Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Míol mara do leag cíos.

Title
Míol mara do leag cíos.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MÍOL MARA DO LEAG CÍOS.



BUAIL amach fa'n gcnoc, a
Sheáinín, agus tabhair beart
easrach leat do'n bhuin, agus
tabhair-se leat gabhail
bhrosnaigh, a Sheamaisín; brostuighidh oraibh
anois, a dhaltaidhe, agus gheabhthaoi cadhain mao-
thaile, mar béarfaidh an druimfhionn óg
anocht.



“Brostócham, a mháithrín, ar an dá
gharsún, mar bhí dúil acu i maothail, nós
gach aon gharsúin eile.


L. 366


Rug Máir' Ní Bhroin ar scuaib agus thionn-
sgain sí ar scuabachán go mear, mar do b'í
siúd an bhean tighe shlachtmhar ghasda. Sul
a raibhe an teinnteán scuabtha aici do mhus-
gail an leanbh 'sa' chliabhán. Páinteach
bhreágh do b'eadh an leanbh so, i n-aois a
naoi mí, agus bhain sé searradh as féin do
chroith an cliabhán. Níor scuir an mháthair
ó'n scuabadh acht chrom sí ar chrónán:—



Dún do shúile, a rúin mo chléibh,
Dún do shúile, a rúin,
Tá'n taoide teacht le líon is lacht,
Is Dómhnall pras ar stiúir,
Tá caoin-fhear óg 'na luighe go sóghach,
Is caoimh-fhear mór ar tuinn,
An t-uan 'na shuan, 's a' bád 'sa' chuan
'S a líonta lán go druim;
Seotha binn 'ínn a rúin,
Seotha binn, a rúin.



D'éaloidh an mháthair, go bog, chum an chliabh-
áin, agus d'fhéach sí tar a bhárr. Bhí an leanbh
'na chodladh go sámh agus a órdóg 'na bhéal
aige.



Le n-a linn sinn do chualaidh sí mar a
bhiadh fead ghreannamhar ghéar, 'nós sgread
gaoithe is anfadh thré chuas chumhang fairrge.
Phreab sí fá dhéin an doruis agus d'infhiúch sí
amach ar an muir. Bhí ceóbhrán ós cionn
na mara, agus an ghrian ag dul faoi. Chuir sí
cluas uirthe féin, mar shaoil sí gur chualaidh
sí lógóireacht mná. Anois gan amhras
cloiseann sí an gol. Sceinn sí amach fá'n
gcnocán. Do leath a súile uirthe. “H-aon,
dó, trí, ceathair: sin bád eile fós,” ar sí.
Bhí na báid ag cur na fairrge dhíobh chum
puirt, na maididhe rámha ag lúbadh le
tréineacht na bhfear, agus duine in gach bád
acu ag cur allais de ag taosgadh an uisge
shalaigh amach as úrlár an bháid. Rith sí ar
n-ais chum an tighe, sciob sí an leanbh suan-
mhar ar a bacalainn agus so chum siúbhail í go
bruach na fairrge. Fead ghreannamhar ghéar
eile, agus sruth sáile steallta 'san aér, fuirse
agus fothram, agus an t-uisge buaidheartha meas-
guighthe, ar fud ceathraman míle ar gach
taobh de na bádaibh. Chrom na mná ar
lógóireacht mar shaoileadar go raibhe na
h-iasgairí caillte, acht chualadar guth
Dhómhnaill Uí Bhroin ag cur meisnigh ortha.
“Greadadh chugaibh, a mhná, ar chailleabhair
bhar gcéill?” ar seisean, agus chuaidh na
bádóirí eile i dtríthidhibh gáirídhe. “Bléidh-
mhíol do b'eadh é, ó'n muir mhóir aniar,” ar
Dómhnall, “go ró-cráidhidh Dia é, chaill sé
a shlighe, is dócha, agus tháinigh se ag fuirseadh
isteach imeasg ár líonta. Measaim gur
bhris sé iad go léir agus go bhfuilmíd creachta.
Is dócha gur mhothuigh sé nach raibhe an áit
domhain a dhóthain, mar do léim sé is do
dhamhas sé le h-eagla. Bhí a leithéid sin
do bhuile ar an amadán gur shaoileas go
mbrisfeadh sé ár mbáid agus go mbáidhfidhe
gach aon aithid againn.” “Ní fhacas riamh
fós eagla ort go dtí so, a Dhomhnaill.”
“Níor bh'iongnadh go raibhe deabhadh orm le
druidim as an t-shlighe nuair do chumail an
t-ualach mearbhallach úd a earball dem'
bhád.” “Gcloistí arís é ag séideadh uisge
as, fán fada air; ní fhágfaidh sé luid d'ár
líontaibh le chéile.” “Tá sé imthighthe 'sa'
deireadh, agus nár éirghidh a bhóthar leis,” ar
fear eile acu. Ghléasadar a mbáid arís agus
so chum siubhail iad. Fuaradar na líonta
go slán socair, ag lúbadh fá ualach, acht
níor bh'é an míol mór do bhí ionnta, óir bhí
seisean ag teicheadh le n'anam chum na
fairrge coimhighthighe; acht d'fhág sé 'n-a dhiaidh
lacht éisg nachar tógadh a leithéid i gcuan
Bhreacrois le cuimhneadh na seanóirí; agus ar
fhilleadh na n-iasgairí an cor so ní raibhe
liúgh 'ná olagón as na mnáibh, acht sgéimh
ar gach leacain agus smigeadh ar gach béal,
mar bhí biadh agus annlann acu go fóil beag agus
an fuighleach i gcómhair an mhargaidh.



II.



“Bhí an druimfhionn i dteinneas le
h-uair an chluig,” ar Máire, “agus atá laogh


L. 367


breágh boineann aici anois, buidheachas le
Dia.” “Moladh le Dia,” ar Domhnall,
“tá rathamhnas is séan orainn, agus gidh go
bhfuil an cíos trom, támaoid, ar a shon sain
féin, sásta go leór.”



“Cuir síos an crocán is mó agat,” ar
Domhnall an oidhche 'na dhiaidh súd, “cuir
trí nó ceathair de cholmóiríbh ann; beidh
Seán Dearg annso ar ball agus tuilleadh de
na fearaibh, ní h-eól 'ná go dtabharfamaois
ósdaidheacht dóibh.”



