Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus. Cearrbhach na Craoibhe.

Title
Seanchus. Cearrbhach na Craoibhe.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 461


SEANCHUS.



CEARRBHACH NA CRAOIBHE.



Fad ó nuair ba gnáthach rí ar
gach uile shaghas ceirde agus
dream faoi leith, budh é
Cearrbhach na Craoibhe do bhí
'na rígh os cionn na gCear-
rbhach agus lucht imeartha go
léir, agus bhí sé chomh glic sin
nár fheud duine ar bith ar dhruim na talamhna
cluiche do chur air, ag imirt cártaí ioná aon
imirt eile.



Faoi dheireadh, agus mar gheall air so,
d'éirigh se uaigneach is mí-shásta, agus dubhairt
se ó nar bh'fhéidir leis cluiche d'fhághail
le duine do'n tsaoghal so go rachadh sé
chum an tsaoghail eile dhá fheuchaint. Do
imthigh leis ag siubhal roimhe, agus ní dhearnaidh
stad do'n ghluasacht sin go dtainic se go
dorsa móra ifrinn agus bhuail se ortha go teann.
“Cia atá annsin” arsa 'n dorsóir.



“Atá mise, Cearrbhach na Craoibhe ó'n
saoghal uachtair,” ar sé, “agus táim ag iarraidh
cluiche cártaí do imirt leis an Ard-
deamhan.”



Thainic an t-Ard-deamhan is dubhairt se,
“Cia an geall atá agat-sa le cur liom,
mar nach imrighim-se acht ar anamnaibh
daoine?”



“Cuirfead m'anam fhéin i n-aghaidh cinn
díobh so dha bhfuil i ngéibheann agat-sa 'san
áit so,” ar seisean. “Cuirfead,” arsa 'n
deamhan.



Fágadh bord faoi réir dóibh ar an mball
agus thoisigheadar ar an imirt. Do ghnodhuigh
an Cearrbhach an chéad chluiche, agus mar
sin dó de'n cuid ba mhó de na ceannaibh
eile, go rabh gach anam ins an áit gnodhuighthe
aige acht aon cheann amháin, agus ní imreo-
chadh an deamhan an ceann sin leis dá chruaidhe
dár chuir an Cearrbhach air é. Bhailigh leis
ann sin iad, acht nuair do chonnaic an t-anam
bocht do fágadh ar gcúl ag imtheacht iad, leig
sí sgread aistí do sgoilteadh cloch, act ní
rabh árach air.



Sheol sé roimhe iad annsain mar bheadh
sgata uan agus dhubhairt se, “Cad do dheunfar
libh-se anois?” “O, a chara, beir go Flai-
theas sinn, beir leat go Flaitheas sinn,” ar
iad-san. “Tá sé chomh maith dham, ó tharla
annso sibh,” ar sé, agus thiomáin sé leo ná
go dtainiceadar go geataí móra geala na
bhFlaitheas. D'osgail na geataí agus cuireadh
fáilte rompa, agus chuaidh na h-anamnaí
isteach agus dubhairt an Naom-dhorsóir leis an


L. 462


gCearrbhach, “Nach dtiucfaidh tú fhéin
isteach?” “Ma fhaghaim cead na cártaí do
thabhairt liom, rachad,” arsa 'n Cearrbhach,
“acht muna bhfaghad, ní rachad.”



“Ní bhfuighir an cead sin,” arsa 'n Naomh,
“acht fág ar an mballa iad taobh 'muigh de'n
gheata, agus téirigh isteach go bhfeicidh tú na
h-anmanna úd cóirighthe i n-a n-áit, agus tig
leat tigheacht amach i ndiaidh tamaill i
gcoinne na gcártaí, má ogruigheann tú.”
Rinní an Cearrbhach sin agus chuaidh sé isteach
act dhearmad se tigheacht amach ó shin 'na
gcoinne.



Sin mar chuaidh Cearrbhach na Craoibhe go
Flaitheas, agus so é an fáth a n-abairthear
le teachtaire mall do ghnidheas faillighe i
dtigh na teachtaireachta “Do dhearmadais
filleadh, mar rinní Cearrbhach na Craoibhe.



SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services