Má bhí an uair sin, ní'l anois.
Dhá mbéidheadh fhéin, badh chríon
liath an seanchaidhe mé 's char
bh'fhearr 'na an t-uirsgéal-
aidhe. Mála buidhe na seacht
sean-leabhar a d'iomprachainn ar chír-fhiac-
laibh mo dhroma, le cruime, le críne, le
sean-ársaidheacht. Cé go bhfeil me 'g dul
ag ársaighe an sgéil seo dhuid-se anocht,
cha mhóide go bhfeil 'fhios agam. Má's
dona tá 'fhios agam-sa anocht, go rabh sé
níos measa agad-sa 'san oidhche i mbáireach,
go mbéidh tú ag teacht d'á fhoghlaim chugam-
sa 'san oidhche anóirthear.
Bhí rí aon uair amháin is bhí mac aige.
Chuaidh mac an ríogh amach ar an tráigh lá.
Thainic buachaill caol ruadh chuige.
“An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe, a
mhic an ríogh?” ars' an buachaill caol ruadh.
“Cha misde liom,” arsa mac an ríogh.
Chuir mac an ríogh an cluiche air.
“Tabhair do bhreith a mhic an ríogh,” ars'
an buachaill caol ruadh.
“Cuirim fá gheasaibh thú rith na bliadhna,
buinne geal caisleáin a bheith tógthaí innseo
ar maidin i mbárach.”
Ar maidin lá ar n-a bháireach bhí an cais-
leán tógthaí. Thainic an buachaill caol ruadh
chuige arís.
”An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe, a
mhic an ríogh?”
“Cha misde liom,” arsa mac an ríogh.
Chuir mac an ríogh an cluiche air.
“Tabhair do bhreith, a mhic an ríogh.”
“Cuirim fá gheasaibh 's fá dhíomdha na
bliadhna thú, an chaoin-bhean is deise tá
ar an domhan a bheith innseo faoi chionn
lae 's bliadhna ná ar maidin imbárach, is
amhlaidh is feárr.”
Ar maidin lá ar n-a bhárach thainic an
buachaill ruadh 's an bhean is deise bhí ar an
domhan leis. Thug do mhac an ríogh ar ghreim
láimhe í.
“An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe eile,
a mhic an ríogh?” ars' eisean.
“Cha misde liom,” arsa mac an ríogh.
Chuir an buachaill caol ruadh an cluiche
air.
“Tabhair do bhreith,” arsa mac an ríogh.
“Cuirim fá gheasaibh agus fá dhíomdha na
bliadhna thú, an claidheamh soluis t' aige an
mBacach Mór, rígh na Sorcha, agus fios Mhianach
an Anóglaigh bheith innseo agad faoi chionn
lae is bliadhna ná ar maidin i mbáireach, is
amhlaidh is féarr.”
Chuaidh mac an ríogh isteach 'un a thighe féin
is shuid se ar chathaoir agus leig se osnadh mór
as.
“Sin osnadh mic ríogh fá gheasaibh,” ars'
an bhean leis.
Ar maidin lá ar n-a bháireach d'éirigh mac
an ríogh is chuir sé a chulaith chatha air, is é
sgríobhtha ar chúl a chlaidhimh gur'b é fhéin árd-
ghaisgidheach an domhain.
“Maise, fan anois go Lá Fheil' Brighde;”
ars' an bhean leis,”béidh an lá ag éirghe fada
's is furus duid an t-asdar a dhéanamh.”
Nuair a thainic Lá Fheil' Brighde, d'éirigh
mac an ríogh.
“Maise, fan anois go dtiocfaidh Lá
Bealtaine,” ars' ise.
Nuair a thainic Lá Bealtaine, d'éirigh mac
an ríogh ar maidin.
“Tá sé comh maith agad anois fanach go
dtiocfaidh Lá Lughnasa,” ars' an bhean leis.
