Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Nodlaic, 1919

Title
An Nodlaic, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Colaiste Naomh Adhamhnain, Leitirceanainn

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CALAISTE NAOMH ADHAMHNAIN, LEITIRCEANAINN.



CLÁR.



Na shuidhe air árdan fhollain os cionn bhaile Leitirceanainn, an áit a bhfuil radharc aoibhinn
aerach le faghail air an tSúiligh, agus órnuighthe mar tá se le cúirteannaí fairsinne, háltaí
bréacha sarghleusta, agus seomraí-leapa fa leith, tá Calaiste Naomh Adhamhnain An-fhóirs-
tineach air fad a dtaoibh sláinte agus sócail a mhic-léighinn, Ta an chisteanach agus an
proinnteach gleusta air an dóigh is úire agus is éifeachtaighe, agus tá bean-fríothala air
foghnadh le h-aire a thabhairt do na mion-ghasraí.



Tóghadh na n-Óllamhna, eadar tuatha agus cleírigh, ar mhó inntleacht, cumas, tábhacht, agus
geurchúis, fa choinne a n-oibre.



Tá an bhuntaiste aig na mic-léighinn go mbéidh cleachtadh acú a luthchleasaidheacht, a
gcúirteannaí liathroid, a gcasain cumhduighthe amuigh san aer, agus a leabharlanna fóirs-
tineacha. Tá an Calaiste gleusta go maith a dtaoibh áiteacha ionnalta, agus tá na seomraí
uilig téighte le h-uisge galach.



Budh chóir do choimhéilightheoirí na bpriomh-Sgolaireacht labhairt le n-a maighistirí, no le Cléir
na h-áite, agus míneochaidh siadsan daobhtha bun-oibreacha, ceanglacha, agus áit an phriomh-
sgruduighthe, Tá cláraí-oibre aig na sagairt paraiste.



CÚRSA LÉIGHINN.



Air an chlar léighinn tá bun-oibreacha an Eadar-Mheadhain a n-iomlan a Chéimeann, priomh-
sgrudughadh na h-Ollsgoile, ullmhughadh fa choinne na gceárd ealadhantach, &c., teanga agus
seanchas na h-Éireann, ceol, agus líon-chúrsa de Theagasg ealadhantach.



CEANGLACHA COSTAIS.



Roinntear an bhliadhain chalaisteamhail a dtrí tearmaí, agus caithfear íoc gach tearma acú
a dheánadh leis an Uachtaran a dtoiseach, mar a leanas:— Tearma an Fhoghmhair no Feil'
Mhichil, ó'n chead lá de mhí Mheadhan Foghmhair go mí na Nodlac deich bpunta; Tearma Nodloc
ó'n chead lá de mhí na Nodloch go lá Fhéile Pádraig, deich bpunta: Tearma Cásg, o lá Fhéile
Pádraig go deireadh na bliadna colaisteamhla, deich bpunta. Le na chois seo, caithfear
10/- a dhíol achan tearma air son nigheachain agus solais. Ceocú ta siad ag dréim air an
tsagartacht, no air cheird saoghalta, gheibh iomlan na mac-léighinn an aire, an cúram, agus
an cothughadh ceudna anns na háltaí léighinn, anns an phroinnteach, agus anns na seomraí-
leapa.



An T-UACHTARAN.


L. ii


AN SOLATHAR.



1. Tochairt an tSaoghail … Séamus Ua Creag.



2. A Duck Hunt … Rosannach.



3. The Rock of Doon … Lurgy.



4. Sliabh Liag … Séamus Ua Creag.



5. Epiphany … Christine Standing.



6. Droichead na Dubhcharradh … D. Ó. C.



7. Ancient Ruins of Ireland … H. MacD.



8. A Leathtaoib an Róid … Rosannach.



9. Amhran … Séamus Ua Creag.



10. A Few Aspects of the Plantation of England. … Vagus Fixus.



11. Faolchú Mín Macanta … Súil na Spinnce.



12. Teagasg na Mathara … Séamus Ua Creag.



13. Ossian's Address to the Sun … Macpherson.



14. Forty Hours' Leave … Rev. Wm. Mac Neely, D.D.



FOGRA



Caithfear iomlan néithe liteardha a bhfuil-
thear ag dréim a chur sa Chrann a sheoladh
annsair an Fhear Eagair, Calaiste Naomh
Adhamhnain, a Leitirceanainn.



Achan rud a bhuines le néithe graithe, ba
chóir a sheoladh annsair an Riaghaltoir, Calaiste
Naomh Adhamhnain, a Leitirceanainn.


L. 1


AN CRANN



CHUM GLÓIRE DÉ AGUS ONORA NA hÉIREANN.



UIMHIR 10. AN NODLAIC, 1919. TRÍ PÍNNE.



TOCHAIRT AN tSAOGHAIL.



An Cogadh.



Innean go bhfuil se chóir a bheith dhá bhliain
anois ó rinneadh socrú síochana, ní fhuil aon
chuma go bhfuil deireadh leis an chogadh go fóill
a n-áiteacha. Tá gearr chuid mhaith de na
sluaighte a chuaidh san árm tá tumall ó shoin
nach bhfuil réitighthe leis go fóill, agus nach
bhfuil fhios ocú ca nuair a bhéas a gceangal
sgaoilte. Tá cuid ocú seo anns an Égipt,
cuid eile anns an Talamh Naomhtha, cuid eile
ocú anns an Fhrainnc agus anns an Ghearmain,
agus tá cuid mhaith ocú sa Ruisia. Thug an tír
deireannach seo triubloid mhór do na Cúmhach-
taí Comhaonta ó thús an chogaidh, agus, réir
chuma, tá moran de'n chuntrailteacht inntí go
fóill. Ach, dúinne a n-Éirinn, ní fiu bioran
seo, agus da chórtha sin, ní chuirtear moran
suime ann ó tharla go bhfuil néithe eile thart fa
dtaobh dúinn atá ag tóirt a bhfad níos mó
triubloide dúinn.



An Stailc.



Ameasg lucht saothair tá an stailc ag gol
air aghaidh co treun teann sin fa lathair nach
mór go dtig aon rud a dheánadh, ionas nach
luaithe a bhíos socrú deánta a n-áit go mbris-
tear amach a n-áit ínteacht eile. Is cinnte
gur mór an t-anas a bhíos air an phobal fhad
agus bhíos an leatrom seo ann a measg, ná
cuireann se isteach air achan rud feudaim a rá.
Cuir a gcás, ma's iad lucht freastala air na
boithre iarainn a chuireas síos a gcuid urlais,
is léar nach féidir do aon duine turas a
dheánadh air an traen, ná arradh a sheoladh ó
áit go háit. Ma stadann lucht an ghuail ag
tochailt, is ró-léar go dtachtfar rothaí na
tráchtala, ó tharla gur leis an ghual a chuinnigh-
thar ag gluaiseacht iad. Ma chuireann lucht
deánta an tsoluis a gcuid urlais air lár, is
léar go mbéidh cathracha agus bailte mora a
ndorchadas, mar bhí cathair Bheul Fearste tá
tumall ó shoin. A n-aon fhocal is sóruigheach
an t-árthú a thainic air an domhan anois le cúig
no sé bhlianna.



An Poitín.



Ó thoisigh an cogadh is cuimhneach linn uilig
gur chuir an Rialtas breis cána air achan seort
biotailte, agus go hairid air an uisge bheatha.
Agus réir mar bhí an cogadh ag gol air aghaidh
go rabh luach na biotailte ag éirigh níos daoire,
agus anns an deireadh go gcaithfí oiread a
thóirt air leath-chionn as ceannochadh naigín tá
cuig no sé bhlianna ó shoin. Chuir seo leatrom
mhór air lucht tairt, air ndoighe. Ach an rud is
íontaighe fa dtaobh dae, sé go rabh níos mó da
ól ná roimhe ré; agus innean nuair a cuireadh
an bhiotailte faoi bhlas an Rialtais, go mbíodh
níos mo air meisge ná ariamh.



Ach le deireannaigh léar-nuchtadh an puinnte
seo go soiléar. A n-aon fhocal, toisigheadh ag
deánadh flúirse poitín air fud na tíre, agus
ó tharla go deachaidh tubracha na biotailte go
minic tirim, ba mhaith an éadail an poitín a
fháil agus an luach mór a thóirt air, innean nach
rabh an mianach ceart ann. Air an dóigh sin bhí
lucht an phoitín ag deánadh rud maith as a
gcuid saothair.



Ach, fa dheireadh, thainic an tóir air lucht
deánta an phoitín. Cáineadh inseo agus insiud


L. 2


iad, ach bhí an cháin co héadtrom sin nach rabh
binn ocú air, ó tharla go rabhthar ag fáil an
luach mór air an phoitín. Ach bhí an tuathal da
dheánadh ariamh aig an Rialtas, agus is cinnte
gurb é is cionntaigh leis an droch obair seo,
ná cha rabh féim air bith ocú an bhiotailte dlis-
tineach a chuinneailt faoi ghlas anois le dhá
bhliain.



An Mheasaracht.



Ach ó tharla go bhfuil an obair mhí-rathmhar seo
da chleachtadh go forleathan ar ais air fud na
hÉireann, tá eagla air mhoran go ndeánfidh
se dochar mór do Chunnradh na Measarachta.
Aig Comhdáil Thrí-bliantúil an Chomhcheangail a
n-aghaidh Iomlan Ólachain, a tharla tá tumall ó
shoin a gcathair Bhaile Cliath, léigheadh litir óna
Shoillse an Cárdanal Ó Lúog, agus lóireann
se go geur a n-aghaidh an Rialtais co maith le
lucht an phoitín:



“Measaim,” arsa a Shoillse, “nach bhfuil
sárú air an obair atá deánta aig an Chomhchean-
gal a n-aghaidh Iomlan Ólachain, leis an phobal
a chur air a leas a gcorp agus anam. Cheana
féin rinn an Comhcheangal moran leis an chúis
seo a chur air aghaidh, ach siocair nádúir an cháis,
tá tilleadh, agus, b'fheidir, moran eile le
deánadh go fóill. Cúis nach dtig neamart a
dheánadh dae is eadh cúis na measarachta. An
chúmhacht a gcaithfar truid na aghaidh, tá se go
beo go fóill, agus cha dtig a chosg ach le sír-
dhitheall mhór.”



