A haithle na laoidhe sin
d'éirigh an Giolla Dea-
cair i n-a cholamhain
chomhdhíreach i n-a cheart-
sheasamh agus tug aghaidh
siar bud dheas gacha
ndíreach, agus mar chonnairc ann capall a
thighearna a fágbháil na tulcha i n-a raibh
Fionn agus an Fhiann, do ghluais féin i n-a dhiaidh
agus na ceithre feara déag sain ar a mhuin, agus
mar do chonnairc Fionn agus an mhéid do bhí i
n-a fhochair d'Fhiannaibh Éireann sin, do
léigeadar gáir sgige, fochmhaide agus fonamhaide
fútha, agus ní fada do chuaidh an Giolla Deacair
uatha an tan do thógaibh a éadach ós maolaibh
a mháis agus a lurgan agus gluaiseas roimhe go
dísgir deaghthapaidh agus go tric teann talachair
troigh-éagaidh tinneasnach agus go gródha calma
choimhneartmhar mar luas fáinle no feirbh,
no mar shíoth gaoithe tar cheann machaire nó
maoil-tsléibhe i meadhón míosa Márta; is
é sin treise, díosgaireacht agus deagh-thapadh
do bhí i gcosaibh an Ghiolla Dheacair ag
imtheacht uatha, agus ní faillightheach do fhreagradh
sain le n-a each: gér mhór a eire agus a ualach,
tug criothnughadh air féin agus do ghluais i n-a
bhuinneadhaibh ró-dhiana racht-aigeantacha
reatha, eodhón, an t-each i ndiaidh a thriaith agus
a thighearna, agus dá mbudh tuirling budh mhian
leis an muintir do bhí ar a mhuin ní raibh ar
gcumas dóibh, óir do leanadar a lámha agus a
gcosa do'n chapall go docht daingean do-
sgaoilte ionnus nár fhéad neach aca tuirling
de. An uair do chonnairc Conán Maol mac
Mórna sin ro léig, tráth, gairbh-sgread
dhuaibhseach uathbhásach dho-fhulaing as, agus ro
ghabh ag aoireadh agus ag aithisiughadh Fhinn agus na
Féinne ar gcéadna fo n-a leigean nár bh'fheas
críoch no cinéal de'n domhan arab as dó; agus
do chuir sé Fionn agus Fianna Éireann fá gheasaibh,
muna leanadaois é féin agus an mhéid do bhí
i n-a fhochair de'n bh'Féinn ar an each sain gibé
áird d'áirdibh an domhain i n-a ngeóbhadaois
nó go mbainfidís amach iad d'ais no d'éigean
de'n andúil diabhlaidhe do-dhealbhach sain ag
a rabhadar i mbroid.
Dála Fhinn mhic Chumhaill agus na druinge do
bhí i n-a fhochair de'n Fhéinn, tugadar lámh
thapaidh laochda tar a leathan-armaibh, agus
gluaisid rómpa go dian dísgir dána deagh-
thapaidh i dtóruigheacht a muintire, agus is é
eólas i n-ar ghabh an Giolla Deacair go
díreach roimhe siar do Chríochaibh bhFear Morc,
re a ráidhtear Uí Chonaill Ghabhra an tan so,
agus do Shliabh Leathan-mhór aoibhinn Luachra agus
as sain do Chorca uí Dhuibhne, agus san bhfairrge
fhíor-dhoimhin fhuar-lingthigh siar gacha ndíreach,
agus ag dul amach do'n Ghiolla Deacair i gciumh-
saibh an chuain agus an chaladh-phuirt is ann do
rug Liagán luaimneach ó Luachair Dheaghaidh
orra, agus ro fháisg a dhá dhóid ro-reamhra ro-
mhóra agus a dá láimh láidre lán-chalma i
bhfolt an eich, agus dob 'áil leis a tharraing i
dtír go hathgharbh ainmhín ardhachta, agus a chong-
bháil go mbéarfadh Fionn agus an Fhiann air
gidheadh, tug an t-each tarraing fearamhail
fíor-ardhachta ar Liagán agus fuaduigheann leis
i gcraos mara agus mór-fhairrge é agus da mbudh
dealughadh leis a mhian ní raibh se ar gcumas
dó, óir do leanadar a lámha dhe, ionnus go
rabhadar cúig feara déag d'Fhiannaibh
Éireann air mar sin, agus is amhlaidh do bhí an
muir i n-a thráigh thirm théachtaighthe rómpa agus
i n-a mhotharaibh mór-thonntacha míchéillidhe
mear-chalma i n-a ndiaidh. Dála Fhinn agus na
Féinne, do bhádar dá bhfeitheamh agus dá bhféach-
ain nó go ndeachadar as a radharc agus tar a
bhfaicsin uatha, ionnus ná raibh a fhios aca cá
háird d'áirdibh an domhain i n-ar ghabhadar;
agus fá dubhach agus fá tuirseach trom imshníomhach
ro bhí Fionn agus a raibh i n-a fhochair de'n
bhFéinn an tan sin de chumha a gcarad agus a
gcompánach, agus tar éis a bhfuaradar d'aistear
agus d'anbhuain dá leanmhain.