Má budh mhoch thainic Lá Lughnasa, d'éirigh
mac an ríogh is fuair se réidh le n-a asdar
go rabh se aige bruach na fairrge. Chan
fhaca se luighe (long) ná báda. Rinn se
luighe (long) de' hata, crann seoil de n-a
bhata, bratacha de n-a léinidh, is téatracha
de n-a gháirtnéil. Théid se amach 'san
fhairrge folcarnaigh falcarnaigh, ag éisdeacht
le muca rónta, sgairteach na bhfaoileannán,
lúbarnach na n-easgann, gur'b é an bradán
ab' fhaide síos bhí ag teanamh (déanamh)
spóirt agus ceóil ar an mball sin, go rabh
neoin is deireadh an lae ag teacht, lucha
ag dul i bpollaibh, éanlaith ag dul i gcrann-
aibh, an gearrán bán ag dul ar sgáth na
copóige is an chopóg ag imtheacht uadh.
Thug se léim árd acfainneach i mullach
dhruim-thaisde na luighe (luinge). Chonnaic
se caisleán a rabh bun cleite isteach, bun
cleite amach, is bun cleite eile ag coing-
bheáil a láir agus a dhroma suas. Rinn sé ar
an chaisleán agus d'iarr se lóisdin go lá.
“Céad fáilte dhuid, a mhic an ríogh;”
arsa fear an tighe, ”Tá tú ag dul 'uig an
mBacach Mór i mbáireach, agus cha dtéid tú
ar do chois; bhearaidh me each duid t' ar
an stábla bhainfeadh ribe as an ghaoith
Mhárta agus nach mbainfeadh an ghaoth Mhárta
ribe as.”
D'imthigh sé lá ar n-a bháireach go tigh
an Bhacaigh Mhóir. Bhuail sé buille ar an
chorraigh chomhraic 's char fhág se ghamhan i
mart, ná uan i gcaora, ná searrach i gcapall
nár shéid se le fórsa a bhuille. Amach
leis an Bhacach Mhór. Nuair a bhéidheadh
an Bacach Mór 'sa' ghleann, bhéidheadh mac
an ríogh ar an chnoc. Thiomáin mac an ríogh
an béitheach go rabh sé ag an tigh, 's an
Bacach Mór 'na dhéidh. Léim mac an ríogh
de'n mbéitheach isteach ar an fhuinneoig.
“Comraighe dhuid, a mhic an ríogh,” arsa
fear an tighe.
Tharraing an Bacach Mór an buille, is
rinn sé dhá leith de'n mbéitheach.
“Bhearaidh me béitheach eile dhuid i
mbárach,” arsa fear an tighe.
Lá ar n-a bháireach d'imthigh mac an ríogh
go tigh an Bhacaigh Mhóir. Bhuail sé buille
an dóigh a rinn sé an chead lá. Amach leis
an Bhacach Mór 'na dhéidh. Nuair a bhéidheadh
an Bacach Mór 'sa' ghleann, bhéidheadh mac
an ríogh ar an chnoc. Nuair a bhí se ag an
tigh, léim se de'n mbéitheach isteach ar an
fhuinneoig.
“Comraighe dhuid, a mhic an ríogh,” arsa
fear an tighe.
Tharraing an Bacach Mór an buille agus rinn
se dhá leith de'n mbéitheach.
“Anois,” arsa fear an tighe, “béidh béith-
each eile i mbárach agad.”
Lá ar n-a bháireach d'imthigh mac an ríogh
go rabh sé aige tigh an Bhacaigh Mhóir. Bhuail
se buille an dóigh chéadna. Amach leis an
mBacach Mór 'na dhéidh. Nuair a bhí an
Bacach Mór 'sa' ghleann, bhí mac an ríogh
ar an chnoc, go dtí go rabh se ag an tigh.
Léim sé isteach ar an fhuinneoig.
“Comraighe dhuid, a mhic an ríogh,” arsa
fear an tighe.
Tharraing an Bacach Mór an buille agus rinn
se dhá leith de'n mbéitheach.
