndul “sech Albain
sairtúaith”. Do lean Fionn agus Fianna Éireann iad
gur mharbhadar “ilar n-aicme”.



Tá cur síos geárr ag an mór-ollamh íd Rúdolf
Thúrneysen ar an dá fhocal so “líth” agus “cless”
(cleas). Má's geárr, ní suarach. Is amhlaidh, fós, do
Altirisch bibdu “reus” (i Nua-Ghaedhilg bíodhbha .i.
namha) ó Ferdinand Sommer, agus do Die idg. Langdiph-
thonge im Inselkeltischen ó W. Foy, agus do Pronominale
Prolepsis nominaler Objecte ó A. Leskien. An sgríbh-
neoir is déidheanaighe do luaidheamar, do thug sé fá
ndeara, an gnás céadna atá 'san Albáinis .i. réamh-chur
an tachluighthe (nó cáis ghearánaigh) agus na tuilréime (nó
cáis tabharthaigh) le forainm, go bhfuil sé ar fághail mar
an gcéadna i gcanamhnaibh Slabhónacha na Maighiodóine.
Siúd agus nár chuir sé síos ar an nGaedhilg, tá a shamhail
de ghnás ar buil innte 'san gcás geineamhnach, mar
shompla, caithfead a fhiafraighe dhe cionnus do bhítheas
aige, agus c.



Alt an-léigheannta is eadh Lateinisch prope und
proximus ó Karl Brugmann. Is dlúith le chéile atá an
chuma — Orc.Umbr. nessimo — “proximus,” an chuma shean-
Ghaedhealach “nessam” agus nesaf na Breatnaise.



An t-alt déidheanach atá ann, is é Ueber einige
S-Aorist angesehene irische Formen ó E. Windisch.
Ní gábhadh dhúinn a rádh go bhfuil bun agus bárr fogh-
lama 'san sgríbhinn seo. I dtaobh “ecaim”, “ecmaing,”
“ecmaic” (tárla), tá an abairt seo lán-bheo fós i
dtaobh thuaidh de Laighnibh, acht amháin gur de'n neimhin-
sgne anois í .i. char heagmhadh damh = níor tharla dhamh,
nár heagmhadh insa' láthair iad = nár tharla insa' láthair
iad, nach rabhadar le fághail, a heagmhadh chugainn = do
tharla dhúinn. (Féach Irisleabhar na G., 116, Bealtaine,
1900, L. 523.)



Gur fada fós mhairfeas an mór-fhear léighinn 'gar
cuireadh an leabhar luachmhar so le chéile ina onóir, is
é ghuidhmid-ne.


L. 556


Fíor Chláirseach na h-Eireann: or, The True Harp of
Erin, etc. Edited by T. O. Russell. Dublin:
M. H. Gill & Son.



Prácás liteardha is eadh an leabhar so. Tá ceart
agus tuathal, gaedhilgeachas agus béarlachas, Gaedheal-chruth agus
Gall-chruth, filidheacht agus rámás ann béal le béal,
leacain le leacain agus gualainn le gualainn le n-a
chéile. Ní fheadarmar ó thalamh an domhain caidé fá
ndeara do'n eagarthóir an nós aisteach so do chleach-
tadh, acht támaid 'gá cheapadh gurab amhlaidh budh dhóigh
leis gur móide do measfaidhe an rámás do bheith go
foghanta é chur le hais filidheachta. Ní hamhlaidh tá,
ámh. Go deimhin féin, ní'l aon rud is mó do nocht ur-
ghráin an rámáis 'ná an fhilidheacht do bheith 'na theannta
gach re leathanach, amhail atá anonn agus anall 'san leabhar.



Seachaintear na leathanaigh seo: 7,8,9,10,11,12,
13,14,20,21,22,23,24,25,26,27,34,35,36,37,38,39,
40,41,42,43,44,45,50,51,52,53,54,76,77,78,85,
110,111, ó nach leathanaigh fhilidheachta iad.