“Tá brón mór orm a fheiceal,” a deir se aríst,
“go bhfuil toirmheasg úr da nuchtadh air fud
na tíre atá an-chuntuirteach do chuis na
measarachta. Siocair go rabhthar ag síor-
chárnadh cána air dheántus biotailte, tá an oir-
ead sin de shochar anns an deántus aindligheach
fa lathair nach gcuireann na cánta aon bhac air.
Cánta a thig a shaothrú fa thrí no fa cheathair le
sochar sóruigheach, is furust a gcur faoi neamh-
shuim. Anois, de iomlan na néithe a chothuigheas
mhí-bhéasa agus meisge, tithear damhsa gurb é
seo is treise.”



An Fómhar.



Ó tharla go rabh samhradh tirim againn a
mblianna, bhí achan cheanal toradh ag amharc go
háluinn air fud na tíre, agus go hairid tortha
na gcrann. Bhí an oiread sin de úllaí agus
de phéartha air na cruinn go rabh na geuga ag
lúbadh go talamh le na meáchan. A dtaoibh
préataí, is dóiche liom nach rabh a leitid de
barr againn le moran blianta, agus da chórtha
sin, cha rabh an aichid le feiceal a n-áit air bith
feudaim a rá. Innean go rabh an séasúr
tirim, bhí bárr bréagh coirce ann fosta, agus ó
tharla go dtainic se ann tosaigh go luath, bhí an
chuid ba mó dae buinte air an cúigeadh lá
deug de mhí an fhómhair.



Ganntanas Uisge.



Siocair go rabh teas agus triumlachas
soruigheach ann a ruith an tsamhraidh, a dtratha
an fhómhair feudaim a rá nach rabh striog uisge
a n-olltubracha na mbailte mór, ionas go rabh
leun air na cruatain a rabh cuid ocú ann. A
mBeul Fearste agus a mBaile Cliath bhí an t-
uisge gann go leor, ach a n-áiteacha eile bhí an
sgeul a bhfad ní ba mheasa. A nDoire, feud-
aim a rá nach rabh striog ocú a dtus mí an
fhómhair, agus a ruith na míosa sin, cha rabh le
fáil ocú ach braon beag uair no dhó sa tseach-
tain, agus gan é ró-mhaith ach oiread. Bhí
moran daoiní a mb'eigean daofa bunas a
gcuid uisge a tharraint as áiteacha taobh amuigh
de'n chathair. Anns na tuighthe ceárd, agus a
dtuighthe eile a rabh an t-uathas uisge ann tas-
tail fa chuinne oibreacha tráchtala, geárradh
uafa an t-uisge air fad. A n-aon fhocal bhí
dóigh dhona go leor air mhuintir Dhoire, ach is
doiche liom go ndeánfar lón níos feárr san
am atá le theacht.



Sgeul Bronach.



Ameasg Cléir Tír Conaill, agus ameasg a
shluaighte carad, eadar tuata agus Cléir air
fud na hÉireann, bhí brón agus briseadh croidhe
nuair a chuaidh an sgeul brónach amach, tá
tumall ó shoin, go bhfuair an tAthair Micheal
Mac a'Bháird bás. Bhí an sagart croidhmhail
seo na uachtaran air Chalaiste Naomh Adhamh-
nain, agus ní miste a rá gur choimhlíon se an
ofaig sin go héifeachtach. Le na linn rinn se
a mhór dhitheall le cúis a thíre agus a teanga a
chur air aghaidh, agus mar uachtaran, shaothruigh
se mór mheas agus grádh na mac-leighinn le na
chroidhúlacht agus le na chóirlle athara. Tá


L. 3


cupla bliain ó shoin, fuair a athair, Seaghan
Mac a'Bháird, bás. Bhí aithne mhaith airsean a
gcruinnigheacha Chonnartha na Gaelge agus anns
an Choiste Ghraithe. Sgaith Éireannaigh a bhí san
fhear diaganta déagh-chroidheach seo, agus
sgríobh se moran de leorthí uasaideacha ann a
theangaidh duthchais. Da gcáirde gaoil tairgim
frith-shearc mo chléibh, agus go ndeánaidh Dia
trócair air an bheirt ionmhain seo.



SÉAMUS Ua CREAG.


L. 4


ROSANNACH.



SLIABH LIAG
AGUS
Sgeul an Spáinnigh.



Turas an tSagairt.



Réir beul-oidis na háite bhí sagart éigin
uair amháin air pharaiste Chill Chartha darb
ainim an tAthair Ua Ceairr agus cha rabh
sagart le na linn ba mó meas agus urraim
ná an sagart cróda cráifeach seo. Nuair a
théadh se amach air sgairt tinnis ná air ócaid
air bith eile, bhíodh a chléireach a gcómhní le na
chois. Uair amháin tharla go rabh se a Malann
Beag, agus thug feirmoir de chuid na háite
cuireadh dó an oíche a chathadh aige agus fanacht
go maidín. Ghlac se an cuireadh, ach ó tharla
go rabh se an-tursach a ndeidh obair an lae a
chur thairis, chuaidh se a luighe go luath. D'fhan
an cléireach agus an teaghlach ag cainnt a chois
na teineádh go rabh se mall go maith san oíche,
ná air ócaid de'n tseort, is grách árneal mhaith
a dheánadh. Ach fa dheireadh thoisigh an t-aos óg
ag imeacht, duine a ndéidh an duine eile, a
luighe. Bhí an cleireach taite aig an tseana-
chasg, agus cha rabh mian air bith aige éirigh as a
choirneal sheasgair go cionn tumaill eile. Cha
rabh íontas air bith inseo, ná oíche ab eadh í a
mheallfadh duine an méid a thiocadh leis a
bhuint as a leithid de sheasgaireacht nuair a bhí
an ghaoth ag caonadh go brónadh taobh amuigh


L. 5


de'n fhuinneoig, agus an stoirm a d'éirigh go
luath anns an tranóna, bhí se a réir a cheile ag
meudú agus ag éirigh níos guirbhe achan bhum-
aite. Mar sin dae, bhí se-fhéin agus fear an
tuighe ag cómhra leo go rabh se a bhfad siar san
oíche.



Ach sa dheireadh chualaidh an cléireach a ainim
da sgairigh amach anns an tseomra a rabh an
sagart na chulladh. Bhí an seomra seo a
n-aice na cistinighe, agus siud asteach leis,
agus is amhlaidh a bhí an sagart agus a chuid
éadaigh air, agus é gléasta chum siuil. “A
Eoin, a mhic,” arsa an sagart, “cuir an dialaid
air an chapaillín có tiuth as thig leat, ná caith-
famuid a ghol thar Sliabh Liag có mear a
nÉirinn as thig linn, agus tóir aire agus ná
deán callan air bith fa dtaobh dae, ná is mian
liom sgiordadh air shiul có socair as thig liom.”
Bhí íontas mór air an chléireach, ach bhí fhios aige
nach rabh aon ghar dó cur a n-aghaidh an tsagart,
ná shóruigh se rud ínteacht ann a chainnt a
gcaithfí géilleadh dó.



Rinn fear an tuighe a dhitheall leis an tsagart
a chuinneailt go maidín. Chuir se a n-iul dó
an chuma fhiain a bhí air an oíche, agus an bealach
cuntúirteach a bhí aige le siul thar Sliabh Liag
agus thar Chasan an Aon Fhir, agus go rabh gaoth
ag séideadh a sguabfadh na hadharca de na ba.
Ach ní rabh gar a bheith leis an tsagart. “A
Dhomhnaill,” ar se le fear an tuighe, “tá oíche
spéir-ghealaigh ann, agus innean da mbéadh se
dorcha, tá eolas maith agam air an bhealach,
agus tá eolas aig an chapaillín air achan órlach
dae. Is ionann's an cás damhsa Casan an Aon
Fhir agus an bealach mór.” Tugadh an capaillín
thart go dtí'n doras, agus a ndéidh a bheannacht
a fhágail aig an teaghlach, chuaid se sa dialaid.
“A Eoin, a mhic,” ars an tAthair Ua Ceairr
nuair a bhí siad giota maith air a mbealach, “ar
chaill tú do theangaidh? Tá eagla orm nach
bhfuil ionnat ach claere na dhéidh sin.” “Ni
claere air bith me,” arsa Eoin, “agus is maith
atá fhios agat, a Athair, nach sheadh.” “Maith
thú, maith thú, a Eoin! Tá, luthair orm go dtig
leat lóirt.” “Maise, leis an fhírinne a rá, a
Athair, is íontach liom duine air bith a bhfuil
ciall ann a chionn, go rachadh se amach a leithid
de oíche le ghol trasna Sléibhe Liag, nuair ba
chóra dhó a bheith ag urnuigh agus ag tóirt buidh-
eachais do Dhia air son go dtug Se fasgadh
tuighe dó.” “A Eoin, bionn na haingle amuigh
sa stoirm có maith le anns an chuineas. Bíodh
misneach agat, bíodh misneach agat; cosno-
chaidh na haingle sinn.” Cib air bith eagla a bhí
air an chléireach go dtí seo, chuir an oraid seo
an tsagairt deireadh leis, agus ag musgladh a
mhisnigh, shiuil se air aghaidh go mear miotalach.



An Séidean Sighe.