“Anois,” arsa fear an tighe, “rachaidh tú
i mbáireach 's cha bhíonn béitheach leat. Bhí an
Bacach Mór gómh buaidheartha, ní'l aon chois-
peán [d']ar shiubhail se nach deachaidh se go
dtí n-a ghlúinibh is-talamh. Gheobhaidh tú lorg
a chos isteach go colbha leaptha. Gheobhaidh
tú an claidheamh soluis ar téastar na
leaptha. Tarraing amach an claidheamh as
an sgabart, agus leis an tsoillse léimfidh an
Bacach Mór 'na sheasamh. Tarraing do
chlaidheamh agus abair leis, mur mbeara sé
suas, go mbainfidh tú an cionn de. Ar do
bhás ná teana e: sin mo dhearbhráthair-sa,
oncal do mhná.”
D'imthigh mac an ríogh ar maidin. Lean
se lorg na gcos go colbha leaptha. Fuair
se an claidheamh soluis croichte ar téastar
na leaptha. Tharraing se amach as an sgabart
e. Léim an Bacach Mór 'na sheasamh as an
leabaidh. Tharraing mac an ríogh an claidheamh
is dubhairt se leis, “Tabhair suas,” ná go
mbainfeadh se an cionn de.
“Ná teana thusa sin;” ars' an Bacach
Mór, “Céad fáilte dhuid, a mhic an ríogh.
Is mise oncal do mhná. Suidh síos innseo
go n-ársacha me dhuid gómh bocht is fuair
mise mo bhean:”
“Bhí mise lá amháin innseo,” adeir se,
“is chuaidh me amach. Chonnaic me fear
fiadhain. Bhí se ag ithe biolair. Chaith me
díom mo chroiceann,” ars' an Bacach Mór;
“Nuair a d'íosadh an fear fiadhain gas,
d'íosainn-se dhá ghas. Bhí me ag teannadh
leis ar gach aon choispeán. Fuair me greim
air, thug me a bhaile e, nigh me is ghlan mé
é, is chuir me culaith mhaith éadaigh air. Char
bh'fhada go mb' fheárr le mo mhnaoi an fear
fiadhain 'na mise. Bhuail sí le slaitin doraca
draoidheachta me agus rinn sí gearrán bán díom.
Ní'l aon ghnaitheach bheidheadh le teanamh
(déanamh) fá'n tigh nach gcaithfinn a dheanamh.
Anois, bhí ciall an duine ionnam i gcomhnaidhe.
Thochaiseachainn mé fhéin ar na geataidhe agus
d'fhuigfinn mo chuid fionnaidh ortha. Chuaidh
fear annsin isteach chuige mo mhnaoi agus
dubhairt sé go rabh me salach agus gach aon rud
fá'n tigh salach agam. Thainic mo bhean amach
agus bhuail sí le slaitín doraca draoidheachta
mé agus rinn sí tarbh mór díom. 'Nois, bhí
ciall an duine ionnam i gcomhnaidhe. Cha
leigfinn cailín a bhleaghan nach leanfainn 's
nach ruaigfinn as an pháirc, agus cha leigfeadh
an eagla do na cailíní dul a bhleaghan le
heagla romham. Chuaidh fear isteach chuige
mo mhnaoi agus dubhairt se go rabh me ag teanamh
(déanamh) a láin dolaidhe. Thainic mo bhean
amach annsin agus bhuail sí mé le slaitín
doraca draoidheachta agus rinn sí mac tíre
díom. Bhí ciall an duine ionnam i gcomh-
naidhe. Chuaidh me isteach 'un na coilleadh
is leig me trí uaille asam. Ní'l aon mhac
tíre 'sa' choill nár chruinnigh thart orm. Mar
rabh ciall an duine i gcomhnaidhe ionnam, thug
me liom iad. Thoisigh muid ag marbhadh na
gcaorach. Chuala siad annsin go rabh gach aon
chaora insa' tír d'á marbhadh. Thainic seilg
mhór gadhar 'nar ndéidh. Mar rabh ciall an
duine ionnam, chonnaic me an rí ag teacht ag
marcaigheacht. Bhí ciall an duine ionnam:
chaith me me fhéin ar mo ghlúinibh roimh an rígh.