Tháinig Seán Dearg agus Seán Ó Ceallaigh
agus Mícheal Ó Fáilbhe agus móirsheisear eile, agus
cuireadh fáilte fial rómpa. “Sgéal agam
ort, a Dhomhnaill,” ar Seán Dearg. “Caidé
an saghas sgéil do thaitneadh leat?” “Ní
sgéal fiannaidheachta an cor so, acht a chlos
uait gur báidheadh an míol mór úd do chuir
an sgannradh ort.”



Leig na fir scearta gáire asta. “Meas-
aim,” ar Domhnall, agus ailp de cholmóir úr
'na dhranndal aige, “gur chóir Seán geal
do ghairm ortsa, mar bhí do leaca chómh bán
an uair úd le ceannachaibh fir tanachta.
Do chroith frathacha an tighe le h-uaill-gháire
na bhfear fá thagarthacht Dhomhnaill, agus cuaidh
Seán Dearg féin i dtríthidhibh, mar duine
sultmhar sochma do b'eadh é.



Le n-a linn sin, bhuail fear beag isteach
chuca, gan chuireadh gan chead, agus shuidh ar
shuidhistín i n-aice na teineadh. “Nár a-dia
do bheatha-sa, go h-áirighthe,” ar bean an
tighe fá na fiaclaibh. D'fhéach na fir air, agus
d'féachadar ar a chéile. Préachán na droch-
aimsire do ghlaoidís air. “Móra dhuit, a
dhuine mh'árann,” ar Domhnall, “druid
anall chum an chláir. Is galar gan náire
grádh nó tart, acht buaidheann an t-ocras
ortha.” “Cuir an ‘tochas’ i n-ionad an
“ocrais,” a Dhomhnaill, agus beidh an sean-
thomhas ceart agat,” ar an fear beag.
“Chím cad tá i nbhar n-intinn,” ar báille
an cíosa, mar is é do bhí ann; “féach
'préachán na droch-aimsire,' — gidh gur
baisteadh mé chómh maith le h-éinne' agaibh — is
olc an siut é,” deirthí, “ta dronn air is
draid air, is pluic bhuidhe air, is dhá shúilín
ghorma aige, sgéan ionnta, is fiar ionnta
ag faire ar a chuinncín sróna chum í chonghabh-
áil ceangailte le clár a éadainín
smeartha. Táim bacach is manntach dar
libh, is cluasa capaill orm, is spága caola
cama fúm; tá salachar i n-acrann díom,
dar libh, runnaidhe ar mo bhrághaid, seilidhe
ar mo smeigín is smugaidhe ar mo
shróin —” “Uch a bháille bhig bhréin, bíodh
meas agat ar an mbiadh,” ars an bhean.
“Beidh, a bhean mhaith mhánla, agus íosad
beagán de anois leis, acht mheasas go
n-inneósainn do na fearaibh borba so
caidé a smuainte. Is annamh a thagaim
muna mbeinn a' fogairt chíosa; thángas
isteach anocht chum gillín práta d'ithe agus
greim maith éisg, mar ní fhuil acht creacháin
agam féin dá mbaint i mbliadhna.”



Ba bheag an fáilte bhí ag Domhnall
roimis, mar sin féin, ní raibh se doicheallach,
agus dubhairt se leis ithe leis. Ba mhaith an
sás puill do chur i sgiathóig phrátaidhe
préachán na droch-aimsire. Bhí ampladh
air an cor so agus d'alp se suas cnap slán
agus greim éisg in gach iarracht. Nuair do
bhí a shásamh aige do dhruid se a shuidhistín
chum na teineadh gan cead fhir an tighe, gan
buidheachas le mnaoi an tighe, gan altughadh
le Dia, gan spleadhachas, gan beann ar
éinneach.



Bhuail se spréidh ar a phiopa, d'fhéach se
suas fá'n gclabhra, chuir sé spág coise ar
a leath-ghlúin agus mhachtnuigh sé ar feadh
tamaill. “Bhfuil an dorus dúnta, a Sheáin
Dheirg?” ar seisean. “Tá sé ar dearg-
leathadh,” ar Seán go borb. “Dún go
dlúith é, agus cuir an drol air,” ar seisean.
“Ní fhuil eagla gadaidhe ná bitheamhnaigh
orainn,” ar Seán, agus d'fhéach sé ar an
mbáille ar tí a mharbhtha. “Mar sin féin,
dún é,” ar an báille, “tá súil im' chúl,
chídheann sí fearg id' shúil-se, acht is beag
é mo chuid eagla rómhat.” “Tá an dorus
iadhta anois?”


L. 368


“Is dócha gur chualabhair trácht tar
Dhiarmaid dubh an chuais?” Chuir bean an
tighe osna aiste. Lean an báille ar
aghaidh: “Tá sé fiche bliadhan ó shoin; cuimh-
nighim go dian-mhaith ar an oidhche úd do
cuireadh as a sheilbh é; bhí a bhean 'na luighe-
seólachair agus naoidheanán 'gá cnámhthairt
nuair do thángamar isteac. “Cuir umat
do chuid éadaigh, a bhean,” arsa mise
“teastóchaid siad uait, tá síon is doin-
eann lasmuigh? Liúgh sí, is do bhéic sí,
mar is gnáthach le mnaoi” — rug Seán
Dearg ar an dtlúidh. Chonnairc an báille
é le leath-shúil. Níor chuir se cor de.
“Teasduigheann spréidh eile uaim, a Sheáin;
ó tá an t-ursul sain id' láimh, las mo phíopa.”
“Seo dhuit í,” ar Seán, agus chaith sé chuige an
tlúdh. “Is mío-chuibheasach mío-náireach
an fear thu,” ar an báille agus lean sé dhe.
“Seadh, mar a dubhart, bhí an bhean a' liúgh-
raigh agus a' gárthaigh, agus bhí dath dubh liath ar
Diarmaid Dubh. Measaim gur mheas sé
fogha do dhéanamh fúm, chuaidh sé chómh fada
le bagairt orainn, acht bhíomar ullamh dó
ámhthach, mar bhí móirsheisear againn ann.
Bhí an oidhche úd fuar fiadhain go leór agus bhí
easba éadaigh ortha. Bhí an bhean ar baille-
chrith. Chas seisean an sean-eadhach leaptha
uirthe agus thóg ar a bhacalainn í.