Agus anois thóg an tAthair Ua Ceairr a shúile
le dearcadh air chórthaí na doineanna. Ba é
an chiod uair dó é; agus, a dtús báire,
d'aimsigh sé a shúil gheur air an spéir, agus air
an ghealaigh, a bhí fa'n am seo go hárd anns na
firmimintí, agus í ag truid agus ag treobh
fríd neultaí neimhe a bhí da bachadh air a turas
neimh-chríochach. Insin dhearc se síos air aghaidh
a mára, agus ba ró-léar dó go rabh an
t-anfa tuar-dhearg ag meudú. Cor uair cha
dtiocadh aon rud a fheiceal faoi sgáil dhorcha
na neul, ach anois agus aríst thigeadh an
ghealach amach, ag nuchtadh tonntracha fíochmhara
na dílinne, a bhí ag éirigh anáirde na sléibhte
móra millteanacha, agus an ghaoth mhór da
siabadh air chos anáirde agus da stealladh a
n-aghaidh spinnceacha, ruite na haille. Insin,
a ndéidh an mhór ghaisge sin a dheánadh, rachadh
an t-anfa mar béadh splannc ann amach suas
a n-aghaidh na haille, agus ann a threo sóruigheach
ag tógailt carraiceacha cloch agus da sgeár-
dadh na gciothannaí, ionas go sílfea nach rabh
ionntú ach caf. Ba fhír-mhillteanach air fad
uailleacha an anfa agus é ag strócadh amach
suas an cruc, agus ollghlór uathasach na dílinne
le linn tárneach na dtonn da mbriseadh air
aghaidh na haille, agus ó tharla go rabh casan
an dá thriallaire cógarach go maith don aill
chianna, ba fíor-dhoiligh daofa a dturas a
dheánadh an oíche leunmhar adaí. Ach da mheud
dainnsear na hoíche, char chuir an sagart aosta
seo aon suim anns na néithe sóruigheacha a
thannaic se, agus shuidh go socair suaimhneach
agus go neamh-shuimúil air a chapaillín chruaidh
chróda a ruith an ama.



Bórdaigh air leath bealaigh eadar Malann
Beag agus Casan an Aon Fhir, bhí a mbealach
ag síneadh a chois bárr na haille ruite seo,
agus is bréagh an t-amharc atá le fáil inseo
air chuid de na spinnceacha giota nios fuide
air shiul. Nuair a thainic an sagart agus a


L. 6


chléireach fhad le himeall na haille, d'ísligh an
ghaoth go tubann. “A Eoin, a mhic,” ars an
sagart, “ní maith liom an ciuineas tubann
seo, agus ní chuirfadh se íontas air bith orm da
dtigeadh séidean sighe aníos na hailltreacha
gan moran muille.” Da mheud a chródacht,
chuir na focla seo chrith-eagla air Eoin. “Tá
an fhírinne agat, a Athair,” ar sé, “agus is
feárr dúinn a ghol giota maith amach ón imeall
agus luighe síos go cionn tumaill bhig.” “Ní
fhuil féim air bith deifriu, a Eoin, tá mo
chapaillín lán chinnte, agus ní heagal dúinn.
Dearcamuid síos go bhfeicfamuid go dé tá
ag gol air aghaidh shíos.” Bhí an ghealach ag
soillsiu go geal san am chianna. Chuaidh siad
go bruach na haille, agus, ag síneadh a smach-
tín maircigheachta air rud ínteacht, lóir an
sagart go haigeanta: “Amharc, amharc! Tá
an séidean sighe faoi Chasan an Aon Fhir!
Amharc air an chrap mhór dhubh adaí! Tá se ág
tógailt an uisge!”



Chan aniu ná ané a thannaic an seanlaoch
sagairt seo an t-amharc adaí, agus a dtaoibh
an chléirigh, cha n-abrochainn go rabh a leithid a
gainfhios dó ach oiread. Cionn de na séideain
sighe sin a éirigheas go minic aig bun na
n-ailltreach seo a bhí ann. Bhí an cléireach air
crith leis an eagla. “Air gcúl linn air an
bhumainte!” a sgairt se amach, “ná b'fheidir
go dtiocadh se an bealach seo, agus ma thig, is
truagh dúinn!” “Ná bíodh eagla ort, a Eoin,”
ars an sagart,“thannaic me a leithid a roimhe —
Feuch air! Shílfea go bhfuil an méid gaoithe
atá ón Tráigh Bháin go Cionn Cargain bailighthe
astuigh anns an chrap dubh dorcha sin, agus é ag
casadh agus ag síor-chasadh, agus da thiomaint-
fhéin níos guiste agus níos guiste achan
bhumaithe. Feuch! Có cinnte as tá me beo tá
se ag teacht an bealach seo! Ach fan, tá se
ag stopadh — Tá se guite eadar na creagacha!
Uch, feuch mar chasann se air éadan na dtonn,
agus é ag iarraidh a ghol síos fríofa, ach cha
dtig leis, agus air an ábhar sin tá se ag
stealladh an uisge a n-aghaidh na haille. Agus,
a Righ na gcarad, amharc an dóigh a bhfuil se ag
éirigh anois! — Caithfamuid bugadh amach as seo
go tapaidh, a Eoin, ná feudaidh se a theacht
orainn. Amharc! siud amach suas an cruc é,
agus cumas deich míle fathach ann!” Bhí an
t-amharc uathasach seo a thannaic siad faoi na
súile có millteanach sin nach rabh aon chruinneas
ocú air an dóigh ar ghuill se ortú — Bhuin an
t-uathas an galantas as. Ag éirigh a dtús
báire mar bhéadh neul cruaidh croidhe-dhorcha
ann, thóg se toirt sóruigheach de uisge na
mára, agus steall na chúr geal bán air
charraiceacha na spinnce é; agus, ag pilleadh
do na stealltracha uathasacha, bhí leun go deo
air an amharc a bhí le feiceal aig bun na n-aill-
treach! Ach le sgeul fada a dheánadh gairid,
aníos leis a n-éadan na haille agus é ag
strócadh an talaimh, ag sguabadh achan rud
roimhe ann a threo, agus tarman có millteanach
sin leis go sílfea go rabh an sliabh ag tuitim
as a cheile!



Cha deárn na triallairí moran muille anois.
Chuaidh siad giota maith amach air an chaoran,
ach réir mar bhí siad ag teitheadh cha deárn siad
dearmad a súil a chuinneailt air chúrsa an
tseideain sighe. Bhí eagla mhillteanach air an
chléireach, agus innean an sagart é-fhéin, bhí se
ag éirigh mí-shuamhineach go leor, ag feiceal dó
go rabh an chuntúirt ag teacht go glan díreach ann
a dtreo. Thainic se anuas da chapaillin agus
chuaidh siad giota eile amach ó bhruach na haille.
“A Eoin,” ars an sagart, “nach dtig leat áit
air bith a dtiocadh linn luighe síos a fháil, ná
rud air bith a dtiocad linn greim a fháil air?
Tá an séidean sighe sin có láidir sin go dtóg-
fidh sí de'n talamh sinn mar bhéadh lóchan ann,”
Ach cha dtiocadh le Eoin aon rud a fháil ach cíb
an chaorain. “Cha ndeánann seo graithe air
chor air bith,” ars an sagart. Bhí an ghaoth
leunmhar ag taraint ortú go dian dána, agus
bhí siadsan ag lámhachan ann a threo díreach. A
gcionn tumaill bhig phreab an sagart, agus
lóir amách go haigeanta: “Mór áltú do Dhia
na Glóire! Támuid sábháilte!” B'fhíor dó.
Le cionn de na cleasa sóruigheacha is dual
don tséidean sighe, stad se go tubann, agus
ag tiunta ann a chúrsa, as go brách leis bealach
eile, agus char stad se go deachaidh go fíor-
mhullach Sléibhe Liag, an áit a rabh se ag
deánadh cúrsa damhsa sóruigheach gur chaill se
fa dheireadh iomlan a bhuinne ameasg na
mbeann. “A Eoin, ars an sagart nuair a
d'éirigh re de'n talamh, “nach fíor go bhfuil na
haingle dar gcosaint?”



Arrainn an Bháis.



Ó tharla go rabh siad fír-chinnte anois go rabh


L. 7


deireadh leis an tséidean sighe agus go
bhfeudfí a ghol air aghaidh, bhí luthair mhór orthú,
agus a ndéidh áltú a thóirt do Dhia air son a
sábhail, chuaidh siad air a dturas ar ais suas
molaidh an tsléibhe gur sroich siad an puinnte
is airde de Shliabh Liag, agus go rabh siad air
Chasan an Aon Fhir. Ba deacair bealach níos
dainnsearaighe a fháil ná an casan cianna seo
a bhí ag síneadh air imeall na haille; ach, gan
oiread agus smaoitiu air an chuntúirt, do shuidh
an sagart air mhuin a chapaillín fhaichilleach ruith
an ama, agus iad ag siul air fhír-imeall na
spinnce.



Ach, a thaisgidh mo chroidhe, a gcionn tamaill
bhig, sheas an capaillín go tubann a lár an
chasain, agus dheon a cos a rachadh órlach níos
fuide; agus ag síneadh a sróna amach thar
bhruach na haille, thoisigh sí ag seitrigh agus ag
sróntarnaigh, ionas go rabh íontas air an
tsagart agus uathas air an chléireach. Smeach
an sagart a muineal le na láimh le na ciuiniu.
“A Eoin, ar chualaidh tú glór eugsúil air bith?”
ars an sagart, “ach cha rabh aon fhocal aig Eoin
ach, “Dia ar sábhail!” D'éist an bheirt ocú go
haireach, agus, air ball, thannaiceas daofa gur
chualaidh siad osna fada fíor-bhrónach shíos
faofa. A gcionn tumaill bhig eile chualaidh
siad go sóléar é. “A Eoin,” ars an sagart,
“sin Críostaí éigin atá a gcruadh chás, loite,
b'fheidir, a gcorp agus anam. Feuch! tá long
bhriste shíos-adaí. Thig liom a heasnacha sgaite
a fheiceal anois agus aríst eadar na tonnaí.
Fan thusa inseo a mbun an chapaillín, agus air
d'anam ná corruigh go dtiocaidh mise ar ais
chugat.”



