GREANN NA GAEDHILGE.
I. BHI garsún bó i gCuilionn Uí
Chaoimh suim amsire ó shoin,
agus do chuaidh ag foghluim
Teagaisg Chríostuidhe go
dtí séipéal mar a leithéid eile. Dob
fhurasa aithint ná raibh puinn fonn air chum
é fhoghluim. Tháinig a dó nó a trí de
laetheannta agus d'fhan ag baile a dó nó a
trí eile. Tháinig arís lá agus d'fhan ag baile
dhá lá, agus mar sin do, chum gur chuir suas,
lúb laghar, de theacht i n-aon chor.
'Nuair do theip ar an dteagasgthóir é
thabhairt le n-a thoil, do cheap sé go dtiubh-
radh sé i n'aimhdheoin leis é, agus lá áirithe
do chuir beirt bhuachaillidhe d'a iarraidh. Do
thugadar leo é i n-agaidh a chos go dtí an
séipéal i láthair an teagasgthóra.
D'fhiafruigh an teagasgthóir de cad do
chongaibh ag baile ó shoin é, agus thug sé leith-
sgéal éigin cam do'n teagasgthóir, do chuir
fearg air, agus do bhuail sé groideóg bhaise
ar an ngarsún do chuir ag pusaoil ghoil é.
Annsan d'fhiafruigh an teagasgthóir de:—
“'Mó Dia ann, a Bhuachaill!”
D'fhéach an garsún suas air, agus dubhairt go
dána — Mho chorp do'n riabhal, dá mbeadh
lán na páirce aca ann, má inneosainn
duit é!”
II. I n-aimsir na gcreach i n-Éirinn, agus go
mór mór i gConntae Chiarraighe, do chomhnuigh
i nGleann Fleisce duine de(s)na creacha-
dóiribh seo gurbh ainm do Pilib Céad Bó.
Do chaith formhór a shaoghail ag tabhairt
creach ó gach ceanntar de Chiarraighe agus
Chonntae Chorcaighe i n-aice dho. 'Nuair bhí
sé 'na sheanduine chríonna chaithte, do ghlac
aicíd an bháis é agus do chuir fios ar an sagart.
Tháinig an sagart agus thug faoisidin do, agus
do chuir ola an bháis air. 'San chonnspói-
digheacht idir é féin agus an sagart, dubhairt
an sagart le Pilib.
“'Seadh, a Philib, do ghoidis a lán stuic i
gcaitheamh do saoghail.”
“Do ghoideas a athair,” arsa Pilib, “an
oiread agus, dá seasóchthá ar an gcnoc
árd soin thuas, do chuirfeadh stoc ar an
méid talaimh dob fhéidir leat d'fheicsint
mór-dtimcheall ort.”
“O! mo thruagh thú, a Philib!” ars' an
sagart, “cad do dheunfair ann sa tsaoghal
eile 'nuair a bheidh na ba so go léir ar
t'aghaidh amach, agus gach n-aon ag áiteamh a
choda féin ort?”
“Is dócha, a athair,” arsa Pilib, “ná fuil
aon tslighe is geire ná aithne a shúl féin do
thabairt do(s) gac aon 'ne.”
III. Insan droch-shaoghal, do bhi an t-athair
agus an mac ag obair le feirmeoir i dteannta
fear eile. D'éis gabhála amach ó n-a
ndinnéar dóibh do ghlaoidh an mac chum
cogair ar a athair agus dubhairt:-
“Níor itheas-sa leath mo dhóthain.”
“Ca' na thaobh?” ans' an t-athair.
“Mar do bhi náire orm fanamhaint 'nbhur
ndiaidh go léir ag ithe.”
“Cionnus d'itheann tú i n-ao' chor?” ars'
an t-athair.
“Cionnus íosainn,” ars' an mac, “acht
mar íosadh aon 'ne, práta do lomadh agus é
d'ithe, agus mar sin de.”
“Th'anam an riabhal, a amadáin!“ ars'
an t-athair, “is beag an t-iongnadh dhuit
ocras do bheith ort má's mar sin do dhinis é.
Acht éist liom-sa, agus inneosad-sa dhuit an
tslighe cheart. Bí ag ithe práta, ag lomadh
práta, bíodh práta eile i gcúl do dhuirn, agus
do d'á shúil ag féachaint ar dhá phráta agus
bíodh geall ná beidh aon ocrás ort as so
amach.”
NÓTAIDHE.
lúb laghar = by hook or crook.
groideog bhaise = a heavy stroke of open hand.
pusaoil ghoil = making a mouth as if about to cry.
aicíd an bháis = death sickness.
áiteamh = proving convincingly.
aithne a shúil féin = the knowledge of his own eyes,
what everybody recognizes as his own.
Seaghán Ó Cadhlaigh,
Cuilionn Uí Chaoimh, Sráid a'Mhuilinn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11