Dubharthas gur bhailigh sé duilleabhar is
fionnamhóin chum leabaidh do dhéanamh di agus
gur tháinig fanntais uirthe. Pé i n-Éirinn
é, chualamar sodar i n-ár ndiaidh — bhí dó
nó trí de chuairtibh eile tabhartha againn —
agus cia bhiadh ann acht Diarmaid Dubh, faghairt
'na shúilibh agus a ghruaig 'na seasamh. Labhair
sé 'na sgórnaigh. “Ochón mo bhean! ochón
mo leanbh! caillte, caillte! a Bhárdan,
a Bhárdan, cá bhfuilir?' ar seisean. “Ná
tar am' ghoire, a dhuine bhuile nó lámhóchad
tu,' ar Bárdan, acht do thug Diarmaid
riothadh air. Leis sin do phreab Olsan ó
Londain 'na choinne — “cuir suas do dhóirne,”
ar sé i mbéarla Ghallda. Bhí meas ag
Olsan air féin agus thug sé falltóg fá bhun
cluaise do Dhiarmaid a gan fhios dó. Bhí
Diarmaid ag dranntán ag iarraidh greim
d'fhághail air Bhárdan agus bhuail Olsan aris é
níos tréine. D'iompuigh seisean agus bhuail
sé pléasg do dhorn i mbéal an scéithín ar
Olsan mar do thabharfadh capall speach
uaithe, agus do thuit Olsan 'na mheaig gan
anam gan urlabhra. Spriúch Bárdan
annsain p'léar le Diarmaid agus d'aimsigh é,
Thiomáin Nansan, an Lochlannach, sleagh 'na
ghualainn. Bhuaileas féin tráthmhéaras do
bhata biadhna air” — rug Seán Deargh arís
ar an dtlúidh — “ceartuigh an teine leis an
ursuil sin agus tabhair spréidh dhomh,” ar
“Préachán na droc-aimsire” — “acht mar
adubhart ní leagfadh p'léir ná bataidhe
biadhna ná sleagha Diarmaid, mar bhí an
buile air. Is gearraid gur chualas
gluthar an bháis i sgórnaigh Nansan, mar
do chuir Diarmaid a bhróg go lasgadh ann.
Bhí beirt againn marbh agus an cúigear eile go
tuirseach traochta. Chuir se crobh i mbónna
mo chasóige-se agus steall sé san aer mé,
nós punnáin arbhair. Do thuiteas i laige, i
dtor sgeithe,” — “Dia le n-a láimh” ar Seán
Dearg — “Mar adubhart ní raibh fhios agam
cionnus do chríochnuighéadar. Fuaras, ar
dhúisiughadh dhom, Olsan ar a cheithre, croibh
i n-áirde, agus Nansan 'na phleist. Dubharthas
gur mharbhamar Diarmaid, acht éitheach do
b'eadh an tuairisg sin. Chualas 'na dhiaidh
súd gur rith Bárdan le cosaibh fiaidh ó'n
mbruighin, go caisleán Dhoire Chuinn agus
gur lean an chuid eile é agus gur éaloidh
Diarmaid 'na ndiaidh, go créachta geárrtha,
ar tí a marbhtha. Deirtheas go bhfeacathas
curach le h-éirghe an lae 'gá rámhadh amach
fá'n bhfairrge, fear innte, agus bean mharb agus
leanbh 'na beinn aici; acht ní fheadar agus is
cuma liom ar bh'fhíor é.



“Seadh go h-áirighthe, bhíosa is Bárdan
agus bailightheoir an chíosa ag teacht tarsna


L. 369


an chuain i dtosach na h-oidhche seo ghabh
thorainn agus fuadar fá Bhárdan gidh go ndeir-
thear nach raibhe se chómh h-uallach riamh
ó shoin ó chuir Diarmaid Dubh an rith air.
Bíodh sin mar atá, chualamar fuaim is
fothram 'san bhfairrge agus fead árd ghreann-
amhar, mar a bhiadh sgread ós cionn gaoithe,
agus chonncamar sruthán sáile ag tuitim as
an aer, do bháthadh míle fear. D'éirigh
an bád ar árdán agus shluig ísleán í;
chrith agus chorruigh agus luaisg an fhairrge.
“Caidé sin?” ar Bárdan. “Ní fheadar 'on
t-saoghal” arsa mise. Bhí an oidhche spéir-
ghealaighe úd chómh dubh le pic. “Thabharfainn
an leabhar gur chualas liúgh leinbh; “Éist!”
ar Bárdan. Chualamar ár dtriúr olagón
dubrónach mná, agus annsain cnead agus osna!
“Coisg an rámhadh,” ar Bárdan. “Caidé
sin?” Ar an mbórd dheas do chonncamar
samhail éigin agus a dhá láimh go dlúith ar
imeall an bháid. Sceinn an sgamall ó
aghaidh na gealaighe agus thuit léas ar aghaidh na
shamhla úd. D'fhéachamar go géar. Dar
Muire, bhí Diarmaid Dubh ag cur na súl
thrínn, scoilt 'na éadan mar so, agus a
bhrághaid agus a cheannacha cúmhdaighthe le
fuil,” — “slán mo chómhartha,” ar bean an
tighe — “ag baint gleamhaisg as a fhiaclaibh.
A leithéid sin do sgannradh níor tháinig
riamh im' chroidhe. “Cia h-é thu féin, a
ainmhidhe, nó cad tá uait,” ar Bárdan le
guth as íochtar a chléibh. Do rinne Diar-
maid mar a bhiadh chum labhartha; d'fhosgail
sé a bhéal acht níor tháinig gíog as, acht
luaisg sé a cheann anonn is anall. ‘Buail
leis an maide rámha é,’ ar Bárdan, acht ní
raibh luadháil im' láimh, ní mó 'ná bhí i
ngéagaibh an bhailightheóra. Thug Bárdan
féin fogha fá Dhiarmaid, acht níor chuir
seisean cor de. Bhris tonn ar an mbórd
chlé do líon beag nach an bád. ‘Tóg
leis an mbórd dheas nó támaoid caillte,’
ar Bárdan. Chuir an bailightheóir sgread
as, agus admhuighim gur chuireas féin sgréach
asam leis. Má rug an tonn úd Diarmaid
léi, nó cár ghabh sé ní fhuil fhios agam, acht
rugamar Bárdan a bhaile ar baille-chrith
agus gan puinn spriús ionnainn féin” —
“'chonách sain oraibh,” ar Seán Dearg —
“acht mar a dubhart bhí mearbhall ar Bhárdan
agus meireán orainn féin. Nuair do thánga-
mar go caisleán Dhoire Chuinn do labhair
Bárdan focail do chuirfidh fearg ar Sheán
Dearg — 'tá muinntear Bhreacrois fá
dhaor-smacht agam, maithfead cíos na
bliadhna so dhóibh agus leagfad feasda coróin
'sa' phúnt dóibh. Cuir síos an méid sin, a
bhailightheoir,” ar seisean. Sgríobh an bailigh-
theoir é, agus sin é annsain agat an sgríbhinn,
a Dhómhnaill.” Thóg Domhnall an sgríbhinn
agus léigh Mícheál Ó Fáilbhe é. Lean an
báille ar a sgéal, agus bhí na fir ag cur na
súl thríd.