“Air son Dé, a Athair, tóir aire! An é gur
mian leat thú-fhéin a chathadh síos an spinnc?”
“Na bíodh eagla air bith ort, a mhic; nuair a bhi
mise óg ba mhinic a chuaidh me fríd na haill-
eacha seo, agus innean go bhfuil siad ag
crochadh go ruite os cionn na faraige, tá puill
agus póirsí ionntú. Is minic a bhuineas Dia
an mhaith as an olc. Tá eolas agamsa air
achan choirneal agus air achan choiscéim da
bhfuil ann, agus an rud a rinn me ann m'óige
air son na baoise, cuideochaidh se liom a
dheánadh anois air son Dé, agus anam
b'fheidir, a shábhail. Tá fhios agam go fíor-
mhaith go bhfuil feith láidir agus misneach
dó-chlaoite ann tastail le ghol fríd an áit
fhiain seo, ach innean go bhfuil me aosta,
tá cleachtadh mo chos agam air na creagacha
seo, agus mothuighim go bhfuil me có láidir an
oíche bheannuigh seo as bhí me tá dhaichead bliain
ó shoin.”



Fhad agus bhí se da rá seo bhí an sagart ag
buint dae a charbhat agus a chota mór agus a
ndéidh iad a fhágail aig an chléireach, leig se
é-fhéin amach síos thar bhruach na haille, agus
chuaidh síos go han-thliste air a chosa agus air
a lámha. Nuair a bhí se ag gol as amarc dhearc
se aníos: “agus rud is feárr ná an t-iomlan,
a Eoin, tá na haingle dar gcosaint.”
“Maise, go gcosnaigh na haingle é! arsa
Eoin, agus nach mór gur mhothuigh se go dé bhí
da rá aige.



A ndéidh ceithre uaire an chluig a chathadh ag
faireachas air bhárr na haille, shóruigh an cléir-
each méinn neamh-choiteanta ag teacht air an
chapaillín, ná thoisigh sí ag seitrigh agus ag
sróntarnaigh agus ag strocadh le na cosa air
dhóigh go sílfea go rabh sí ag deánadh réidh le
ghol de léim thar imeall na spinnce. Ach, an
darna bumaite, chualaidh se glór an tsagairt
agus é ag lámhachan aníos aghaidh na spinnce,
agus a gcionn tumaill bhig bhí se na sheasadh os
a choinne. Shín se a lámh annsair an chléireach.
“A Eoin, a mhic, nach bhfuil na haingle dar
gcosaint?” Rug an cléireach air an láimh a
tairgeadh dó agus phóg go cráifeach í. Ach
innean gur duine lán-chainnteach a bhí sa chléir-
each ariamh, narbh íontach an rud é nach dtainic
oiread agus focal amach as a bheul gur chuir
siad Casan an Aon Fhir tharstú? Insin fuair
se uasaid a theangadh, agus b'iomaidh ceist a
bhí aige le fiafruigh, agus thug an sagart líon-
chunntas dó air a imeachta aig bun na spinnce.



Ag cluinstin creadaigh agus mairgnigh an
duine dó, cha rabh a bhfad go dtainic an tAthair
Ua Ceairr fhad leis an duine bhocht, agus é ag
fáil bháis. Spáinneach a bhí ann, agus ó tharla
go rabh an sagart tumall ag feoluim a
gcalaiste de chuid na Spáinne, bhí se a ninimh
lóirt leis a dteangaidh na tíre sin. Is cosúil
go sabh mathair mhaith chráifeach aig an strainn-
sear bhocht, agus nuair a bhí se na ghasúr, a
gcuideachta paidreacha eile, thug sí air paidir
bheag speisealta a fheoluim agus a chleachtadh,
ag iarraidh air Dhia cuideadh sagairt a thóirt
dó nuair a bhéadh an bás ag teacht air. Agus


L. 8


bhíodh sí a dóladh ag rá leis an phaidir seo a rá
achan oíche ag gol a luighe dó. Thit sise a
mbreoiteacht agus fuair bás nuair nach rabh
sesean ach na ghasúr. Ach réir mar chuaidh an
gasur a n-aois d'éirigh se aníos na bhuachaill
mhí-bhéasach; ach, da mheud a dhroch iompar, cha
deárn se dearmad de'n phaidir a d'fheoluim
se óna mhathair. Fa dheireadh d'fhág se a thír
duthchais agus d'imigh leis go dtí na hInnidheacha
Shiar. Inseo d'árthuigh se da dhroch-bhéasa, agus
a ndeidh saibhreas mór a bhailiu, chuir se ann a
chionn a theacht na bhaile. Leis an intinn sin
dhíol se amach iomlan a sheilbh, d'fhastuigh long
le na thóirt na bhaile, agus nuair a chruinnigh se
asteach inntí a rabh de ór agus de airgead
aige, sheol se air shiul. Chuaidh achan rud go
maith leis an luing a dtús báire, ach ní mór go
rabh sí dhá lá air an uisge gur éirigh an aimsir
an-gharbh, ionas go rabh se ag séideadh gála
ruith an bhealaigh. Fa dheireadh, d'éirigh an ghaoth
có millteanach sin go deachaidh sí as a treo,
agus siabadh asteach go cuan Dhún na nGall í.
Rugadh orthí a mór-anfa na hoíche adaí, agus ó
tharla go rabh tús na hoíche dorcha, char mhothuigh
an caiftín go rabh sí buailte leis na carraic-
eacha.



Nuair ba léar don Spáinneach go rabh achan
rud caillte, chuir se roint óir a mála leathair
a bhí aige, agus da cheangladh timpeall a
bhásta, léim se de'n luing mhí-ádhmharaigh le na
anam a shábhail, agus sul air slugadh síos faoi'n
uisge é, dúirt se go han-chráifeach, agus le
dólas croidhe, an phaidir adaí a d'fheoluim se
óna mhathair ann a óige. Slugadh faoi'n uisge
é, ach a gcionn tumaill d'éirigh se air uachtar
ar ais, agus ó tharla go rabh se na snámhthoir
mhaith, thug se iarraidh chalma a ghol fhad leis an
talamh tirim. Ach bhí fuinneadh agus fórsa
millteanach leis an taoide, agus nuair a sroich
se an tráigh sguabadh amach thar na carraiceacha
geura ar ais é. Mhothuigh se insin go rabh se da
thachtadh agus da phlúchadh, agus go rabh se ag
éirigh dall ó chúr na dtonn: go rabh a chionn ag
cromadh agus ag cromadh go dtí go rabh se
faoi'n uisge air fad, agus insin thannaiceas
dó go rabh se ag gol síos, síos, síos air bheul
a chinn go tóin na faraige. Ón am sin amach
níor léar dó aon rud gur mhusgail se as
briongloid a bhí aige. Anns an bhriongloid
seo thannaic se aghaidh dílis a mhathara agus í
ag freastal air, ag nighe a éadain agus ag
cur íce ann a chréachta nimhneacha.



Nuair a mhusgail se as an bhriongloid seo bhí
se na luighe air léab mhór de charraic os cionn
na dílinne. Cha rabh a bhfad go dtug se fa
dear an chuntúirt a rabh se ann, agus innean
go rabh se loite go mór, strachail se é-fhéin có
maith as thainic leis as an dainnsear go rabh se
a n-áit sábhala. Anois agus aríst b'eigean dó
a sgriste a dheánadh, ach anns an deireadh bhí se
có sáruighthe gur thuit an duine bocht da chosa
anns an áit a bhfuair an tAthair Ua Ceairr na
luighe é, Inseo, siomaidh paidir a d'ofrail se
suas air son a pheacaidh ach go hairid an phaidir
a d'fheoluim se óna mhathair, agus achan uair da
n-abrochadh se an phaidir sin thigeadh na hosnaí
dólasacha. ag smaoitiu go brónac leis-fhéin
gurbh olc an airidh air go gcluinfí í. Ba iad
seo na hosnaí a tharrain an sagart chum na
háite.



Ach, a thairgidh mo chroidhe, nuair a shóruigh se
an sagart aig na thaoibh ba mhór an t-íontas a
bhí air, agus ba dheacair a luthair a léarnochtadh
nuair a shóruigh se gur a dteangaidh a mhathara
a lóir an sagart leis, agus a bhí anois air a
ghlúna aig na thaobh. Ach bhí an duine bocht go
han-íseal fa'n am seo, agus ba ró-léar go
rabh fuacht an bháis ag snámh air a cholann
chráite, agus nach rabh ann ach go rabh faill aige
imeachta a shaoghail a innse don tsagart mhaith,
agus an méid óir a bhí aige a thóirt dó le
teampall beag a chur air bun mar mion-ofral
do Dhia air son na ngrásta seo. A ndéidh an
sagart mathamhnas a thóirt dó, agus achan sólas
eile a bhuineas leis an chreideamh, fuair an
Spáinneach bás, agus tamall na dhéidh álacadh
a n-áit oireamhnach é. Cuireadh suas an teám-
pall, agus tá a bhallogaí go fóill le feiceailt
air thaobh an bhealaigh mhóir eadar Cill Chartha
agus Carraich; — “Teampall an Spáinnigh”
atá mar ainim air go dti'n lá aniu.



SÉAMUS Ua CREAG.


L. 9


DROICHEAD NA DUBHCHARRADH.



Tá baile beag aoibhinn
Measg shléibhte Thír Conaill,
A's seinm na londubh
'Na thimpeal gach lá;
Ní'l sáimh-séidean gaoithe
Ó mhaidín go hoidhche
Nach dtarann annseo
Le na cheud fichead bláth.



