Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiannaigheacht - Caorthann Cluana Fearta.

Title
Fiannaigheacht - Caorthann Cluana Fearta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 36


Caorthann Cluana Fearta.



1.
A chaorthainn Chluana Feartha,
do chuadhmar uait ar eachtra
go Cronnmhónaidh na gcéad slógh,
toisg d'ar thuit Suca srón-mhór.



2.
A lá sin, a chaorthainn chaoimh,
ba hiomdha tréin-fhir red' thaoibh
um Gholl ó'n bhuailidh ghrinn ghluair,
um Gharaidh ó'n Bheinn bhreac-ruaidh;



3.
Fa Dhaighre gus an gcruit gciúil
ga seinm dhúinn go caireach ciúin,
fa Chonán is fó a gaol gheal,
fa Aodh, fa Art na n-inghean;



4.
Fa Ghlas ó Ghlais leacaigh linn,
's fa Art ó'n moigh fhóid-fhinn,
fa Chonn ó Bhearramhain bháin
fa Chas agus fa Channán;


L. 37


5.
Is fa'n Ruadh ó Ráith na bhFian
maraon re Fionnros na bhFian
fa Aonghus ó'n Chraoibh chuirr
is fá'n Láimh Tréin a Liathdruim.



6.
Deich gcéad sgiath-armach go sgéimh
de chloinn sean-mháthar Ghuill ghéir —
an lá sin fa sáitheach sinn
ar an gcnocán so, a chaorthainn.



7.
Is uait tángamar a dtuaidh
go Dún Glais an uisge fhuair:
subhach sinn um thráthnóna
adhaigh ria gcath Cronnmhóna.



8.
Adubhairt Goll fa caomh corp
“bíom go haireach sonn anocht:
“adgniú,” ar an flaith go ngoil,
“gér mhana Fionn am' aghaidh.”



9.
Dubh-abhainn tarla re'r dtaobh:
do fhágsam Áth Innse hAodh:
do fágbhadh leogha 'g an linn
is mise ar Chnoc an Chaorthainn.



10.
Feorann is Modha ar mo ghrádh
ag iomchoiméad an dá áth,
is Goll ar Áth Ghuill do ghabh
ag iomchoiméad ar Fhionn Almhan.



11.
Gan ó Ghorm-abhainn na bhFian
go roich Ráith Fraoich rinn aniar
gan taoiseach naonbhair go neimh
de Chloinn Mhórna go maidin.



12.
Mar tainic go tráthnóna
tig Fionn sé catha cródha
Franncaigh, Sacsanaigh annsin,
Breathnaigh, Éireannaigh, Íligh.



13.
Ro shuidheadair Longphort Lonn
ag an áth ar ar fhan Goll:
codlaidh mac Morna go mear;
ní chualaidh gáir ná greádhan.



14.
Seachd dtráth déag d'Iollann arm-
ghlan
gan tathamh gan tionnabhradh
acht aon deoch d'uisge ghlan ghrinn
agus cúig caora caorthainn.



15.
Ba neimh-iongnadh go Gholl ghrinn
bheith acobhrach tuirrseach tim
ag foraire ar Fionn na bhFian
ó Thuinn Chliodhna go Corr shliabh.



16.
Deireadh oidhche ina iomdhaidh,
comhsolus fir re fiodhbhaidh,
easadhail Fionn go ngné ngloin,
éirghidh go moch ar maidin.



17.
An uair rainic gus an áth
mac Cumhaill gan fios do chách,
ní can go gcualaidh an cur
annsin cuach-shrann an churadh.



18.
Tániic tar an áth go holl,
fuair Goll 'n-a chodladh go trom,
nochtais Fionn an cloidheamh cruaidh
os cionn mhic Mhórna mhong-ruaidh,



19.
Dúisgis Goll — sgéal gan sgeile —
le hairm-chrioth an chuilg neimhe,
ros-tógaibh an láimh ria shleigh,
croithis an gcraoisigh gcrithrigh.



20.
“Dá madh áil riom,” ar Fionn féin,
“A Ghuill mhóir nach maith dom réir,
“cian ó do chuirfinn rem loinn
“do cheann ar chleith chruaidh chaor-
thainn.



21.
“Rugas uait do sgéith go sgéimh
“is rugas do sgin nguirm ngéir:
“ag so dhuit ré dtriall dot thigh
“do threalamh catha, a churaidh.



22.
“Éirigh, a Ghuill, gabh do gha,
“tionól chugat Chlann Mhorna:
“ag sin na catha cródha
“chugad i gcaol Chruinn-mhóna,”


L. 38


23.
“Mo bheannacht ort, a Fhinn fhéil;
“damh-sa is baoth gan bheith dot réir:
“deich gcéad fa Art óg na sleagh
“ag so chugad dem chineadh.