“Tháinig anfadh gaoithe do luaisg cais-
leán Doire Chuinn, do lúb na crainn 'sa'
choill acht níor chualaidh Bárdan pioc de,
mar do bhí a shúile ar leathadh ag féachaint
ar an gclabhra, agus bhí sé chómh marbh lem'
shean-athair!” — ‘Slán mar a n-innistear
é,’ ar bean an tighe.



“Tabhair do lámh dom, a bháille, agus maithi-
mís dá chéile,” ar Seán Dearg. Níor chuir
seisean suim ann, acht thóg sé an tlúdh 'na
ghlaic, d'fhéach sé uirthe, leig sé uaidh arís í,
agus d'fhéach 'sa' teine. “Ná tar am' ghoire,
a Dhiarmaid Dhuibh! fan mar a bhfuilir; tá
an oidhche fuar fiadhain; cúmhdaigh do leanbh
i mbeinn do mhná; bog díom, a mharbhthóir,
leig dom an sop so do adhaint fá dhíon
tighe Dhomhnaill Uí Bhroin; féach an bhladhm
bhreágh; gcloistí mar do chnagann na tao-
bháin? Is breágh an chnámhlach í; bog díom”
— phreab an coileach amach ar an úrlár,
bhuail sé a sgiatháin agus do ghlaodhuigh sé trí
h-uaire. Druid Domhnall leis an mbáille,
chuir sé a lámh go mín truaighmhéileach ar a
ghualainn. Chualaidh sé mar a bhiadh gluthar
an bháis 'na sgórnaigh, do rop sé sgolb
giumhaise 'sa teine agus thóg sé chum a ghnúise


L. 370


é. Bhí dath bán-ghorm ar aghaidh an bháille
agus bhí a anam sceinnte as go h-obann.



Chaith na fir iad féin ar a nglúinibh. Chuir
an bhean liúgh aisde. “Ná bí ag gárthaidh, a
laoigh,” ar a fear. “Ná coisg í, a Dhomh-
naill, a chroidhe, mo léar-ghoin ní dhúiseó-
chaidh sí é, mo ghreann é,” ar Seán Dearg.
Do nigheadar é is do thonachadar é chómh
gleóite is dá mbadh chara dhóibh é. Do
chromadar ar é chaoineadh, is do dhearmadar a
lochta 's a dhroich-thréithe. Do bhuail
Máire Ní Bhroin a dá bais go dubhrónach is
do chaoin is do mhol an corp:—



Ochón mo laogh thú,
Ní dhúiseóchadh an saoghal thú,
'Ná cogadh na bp'léar thú,
'Ná airm ríogh Séamais,
Ná Gearaltaigh thréana
Ag fothrom léime
Chum galla-phuic bhréana
Do threasgairt ar léana
Is do sgaipeadh le béime
Nós Fhinn rí na Féinne.



Bhí tórramh is áirneán ar son chuirp an
bháille acu, agus sochraid go Baile na
hEagailse ná facathas a leithéid le mórán
bliadhan roimhe sin.



III.



“Ní fheadar 'on tsaoghal cad é an saghas
aicíde do mhairbh an báille bocht?” ar Seán
Dearg, ar bhfilleadh a bhaile dhóibh ó'n
sochraid. “Inneósam-na sin duit,” ar
beirt chonstáblaithe bhí ag feitheamh leó, agus
gabhadh ar an láthair Seán féin, Domhnall
Ó Broin agus Mícheál Ó Fáilbhe fá amhras gur
mharbhadar an báille.



Do leath an sgéal ó Bhaoi Bhéara go
Cláir na Sionna gur chongaibh Mícheál
Ó Failbhe an báille ar an suidhistín, gur
bhuail Seán Dearg leis an dtlúidh i ndiaidh
a chúil é, agus gur las Domhnall Ó Broin
sgolb giúmhaise chum soluis do thabhairt
d'fhearaibh an fheill. Bhí an ceanntar ag
buaidhreadh le cómhrádh baoth, cuid acu 'gá
rádh gur thuill an báille cad d'imthig air, agus
a thuilleadh acu 'gá rádh, gidh go raibh sé go
h-an-olc, gur mhór an truagh é leagadh 'nós
tairbh buile.



Tháinig lá an bhreithimh fá dheireadh, mar
do thiocfaidh lá an bhreitheamhnais uair éigin,
agus tugadh isteach ar láthair na trí cimidhe go
suaidhte seirgthe tar éis a n-aimsire i
mbraighdeanas. Ar Neidín do tugadh chum
córa iad, agus do bhailigh mathshluagh ó bhórdaibh
Chinnmhara, ó'n Snaidhm, agus ó na gleanntaibh,
le h-éisteacht leis an gcúis, mar bhí fios
acu go ndeárnadar na h-iasgairí bochta
coir a gcrochta. Bhí dlíghtheoir an ríogh ann,
srón chroidhearg air, bláth-choidhp ar a
chloigeann, agus croidhe cloiche 'n-a chliabh.
Bhí constáblaithe go fulúirseach ann, mar
chuaidh an rabhadh amhach go raibhe iasgairí
Bhreacrois agus Chinnmhara ar buile le feirg,
agus ar tí na gcimidhe d'fuasgladh. Níor bh'é
aon mhaitheas doibh é, bhí an dlígheadh níos
treise 'ná iad.



