Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. An Still a bhí ar Coigcrích.

Title
Filidheacht. An Still a bhí ar Coigcrích.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 24


AN STILL A BHÍ AR COIGCRÍCH.



I.
A ghaige ar na Breacaigh, cha dtug tú domh
cádhas,
Má's minic ariamh d'fhág me thú 'do cham-
stáca;
Thainic tú ar chúl oidhche is thug tú leat
grápa,
Is bhuain tú asam an meanach gan fhios do
mo cháirdibh.
Is théim baile is théim bó.



II.
Dá bhfeicfeá Seaghán salach ag teacht leis
an ghrápa:
Ba ró-mhaith an sodar nach dteichfeadh go
láidir!
Chuaidh me ar mo ghlúinibh is d'iarr me air-
sean párdún:
“Tá me ar coigcrích is congbhuigh do lámh
uaim.”
Is théim baile is théim bhó.



III.
'Sé an freagra thug se orm, “Cha chong-
bhuighim mo lámh uait,
Oir tá mise i gcathughadh le corradh is
ráithe;
Buailim féin daididhe is sgiúraim féin
máithre;
Aifreann ná teagasg cha dtugaim féin
áird air.”
Is théim baile is théim bó.


L. 25


IV.
“B'fhurus domh aithniughadh nach raibh tú mar
chóir duit,
Nach rachthá-sa 'un aifrinn mar rachadh do
chómharsain;
'Sé Urnaidhe na Maidne bhéidheadh agat
Dia Dómhnaigh;
Bréaga agus cúlchaint agus troid le do chómhar-
sain.
Is théim baile is théim bó.



V.
'Nuair a chluinfeas mo chlann-sa a mbéidh
mise ar a dtábla
Tréarrtha Sheagháin shalaigh, cha bhíonn siad-
san sásta;
Nuair a thiocfas an Seisiún 'gus fear na
bhuige báine,
Cuirfear 'sa' bharra thú is doighfear 'sa'
láimh thú.”
Is théim baile is théim bó.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services