“Bheirim párdun duid, a choileáin uasail,”
ars' an rí. Thug an rí a bhaile me. Thárla
go rabh páisde óg ionn i dtigh an ríogh. Gach
aon pháisde dh'a rabh roimhe sin, thiocfadh lámh
mhór isteach agus bhearadh se an páisde leis as
an chliabhán. B'é sin Mian an Anóglaigh.
Ars' an rí, “Fuigfidh me an coileán uasal
ag cumhdach an pháisde anocht.” D' fhág se
me fhéin aige cumhdach an pháisde. Char
bh'fhada bhí me ann go dtainic lámh mhór.
Fuair me fhéin greim ar an láimh. Bhí me
ag fághail aith-ghreim suas i gcomhnaidhe.
Gheárr me an lámh thuas ag an ghualainn.
Thug me an lámh liom agus leig me aige taobh
an chliabháin í. Chuir an rí annsin beirt fhear
ar lorg na fola. Lean siad lorg na fola
go deachaidh siad isteach ionn i dtigh bhí 'sa'
choill. Fuair siad an fathach mór marbh.
Bhí triúr páistí annsin de chuid an ríogh.
Thug siad a bhaile an triúr páistí go tigh an
ríogh. [An] gasur 'a mhó acu, bheidheadh se
ag marcaigheacht orm fhéin gac aon lá.
Chonnaic me slaitín doraca draoidheachta
i láimh an ghasuir. Chuir me mo shoc siar;
fuair me greim coise air. Bhuail se me leis
an tslaitin doraca draoidheachta; d'éirigh
me suas mar bhí me riamh. Thainic me a
bhaile, bheir me ar an bhfear fiadhain, chaith
me amach ar an dorus e. Sin an dóigh a
fuair mise le mo mhnaoi. Seo dhuid an
claidheamh soluis is gabh a bhaile, is go rabh
an t-ádh ort fhéin agus ar do mhnaoi.”
Sin mo sgéal-sa agus broth in do bhéal-sa agus
ceapaire fada buidhe i mo bhéal-sa.
Tagra.
Tomás O Corragáin d'innis insa' Chaisleán i n-aice
Chairrge Machaire Rois. D'iomprachainn = d'iom-
chaireochainn; nach mithid dúinn p do litriughadh “sa”
bhréithir seo? Cuirim fá gheasaibh, &rl. : do hinnseadh
dam gurab ionann “díomdha na bliadhna” & “rith na
bliadhna” 'sa' chás so. Faoi chionn was pronounced as
if spelt fao'nn (fweeN). Osnadh was pronounced osna.
Gáirtnéil, garters. Folcarnach, a cumulative adj. =
flooding, deluging, billowy, boisterous, &c., formed
from folc, a flood, (a usual word in Farney).
Falcarnach is the same word with change of root-
vowel; O'R. has falc, a flood, and also gives both
folcaim and falcaim. Muca rónta, seals. Sgair-
teach na bhfaoileannán, the screaming of the sea-
gulls; the existence of faoileannán shows that
the Galway form faoilleán is an assimilation of
faoilneán for faoilnneán, a contraction of faoil-
eannán. Druim-thaisde: this is understood to be part
of the ship's deck; it may, perhaps, be the poop.
Corraigh chomhraic, dat. of corrach chomhraic (?) = chain
of combat (?), cf. corrach, a fetter, a shackle, O'R.; in
other folk-tales we find cuaille comhraic. Comraighe =
comairce. Coispeán = coiscéim, footstep. Téastar,
the tester of a bed, that is, the canopy over it. Sgabart,
scabbard. Mur mbeara sé suas, if he doesn't sur-
render; tabhair suas, surrender. Ag teannadh leis,
approaching him, getting nearer to him. Doraca is,
no doubt, for dorcha; the change of ch after r to c is
not unknown in the dialect. Mar rabh is in common
use in Ulster = mar bhí, as … was, and mar bheadh, as it
were, as though. Mian or Mianach an Anoglaigh, the
name of the giant, may, perhaps, signify “the desire
of kidnapping”; anoglaigh = an (priv.) + óglaigh, gen-
of óglach? Soc, snout.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11