“A Thighearna,” ar an dlíghtheoir, go
bladhmannac, “timcheall le deich míle
ficheadh ó'n áit go bhfuil do thighearnacht
ar láthair, tá an Mhuir Mhór Thiar i n-iarthar
Chiarraidhe, agus briseas an mhuir seo isteach
'sa tír agus gairmthear ar an gcuan do
rómhar sí amach, Cuan Chinnmhara. Atá an
cuan sain thimcheall le cúig mhíle ar leithead
i n-áiteannaibh. Ar phort deas an chuain
seo — mar is é an port deas atá fá aighneas
againn an cor so — maireann daoine agus
faghann siad bás” —



“Creidim go maith thu,” ar an breitheamh.
Chuir an dlíghtheóir leathgháire as. “Seadh,
chum sgéil fhada do dhéanamh gearraid, ar
bhruaich an chuain seo, timcheall le deich míle
nó mar sin as so, atá baile beag atá
geárrtha 'na chuasaibh ó thonnaibh na mara,
agus atá sé roinnte 'na chodaibh idir cúig-
ear nó seisear d'fhearaibh tighe. Áit
bhreagh folláin is eadh é. Tagann


L. 371


an faoilleán agus an coirliún ann chum
sgíthe d'fhághail, agus is iomdha breac maoth
atá ag snámhad ar a imeall-bhórdaibh. Tá
nó bhí gach duine do chomhnuigheas ann seas-
gair sásta suairc, ó tá dó nó trí (de)
bhuaibh ag gach teaghlach acu, agus iasg go leor
ar aghaidh an doruis amach acu. Tá an
talamh beag nach saor acu, ó tá nó bhí an
tighearna talmhan is fheárr acu do rugadh
riamh. Bárdan Dhoire Chuinn do b'ainm dó,
agus gabh mo leath-sgéal má thagas deór im'
shúil nuair a luaidhim a ainm, mar ní raibh
fear ar druim an domhain ba mhó maitheas
is cáile 'ná é. Níor chuir sé riamh fear as
a sheilbh” — leig Domhnall Ó Broin osnadh
as — “ní mó 'ná chuir sé riamh deór i súil
baintreabhaighe 'ná díleachtaidhe” — leig
Mícheál Ó Fáilbhe cnead as — “agus muna mbiadh
an cíos ag muinntir Bhreacrois dó, is é an
tsuim do chuireadh sé ann, a rádh go mín
muinnteardha leis na cuirpthigh seo, dul a
bhaile agus go maithfeadh sé dhóibh é” — “thugais
d'éitheach, a dhíolmhainigh,” ar Seán Dearg.
Do bhéic Seán Ó Ceallaigh i gcúinne na
cúirte — “mo chéad greann tu, a Sheáin
Dheirg, labhair go dána leis,” acht gabhadh é
go tapaidh; do nocht na constáblaidhe a
gcuaillidhe go tiugh, agus bhí cogarnach is
casachtach ar fud na cúirte ar nóimit.
Choisg an breitheamh an gheóin seo — fear mín
measardha réidh do b'eadh é — agus do labhair sé
go carthannach neamhghnáthach, “a dhaoine
bídhidh in bhar dtost, agus bíod ciall agaibh,” —
cómhairle do b'fheárr 'ná amhastraigh ortha. Do
dhruid trí nó ceathair de chonstáblaidhe ar
ghualainn Sheáin Dheirg agus d'fhéach seisean go
dána ortha, gur chogair Domhnall 'na
chluais — “Síth, a Sheáin, a chroidhe, atá
an Slánuightheoir ag tagradh dhúinn.”



“Fá mar dubhart,” ar an dlíghtheóir, agus
a ghlúine ag lúbadh faoi, — mar do b'é an
fear ba mheata bhí i nÉirinn é i n-aindheóin
na cabhra i ngar dó — “chuir tighearna an
talaimh teachtaireacht shéimh chum na ndaoine
so agus do mharbhadar an teachtaire, mar
fhoillseochaidh an fhínné atá agam.”



Phreab constábla ar chlár na fiadhnaise
agus d'innis sé a sgéal ó thúis go deireadh
gan locht gan dearmad, gur innis bean dó
gur innis bean di go bhfeacaidh leath-
amadán do bhíodh ag siubhal roimis an choir
úd dá déanamh. “Bhuail an leath-amadán
liom, chuireas cómhrádh air, agus d'innis se dhom
go foluightheach, agus tar éis móráin mealladh,
gur mhairbh na fir ghabhtha so an báille.”



“Cad is ainm do'n leath-amadán so?” ar
an breitheamh. “Tadhg Giobalach do ghlaoidhtí
air,” ar an constábla. “Uch! Dia linn is
Muire,” ar Máire Ní Bhroin lé féin, “is
iomdha meigín bainne is greim éisg is
práta reamhar do thugas dó.”



“Slíghe do'n fhear so,” ar beirt chonstáb-
laidhe. “Sin é an fhínné,” ar duine;
“leaghadh chubhair na h-abhann air,” ar duine
acu. “Go scoiltidh an chaor é,” ar fear
eile. “Fuil is gráin air, sin é sgéithidh
ortha,” ar duine eile. Níor sgaoil Máir'
Ní Broin easgaine ná mionna móra ar a
cheann, mar bhí sí iriseach a dóthain chum
cuimhnighthe ar an seanfhocal — “Fágann an
mhaidhm a guidhe chum í féin do dhamnughadh” —
acht d'fhéach sí idir an dá shúil air nuair do
fuair sí radharc air. “Faire go bráth, a
Thaidhg!” ar sí. D'fhéach seisean uirthe agus
chuir sé gáire as agus las an bhean bhocht. “Tá
sé ag magadh fúm, acht is beag liom é sin
seachas Domhnall do dhaoradh.”



“Cad is ainm duit, a dhuine chreideamh-
naigh?” ar an dlightheoir.