Air áilne na háite
Ní'l sárú ná bualadh —
Na shuidhe air ghuailibh
Na gcrann a's na n-árd;
Le suailce a's aoibhneas
Chan ort a bhéadh dithneas
Ag fágail na tíre seo
Leitir 'ic Bháird.



Fríd choilltibh a's gleanntain
A's uamhannaí sléibhe
Le gradh geal do chléibhe
Ag triall trathnón,
Le bog-chlann na ríogh —
Treis ólachain's bidh —
Cha ndéanfa aon mhalairt
Ná dheánfa la brón.



Ó Dhuaidh go Loch Barra
'S ó sin go dtí'n fhairrge,
'S ní ghlacfinn air mhargadh
As fanacht air shiubhal
Ó mo bhaile beag áluinn
Aig bun na gcnoc állta
Chois abhna Gaoth Barra
Na dtonnaí faoi chubhar.



D. O. C



Droichead na Dubhcharradh,
Meadhon Fóghmhair 11adh, 1919.


L. 10



L. 11



L. 12



L. 13


I LEATH-TAOIBH AN RÓID



I Mereicea is áluinn na mháta,
Go háirid i dtráth na Féil Eoghain:
Bíonn na tomogaí taibhseach le blathaibh
Ag sárughadh a chéile i bhfeobhas;
Tá'n t-astor, an tiulap 'san butha
Go flúirseach, an lil a's an rós,
Acht ní léar damh an saercan deas cúmhra,
Ná'n neoinín i gcumhasaibh an róid.



Ba dhoiligh dhuit tír fhághail co torthach:
Faoi thalamh tá'n t-iarann san t-ór;
Bheir an t-ithir uaidh toradh go coitcheann
I gcoirce's a gcruithneacht go leor;
Is líonmhar an phis a's an phónáir
'S ní stróinse an préata faoi'n fhód,
Acht ní bhlaiseann mar bhlaiseadh i bhFódhla
I mbothan i leath-taoibh an róid.



Tá a bántaí lán-líonta de tháinte:
Tá'n each ann, an mhuc a's an bhó;
Tá'n fiadh 'san faolchú i bhfasach,
An mathghamhain gránna 'san leomhan:
Tá na héisc iona huiscibh go farsaing:
Tá bric ann a's bradain go leor;
Acht ní bhlaiseann mar bhlaiseadh i mBanba
Ó'n lochan i leath-taoibh an róid.



Tá geuga na gcrann ann i ngábha
A mbriste ó mheadhachan an mheas;
Tá'n t-úbhall ann, an t-oraist 'san t-áirne
A's tortha lán-taitneamhach, fras;
Ní fheudthar a caora 'sa smeura
A aireamh ó iomad an stóir,
Acht ní bhlaiseann mar bhlaiseadh i nÉirinn
Na smeura i leath-taoibh an róid.



Tá fir ann glic, gasta, géarchúiseach,
Géarghnúiseach ó chnuasughadh an óir;
Ar fuadar, breith buntaiste a chéile
Gan spéis i gcomhluadar ná i gceol;
Tá mná ann ag ceannaireacht coilean
Ba chórtha bheith 'g oileamhain aos óig,
Neimh-ionann's mná céillidh na hÉireann,
Mar's léar dúinn ó leath-taoibh an róid.



Ná fágaigidh Éire, a cháirde —
Is glas iad na cnoic i bhfad uaibh;
Ma's mó í an pháighe 'sna Státaibh,
Is gearr théid ar earraidhibh bhíos daor;
Tá'n taisme 'san gábha go gnáthach ann;
Tá'n bascadh 'san bás ann i gcomhair,
'S ní fhágfaidh ma glacann sibh comhairle
Bhur mbothain i leath-taoibh an róid.



ROSANNACH.



AMHRAN.



A gceart-lár coilleadh
A dtúisceart na hÉireann
Tá cró beag seasgair
Ag soillsiu sa ghréin,
'S mo chreach gan mise
San áit aoibhinn aerach,
Ag éisteacht gan mairig
Le ceolta na n-eun!
Bíonn cruinn-chlár neimhe
Insiud gan ceo
Ag sileadh suaircis
Go deo, deo, deo!
Agus cluintear na sruthain
Ag sinim gach tráth,
Agus ollghlór an sgeárdain
Bhinn oíche's lá.



Air éadan aoibhneach
Na tíre fa lathair,
Níl bláth da bhfásann
Nach nuchtann a ghré:
An saercan suairc,
An bainne-bó-bleachtain,
'S an nóinín geal gleoite
Mar réiltín sa spéir.
Tá'n sgeach ag sgeitheadh
Go cúmhra caoin,
'S an feithlean fáinneach
Go buidhe, mil-bhuidhe!
Agus cluintear na heunacha
Aoibhne gach tráth
Ag sgabadh a mbinn cheolta
Oíche's lá.



Ó siomaidh cor anns
An tsaol seo, a charaid,
As siomaidh suairceas
A chailltear sa treo,
As siomaidh cruatan
A chastar don duine
Nach dtig leis a sheachnadh
Sa ghleann seo na ngeor!
Ach brón as buaireadh,
Da mheud a ngleo,
Tig cuimhne cianmhar
Na sógh fadó,
Nuair a chluintí na heunacha
Aoibhne gach tráth
Ag canadh a mbinn cheolta
Oíche's lá.



SÉAMUS Ua CREAG.


L. 14



L. 15


VAGUS FIXUS.



FAOLCHÚ MÍN MACANTA.



Uair amháin bhí baintreach bhocht ag gol tras-
na an tsléibhe ó Thílinn go Malainn Beag nuair
go dé chasfí orthí a lár a casain ach faolchú.
Ní miste a rá go raibh eagla a cuirp orthí, agus
cha rabh fhios aicí ceocú ar chóir duíthe tiunta
agus teitheadh, ná a misneach a bhrostú agus a
ghol air aghaidh. Ag smaoitiu mar seo duíthe
sheas sí a lár a bealaigh, agus ma sheas rinn an
faolchú an cleas cianna, agus anois bhí an
bheirt ocú os chionne a chéile amach. A gcionn
tamaill bhig thug sí fa dear nach rabh aon droch
chuma air an ainimhí. Thug seo uchtach mor
duithe, agus, ó tharla gur imigh an eagla, thoisigh
sí ag stánadh go geur air an bheách uathasach,
agus chuir se luthair orthí a thóirt fa dear nach
rabh mian air bith aig an fhaolchú iarraidh námha-
dúil a thóirt orthí. A n-aon fhocal, char chuir se
aon chor as-fhéin, ach amháin cionn da chosa a
thógail anáirde anois agus aríst, agus a
leigint anuas ar ais. Ann a shúile fosta, bhí
ceanal de luisne caoin truachanta nach grách
a fheiceal san ainimhí seo. Mar sin dae, ag
glacadh uchtaigh, bhug sí air aghaidh, ach ag cuinn-
eailt a súile, ruith an ama, air an fhaolchú, agus
nuair a bhí sí ag gol thairis, thug se súil-
fheuchaint brónach na déidh, agus nuair a bhí sí
chóir a bheith as amharc, bhug an faolchú bocht air
shiul air a thrí chosa.



Ach mar thuitfadh splainnc orthí-sa, thainic


L. 16


smaoitiu ann a cionn go mhb'fheidir gur cionn
da chosa a bhí loite, agus go dtainic se amach
as a phluais ag dréim le sócal a fháil uaith-se.
Thunntuigh sí agus ruith na dhéidh, ag sgairtigh
air mar sgairteann duine air pheata madaidh.
Nuair a shóruigh sesean go rabh sí ag sgairtigh
air stop se air an bhumaite, agus ag tiunta
thart, chuaidh fhad leis an bhaintrigh agus d'áir-
digh an chos loite. Dh'fheuch sise air, agus
thannaic sí go rabh dealg sáite go dómhain
inntí, agus go rabh an chos atuíste go mór.
Bhuin an bhaintreach bioran láidir as a hochras,
agus a ndéidh an dealg a tharaint amach, nigh
agus ghlan amach an chréacht. Insin, nuair a
thannaic sí go rabh an t-ainimhí bocht sásta,
agus córtha an aoibhnis agus an bhuidheachais go
ró-léar da thaisbaint aige, lean sí air a turas.



Maidín amháin ta cupla lá na dhéidh seo,
tharla gleo sóruigheach sa chórsanacht. Bhí cuid
de bhunadh an bhaile air a gcois go luath ag
amharc air a gcuid ealaigh agus caorach, agus
fuair siad air iarraidh iad. A lár na hoíche
sguabadh a gcuid stoc de na cruic, agus mar
sin dae, chuaidh an gháir dhearg amach nach rabh
bó ná bearach le fáil. Gan moran muille
thoisigh an cuartú, agus cha rabh a bhfad go rabh-
thar air lorg an ghadaidh, agus go bhfuaras fhad
leis. Astuigh a ngáraidh a rabh cloidhe láidir
cloch thart fa dtaobh dae, bhí iomlan an eallaigh
cruinn bailighe, agus faolchú ag spaistearacht
annon agus anall os coinne an bheárna da
gcoimhead, agus ag cur cuma mhillteanach air-
fhéin achan uair da gcuirfí asteach air. Mar
sin dae, thainic muintir an bhaile uilig a gcionn
a cheile, chruinnigh siad carnan mór cloch, agus
thoisigh da gcathadh air an fhaolchú; ach inneann
go rabh na clocha da gcathadh na gcoithannaí
móra, lean an faolcú air a ghárda go miot-
alach, agus é ag sudar anonn agus anall air
an chasan a bhí leagtha amach aige, anois agus
aríst ag greadadh a leasracha le na ruball,
agus ag nochtadh a fhiacla, le tóirt le tuigbheal
daofa nach rabh binn aige orthú. Bhí an gleo
agus an callan ag meadú có mór fa dheireadh
nach rabh a bhfad go rabh iomlan an bhaile, eadar
fir, mrá, agus páistí air mhachaire na truda.



