Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mórnaic O Smuilc.

Title
Mórnaic O Smuilc.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Mac Tíre
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MÓRNAIC O SMUILC.



(Innistear do'n aos óg).



Chuaidh Mórnaic O Smuilc amach lá agus
chuaidh dealg i n-a shál. Shaoil sé gur'b é
an bás. Thainic sé isteach ar ais agus dubhairt
sé,



“Chugad an bás, a Thomáis Mhac an
Luinc.”



“Cia chualaidh é nó chonnaic é?” arsa
Tomás Mhac an Luinc.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc go raibh siad ag Ruaidhrí
Beag na Carraige.


L. 340


“Chugad an bás, a Ruaidhrí Beag na
Carraige.”



“Cia chualaidh é nó chonnaic é?” arsa
Ruaidhrí Beag na Carraige.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na
Carraige go raibh siad ag Ruaidhrí Mór na
Carraige.



“Chugad an bás, a Ruaidrí Mór na
Carraige.”



“Cia chualaidh é nó chonnaic?” arsa
Ruaidhrí Mór na Carraige.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na
Carraige agus Ruaidhrí Mór na Carraige go
raibh siad ag Eadar na hÁithe.



“Chugad an bás, a Eadar na hÁithe.”



“Cia chualaidh é nó chonnaic?” arsa
Eadar na hÁithe.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imhthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na
Carraige agus Ruaidhrí Mór na Carraige agus
Eadar na hÁithe go raibh siad ag Eadar
an Mhuilinn.



“Chugad an bás, a Eadar an Mhuilinn.



“Cia chualaidh é nó chonnaic?” arsa
Eadar an Mhuilinn.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic an Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na
Carraige agus Ruaidhrí Mór na Carraige agus
Eadar na hÁithe agus Eadar an Mhuilinn go
raibh siad ag Bearád Dubh ar Fál.



“Chugad an bás, a Bhearád Dubh ar Fál.



“Cia chualaidh é nó chonnaic?” arsa
Bearád Dubh ar Fál.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na Carraige
agus Ruaidhrí Mór na Carraige agus Eadar na
hÁithe agus Eadar an Mhuilinn agus Bearád Dubh
ar Fál go raibh siad ag Préachán Dubh ar
Lár.



“Chugad an bás, a Phréachán Dubh ar Lár.



“Cia chualaidh é nó chonnaic?” arsa
Préachán Dubh ar Lár.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na Carraige
agus Ruaidhrí Mór na Carraige agus Eadar na
hÁithe agus Eadar an Mhuilinn agus Bearád Dubh
ar Fál agus Préachán Dubh ar Lár go raibh
siad ag Madadh Ruadh i gCoill.



“Chugad an bás, a Mhadadh Ruadh i
gCoill.”



“Cia chualaidh é nó chonnaic?” arsa
Madadh Ruadh i gCoill.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na
Carraige agus Ruaidhrí Mór na Carraige agus
Eadar na hÁithe agus Eadar an Mhuilinn agus
Bearád Dubh ar Fál agus Préachán Dubh ar
Lár agus Madadh Ruadh i gCoill go raibh siad
ag Gearrfhiadh i dTom.”



“Chugad an bás, a Ghearrfhiadh i dTom.”



“Cia cualaidh é nó chonnaic?” arsa
Gearrfhiadh i dTom.



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na
Carraige agus Ruaidhrí Mór na Carraige agus
Eadar na hÁithe agus Eadar an Mhuilinn agus
Bearád Dubh ar Fál agus Préachán Dubh ar
Lár agus Madadh Ruadh i gCoill agus Gearrfhiadh
i dTom go raibh siad ag an tSean-ghearrán
Bhacach Bán.



“Chugad an bás' a Shean-ghearrán Bhacach
Bhán.”


L. 341


“Cia cualaidh nó chonnaic?” ars, an
Sean-ghearrán Bacach Bán.”



“Mise chualaidh agus chonnaic,” arsa
Mórnaic O Smuilc.



D'imthigh Mórnaic O Smuilc agus Tomás
Mhac an Luinc agus Ruaidhrí Beag na Carraige
agus Ruaidhrí Mór na Carraige agus Eadar na
hÁithe agus Eadar an Mhuilinn agus Bearád Dubh
ar Fál agus Préachan Dubh ar Lár agus Madadh
Ruadh i gCoill agus Gearrfiadh i dTom agus an
Sean-ghearrán Bacach Bán go raibh siad ag
an abhainn.



“Gabhaigidh ar mo dhruim uile-go-léir,”
ars' an Sean-ghearrán Bacach Bán, “go
dtuga mé anonn sibh.”



Rinn siad sin agus nuair a bhí sé i lár na
habhna, chroith an Sean-ghearrán Bacach
Bán é fhéin agus chaith sé a ndeireadh leis an
abhainn.



Chuaidh siad-san an t-áth agus mise an
clochán. Báitheadh iad-san agus thainic mise.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services