“Tadhg Giobalach do ghlaoidhtear orm.”



“Is leas-ainm í sin; tá culaidh bhreagh
éadaigh ort.”



“Á,” ar Tadhg, “is fíor dhuit sin; dar
muine, táim im' dhuine uasal; dá mbiadh a
leithéid do bhláth-choidhp orm is tá ort-sa,
bhiadh na cailíní óga go léir i ngrádh liom —
féach an t-éadan breágh sain orm, agus gan
ort-sa acht cnuga beag gránna.”


L. 372


D'infhiúch an breitheam go lán-tsúlmar é.
Níor chuir sé sin garrabhuaic ar Thadhg.
“Freagair mé go diair,” ar an dlightheoir.
“Freagróchad is fáilte, acht cá bhfuil an
cheist?” “Cá rabhais an oidhche seo d'áirighthe,
nuair do marbhadh an báille?”



“Teinn t-iarraighthe ort, maran fios-
ruightheach ataoi.”



“Freagair an dlightheoir,” ar an breith-
eamh go géar. D'úmhluigh Tadhg go bonn a
chos dó. “Cuir an cheist arís.”



“Cá rabhais an oidhche úd, adeirim leat?”



“Bhíos im' chroiceann is dócha.”



“An rabhais i mBreacros an oidhche úd?”



“I mBreacros, an eadh?”



“Freagair, a fhir mhaith, agus adeirim leat
tú féin do sheachaint,” ar an breitheamh.



“Ambasa tá beirt ag bagairt orm agus ní
measa Cáit 'na Conchobhar.”



“Freagair. Cuir an cheist arís.”



“Ó, is mé do bhí i mBreacros agus mo
ghiobail ar sileadh liom, acht is fairsing
fialmhar an fear an Sársint. Nách áluinn
an chulaidh éadaigh í sin. Dar liaigh, is mise
an buachaill go bhfuil an rath air.”



“Eist go fóil, a bhuachaill thagartha, is
amadán iarainn thú. Do dhearbhuighis i
bhfiadhnaise an iústís go bhfeacaois an
báille dá mharbhadh, go raibh scolpán ar
fhuinneoig Dhómhnaill Ui Bhroin, gur chuiris i
leath-taoibh é, agus go raibh radharc maith agat
ar an marbhadh.”



“Níor dhearbhuigheas ar aon chor. Níor
cuireadh ar mo leabhar me. D'innis an
Sársint ó thúis go deireadh an sgéal agus bhí
breis bhéasa agam chum a rádh leis, ‘ní
h-eadh, ní ad' shárughadh-sa é.’



“Ní mheasann tú a rádh gur cheapais an
sgéal d'innisís do'n Sársint?” “Níor
cheapas aon nídh. Cheap seisean é. Ad-
mhuighim gur fhiafruigh sé dhíom an raibh aon
sgéal agam agus go ndubhart leis go raibh a
lán. Cheap sé go raibh rún agam. ‘Téanam
liom,’ ar an fear fialmhar, ‘agus tabharfad
culaidh dheas duit is biadh is deoch ar feadh
mí.’ Ó, is breágh an fear an Sársint; ní
eiteóchainn é ar mhórán.”



“Féach orm-sa go fóil beag,” ar an
breitheamh.



“Féachfad is fáilte; is dathamhla go mór
tú 'ná an dlightheoir beag cam-béalach
geárr-radharcach so.”



“Caidé an cheárd atá agat?”



“Saghas leagha is eadh mé.”



“Cad do leighiseann tu?”



“Craos-galar, tailicín is ruadh, tá rún
leighis agam dóibh go léir, deoch bhreágh
bhríoghmhar is eadh í — bainne cíoch circe do
chur i n-adhairc mhuice is é mheasgadh le
cleite cait.”



D'fhair an breitheamh é agus gruaim air.
“Cá rabhais an oidhche úd áirighthe?”



“Ag sranntarnaigh is dócha, ar do nós
féin.”



“Ca'r chodlais?”



“Ar leabhaidh, a dhuine mh'árann.”



“Cá raibh an leabaidh?”



“Mhaise, a dhuine mo chroidhe, is deacair
tú shásamh; bhí a ceann leis an gclabhra, a
cosa le bosga leamhainn, agus a cnaisde deas
le fuinneoig, agus a” —



“Seadh, seadh, cia'r ba leis í?”



“Ó, a dhalta mo chléibh, chuiris ceist orm
anois; dubhairt buachaill aimsire an
t-shagairt do chodail im' theannta gur cean-
nuigheadh an leabaidh sin ó shin-sin-sean-
athair Dhómhnaill Uí Loingsigh do rinne le
riocht a lámh í agus gur —”



“Seo, súd orm, a bhitheamhnaigh, go bhfuilir
ar tí mo mheallta acht ná h-éirgheóchaidh sé
leat.”



“Dar fiadh, is ó thigh an diabhail go tigh an
deamhain dom; is measa thusa 'ná an
puraire dlightheora,” ar Tadhg.



“Leig domhsa casadh do bhaint as,” ar an
dlightheoir. “Ó, diuc agatsa, a dhlightheoir
bhig bhréin mhalluighthe,” ar Tadhg.



“Gabhaim párdúna agaibh,” ar an
t-Athair Mícheál do bhí ag eisteacht leis an


L. 373


bhfínné, “tá an fhírinne an cor so ag an
amadán mbocht sain, agus tabharfad an leabhar
go raibh sé agam' thigh-se gach oidhche ar feadh
na seachtmhaine úd.”



“Ó, a bhreithimh an chroidhe istigh, b'fhéidir
anois go gcreidfeá mé; agus a' mb'fhéidir go
mbiadh culaidh dheas éadaigh agat le tabhairt
uait, nó a luach?”



“Caith amach fá'n sráid an duine sin agus
fuasgail na fir mhacánta so.”



“Bhí geoin áthais 'sa chúirt,” ar an sagart,
lá 'na dhiaidh súd, “agus gídh go raibh an
breitheamh ar dearg-lasadh, fágaim le
h-udhacht go raibh fáth-gáire air.”