Ach anns and deireadh thainic an bhaintreach
bhocht adaí a bhuin an dealg as cos an fhaolchú.
Bhí a cró beag cógarach don gháraidh a rabh an
t-eallach a bpunta aig an fhaolchú. Nuair a
chualaidh sí an gleo, chuir sí orthí a cirteach go
tapaidh, nidh nach íonadh, agus thainic thart go
dtí'n gáraidh co tuith as thainic léithe. Ach, a
mhuirín mhilis, có luath agus leag an faolchú a
shúil orthí, thit a chluasa agus stad se go
tubann. D'fhág an chuma fhíochmhar a shúile,
agus ag gol fhad leis an bhaintrigh thóg a chos
tosaigh chuichí. Thug sise fa dear gurb é an
faolchú cianna ar bhuin sí an dealg as a chois
an lá fa dheireadh a bhí aicí. Dhearc sí air an
chois agus thannaic sí go rabh an chréacht creas-
ta. A gcionn tamaill bhig chuaidh an faolchú
asteach sa gháraidh, agus lean an bhaintreach é,
mar leanfadh duine peata madaidh. Dhearc
an faolchú thart air an eallach uilig ag tóirt le
tuigsint don bhaintrigh gur leithe fhéin an seal-
bhan go léir, co maith agus da n-abhrochadh se:
“Feuch, seo do luach saothair air son na déagh-
ofaige a rinn tú air mo shonsa tá cupla lá ó
shoin. Glac iad mar mion-chuimhne mo bhuidhea-
chais duit. Is leat an t-iomlan ocú.” Insin
ag cromadh a chinn go bhfuair slíocadh láimhe na
baintrighe, as go brách leis na coilleadh, ag
fágail an mhór-cruinniu daoiní sin go maol
múchta le híontas.



Nuair a d'imigh an faolchú go dtí na coillte
d'iarr an bhaintreach air achan duine a chuid
fhéin de'n chreach a thóirt na bhaile leis ó tharla
nar mhaith léithe-fhéin luach saothair air bith a
ghlacadh a buineadh as maoin daoiní eile,
innean go rabh sí bocht, agus bó bhainne go mór
ann tastail orthí. Agus le sgeul fada a
dheánadh gairid, thiomain siad a gcuid stoc na
bhaile, achan duine air a bhealach-fhéin air an
dóigh a nguilleann déagh-ghníomh innean air
ainimhí có fíochmhar leis an fhaolchú.



SÚIL na SPINNCE.


L. 17


TEAGASG NA MATHARA



An Mhathair. Seo, cruinnigidh thart inseo,
agus tusa, a Mháire, caith fód mónadh air an
teiní. Ó tharla go bhfuil an ghealach amuigh,
agus an oíche, feudaim a rá, có geal leis an
lá, ní bhéidh féim air bith le coinnle anocht.



Séamus. Ca tuige, a mhathair, nach dtugann
an ghealach solas dúinn có maith as bheir an
ghrian?



An mhathair. Tá, a Shéamuis, mar nach bhfuil
méid air bith anns an ghealaigh le taobh an mhéid
atá anns an ghréin; agus rud eile, a Shéamuis,
innean go dtóireann sí solas dúinn inseo
anocht, chan a solas fhéin atá aicí da thóirt
uaithe, ach solas na gréine a bhíos a dóladh
ag titim orthí.



Séamus. Agus ca'n áit a bhfaghann an ghrian
a solas, a mhathair?



An mhathair. Tig se aistí-fhéin, a Shéamuis.
Meall mór teineadh atá anns an ghréin, agus
sin an t-ábhar a mbíonn a gatha có teith sin;
agus, air an dóigh chianna, ní thig teas air bith
as an ghealaigh, de bhrigh nach bhfuil teas air bith
inntí-fhéin.



Séamus. Agus an rabh teas air bith ariamh
inntí, a mhathair?



An mhathair. Is dóiche liom go rabh. Amach
siar a gciantaí na gceo, deirtar go rabh an
ghealach na meall teineadh mar ata an ghrian
anois, ach gur fhuaruigh sí a réir a cheile a
gcathadh na gciantaí. Da chórtha sin, fosta, bhí
an domhan seo na chrap teineadh a dtús báire,
agus innean go bhfuil sé fuaruíste air an taobh
amuigh fa lathair, tá an teiní go fóil ann a
chroidhe. Tá fhios againn, mar gcianna, go
bpléasgann an teiní sin amach anois agus
aríst air aghaidh na cruinne.



Seaghan. Agus, a mhathair, ca tuige nar
fhuaruigh an ghrian co maith leis an ghealaigh.



An mhathair. Tá, a Sheaghain, de bhrigh go bhfuil
an ghrian a bhfad níos mó ná an ghealach.



Nuala. Maise, le hamharc orthú, a mhathair,
shílfea nach bhfuil moran difear eatorú.



An mhathair, Tá sin fíor go leor, a Nuala,
ach ná deán dearmad go bhfuil an ghrian a bhfad
níos fuide air shiul ná an ghealach. Tá an
ghealach an-chógarach dúinn, agus is air an ábhar
sin a síltear go bhfuil sí có mór leis an ghréin.



Nóra. Go dé'n fhad a bhfuil an ghealach uainn,
a mhathair?



An mh. Ní fhuil sí ach bórdaigh air cheathradh
milliun míle uainn, a Nóra.



Nóra. Agus an ghrian, a mhathair?



An mh. Tá an ghrian chóir a bheith céad milliun
míle uainn, agus da mbéadh an ghealach an fhad
sin air shiul is dóiche liom nach bhfeicfí air chor
air bith í.



Méabha. Ach, a mhathair, níor innis tú dúinn
ca tuige nar fhuaruigh an ghrian có maith leis an
ghealaigh.



An mh. Mar a dúirt me cheana féin,
d'fhuaruigh an ghealach ó tharla nach bhfuil inntí
ach mionogan le taobh na gréine.



Máire. Arú, go dé rud mionogan, a
mhathair?



An mh. Tá, a Mháire, rud atá co beag sin
nach mór go dtig é a fheiceal.



Máire. Bhfuil se níos lú ná dúlogan, a
mhathair?



An mh. Maise, measaim go bhfuil an dúlo-
gan céad uair có mór leis an mhionogan, a
Mháire.



Seaghan. Ach ma tá an ghrian mór fhéin, a
mhathair, ca tuige nach dtiocadh leithe fuarú?



An mh. Ní abraim na go bhfuil sí ag fuarú.
Is é an rud a mheastar go bhfuil sí ag fuarú.
Ach ó tharla go bhfuil toirt uathasach inntí tá
an fuarú ag gol air aghaidh có fadalach sin nach
léar dúinn é, agus da mairfadh sinne míle
bliain eile cha dtóirfadh sinn fa dear go mbéadh
aon árthú orthí.



Séamus. Tá sin deacair go maith a thuig-
bheal, a mhathair.



An mh. Measaim go bhfuil, a Shéamuis, ach
dheánfidh me mo dhitheall le na nochtadh níos
sóiléire dhuit. Ma líonaim an pota mór sin
thall le huisge galach agus insin an meurocan
seo atá air mo mheur a líonadh de'n uisge
chianna, agus an bheirt ocú a fhágail na fuidhe
air an urlar, ceocú ocú a bhéas fuaruíste a
chiod uair?



Séamus. Béidh an meurocan fuar a bhfad


L. 18


roimhe'n phota, a mhathair.



An mh. Is cinnte go mbeidh, a Shéamuis.
Béidh an t-uisge anns an mheurocan fuar a
gcionn chúig bhumaite, ach a gcionn chúig n-uaire
is dóiche liom go mbéidh an t-uisge anns an
phota gearr theith go fóill.



Séamus. Measaim go bhfuil an ceart agat,
a mhathair.



An mh. Tá go maith. Anois, a Shéamuis, da
dtiocadh leat smaoitiu air phota a bhéadh có
mór leis an domhan, nach síleann tú go mbéadh
se co fadalach sin ag fuaradh nach mór go
dtiocadh le duine a thóirt fa dear?



Séamus. Maise, da mairfinn míle blian
no mar sin, a mhathair, b'fheidir go sórochainn
ártú beag air an phota uathasach sin, ach ó tharla
nach mbíonn saoghal an duine moran níos mó
ná ciora sgór blian, tá eagla mhór orm nach
bhfeicfí aon árthú air. Tuigim an puinnte seo
go fíor-mhaith anois, a mhathair, ach ba maith liom
eolas níos cruinne a fháil air mhéid na gréine.



An mh. Tá méid uathasach inntí, a Shéamuis.
Da dtiocadh í a gheárradh, agus milliun giota
a dheánadh duithe, insin bhéadh achan ghiota ocú
seo có mór leis an domhan seo. Da mbéadh
bothar iarainn deánta thart timpeall na
gréine, agus go suidhfa a dtraen a bhéadh ag
deánadh trí fíchead míle san uair, agus é ag
síor-ghluaiseacht lá agus oíche, ní bheithea aig
deireadh do thurais timpeall na gréine, a
Séamuis, go mbéadh cúig blianna caite.



Séamus. Is dóiche liom, a mhathair, go
ndíolfinn ge geur air an ticeid.



Seaghan. Agus go dé'n mhéid atá sa gheal-
aigh, a mhathair?



An mh. Dá ngeárrfí an domhan seo na leith-
chéad giota, bhéadh achan giota ocú có mór leis
an ghealaigh, agus feudtar a thuigbheal as seo
nach bhfuil anns an ghealaigh ach mionogan le
taobh na gréine.



Máire. Ba mhaith liom-fhéin, a mhathair, eolas
níos cruinne a bheith agam air an spéir agus
air na reultogaí. Támuid uilig tursach ag
cainnt air néithe talmhan.



