REVIEWS
Aighneas an Pheacaig leis an mBás, commonly known
as “Eachtra an Bháis,” edited with Introduction and
Vocabulary. Price fourpence. Waterford: Harvey & Co.
Cuirimíd fáilte roimh an leabhrán so as lár ár
gcroidhe. Is ró-annamh a leithéid dá cur amach i
mbailtibh móra na gcúigeadh seachas Baile Átha Cliath.
Is glé glan gluair atá an cló, siúd agus gurab é an cló
Rómhánach é. Truagh nach ann-san chló Ghaedhealach do
buaileadh an leabhrán, mar nach feirrde leabhar an cló
Rómhánach. Acht an ní nach bhfuil leigheas air, foighde
is feárr air. Is ró-bheag de chló Ghaedhealach ar fághail
fós thar geathaíbh Bhaile Átha Cliath.
Tá fhios ag a lán gurab an-mhaith an dán an “t-Aigh-
neas”. Cuimhin linn féin an sochar agus an sult do
bhuaineamar as roinn bhliadhan ó shoin ann le linn a
léighte. Caint mhaith dhúthchasach ann. Smaointe Gae-
dheal thíos go cruinn. Rannaidheacht Ghaedhealach dá
cleachtadh ó thúis go deireadh. Sin agus mórán eile fós.
Ní fheadramar créad is iniomráidh dhúinn do thaobh
an litrighthe. 'Sé ár n-aon locht ar an leabhar, óir
caithfimíd a rádh go bhfuil an iomaraca canamhnachais
ann. Is iocht linn gan a thuilleadh aire bheith dá
thabhairt do'n chuid seo.
Dob' fheirrde an téax “go deireadh na sgríbe”
bheith ann i n-ionad “go deire do sgríbhidh.” Ceapai-
míd gurab é an chéad cheann an dearbh. Fearr
“éiclips” 'ná “éclipse.” Acht ní mór le rádh lochta
de'n tsamhail seo, cé nach annamh iad. Má bheithear ag
léigheadh an leabhráin seo go mion minic i gcontae
Phortláirge agus 'sa' Mhumhain ar fad, beimíd sásta gan
amhras. Is í caint na ndaoine atá ann agus í gan cor
gan casadh acht beag. Siúd agus gurab í canamhain na
Mumhan atá ar fághail ann, tá do mhéad a simpli-
dheachta go bhfuil súil le Dia againn gur dulta dhó i
dtairbhe do Leith Chuinn comh maith céadna. Cá bhfios
dúinn nach mór sain éileamh an Íochtair cheana air?
AN T-EURÓPACH, IRISLEABHAR IL-TEANGADH NA
hEURÓPA, OCHTMHÍ, 1899.
Ní fada ó thráchtamar ar an gcéad uimhir
de'n pháipéar so agus a eagla orainn nach
bhfeicfimís an ath-uimhir go ceann i
bhfad. Acht bhíomar meallta ar fad.
Seo chugainn an dara huimhir fá n-a
columhnaibh córuighthe agus fá n-a líntibh
leasuighthe. Ní maith do ráinig le n-ár
gcuid cainte bheith fá chló nuair do
tháinig an uimhir seo atá i láthair amach i n-éinfheacht
leis. Tré Ghaedhilg do sgríobhadh furmhór a bhfuil
innte. Alt bríoghmhar is eadh “Seoiníneacht” ag an
bhfear eagair féin. Is deimhin go dtuigeann sé
an galar gránda sain go ríogh-mhaith agus gur geárr go
léigheasfaidhe í, dá nglacfaidhe a chomhairle go coit-
cheannta agus í dhéanamh. Tá leanmhaint ar “Oisín” agus
leanfar fós de. Caint mhaith ann annso agus annsúd.
'Sí ceathramha is mó do thaitin linn ann, d'ár mbara-
mhail,
“Labhairt bhorb gan tuigsint,
Nídh is furus do chách,
Caint mhór ar bheag-neithibh,
Sin cluiche na ndámh.”
Is fíor do'n fhilidh seo. Sin go díreách cluiche
dámh na hÉireann 'san aimsir seo. Is maith an
litir úd do sgríobh Jan Van Ronduit, Holóndach,”
“aan den redacteur des Eorpachs”, le comóradh
do thabhairt do Ghaedhealaibh agus dá dteangaidh. Níor
mhisde linn tuilleadh i n-Olandaois ó'n bhfear
gleoite seo. Nach iongantach, a eagarthóir, an
Eorpaigh, go bhfuil teideal do pháipéir i gceart agus
i gcóir ag an allmhurach léigheanta so, agus gan é thíos
agat féin acht ar an dtuathal? Sgéal deas is eadh
Arigata no Kichibei atá d'á sgríobhadh i dteangaidh na
Seapánach ag Koroshima Sama, agus is álainn go deimhin
mar do cuireadh i nGaedhilg é, an mhéid atá fá chló dhe
mar ní'l sgléip leis ná canamhaint air ar a mb'fhiú
trácht, acht caint choitcheannta na ndaoine. Ní holc
do cuireadh le chéile an t-“Altughadh”, siúd agus go
ndeachaidh an file thar teorainn na cóimhréire thall agus
i bhfus ann. “Comhrádh ar an tobac” (ní dóigh linn go
molfadh gach éinneach eile ólachán an tobac oiread
leis an “bhFile”), ”Sochaid na Saoi,” agus Los Cantos de
Selma na haisdí eile atá 'san uimhir seo. Fad-saoghal
ag an Eorpach! Gur fada chuirfeas sé i n-umhail do
dhaingean Galldachta nach leo-san atá an tír seo i
dtortaoibh mar chineadh, cé measaid siad sin.
AN T-EURÓPACH, IRISLEABHAR IL-TEANGADH NA
HEURÓPA, DEICHMHÍ, 1899.
Seo chugainn uimhir eile de'n pháipéirín seo le
sálaibh an chinn do tháinig 'sa' chló roimhe. Is maith linn
é bheith comh beó sain — 'na steilli-bheathaidh, mar
déarfá — agus blas agus snas maith ar chuid mhóir de. Tá
“Sochaid na Saoi,” “Oisín” agus “Comhrádh ar an Tobac”
ar leanmhain. Filidheacht mhaith “Sgaradh” agus “An
Lochtaire;" ní haon iongnadh go dtuigimíd go cruinn
iad. Má's faighte dhúinn ár rogha, is é “An Seoinín
Cogaidh” do thoghfamaois tar chách. Go deimhin féin,
tá brígh agus fuinneamh agus fírinne ghlan ann. Ní dóigh
linn gur léigheamar a shamhail de thrácht ar an gcúis
sin ann-sna páipéaraibh Gaill-Éireannacha, cé mór a
maoidheamh aiste. Tá comharthaidhe agus céadfadha an
chinéil tSeoinín seo thíos go ceart cruinn ag an
sgríbhneóir, 'pé hé féin. Maidir leis an dream
daoine sin, cuirimís athrughad i seanfhocal linn mar
so: An Seoinín is mó uaill, is é is lugha ciall. Ní'l
acht aon aisde amháin i dteangaidh allmhurach .i. “Lezzte
Rose des Sommers”, amhrán le Tomás Ó Mórda ar gcur i
n-Almáinis. Ní abraimíd 'n-a leith acht gur chuirthe
letzte i n-ionad lezzte, do réir ár gcuid eolais-ne.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11