IV.
“Ba bhreágh an meadhón lae é súd ar
Neidín. Rug Máire Ní Bhroin barróg ar
Dhómhnall; rug Seáinín, a mhac cos-lom-
nochta greim air ghlúin air agus Séamuisín
greim ar chois eile leis, agus leig an pháinteach
do chonncamar 'sa chliabhán i mBreacros
gáir agus liúgh as nuair do chuir a athair aigh-
neas air. “Mo chaithis é,” ar Máire, aith-
nigheann sé go bhfuil mo Dhómhnall sgaoilte.
Leig dó a dhá dheárna bheathuighthe do chur id'
mhuinéal mór.” Do rinne an t-athair mar
adubharthas leis agus gháir an leanbh le
h-aiteal. Bhí Seán Dearg ag féachaint go
cumannach ar an méid seo agus tháinig smuain-
eadh 'na chroidhe. “Is breágh an rud bheith
pósta,” ar seisean leis féin, “acht ar a shon
sain sáruigheann grádh máthar gach grádh
eile.” Bhí a mháthair le n-a chois ag gol go
bog le h-áthas croidhe agus máthair Mhichíl Uí
Fháilbhe 'sa riocht chéadna.



Do ghléas muintir Bhreacruis a mbáid i
gcaladh Cinnmhara agus do thionnlaic báid a
gcómharsan siar an cuan iad. Do gearradh
meatháin ghlasa i nDún Chiaráin agus do
cuireadh 'na seasamh i n-imeallaibh na mbád
iad. Ba dhóich le fear faire ar bhruach an
chuain gur chosmhail na báid úd le h-oileán
coillteach ag druidim síos leis an dtuile.



Bhí píobaire 'sa bhád tosaigh mar a raibh
an t-Athair Micheál, agus Domhnall is a cháirde.
“Seinn suas an ‘cailín deas donn,’ a
phíobaire,” ar Seán, agus do chrónán sé féin leis
an bport — “Órú, bog liom, í, bog liom í,
bog liom í; Órú bog liom í, an cailín
deas donn. Órú bog liom í, iompuigh is
corruigh í, do b'áil liom í bhogadh 's ná
bogfadh sí liom.”



“Is maith an guth é sin agat, a Sheáin,”
ar an sagart, “Can suas abran.”



“Ar chualuighis “Séamas a chroidhe,” a
athair?”



“Ní cuimhin liom é.”



“A Shéamais! a chroidhe! an léan leat
mo shlíghe?



“Ar thaob cnuic lá gréine a' géar-ghol 's
a' caoi



“Fá chleasaibh ag mnaoi ná faca riamh í



“Is ná feadar 'on t-saoghal bhraonach
caidé an taobh go ngabann sí.



D'fhreagair Máire le rann eile é —



“A Shéamais! a chroidhe! ní léan liom do
shlíghe



“'Gus is baoth liom mar chéill duit gur
ghéillis dá gnaoi,



“D'á cleasaibh le draoidheacht is dá racai-
reacht ghrinn,



“Is gan fhios ag na h-éanaibh cá taobh go
ngabhann 'sí.”



Lean Seán arís air:—



“Ní'l rí ceart le fághail, 'sa bhFrainnc
'ná 'sa Spáinn



“Ná fuil a dhóthain mar chéile i bpéarla
an chúil bháin.



“Sí'n réalthan í gan cháim do chuir na
céadtha chun fáin



“Sí péarla an chúil chraobaigh tá d'éis mo
chroidhe chrádh” —



“Ail-il-liú ! ochón táim caillte! táim
báidhte! cabhair! cabhair! táid am' thachtadh!”



“Ariú caidé seo? caidé an uaill sin 'sa
bhád de ridh?” “Mhaise, ná bac leo, a
athair,” ar Domhnall, “táid siad ag imirt
chleas ar an amalóig bhoicht ud Tadhg, acht
ní baoghal dó iad.”


L. 374


“Bídhidh bhar dtost annsain,” ar Seán
Dearg le guth do chloisfidhe ar Árd Aoidh.



“Dar mo phortús tá sgartacha agat a
Sheáin,” ar an sagart; “do chuirfeadh
liugh eile mar í sin meireán orm.”



“Cia chúm an t-abhrán úd, a Dhómhnaill?”
Chualas gur bh'é Diarmaid MhagCraith é.”



“Á, ba ghlic an buachaill Diarmaid; ar
chualabhar cionnus do roinn sé an fiadh?”



“Níor chualamar, a athair.”



“Seo mar do bhí sé: bhí beirt daoine
uaisle ag fiadhach lá amháin, agus do spréacha-
dar p'léir i n-éinfeacht le cairrfhiadh. Thuit
sé. “Mise do leag é,” ar ceann acu. Níor
ghéill an fear eile leis sin, agus d'éirigh con-
spóid eatorra. “Maiseadh fágaimís a roinnt
fá'n chead fhear do chasfar orainn,” ar
siadsan, agus cia chasfaidhe ortha acht Diarmaid.
D'eitigh seisean an gnó ar dtúis, acht fá
dheireadh thiar thall, tar éis móráin tathaint,
do rinne se rud ortha. “Beithí sásta lem'
chuid roinnte?” ar seisean. “Beimíd gan
amhras,” ar siadsan. Seo mar do roinn sé
an fiadh:—



“Ceathramha 'gus leath ag Diarmaid
Mhag-Craith,
'S a' cheathramha gan roinnt ag Diarmaid
MhagCraith;
An ceann is na cosa ag uaislibh na tíorach,
'S an croiceann chun bríste ag Diarmaid
MhagCraith!”



Do phléasg Domhnall ar gháiridhe; do chuaidh
a bhean i dtríthidhíbh — do b'fhurus gáire bhaint
asta mar bhíodar go léir meidhreach — agus do
chuir Seán Dearg is Micheál Ó Fáilbhe
scearta asda do chroith an bád is do dhúisigh
an leanbh i mbeinn a mháthar. Níor leig
an leanbh liúgh 'na béic as. Bhí sé bliadain
d'aois anois. “Is breágh an boiteallach
garsuin é sin agat, a Mháire,” ar an
sagart. “Ba dhual athar do sain,” ar sise.
“Seadh 'gus máthar, i ndómhnach,” ar an
sagart. “Seadh 'gus athar baisdidhe leis,”
ar Seán Dearg, mar do sheasaimh sé féin
leis an leanbh so. “Caith anall chugam é,
a Mháire, agus taisbeánfad geallóg ag
snámhadh dhó.” Shocruigh sí i mbrollach Sheáin
an leanbh. Thosnuigh Seán ar imirt chleas
leis an bpáisde agus rug seisean go dlúith le
n-a dhá dheárna greim ar chluais Sheáin.



