Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-chaint.

Title
Sean-chaint.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó' Laighin, S. S.
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-CHAINT.



Ó S. S. Ó'Laighin, Philadelphia:—



1. Is mór an sógh an ghlaineacht.



2. Ná díol do chearc lá fliuch.



3. Ag 'ul síos do'n ghréin, is mairg nach
mbíonn rud aige (nó, ag duine) in
a mháilín féin.



4. Is mó do mhála ná do sholáthar (nó, do
dhíoghluim).



5. Thar a chéile a deuntar na caisleáin.



6. Is fearr an troid ná an t-uaigneas,
acht is fearr uaigneas maith ná
droch-chuideachta.



7. Mar (muna) bhfaghmuid an fheoil, is
mór an sógh an anbhruith (anathra i
gConnachtaibh agus antra san Midhe).



8. Ní breaghacht a dheunanns (ghnidheas)
brochán, acht min.



9. Go bhfeicidh mé liath thú, agus ciall aig
do chloinn!



10. Máthair eusgaidh a ghnidheas inghíon
fhallsa.



11. Malluigheann Dia an deifir.



12. Is ar mhaithe leis féin a ghnidheas an cat
crónán.



13. Do chapall do charaid, do mhadadh do
chomráda, do bhean do namhaid.



14. Chomh fhad a's rachas síol, rachaidh forsadh;
an uair a stopfas síol, stopfaidh
forfadh.



15. Crochadh árd ort lá gaoithe!



16. Ná bac leis an bhfear thiar, acht cosain
thú féin ar an bhfear thoir.



17. Ná bí i dtús eanaigh ná i ndeireadh
coilleadh (no, ná bhí ar deireadh i
dtús etc.)



18. Nuair a ghoirfeas an chuach ar chrann
gan duilleabhar, díol do bhó 'gus
ceannuigh arbhar.



19. An té is fuide bhéidheas aig ithe, 'sé is
fuide bhéidheas beo.



20. Ní ólann ná mná leann, acht imthigeann
sé le n-a linn.



Some words in use in Connacht sent by
J. J. Lyons:-



ailleadóir, a cliff climber
breallach, or —llán, buidhe, the clam(shell-
fish).
bolaistín, a stout youngster.
feoil chapaill, tough, hairy substance, like
a wig, found in bogs.
glincín, a silly person.
maruacht (marbhfhuacht), fuarnimhe or
eanglach, the painful numbness caused
by great cold (in Meath, gloorucks, per-
haps the ending here is — fhuaireacht).
miodach, a worn-out knife. (There is a
story called Seán na miodóige).
smáilicín, a disease of the eyes.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services