Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Labhraidh Lorc.

Title
Labhraidh Lorc.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mc Groder, Thos. Cairgeach lios na n-ái
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LABHRAIDH LORC.



Bhí rí aon uair amháin i Manainn ar ainm
dó Ridire Ruadh (mhac) Labhradha Luirc. Bhí
arm mór láidir ag géillbheáilt dó, agus gach
aon bhliadhain ionn i n-am de'n bhliadhain
chuirthí fear do na fearaibh agus cha dtiocfaidhe
tuarasgbháil ar bith fhághail uabhtha.



Bhí bean fogus go maith do Manainn. Bhí
fleasgach deas óg mic aicí agus cha rabh aon
mhac aicí acht é. Thainic a sheal gur chuir an
rí fios air, agus chuaidh a mháthair chuig an rígh agus
chaith sí í fhéin faoi n-a chuimrighe agus dubhairt
sí leis nach rabh aon mhac aicí acht é agus go rabh
eagla uirthí go gcaillfeadh sí e. Dubhairt
an rí léithe nach gcaillfeadh. Chuaidh an
buachaill chuig an rígh agus chuir an rí rún air
gan a ársuighe do dhuine ar bith beó goidé
chonnaic sé.



Chuaidh an buachaill a bhaile chuige n-a
mháthair ar ais agus chuaidh se ar druim nach
n-aithneachadh duine ar bith e agus bhí se ar lígh
báis. Dubhairt gach doctúir leis nach dtioc-
fadh leobhtha an dadaidh a dheanamh dó, agus
chuaidh a mháthair chuige sean-dhall a bhí insa'
tír leis, agus dubhairt sé nach rabh rud ar bith
air acht rud amháin, rún mór a bhí ar a intinn,
agus acht mur n-innseachadh se sin, go ngeobhadh
se bás. Dubhairt an buachaill leis, dhá
ngeobhadh se bás, nach n-innseachadh se an rún
do aon dhuine beó. Dubhairt an sean-dhall
leis a dhul 'un na coilleadh agus a rún a leigint
le crann agus go ndeanadh se cómh maith. Chuaidh
an buachaill 'un na coilleadh agus léig se a rún
leis an chrann.



Seal 'na dhéidh sin bhí an chláirseach a bhí
insa' chaisleán (.i. i gCaisleán Mhanann) le
cur i n-órdughadh agus dubhairt fear dhéanta na
cláirsighe go gcaithfidhe crann úr fhághail dí.
Chuaidh siad 'un na coilleadh agus gheárr siad
an crann ar léig an buachaill a rún leis.


L. 479


Nuair a cuireadh an chláirseach i n-órdughadh
agus nuair a sheinn fear na dtéadaibh an chláir-
seach, deireadh sí, “Tá dhá chluais capaill ar
Ridire Labhradha Luirc.” D'fhéach gach fear
ollamh ná téadaibh dha rabh insa' chaisleán ar
an chláirsigh agus deireadh sí go “rabh dá chluais
capaill ar Ridire Labhradha Luirc.” Thainic
an rí é fhéin i láthair agus bhain se de a hata,
sgaoil se síos a dhá chluais capaill agus char
cheangail se suas ariamh 'na dhéidh sin iad.
Char chuir se aon dhuine 'un báis ní mhó.



Tagra



The above is given as narrated by Mr. Thos-
McGroder of Cairgeach lios na n-áirneach, near Culloville
(Coll-a-bhile), Co. Monaghan. It is interesting as a
modern folk-version of this legend, the ancient form
of which was published some hears ago in La Revue
Celtique. How different and yet how like is the ancient
Irish wording of the harp's revelation: dá n-ó pill for
Labraid Lore.



Ridire Ruadh is no doubt a modern addition, and
(mhac) is so marked because it is evidently interpolated.
Géillbheáilt = géilleadh. Cá dtiocfaidhe (cond. pass.
neg.) — they could not succeed in, or simply they could
not; cp. mol an óige agus tiocfaidh sí. Manainn or Cais-
leán Mhanann = Mannan Castle, near Carrickmacross,
formerly the abode of the MacMahons of Farney. It
is possible, however, that Manainn really = the Isle of
Man. Thainic a sheal (a thorn is also used) = his turn
came; cha dtainic mo sheal-sa go seadh = my turn
didn't come yet, would be said by one working in a
mill, &c. Cuimrighe (also comraighe) = comairce,
coimirce; this aspirated form is common in Munster
also. Ársuighe, v.noun, tell. Dhá ngeobhadh se = dá bhfuigh-
eadh se. Téadaibh in both instances should be minus
the -aibh. Ollamh here seems — music rather than
musician. Ní mhó = ní budh mhó.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services