24.
“Deich gcéad fa Gharaidh go ngráin
“tángadar eadrat 's an t-áth:
“tógaibh do shleigh os do láimh:
“an bhfaice cóir sluaigh Chonáin?”



25.
“Gabh-sa mo chomairce ar cách,
“is adhlaic mé uait tar áth,
“coisg díom do chineadh 's do chlann
“sul rabhar mo ghoin ghalann.”



26.
“Gluais ar mo sgáth isan sgairbh,
“gabh, a Fhinn, go hurlamh th'airm,
“go n-iodhlaicear tú,” ar Goll geal,
“iomlán gan chréacht óm cineadh.”



27.
Do iodhlaic Goll Fionn na bhFian
gan ghoin ó chách mar do iarr —
ba hé sin an mílidh mór —
go riacht ceirt-mheadhón an tslóigh.



28.
Cúig catha ag gabháil do Gholl
go ráinic tar an áth anonn:
níor sguirsead de'n chur chródha
go ria ceart-lár Cronn-mhóna.



29.
Sleagh Oisín, sleagh Chaoilte chruaidh,
agus craoiseach Raighne ruaidh
eadarbhuais go tric tarraidh
i nglaic Guill 'n-a ngabhalaibh.



30.
Seolmaid-ne go daingean dorrdha
fa Gholl de Chloinn mhaith Mhorna —
clann a sean-athar is mo chean! —
Deich gcéad sgiath dearg ar deireadh.



31.
Goll romhainn is Goll 'n-ár ndeaghaidh
i gCruinn-mhóin áird airm-leabhair:
rinne uaidhe agus chuige
mar ba gritháil aon mhuice.



32.
Ní chuirseam dínn soir ná siar
Caoilte is Oisín is Fionn fial,
mac Con-bróin Caireall rom-char
seacht gcéad déag d'oireacht Alban.



33.
Clann Chúáin, Clann Bhaoisgne buain,
agus Clanna Rónáin ruaidh,
Clann Duibh-dhíothraibh nár dháil tréith
ar ár ndruim-ne go nduibh-fhéith.



34.
Téid Goll iarsin as ár n-ucht
do ghoin Chairill ba caomh cucht:
do mharbh trí céad go cródha
ar leacain cruaidh Cronn-mhóna.



35.
Tainic chugainn Caireall cruaidh
is gasradh Alban go mbuaidh:
Fágbhais deich gcéad marbh sa móin,
mac í chosgaraigh Chon-bróin.



36.
Tainic Fionn seachainn sa ród
cath mór gruamdha giolladh n-óg
do chongnamh ár gcatha cain
tainic Iollann 'n-a n-aghaidh.



37.
An beagán ro bhámar féin
ag sé cathaibh Finn budhéin,
níor fhágsam cú ná duine,
is Iollann 'g-ár n-ionghaire.



38.
Ba mór ár meisneach 's ár muirn
nó gur thuig an oidhche orainn,
nó gur fágbhadh sgítheach sinn
ar an chnocán so an chaorthainn.



39.
Basam foirtill as ucht Guill
ar gach oireacht druim ar druim:
ó nach maireann Goll na bhfleadh,
is teann orainn gach aon-fhear.



40.
Is mé Garaidh go ngloine:
ní beag de chrádh mo chroidhe
Magh Maoin 'n-a fhásach d'éis Guill
is mé ar chaoraibh caorthainn.


L. 39


41.
Is cúis dubróin is doghra.
Maon-Mhagh gan Clann mhaith Mhorna,
mise ar teicheadh Féine Finn
ar sgáth do chraobh, a chaorthainn.



42.
Dúnadh Daighre an dún so thiar
i n-a bhfaghmaois ceól is miadh:
iomhain an loch so láimh linn,
Loch Riach is corcra caorthainn.



43.
Mar do théighmís gan doilghe
do sheilg bhláith Binne Boirne
adchímís go deas de'n druim
do bharr corcra a chaothrainn.



44.
Raghad-sa amach sa Midhe
amárach go Maigh mBile:
Loisgfead banntracht Féine Finn:
ní bhia ar chomairce chaorthainn.



45.
Tiocfad anoirrthear anoir,
géabhad tre glionn Conáin cain,
íosadh deagh-ubhla sa ghlinn,
is caora cumhra caorthainn.



46.
Ann do thairrngir Breanainn bláith
is do-bhéara an príomh-fháidh
neamh d'anmain gach aon téid inn
i dtalmhain cnuic an chaorthainn.



47.
Damh do thairrngir Diorraing Draoi
isan choillidh so rem thaoibh
go mbiadh mo chorpán sa ghlinn
re taobh cnocáin an chaothainn.



A Chaorthainn.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services