An mh. B'fheidir go bhfuil an ceart agat, a
Mháire, Da mheud agus da mhinice a dhearcthar
air oibreacha Dé, is amhlaidh is mó ar n-íontas.
Ma amharcanmuid air aghaidh na cruinne, nucht-
far dúinn mór-chúmhacht agus mor-intleacht an
Chruthuigheora. Ach tógamuid suas ar súile
agus dearcamuid air chruinn-chlár ghorm na
firmiminte. Nach aoibhinn an t-amharc é a lár
an lae ghil, nuair nach mbíonn aon rud le
feiceal air aghaidh na spéire ach an ghrian ghlór-
mhar, a bhfuil a solas co leunmhar láidir sin go
múchann se achan solas eile! Ach ní shílim go
bhfuil amharc air bith eile da bhfacaidh súil an
duine ariamh a shárochadh amharc na spéire san
oíche, agus go hairid nuair a bhíos cruinn-
mhachaire neimhe cúmhduighthe le reulta ró-
dheasa, agus an ghealach aoibhinn ómra ann a
gceart-lár. Seadh, e Mháire, toiseochamuid
anocht air an spéir. [Ag léadh].



An Ghrian agus a Cualacht.



Ní fhuil reult da bhfeictar sa spéir nach
mbíonn ag síor-ghluaiseacht. Ach tá cuid ocú
có fada sin air shiul nach léar dúinn go bhfuil
aon bhugadh ionntú, agus air an ábhar sin is
grách a rá go mbíonn siad a gcómhní san áit
chianna. Reulta buana a bheirtar orthú seo.
Tá reulta eile agus ní bhíonn siad aon bhum-
aite san áit chianna, ach a gcómhní ag
gluaiseacht thart timpeall na gréine. Reulta
neamh-bhuana a bheirtar ortúsan. Planoidí is
eadh na triallairí seo, agus ní fhuil air an spéir
go huile ocú ach ocht gcinn mhóra agus cupla
céad de mhion-phlanoidí. Seo ainimneacha na
bplanoid mór:— Mercerí, Bhéanus, an Chruinne,
Márs, Iupiter, Saturn, Urénus agus Neptiun.
Tá méid mhillteanach anns na planoidí seo, ach
da mheud a méid agus a meáchan, tá an ghrian
coradh agus seacht gcead uair níos mó ná an
t-iomlan ocú curtha le cheile. Ach an rud is
íontaighe fa dtaobh dae'n teaghlach neimhe seo,
sé go bhfuil na planoidí a nglaic na gréine,
agus go daighean faoi na smacht. Bíonn sí a
choíche da dtarraint agus da dtiomaint có
brighmhar beacht sin nach dtig leo a ghol oiread
agus órlach thar an líne atá geárrtha amach aicí
daofa.



An mhathair. Anois, a Mháire, ca mheud
ceanal reult ann?



Máire. Dhá cheanal, a mhathair, reulta buana
agus reulta neamh-bhuana.



An mh. Maith an cailín, a Mháire. Innis
dúinn anois go dé rud reult buan.



Máire. Ta, a mhathair, reult a bhíos a gcómhní
san áit chianna.


L. 19


An mh. Agus a mbíonn na reulta buana, da
rírimh, san áit chianna a gcomhní.



Máire. Ní bhíonn, a mhathair, ach tá siad có
fada sin air shiul nach bhfeicthar dúinne go
bhfuil aon bhugadh ionntú.



An mh. Agus go dé rud reult neamh-bhuan,
a Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, reult a bhíos a gcómhní
ag gluaiseacht.



An mh. Ca'n áit a mbíonn siad ag gol, a
Mhéabha?



Méabha. Bíonn siad ag deánadh turais thart
timpeall na gréine.



An mh. Agus an bhfuil moran de'n cheanal
seo ann, a Shéamuis?



Séamus. Bordaigh air chupla céad, a
mhathair, ach tá ocht gcinn mhora orthú.



An mh. Go dé'n t-ainm atá air na hocht
gcinn mhóra, a Mháire?



Máire. Mercerí, Bhéanus, an Chruinne (no
an Domhan), Mars, Iupiter, Saturn, Urénus,
agus Neptiun,



An mh. Go dé'n t-ainim eile atá air na
reulta seo, a Sheaghain?



Seaghan. Planoidí a bheirtar orthú, a mhathair.



An mh. Ca tuige a dtugthar an t-ainim sin
orthú, a Mháire?



Maire. Tá, a mhathair, de bhrigh go mbíonn
siad a gcómhní ag triall, ná is ionann
“planoid” agus “triallaire.”



An mh. Agus ca tuige a mbíonn siad ag
triall timpeall na gréine?



Máire. Dé bhrigh go bhfuil siad a nglaic na
gréine, a mhathair, agus go mór faoi na smacht.



An mh. Réir chuma, tá srian aicí air achan
chionn ocú?



Máire. Tá, a mhathair, agus tiomaineann sí
co deas sin iad nach dtéann siad oiread agus
órlach thar an líne atá geárrta amach aicí
daofa.



An mh. An bhfuil móran méid anns na
planoidí seo, a Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, tá méid sóruigheach
iontú.



An mh. Bhfuil aon chionn ocú co mór leis an
ghréin, a Mhéabha?



Méabha, Is cinnte nach bhfuil, a mhathair, ná
da mbéadh, ní dóiche liom go mbéadh a leithid
de smacht aicí orthú agus tá.



An mh. Da ndeánfí planoid amhain de na
hocht gcinn mhóra, an mbéadh an phlanoid úr
seo có mór leis an ghréin, a Shéamuis?



Séamus. Cha mbéadh, a mhathair, ach da
dtiocadh seacht gcead ocú a fháil, agus planoid
amháin a dheánadh daofa, bhéadh an phlanoid sin
có mór leis an ghréin.



An mh. Tá sin taite, a pháistí, agus anois
rachamuid giota beag eile ann tosaigh le mion-
chunntas a fháil air na planoidí. [Ag léadh].



Mercerí agus Bhéanus.



Is é Mercerí an phlanoid is cógraighe don
ghréin. Tá se níos lú ná aon chionn eile de na
planoidí móra, ach a bhfad níos guiste ná
ceachtar ocú. Tá se rudh beag níos mó ná an
ghealach, agus air a thuras siuileann se naoi
míle fichead a mbuille cluig, sin mar déarfa,
go gcuireann se coradh agus seacht gcéad
deug míle thairis a mbumaite cluig, ionas nach
miste a rá go mbíonn se air chos anáisde.



Siuileann se iomlan an bhealaigh thárt timpeall
na gréine a dtrí mhí, no mar sin. A ndéidh
Mhercerí, is í Bhéanus is cógraighe don ghréin.
Ta an phlanoid seo deich n-uaire agus daichead
níos solasmhaire ná aon reult eile sa spéir,
ionas go dtig í a fheiceal a lár an lae;
“Reult na Mainne” agus “Reult an Trath-
nóna” a bheirtar orthí cor uair. Tá sí bórdaigh
air mhéid na Cruinne, agus siuileann sí dhá
mhíle fhichead a mbuille cluig, agus cuireann
sí a turas timpeall na gréine tharstí a n-ocht
mhí.



An mhathair. Ceocú de na planoidí is cóg-
raighe don ghréin, a Shéamuis?



Séamus. Mercerí, a mhathair.



An mhathair. An bhfuil moran méid ann, a
Sheaghain?



Seaghan. Tá se rud beag níos mó ná an
ghealach, a mhathair.



An mh. Go dé'n dóigh a siuileann se ann a
thuras, a Mháire?



Máire. Air chos anáirde, a mhathair,



An mh, Go dé'n ghuisteacht atá ann, a Nóra?



Nóra. Siuileann se naoi míle fichead a
mbuille cluig.



An mh. Go dé'n fhad a mbíonn se ag crioch-
nú a thurais, a Mhéabha?



Méabha. A dtrí mhí, a mhathair.



An mh. A ndéidh Mhercerí, a Shéamuis, go
dé'n phlanoid is cógraighe don ghréin?


L. 20


Séamus. An phlanoid Bhéanus, a mhathair.



An mh. Bhfuil ainim air bith eile orthí, a
Sheaghain?



Seaghan. Thá, a mhathair, Reult na Mainne,
agus cor uair Reult an Trathnóna.



An mh. An bhfuil rud air bith sóruigheach fa
dtaobh de'n phlanoid seo, a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, tá sí a bhfad níos
solasmhaire ná aon reult eile sa spéir agus
thig í a fheiceal a lár an lae.



An mh. Go dé'n mhéid atá inntí, a Nóra?



Nóra. Tá sí bórdaigh air mhéid na Cruinne,
a mhathair.



An mh. Go dé'n luas atá aicí, a Mhéabha?



Méabha. Siuileann sí dhá mhíle agus fiche a
mbuille cluig, a mhathair.



An mh. Mbíonn sí a bhfad ag deánadh a
turais thart timpeall na gréine, a Shéamuis?



Séamus. Bíonn sí ocht mí da chríochnú, a
mhathair.



An mh. Ca tuige a bhfuil Bhéanus có solas-
mhar as tá sí, a Mháire?



Maire. Tá aer an-trom air an phlanoid
seo, a mhathair, agus measaim gurb é sin an
t-ábhar a bhfuil sí deich n-uaire agus daicheadh
níos gile ná aon chionn de na planoidí eile.



An mh. Dheánfidh sin cúis, agus anois racha-
muid giota eile air aghaidh, [Ag Léadh].



An Chruinne agus Mars.



