NUALA
An t-úcaire Mhac Árdghaile ro chan.
I.
Dá dtiocfá liom, a Nuala, badh bhuan
bhéidheadh m'aigneadh slán,
'S a liacht barraidhe buadhach a bhuail tú le
saighdibh grádh';
Ná claoidh níos mó de'n uaisle, 's tabhair
fuasgailt dom' osnadh báis,
Is gheabha tú leaba shuaimhneach de chlúmh
beag na n-éan gan smál;
Béidh do longphort nighte suaithnidh
De'n aol is deise snuadh geal;
Béidh cléir agus uaisle ag teacht ar cuairt
chum do chathair;
Béidh fíon is cuirn 'gá ruagadh le suailce
ar gach taobh de'n stáid,
Báird ag cruinniughadh,
Draoi 'teacht ar cuireadh,
Fós éigse is lucht dáin.
II.
'S a Nuala, nach truagh leat Mághnus gach
Lá breagh ar slighe bheith 'gcréidh?
A chúil na dtrioplann fáinneach, is tú is
áille 's is deise gné:
Is deise thú 'ná Bláthnaid, nó an
t-áilleagán fá'r sgriosadh an Ghréig —
'Sí sin Helen a chuaidh ar sáile — , nó
Ábsolom a d'imthigh i dtréas.
Ní ar Úr-chnoc Chéin mhic Cáinte dob' áil
liom do chur i gcéim,
Acht i n-áirde ar hallaíbh bána ag imirt
táiplisg 's ag pronnadh séad;
Béidh síoda leat 'na sgáinntibh gach lá síos
go barraíbh méar,
Buabha bainne,
Cruacha troma,
Is aoibhneas gan léan.
III.
A Nuala chaoin na bpéarla, a ghéig ghloin
mar eala ar tuinn,
A chúil na dtrioplann péacach, dá n-éalóchá
ar sáile liom,
Gheabhfá síoda Gréagach, 's má fhéadaim
gheabhair beóir is lionn,
'S gach nídh a bhfuil do spéis ionn le
pléisiúr is aigneadh grinn.
Cá fáth do mhnaoi bheith 'dréim léi,
Oir thug sí an chliú go léir léi
Le bárr ar mhaise is méin mhaith, le sgéimh agus
le fonn,
Is dhealbhadh le cumas léighinn ghloin
Gach ealta faoi na spéarthaibh,
Glóir gan toibheann,
Luing is foireann,
Is iasgar na dtonn.
IV.
Is iomdha gaige beadaidhe bréagach chuir
céad bean ó chrích go bráth;
A Nuala, tuig mo sgéal-sa 's tabhair
éisdeacht d'a bhfuil mé 'rádh:
An tulaigh úd gé aereach, níl méad ionn
nó plúr ar chlár,
Acht dúnán rithte faobhtha gan phléisiúr acht
cual dhubh chnámh.
A chuach, má's binn do bhéilín,
Ní beo bheas mé 'gad fhéachaint,
Le fuaim cheart na ngadhairín is Brian
béarnach 'san ált,
'S ar mo philleadh a bhaile 'na dhéidh
sin,
'Nuair imthigheas deireadh an
phléisiúir,
Badh suamh mo chodladh;
Ag luighe ar leabaidh,
A ghéig ghil gan smál.
V.
Ar thaobh an fhasgaidh, a dhé-chroidhe, i léigmid
ar gcomhrádh i bpáirt,
Léig Nuala a rún indé liom, 's do
mhéaduigh sí mo ghean 's mo ghrádh;
Is geárr anois go bhféadaim
A rádh gur liom an spéirbhean
A bhfuil uaisle cheathrair fuaighte i n-a
héadan gan smál:
Tá [a] maise mín gan chlaonadh —
Mar réalt rae dorcha an
néamhainn;
Tá teagasg file is éigse ag réabadh uaith'
gach tráth
Le meabhair, le tuigse, méin
mhaith,
Is staideir chiuin dá réir sin,
Ciall is foras,
Rialt gan chorruighe
A dhúbluigh mo ghrádh!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11