Is annsain d'fhiafruigh díobh créad do-
dhéanfadaois. Adubhradar sain gur b'fhearr
é féin i n-eagna agus i gcomhairle agus gibé nídh
ar a gcinnfeadh sé féin agus Fearghus ó Finn,
an file, go mbeadh sé seasmhach aca féin.
“Is í mo chomhairle-se dhíbh,” ar Fearghus,
“dul go Beinn Éadair mhic Eadghaoithe, óir
d'fhágbhadar Tuatha draoidheachta dath-áile
dealbh-chaoine Dé Danann de bhuaidh uirri,
gibé de shliocht Ghaedhil ghlais mhic Niuil mhic
Fhéiniusa Farsaidh do rachadh dá hionnsaighe
ar a mbeith eigeandáil gábhaidh le hathaidh na
hÉireann d'fhágbháil le toisg no le turas,
go bhfuighfeadh long ullamh inimtheachta ar a
chionn san gcuan gan ball dá hiarraidh do
dhíth ná d'uireasbaidh uirri.” Ro chinneadar
ar an gcomhairle sin do dhéanamh agus do
ghluaiseadar rómpa i n-aithghairid na conaire
céadna tar a n-ais, agus níor chian dóibh go
bhfacadar dias ghaisgidheach tailc-iorrtha
troigh-éasgaidh gach ndíreach dá n-ionnsaighe
agus treallamh troda agus teagmhála agus aibíd
imreamhar iarnaidhe ar gach fear díobh, agus dá
bhrat sgiamhdha sgárlóide umpa, agus dealg
óir ór-loisgthe in gach brat díobh, agus tángadar
do láthair iar sin mar a raibh Fionn agus Fiann
Éireann, agus tugadar comhartha umhla agus
urrama agus postraladh do'n Rígh Féinne.
Tógbhas Fionn a lámh ós a gcionn agus do thug
cead athaisg agus urghail agus urlabhra dhóibh agus
d'fhiafruigh sgéala dhíobh, cia hiad féin nó
cá tír nó thalamh dóibh, cia a n-anmanna, no
cia an rí do ríoghaibh an domhain dar chlann
iad? “Clann do rígh na hIndia sinn-
ne,” ar siad, “agus Feardhach agus Foiltleabhar ár
n-anmanna, agus is é adbhar fá bhfuilmíd ag
siubhal an domhain, dá fhéachain an bhfuighmís
aon duine do dhéanfadh ceart breitheamhnais
eadrainn is an dá chéird atá againn, agus do
chualamar do chlú-sa i mbéalaibh suadh agus
seanchaidhe agus lucht léighte laoidh agus leabhar, agus
ráidhte maitheasa agus uilc nach bhfuil san domhan
aon duine is gaoithe agus is glioca agus is intleach-
taighe ná Fionn mac Cumhaill,” ar siad,
“agus is uime sin tangamar dod' ionnsuighe agus
dob'áil linn a bheith bliadhain ar do theaghlach.”
“Do gheóbhthaoi sin da mbadh toil libh féin é,”
ar Fionn. “Is toil, go deimhin,” ar siad.
“Maiseadh innisidh bhar gcearda,” ar Fionn,
“go mbreathnuighinn iad, ionnus gur feirrde
dhéanfainn breith do thabhairt eadraibh.”
