Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann na Gaedhilge. Pádraic Manntach agus an Suibhneach.

Title
Greann na Gaedhilge. Pádraic Manntach agus an Suibhneach.
Author(s)
Ó Maoildhia, Séamas,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GREANN NA GAEDHILGE.



Pádraic Manntach agus an Suibhneach.



BÍ file ann fad' ó dar bh'ainm
Pádraic Manntach agus bhí sé
lá ar aonach ag cur tuairisg
file eile dar bh'ainm Micheál
Mac Suibhne. 'Sé an tslighe
bhí aige leis an Suibhneach fhagháil amach, gach
uile chábán do chastaoi leis ar an aonach
sheasadh sé ag an dorus agus déarfadh sé an
líne seo thíos lé súil go bhfreagróchadh an
Suibhneach é ó'n taobh istigh:—



“Is deas caol an chleaithín í seo ag dorus
do thighe,” bhí sé ag rád an líne seo i
gcomhnuidhe ag dorus gach cábáin, ná go
dtáinig sé go dtí an cábán ina raibh an
Suibhneach 'sa deireadh. Nuair do chualaidh
an Suibhneach Pádraic Manntach ag rádh an
líne seo ag dorus an chabáin, d'éirigh sé
suas agus d'fhreagair se é mar seo:—



“Is deas tá sí ag tarraingt amadáin
isteach ag ól na díghe.” Nuair do chualaidh
Pádraic Manntach an freagra seo ó'n
taobh istigh, bhí tuairim aige gur bh' é an
Suibneach do fhreagair é, agus labhair sé arís
mar seo:—



“Seo ceist agam oraibh a chúmhlódair, agus
feiceamuist fuasglaighthe í,
Cia againn is deise, is gile, ná is áilne
gnaoi?”



Labhair an Suibhneach istigh arís, agus dubhairt
mar seo:-



“Ta fear againn dubh crosach, agus an fear
eile manntach buidhe,
Agus níor mhaiseach an pobal a rachadh
an cúpla thríd.”



Sin é an chaoi i bhfuair Pádraic Manntach
amach an Suibhneach.



An Reachtaire agus an Gréasaidhe.



Bhí gréasaidhe ann fad ó agus chuaidh an file
Reachtaire chuige go dtóigfeadh sé a mhiosúr,
lé péire bróg do dhéanadh dhó. Thóig an
gréasaide a mhiosúr, agus nuair bhí sin déanta
aige dubhairt sé go ndéanfadh sé na bróga
mar seo:—



“Cuirfidh mé “insole” lag ionnta, agus deireadh
séimh,
Uachtar láidir agus bonn dá réir,
Agus péire sál, agus beidh siad réidh.”



Nuair bhí sin raidhte ag an ngréasaidhe,
labhair an Reachtaire 'na dhiaidh, agus dubhairt
mar seo:—



“A dhuine gan tuigsint, cá 'uil do chiall?
Nach dteastuigheann péire “bindings”
puill agus iall,
Agus neithe beag' eile sheasas gárda,
Péire “tips” agus dhá chéad táirne?”



Diarmuid Ma' Gionnáin.



Bhí fear san áit seo fad' ó, agus bhí sé ag
éirghe an-árnósach 'sa saoghal, agus saidhbhreas
agus maoin an-mhór aige. 'Se an t-ainm do bhí
air Diarmuid Ma' Gionnáin, agus nuair
d'éirigh sé chomh hárd 'sa saoghal níor
thaitnigh an t-ainm seo leis, agus budh mhian
leis é athrúghadh agus ainm measamhail aicínt
(= éigin) do thabhairt air féin. Bhí fear
san áit an uair sin do bhí ag athrughadh
ainmeanna na ndaoine, agus chuaidh sé seo
chuige lé 'ainm féin d'athrughad. Nuair
chuaidh sé chuig an bhfear seo d'fhiafhruigh sé
de cia an t-ainm do b'fheárr leis do
thabhairt air. Ní raibh dream ar bith san áit
an uair sin budh measamhla ná na Brianaigh,
dubhairt sé gur Brianach do b'fheárr leis
do thabhairt air. Seo é an freagra do thug
an fear eile air ann sin:-


L. 335


“Is cosamhail lé na Brianaigh do chú
agus do choileán,
Is cosamhail lé na Brianaigh do each
agus do ghearrán,
Acht ní cosamhail lé na Brianaigh do
shliasta ná do shlinneáin,
Agus fágaim-se bliadhain eile thú ann
do Dhiarmuid Ma' Gionnáin.”



Sin é an sásadh thug sé do'n Ghionnánach.



Séamas Ó Maoildhia,
Cluain Bú, Druim Dreifín,
Co. na Gaillmhe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services