“Cogar i leith, a Sheáin,” ar an bhean,
“gidh gur'b olc iad na mná, do b'olc bheith
'na n-iongnais,”ar sí. “A' ndeireas tú liom,
a Mháire, go raibh Cáit Ní Shuibhne ag briseadh
croidhe ag gol im' dhiaidh?” “Muna mbeidh-
theá caoch, do chifeá é.” “Do thug sí a cúl
liom ag an gcomhthalán, agus do rinnc sí le
Seán Ó Ceallaigh.”



“Mo thruagh mhór do cheann mór, is beag
é do chuid eólais ar na mnáibh. “Tog uaim
é is gan uaim acht é,” ar Máire.



“Dar liaigh na bhfeart, a cháirdeas, tá
éadtromacht im' cheann,” ar Seán bocht.



“Ní fheadar cad tá acu-so 'á chur thré n-a
chéile? Iasgaireacht is dócha.”



“Ní h-eadh, ní ad' shárughadh-sa é, a athar,
acht níor bh'iongnadh liom gur cleamhnas é,”
ar Domhnall.



“Féach ar d'aghaidh, a Sheáin Dheirg, tá a
bheag 's a mhór 'san gceanntar ag feitheamh
linn ar rinn Bhreacruis.” D'féach Seán, agus
ní mar dubharthas leis, acht fá dhéin fáis
choille ar rinn Rosa Móire, mar ar chualaidh
sé na h-éin ag canntaireacht. Bhí smólach
annsúd agus a gob 'san aér, agus a píob ag
bhrúchtadh le ceol. So mar do chan sí, dar
le Seán:—



“Grádh do chroidhe í! gradh do chroidhe í!
Cáit Ní Shuíbhne! Cáit Ní Shuíbhne!
Beidh sí 'gat, beidh sí 'gat, beidh sí 'gat.”



“Cadh tá ort, a dhuine?” ar Dómnall, “ná
bris an maide rámha, tá teinneas im' láimh
ó'n stiúir seo ad' choinnibh.” “Tá deabhadh
air,” arsa Maire ag mion-gháiridhe.



Bhí an ghrian ag dul faoi nuair do


L. 375


chualadar liúgh lúthgháireach tarsna an chuain
ó'n mathshluagh bhí cruinnighthe ar rinn Bhreac-
ruis. Ní fhacaidh Seán aithid acu 'ná na
h-ualaigh mhóna agus brosnaigh bhí ceartuighthe
ar bárr faille ar tí teine cnámha d'adhaint
i gcómhair a dteachta. D'fhéach sé go géar
i bhfus is tall ar lorg Cháit 'na measg.
D'fhair Máire é agus fáth gáire uirthe. “Sin í
annsúd í, ar ghainimh na trágha, bean gheal
dubh an phíobáin ghléighil,” ar Máire. Phóg
Cáit Ní Shuíbhne Máire, phóg sí Domhnall,
phóg sí na leinbh, agus níor cheil sí a gnúis ar
Sheán. Rinne sé a lán-dícheall an cor so (ar)
crothadh lámh do thabhairt di acht bhí garsúin
óga go raibh cumann acu dhó agus bhí beirt acu
ag marcaigheacht ar a ghuailnibh, a thuilleadh
acu ar a dhrom ag stathadh a stuth gruaige.
“Dar a páis fiadh, bogaidh de Sheán agus ná
múchaidh Micheál Ó Fáilbhe; is measa dhóibh
sibhse 'ná an bhraighdeanas,” ar an sagart.



“Ca bhfuil an píobaire?” “Seinn suas
‘Páidín Ó Raithbheartaigh’ dhóibh.”



“Rinncfead-sa is Máire seal díbh, tóg
do cómh-rinnceoir, a Sheáin Dheirg,” ar
Domhnall. Bhí an mhóin tirm agus an brosna
briosg, agus fá cheann nóimit bhí scáil na
cnámhlaighe i bhfad amach ar an uisge agus na
rinnceóirí ag damhas ar an bhfaithche.



Bhí bladhm na teineadh ag dul i laighead,
an smólach 'na tost 'sa choill, agus an faoil-
leán 'na codladh ar bhárr na tuinne, agus
corrán gealaighe 'sa' domhan tiar, acht bhí na
rinnceóirí fós go lúthmhar mear. “Och! ní
thuirseocadh an saoghal iad,” ar Domhnall.



“Ó a Cháit, níor mhaith leath mé bheith crochta
b'fhéidir?” ar Seán. “Och! a dhuine gan
mheabhair, níor mhaith liom gadhar mo chómh-
ursan do chrochadh,” ar sise le gáire meidh-
reach. Thuith chroidhe Sheáin bhoicht 'na chliabh,
agus dubhairt sé leis féin nach raibh an ceart
ag an smólach úd.



Ghlaodhuigh Máire Ní Bhroin i leathtaoibh
ar Cháit agus bhí siosmarnaigh acu ar feadh
tamaill mhaith.



Tá an smólach úd, nó inghean a h-inghine
ag canadh fós i bhfás-choill Rosa Móire,
tá an taoide ag trághadh is ag líonadh i
gcuan Bhreacruis mar do bhí sí ó thúis an
tshaoghail, tá bradán maoth ann, agus col-
móir trom, acht níor tháinig an bléidhmhíol
aníos ó'n Muir Mhóir ann le fada de
bhliadhantaibh; acht an t-aon uair amháin úd
do chas sé ar seachrán ann; deir Seán
Dearg gur cuireadh an sonas air féin.
Deir sé féin agus deir Cáit gurab é an
míol mór úd do chuir uamhan báis ar
Bárdan Dhoire Chuinn agus adeir Seán muna
mbiadh an braighdeanas úd d'fhulaing sé
féin ar son bháis an bháille nach mbiadh
Cáit aige, mar is “i n-am na broide braith-
tear do chongnamh.”




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services