Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Aisling Airt Mhic Cobhthaigh.

Title
Filidheacht. Aisling Airt Mhic Cobhthaigh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 25


Aisling Airt Mhic Cobhthaigh



Ar mbeith dhó 'na luighe chois Chuain Bhinne
Éadair



I.
Ag Cuan Bhinne Éadair a chois
bruach an t-sléibhe,
Is mé le taobh tonn na bóchna
'mo luighe,
Thainic an aisling bhéilbhinn gan fhios
dom' fhéachaint
Ar aisde Bhénus nó i gclódh ban
sidhe,
'Gá rádh gur éirigh as an Chreagán céad fear
De mhaithibh Gaedheal as na tómbaidhibh
'níos,
'S go raibh Síol Néill i n-a mbeathadhaibh
saora,
'S an Fheadh ag géilleadh i n-ór 's i maoin.



II.
Theannas léi-se chomh dlúith is d'fhéadas
Le cloistin réime as na cóigeadhaibh 'níos,
Agus d'fhiafruigheas féin di an raibh mac
Énrí
Ag cur na cloiche séimhe úd i n-órdughadh
'rís,
Nó ar chúrsaidhe tréas é i n-aghaidh na
dtréinfhear
Coill Dhúinréimhe a bheith dóighte i ngrís,
Nó ar bh'fhios do'n mhaighdin a bhí ag aithris
sgéal damh
An raibh Eoghan Ó Néill mac Airt Óig
'sa' tír.



III.
Tá fós an Phoenix ró-bheó i n-éifeacht,
A foradh i n-éibhill an fheóir 'sa na bhfíodh,
Caitrín réimeamhail inghean Eoghain na féile
A mbíodh ór is éifeacht Fódhla a maoin:
As brollach Néill Fhrasaigh amach gan
chlaonadh í,


L. 26


A mbíodh na ceatha daonnacht' a' dórtadh
'na chroidhe,
An mílidh tréightheach de mhaithibh Éireann,
Sliocht Cholla an dé-chroidhe a d'fhóirfeadh
an chríoch.



IV.
Adubhairt an néamhainn gur thráth dhamh éirghe
Is comhnaidhe a dhéanamh fá'n Chreagán
thíos,
Mar a raibh an fear Féidhlimidh arís i
n-éifeacht,
Ag teagasg daonnacht' mar chóir d'on tír,
Mar 'bhfuighinn-se léagsa ar fhearanntaibh
saora,
Is bheith ag cumadh bhéarsaidhe go ceolmhar
caomh,
Óir nár bh'fhiú dhamh éalódh i dtír ó chéile
Fá'n chluigín buaidheartha bhí i ndórn mhic
Naois.



V.
D'fhiafruigheas féin de'n mbruinnill
chéadna,
An tú Hélen lé'r sgriosadh an Traoi,
Nó an tú bean Orpheus ar lean sé féin í
Go dtug sé as géibheann le siansaibh í;
Nó an tú an té úd fuair an t-ubhall céadna
Lé'r lasadh éad-bhruid go mór fá'n Traoi,
Nuair a fuair tú aréir mé i n-uaigneas
sléibhe
'S gan a fhios ag éinneach cá háird i
mbím.



VI.
Ní mise éinneach de'n mban-dáil chéadna
Bhí seal gan léine i láthair mhic Phriaimh,
Acht bean de'n Ghaedhealtacht is de threibh
Mhilésius
Bhí seal i n-éifeacht ag Eoghan 'san chrích,
Fá'r cailleadh céad fear de mhaithibh Gaedheal
breagh'
I nEachdhruim bhuaidheartheamhail 's ann-sa'
mBóinn le bríb,
Atá anois ag éirghe ó'n bhFrainnc le
sgéalaibh
Mac Airt Uí Néill ag teacht i gcóir arís.



VII.
Tá mo chroidhe-se réabtha 'na mhíle céad
cuid,
'S gan balsam éigin ní fóir dom' phéin,
Nuair a-chluinim an Ghaedhilg uilig 'gá
tréigbheáil,
Is casmairt Bhéarla i nbeól gach aoin;
Bhullaidh is Jane ag glacadh léagsaidhe
Ar dhúithchíbh Éireann na mór-bhall caoin;
Nuair fhiafruighim sgéala, 'sé freagra
ghéibhim:
“Thou art a Papist, I know not thee.”



VIII.
Clisim féin as an chodladh chéadna,
Mar dhéanfadh cladhaire bhéidheadh seal
'na luighe,
Nó mar Oisín faonlag a bhí ag taisdeal
Éireann,
Nuair a cailleadh an Fhéinn ag mór-chath
na maoidhm;
Bhí mé ar thaobh cnuic, 's ní i n-ionad féile
Mar 'ndéanfainn céilidh agus comhnaidhe
faoi;
'Sé fuair mé an méad sin i nglasaibh daora,
Is bhullaidh ag méiligh mar leomhan lem'
thaoibh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services