Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-chomhradh Gaedhilge. IX.

Title
Mion-chomhradh Gaedhilge. IX.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MION-CHOMHRADH
GAEDHILGE. IX.



CURSAIDHE.



Ní cúrsaidhe gáiridhe é.
Ní cúrsaidhe cainte é.



Ní cúrsaidhe ceisnimh é.



Tá dúil i gcaint aco.
B'fhéidir go bhfuil cúr-
saidhe cainte anois
aco!



Seo, seo! Cuir uait an
chaint sin, agus tarraing
chugat rud éigin eile
mar chúrsaidhe magaidh.



Ní labhraim leis an duine,
ná ní dhéanaim aon
chur isteach air, acht i
gcúrsaidhe aon díogh-
bhála do dhéanamh do, ní
dhéanfainn a leithéid.



Bhí Aodhagán Ua Ragallaigh i dtig lá. Bhí fear
eile sa' tigh, agus stiobhard duine uasail dob' eadh é.
"Stiobhairdín" a thugadh na daoine air. Bhí maidrín
ag an stiobhard, agus "Diúicín" dob' ainm do.
Maidrín beag géar dob' eadh é. Tháinig an sagart
go dtí an teach an lá céadna. Le linn an tsagairt
do theacht an dorus isteach, do léim Diúicín, agus rud sé
ar sháil air. Ní dhearna an sagart acht breith ar dhá
chois deiridh ar Dhiúicín agus buille dh'á cheann do bhualadh
ar an tairsigh, gur mhairbh é, go ndubhairt Aodhagán an
laoidh: -

A Dhiúicín an anma,
Is deacrach do chúrsaidhe,



A' teacht chum an Aifrinn
Le hiomarca 'n umhlui-
gheacht.
Do chean ar an tairsigh
Go daingean do dlúth-
uigheadh -
Acht ní bás gan sagart



Fuair do mhadradh, a
Stiobhairdín!


L. 167


I gcúrsaidhe na hoibre
seo ar siubhal i dtaobh
talmhantaí agus cíosa, is
amhlaidh mar atá an sgéal,
is ar éigin atá anois
sa' talamh is fearr
daoine do chothughadh, agus
gan cíos do bhac.



Chaithis tamall maith ad'
chúrsaidhibh.



I gcúrsaidhe an sgéil seo
ar siubhal agat-sa, is
fada nár airigheas
sgéal is lugha deall-
ramh ná é.



NOTE. - Deallramh (see deallradh, O'Reilly), is pro-
nounced deamhramh in Munster, where it means "likeli-
hood." Ní'l aon deallramh ar an sgéal sain, that is a
most unlikely story. Ní'l deallradh foghanta ar an lá,
the day is not very promising. Tá sé mí-dheallradhach
go leór, it is most unpromising. Compare local pro-
nunciations of sgannradh, bainríoghan, sonnradh
Hannraoi, in which nn is sometimes silent, the preced-
ing vowel being lengthened or nasalized.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services