Air an taobh amuigh de Bhéanus tá an
Chruinne, agus tá sí coradh agus ciora sgór
go leith milliun míle ón ghréin. Siuileann sí
ocht míle dheug a mbuille cluig, agus réir
mar théid sí ann tosaigh bíonn sí ag síor-chasadh
mar bhéadh sníomhog ann, agus glacann se
ciora uaire fichead le í-fhéin a thiunta uair
amháin air a ceart-lár. Bíonn sí bliain ag
deánadh a haistir timpeall na gréine. Tá
mion-phlanoid amháin léithe, sin mar déarfa, an
Ghealach, agus théid sise timpeall na Cruinne
uair amháin sa mhí. Air an taobh amuigh de'n
Chruinne tá an phlanoid Márs, agus suileann
sesean sé mhíle dheug a mbuille cluig. Dálta
na Cruinne, tiuntuigheann se air a cheartlár
uair amháin a gciora uaire fichead. Tá se
naoi n-uaire níos lú ná an Chruinne, agus
glacann se dhá bhliain le na thuras a chríochnú.
Tá dhá mhion-phlanoid leis, agus is iad ainim-
nacha an dá ghealaigh seo, Deimos agus Fóbos.



An mhathair. A Shéamuis, ca'n áit a bhfuil an
Chruinne a gcualacht na gréine?



Séamus. Tá sí ag siul air a turas cior-
calta taobh amuigh de Bhéanus.



An mh. Go dé'n ghluaiseacht atá faoithe, a
Sheaghain?



Seaghan. Siuileann sí ocht míle dheug a
mbuille cluig, a mhathair.



An mh. Go dé nídh sí reir mar théid sí air
aghaidh, a Mháire.



Máire. Tá, a mhathair, go mbíonn sí ag
tiunta air a ceart-lár mar bhéadh sníomhog ann.



An mh. Mbíonn sí a bhfad ag tiunta air a
ceart-lár, a Nóra?



Nóra. Glacann se ciora uaire fichead, a
mhathair, le tiunta uair amháin air a ceart-lár.



An mh. Go dé'n fhad a ghlacann sí le na
haistear a dheánadh timpeall na gréine, a
Mhéabha?



Méabha. Glacann sí bliain le na dheánadh, a
mhathair.



An mh. Go dé'n t-ainim atá air an mhion-
planoid ata aicí, a Séamuis?



Séamus. An Ghealach, a mhathair.



An mh. Ca'n áit a bhfuil Márs a gcualacht
na gréine, a Sheaghain?



Seaghan. Air an taobh amuigh de'n Chruinne,
a mhathair.



An mh. An siuileann an phlanoid seo go
cliste, a Mháire?



Máire. Siuileann se sé mhíle dheug a
mbuille cluig, a mhathair.



An mh. An bhfuil moran méid ann, a Nora?



Nóra. Tá se mór go leor, a mhathair, ach
ghlacfadh se naoi gcinn mar é le Cruinne
amháin a dheánadh.



An mh. Go dé'n fhad a mbíonn se ag deánadh
a thurais timpeall na gréine, a Mhéabha?



Méabha. Glacann se dhá bhliain, a mhathair,
ach air an phlanoid sin ní bhéadh anns an dá
bhliain sin ach bliain amháin.



An mh. Tá an ceart agat insin, a Mhéabha,
ná bíonn na ciora séasúir air Mhárs dhá bhliain
da gcríochnú, agus ó tharla gurb ionann bliain
agus ciora shéasúr is léar nach bhfuil anns an
am seo ach bliain aig muintir Mhárs. Air an
ábhar sin, a Mhéabha, ceocú arbh fheárr leat a
bheith do chómhní air an Chruinne seo no air
Mhárs?



Méabha. Maise, a mhathair, is dóiche liom go


L. 21


mb'fheárr liom a bheith air Mhárs ó tharla go
mbéadh samhradh bréagh fada agam.



An mh. An bliain fhada no bliain ghairid atá
ocú air Mhercerí, a Nóra?



Nóra. Bliain ghairid, a mhathair, ó tharla nach
bhfuil inntí ach trí mhí.



An mh. Ar mhaith leat a bheith do chómhní air
Mhercerí, a Mháire?



Máire. Is cinnte nar mhaith liom, a mhathair,
ná, da mbéinn, bhéinn dhaichead bliain de aois.



SÉAMUS Ua CREAG.


L. 22



L. 23


AGALLAMH OISÍN.



Ó thusa a ghluaiseas shuas, co cruinn le sgiath
mo shinsear! Ca has a dtig do ghatha agus do
sholas síorthaí, a Ghrian? Tig tú amach ann
d'áilneacht uathasaigh — téidheann na reulta a
bhfolach anns an spéir; téidheann an ghealach go
fuar odhar síos anns an fharaige iartharaigh.
Ach tá tusa ag gluaiseacht leat-fhéin: Ca
bhfuithear cumrádaí dhuit ann do threo?



Titeann daireacha na sléibhte; laeduigheann
an fharaige agus meuduigheann ar ais; tá an
ghealach í-fhein múchta anns na flaithís: ach bíonn
tusa a choíche air an dóigh amháin — agus tú ag
gáirdiu a soillse do threo!



Nuair a bhíos an domhan dorcha le hanfaí,
nuair a bhruchtann an tárneach, agus nuair a
phléasgann an splannc, ann d'áilneacht bíonn
tusa ag feuchaint amach as na neulta, agus ag
gáirigh air an stoirm. Ach is beag an mhaith
duit a bheith ag amharc air Oisín; ná ní léar


L. 24


dósan do ghatha níos mó, ceocú tá d'fholt
buidhe ag luasgadh air neulta an oirthir, no air
crith aig geaftaí an iarthair.



Ach b'fheidir go bhfuil tú mar mise — ann go
cionn tumaill; cuirfear deireadh le do rae;
cullochaidh tú anns na neulta agus gan
beann agat air ghuth na maidne. Air an ábhar
sin, caithreimnigh, a Ghrian, a gcumas d'oige!
Is dorcha agus is neamh-aoibhinn an aois: Tá se
air chosúlacht breac-sholuis na gealaighe nuair
a shoillsigheann sí fríd neulta briste: bíonn
an ceo air na sléibhte; bíonn an ghaoth a
dtuaidh air an mháidh; cailleann an taistealach
a mhisneach a lár a thurais.



SÉAMUS Ua CREAG.



FOCLOIR.



Adaí: an fear adaí, yonder man



Anfa, a storm, tempest.



Atuighste, swollen.



Báire: a dtús báire, at first, a lár báire, in
the centre.



Binn: ní fhuil binn agam ort, I don't care a
straw for you, I defy you.



Biotailte, liquor, spirits.



Bumaite, a minute, moment.



Bun: a mbun, in charge (of).



Bunadh, same as muintir.



Cha, char, same as ní, níor.



Caoran, a moor, moorland.



Ceart-lar, centre, axis.



Cíb, wild mountain grass.



Ciora, four.



Ciorcalta, circular.



Cirteach, clothes, apparel.



Cóirrle, an advice.



Comhcheangal, a league, federation.



Comhdhail, a meeting, convention, conference.



Córsanacht, neighbourhood, vicinity.



Córtha, a sign, a mark.



Cualacht na gréine, the Solar System.



Cuinnighim, I keep, hold, retain.



Cunafach, vicious, cross.



Cumhachtaí Comhaonta, the Entente Powers.



Cúr, foam, froth.



Daighean, firm, solid, strong.



Dearcamuid, let us look.



Dóladh: a dóladh, always.



Easnacha sgaite, sundered ribs.



Fáil: a fháil, to get, find.



Fiog: air fiog same as air feadh.



Fómhar, harvest, autumn.



Gearr-chógarach, fairly near.



Gol: contracted from the gabhail: ag gol going,
a ghol, to go.



Gré, the face, countenance.



Gugan, a noggin, a wooden porringer.



Guite: ta se guite, he is arrested or caught.



Iarraidh, an attempt: tug se iarraidh air, (he
attempted it, (2) he attached him.



Íce, balm, healing ointment.



Imeachta, adventures.



Innean, although, even.



Ínteacht: fear ínteacht, some man.



Íontach, wonderful.



Íontas, wonder, wonderment.



Leath-chionn, a half-one, half a glass.



Lóirim, I speak, talk.



Loite, maimed, wounded.



Leun: tá leun ort, you're the dickens, you beat
all.



Meall, a lump, a ball.



Meurocan, a thimble.



Mianach, stuff, quality.



Mín, tame, civil, civilized.



Mion-phlanoid, a satellite or moon.



Muill, ní bheidh muill air bith ort, you will have
no difficulty.



Na bhealaigh mhóir, to the road.



Neamart, neglect.



Nimhneach, sore, painful.



Ochsas, a breast, bosom.



Planoid, a planet.



Raite, exhausted, consumed.



Rud ínteacht, something.



Ruite, steep, perpendicular.



Seitrigh: ag seitrigh, neighing.



Sgairtigh: ag sgairtigh, calling, shouting.



Smachtín maircigheachta, a riding cane.



Smaoitighim, I think.



Smeachaim, I pat.



Sníomhog, a top.



Sóruigheach, remarkable.



Spinnc ruite. a steep cliff.



Sráideog, a shake-down bed.



Sróntarnaigh (ag), sniffing, snorting.



Stailc, a strike.



Strachailim, I drag, crawl, trail.



Taibhseach, showy, beautiful.



Taite, very good, excellent.



Thannaic same as chonnaich.



Tánnaiceas damh, me thought.



Tochairt an tsaoghail, passing events.



Tóir same as tabhair.



Trí-bliantúil, triennial.



Triumlachas, drought.



Triumuighim, I dry.



Tuar-dhearg, evil boding.



Tuighthe ceárd, factories.



Cuideachta Clódoireachta Cho Dhún na nGall a chuireas an Crann a gclódh do Choiste
Féise Thír Conaill, agus primh-dhíolann siadsan a Leitir Ceanainn é.


L. 25


SAOTHAR AN CHREAGAIGH.



Thigh na leabharthaí seo a fhaghail ó Mhuintir
M. H. Mac Ghuill & a Mhac, a mBaile Cliath; ó
Mhuintir Mhic Chinnigh & Uí Ceallachain, a Leitir-
ceanainn, agus ó A. K. Ó Dúnsléibhe, a nDún
na nGall.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services