Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes and Queries.

Title
Notes and Queries.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 329


(345.) Eirghédh fiche céad budh thuaidh
Ar cheann Cheallacháin chleath-chruaidh:
O do-roichfidhe an cheall chladhach,
Na haincidh aon Lochlannach.




L. 330


NOTES AND QUERIES.



(347.) Ta focal ag muinntir na h-Alban do bheirid mar
ainm ar oidhche na bliadhna úire. Is é “Hogmany” an
focal. An Gaedhilg no Béarla é sin? Agus má's
Gadhilg é, an féidir leat a bhrígh do thabhairt dom?
Connaic mé fógra tamall gearr ó shoin ar leabhrán
darab ainm “Phonographia sef llaw fer yn ol trefn Sir
Isaac Pitman.” Taid anois ag sgríobhadh teangadh na
mBreathnach ins an “sgribhinn luaith,” agus is dóigh
liom gur ceart duinn ar dteanga-na do sgriobhadh innti
mar an gcéadna. Ni'lim ag foghlaim na Gaedhilge acht
timcheall bliadhna go leith, agus ta eagla orm go bhfuil
near droch-Ghaedhilge ins an litir seo. - Mac an
tSeabhacóra.



Ni'l aon mhíniughadh againn ar “Hogmanay.” Dubhar-
thas linn gur chum fear nuaidheachta de mhuintir
Sheachnasaigh “scribhinn luath” do'n Ghaedhilg i
n-aimsir an Land League, an uair do bhithí ag labhairt
Ghaedhilge ar na coimhthionalaibh i n-iarthar Eireann.
Ni dhearnaidh sé acht atharrughadh beag do chur ar
luath-sgribhinn Pitman. Dá mbeith a leitheid ann, budh
mhór an áise é do lucht bailighthe sgéalaidheachta. Is
minic do mhilleadh deagh-sgéal ó'n moill do cuireadh ar
an sgéalaidhe chomh-fhad 's do bhí an sgríbhneoir ag cur
na bhfocal síos. “Táid ag sgriobhadh,” etc. Cé hiad
féin? Nuair nach bhfuil a fhios cia hiad, "táthar ag
sgriobhadh” budh chóir do rádh. “Deirthear” = they
say (on dit). Go n-eiridhe an bhladhain leat! Má
eirigheann chomh maith agus d'eirigh an bhliadhain go
leith do ghabh thart, ni bheidh eagla ort romhainn-ne.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services