“Céird ar leith agus gaisge ar leith atá ag gach
fear againn,” ar siad, “óir dá mbeidís
deich gcatha fichead bhfear n-Éireann ar aon
láthair,” ar Feardhach, “agus uireasbaidh
loingeas a bheith orra do-ghéanfainn-se a
ndóithin loingeas dóibh acht go mbuailfinn
trí bhuille de'n tuaigh shaoir-se atá agam ar
mo chrann tabhaill, agus ní iarrfainn d'uain ná
d'aga acht a gcinn d'fholchadh ar feadh na
dtrí mbuille a bhualadh dhom, gurab í sin mo
chéird féin,” ar sé. “Maiseadh is í is céird
dhomh-sa,” ar Foiltleabhar, “go mbéarfainn
lorg na crón-lachan ar feadh naoi n-iomaire
déag d'ionnsuighe a háite agus a hionaide féin
go mbéarfainn uirri ar a neid, agus is chomh-
mhaith do-ghním sin ar muir agus ar tír,” ar sé.
“Is maith na cearda sain agaibh,” ar Fionn,
“agus righmíd-ne a leas díobh anois,” ar sé,
“óir ní fhuil 'san domhan dhá nídh is mó atá
d'uireasbaidh orainn ná longa agus lorgaireacht
mhaith do dhéanamh dúinn, agus gídh maith ár
lorgairí féin is maith linn lorgairí eile do
bheith againn do chongnamh dóibh.” “Cia na
lorgairí ata agaibh,” ar siad. “Clanna
Neamhain,” ar Fionn, “eadhón, Caolchródha ó
Neamhain agus Smeig-ar-dhrúcht ó Neamhain
agus Aodh fada ó Neamhain agus Fearfeadha
ó Neamhain.” Is annsin a d'fhiafruigh-
eadar d'Fhionn créad an t-éigean ná
an gábhadh do bhí air, ó do bhí i n-éigean
nó i ngeall na neithe sin d'fhagháil tar
iomad a chabhlaigh féin agus a lorgairí agus a
bhfeabhas do lorgairíbh agus do longaibh. D'innis
Fionn ó thús go deireadh sgéala an Ghiolla
Dheacair dóibh, agus amhail do rug sé cúig feara
déag d'Fhiannaibh Éireann leis agus gurab ag
dul go Beinn Éadair ag iarraidh loingis do
bhádar. “Mura bhfuil oraibh acht sain,”
do ráidh Feardhach mac ríogh na hIndia,
“do-ghéanfad-sa bhar ndóithin long agus luath-
bhárc díbh.” “Go deimhin is cinnte,” ar
Foiltleabhar, “gibé aird d'airdibh an domhain
i n-ar ghabhadar go leanfad-sa go féigh
fuireachair fírghlic iad díbh-se nó go mbeir-
ead dá n-ionnsuighe sibh.” Do críochnuigheadh
an chomhairle sin leó go lán-ádhbhal, agus do
thrialladar tar a n-ais gó go rángadar
rómpa go Clochán Chin Chait, agus iar rochtain
na háite sin dóibh adubhairt Feardhach leó
a gcinn d'fholcadh, agus do rinneadar amhlaidh,
agus ghabh Feardhach a chrann tabhaill, agus do bhuail
trí bhuille agus iar dtógbháil a gcinn dóibh is
amhlaidh chonncadar an cuan craosach crois-
leathan lán do longaibh agus do luathbhárcaibh.
Dála Chaoilte do léig trí bhogh-ghlaodh, trí
áird-liúgh agus trí fhead bhinne as, ionnus nach
raibh fiadh ná fothar, fásach ná fán-ghleann,
magh, mothar na mórshliabh dá chúigheadh mór-
gharg na Mumhan nachar chlos na glaodha
sain, agus ód' chualadar an Fhiann an fógradh
sain Chaoilte, níor fhanadar le seilg, fiadhach
ná fianchasgar, óir budh dearbhtha deimhin leó
gurab éigean gábhaidh do bhí ar an Rígh
Féinne, an tan chualadar na trí barn-ghlaoidh
bhoga do leig Caoilte as; agus do ghluaiseadar
rómpa i n-a ndrongaibh agus i n-a mór-bhuidhnibh
diana dísgre dána dásachtacha agus ní haith-
ristear sgéala orra nó go rángadar iarthar
Chorca uí Dhuibhne mar a raibh Fionn, agus d'innis
dóibh a sgéala ó thús go deireadh, amhail tháinig
an Giolla Deacair chuca, agus mar d'imthigh sé
uath arís.
(Ní críoch.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11