I dtaobh a bhfuil d'fhilidheacht ann, siúd agus go bhfuil
mór-chuid de millte aige, is éigean a rádh gurab ion-
mholta fá'n gcuid eile é. Is maith linn gur chuir sé
dán Broccáin Chráibdig i gcló as Leabhar Laighean.
Acht cuirtear na leasuighthe seo ann, mar is amhlaidh
léightear i Leabhar Laighean féin:



Culeannáin i n-ionad “Cullenain,” Etersceoil i
n-ionad “Eterscail,” Arddétra in ionad “Ard-
detra,” Brí Éile i n-ionad Bri Eile, degdoene i
n-ionad “deg doine,” Maeledúin i n-ionad “Mael-
dúin,” chinaid i n-ionad “chianid,” issin i n-ionad
”iss in,” Conculaind i n-ionad “Concullainn,”
Chruthentúaith i n-ionad “Cruthentuaith” nert
co ndr[uine] i n-ionad “nert …,” Cendselach
i n-ionad “Cendsellach,” rígdomna i n-ionad “rig
domna,” fors ndessid i n-ionad “fris [a] ndessid,”
can(?) i n-ionad “cach” (cach oen chind), Ardgail
i n-ionad “Ardgal,” Dubgallaib i n-ionad “dub
Gallaib,” cethrachat i n-ionad “cathrachat,” Setar-
laic i n-ionad “'S e tarlaic,' fersatar i n-ionad
“forsetar,” fo thalmain i n-ionad “fo[r] thal-
main,' hairchinnig i n-ionad “haircinnig,” naemnem
(= Chaemgan) i n-ionad “naem nem,” bendachait i
n-ionad “benn da chait”(!), martra (?) i n-ionad
“martire,” na nhÉrenn i n-ionad “h-Erenn.” Is iomdha
focal eile ann nár cheart dó a dheaghailt, acht é chur
síos ina aon fhocal amháin.



Ní thaitneann linn go maith an t-eagar do cuireadh
ar “Claideb Cherbaill” (ní “Claidib Chearbaill” é).
Cad chuige “mór englaim” do chur síos, nuair atá
“mór-englaim” d'ualach orainn, do dhruim na h-aird-
rinne, agus “Cherbaill” 'na rinn? Cad as “dat rat”
i n-ionad “datrat” nó “do-t-rat”? Faraor, is
iomdha eisiompláir eile mar iad sain. Badh mhór an
truagh nár lean an t-eagarthóir seo do'n eagar fhíor-
cheart do chuir Cúnó Meyer ar an dán áluinn seo.



Is dóigh linn go rug “Siansa na ndúl” ar l. 35
bárr olcais ar chách, ag trácht dúinn arís ar a bhfuil
de rámás insan leabhar. Is mór an comhartha é ar an
dúil do chuir an t-eagarthóir ina leithéid, ag cur an
leabhair le chéile dhó. Ar léigheadh riamh aon rud budh
mheasa 'ná “'Siad binneas go fíor sean fonna
mo thír'” nó “Ag cánadh (!) go binn a's ag breugadh
sinn” (fair go deo!)? Do thuigeamar riamh gur
bh'ionann “cánadh” agus “buillidhe do bhualadh ar dhuine
le cána (.i. cleath nó slat chaol).” Cár bh'iongnadh dhó,
ámh, agus a bhfuil thíos aige de thuatal i n-urthosach gach
ailt? Féach “Bhí siad foillsighthe beagán bliadhain ó
shoin,” “Ní'l aon eolas agam má foillsigheadh riamh é,”
“Ní'l an Broccan so luaidhte leis na Ceithre Maighis-
tribh,” &c. Is ró-mhithid do'n eagarthóir an ceart do
chleachtadh agus an tuathal gránda do chur do leathtaoibh.
Guidhmid é go dil agus go díochra um tabhairt faoi'n
gceart feasda gach aon turus, ar chor nach bhfuighthí
locht air.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services