Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Two Eighteenth Century Laments

Title
Two Eighteenth Century Laments
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1710
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair,1968)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Olc an scéal, mo léan, do scaoileadh,
d'fháig go déarach tréithlag laochra
is céad do dh'inniribh fionna go caointeach,
lán do bhrón ag deargadh maothghlac,
'scabadh 's a' dórtadh deór gan scíthe,
gan cuimhne ar spórt, ar cheól nó ar aoibhneas
dá bhfaca siad tráth fá cheáfra an aoi-thoí.
Gach sló dhá dtagadh níor faiteach a' suí iad.
Fáilte agus fiche bhíodh ' gcoinne gach aon ann;
cuirn gan tomhas ar fheabhas gach fíona
do thiocfadh gan spás i lámh gach aon díobh.
Do múchadh meadhair agus soilse an toí úd
ó thoisc a' bháis, cuirim crá agus míle air,
do leag an macámh i dtós ' aoise,
Padí mhac Seóirse, an mórga croíúil,
nachar leig bocht faoi thocht gan a shaoradh;
naisceadh ón tsáitheach tríd ghrá go bhfuídís.
Dámar bheó é an macámh go dtagadh chum aosa
do bhiadh 'na scathán ar chruinniú gach aonaigh,
fós 'na cheannfort i dtosach a bhuíne.
níor bh'ionadh le haonneach feabhas a ghníomha:
planda leanbaí ' ghineamhain ríogha,
do shaorfhuil Fhrancach do réir mur scríobhthar,
ní dá sóisir acht don fhuil ríogha,
is minic níodh slachtar is trascairt ar laochra
an tráth thagadh ócáid chum cosaint a gcríche.
Tháinig tríd ghrá go hÉire na náorchl. . .
chum a cosaint ar chogadh na ndaorchlann
an tráth thagadh dochar níorbh fhuráil a laochraí.


L. 621


Cia nach dtagann liom trácht ar fheabhas a ghníomha,
ag súd bráthair na león is na gcurainn ba saoire,
mac Sheóirse Táth do chréachtghoin mílte.
Bráthair iarlaí agus tiarnaí go fíor é,
bráthair ridirí ar fheabhas na críche é,
bráthair Gael nach éarfadh aon é,
bráthair león ' bhí mórga ina ghníomha.
Bráthair gach Táth dá bhfeabhas sa chrích é,
bráthair na mBlácach 'n am cath' nach gclaonadh,
bráthair na mBealógach ó Dhubhlíce,
bráthair na bhFléamannach éachtach ríthiúil,
bráthair gan gó Mhic Mhathamhna shaoir é,
bráthair na Youngach gan mhearú ina ngníomha,
shaorBhealóglaigh . . . fós ar a' taoibh sin.
Ní hionadh damh uaisle dá fheabhas san chrích se
nach raibh a bpáirt nó a ghrá go fíor dó.
Grá aois téad 's na cléire fíre é,
grá na n-óg, a' tsróill 's a' tsíoda é,
grá na leóghan mórga saor é,
grá na mbocht muraon 's na laoch é,
grá gach duine dá bhfaca sa tsaol é,
macámh leanbaí, scathán laochra,
i ndealbh 's i ndreach ba cosúil le Naoise,
a scéamh gan locht mur is aithne do mhíle é.
Ba crodh don chléir dhá dtagadh chum aosa é.
Ba creach do bhochtaibh coigcríbh go fíor é,
creach na n-uasal bhfannlag aosta é
is cách do chéada nachar rugadh san saol so,
ní áirmhim teanant nó lucht íoca
atá i gcreach 's a stór a' luí aniu sínte.
Is measa go mór liom brón a' mhíligh
nach ndearna saint nó clampar gníomha
nó cruas le bocht 'n am gorta nó daoirse,
acht ' réir ' acainne a phronnadh dá mhaoin dóibh,
is Mailí Young an ríoghan aobha
a bheith faoi bhrón 's gur chosc ar íota í
an tráth thagaidís cliar nó dáimh mur ' mbíodh sí,
an úirchnis shéimh gan mheabhail i ngníomha
nachar thuill diomdha ó neach san saol so,
acht lán grá do bhochtaibh Íosa
's gach aon dá dtigeadh go mb'fháilteach í leó
i dteasghrá Dé, i ndéarc 's i ndaonnacht,
gé d'fhéach Íosa ' foighid san ghníomh so
mur do rinne le Job ' bhí 'na fhíréan fhíre.
Guímaid a' Rí fuair páis dar saoradh
go dtuga sé grása chum foighide don dís úd.


L. 622


Go bás mhic Sheóirse, tachra millte,
ag so againne d'áireamh fíor é:
aois Mhic Dé do réir gach fíréan
míle seacht gcéad 's a sé muraon leis.


L. 623


B 1711 18T
Iomdha éacht do-ní an t-éag mur shaoilim
ar shliocht cróga Cholla-dhá-chríoch ghil
is go háiridhe Mac Mhathamhna ó Oirghialla na mínmhagh,
do ghabh ceannas go Bóinn is cíos-cháin.
Do dhíoltaí leis geill agus séada saora,
ní hansan amháin acht in Albain ríogha.
Do níodh an fhine sin treise agus míle éacht.
Is adhbhar tinnis a mire go deimhin a smaoiniú,
mur d'éag siad uile 's gan duine sa saol díobh
de shliocht Aodha Ruaidh lé mbuaití cluíthe ?.
Leóin mur Oscar ' dol i dtosach a mbuíne,
nó mur Chú na gCleas ag argain críche
iar fhoghlaim cleasa goile ag Aoife,
nó mur Chonall ag cascairt a bhíobha.
Ag pilleadh óna ngleó ba cosúil lé Naoise iad,
a gcreideamh gan smál 's a' grá do chreid siad in Íosa,


L. 624


ag pronnadh séad agus spré do dhraoithibh
mur do níodh Guaire ' dTailteann ar aonach.
A ndéandis fó Éirinn, ba éacht gan mhaíomh é.
Tráchtadh ar a n-éachta, ba tréartha draoithe sin.
Ag súd ar lár do láthair dhíobh ríoghan,
Catrína ní Mhic Mhathamhna an úirchnis aobha,
tar éis éag' 's gan dúil lé hírí,
do lean béasa na sean i ndeigh-gníomha,
i gcéill 's i méin 's i gcrábhaidh fhíre,
in oineach gan bhaos gan spéis ar ghrá do Íosa.
Teasghrá Dé do fhréamhadh ina croíse
's gan fuath do neach dá maireann sa tsaol so
acht lán grá do bhochtaibh Íosa,
's gur bh'ansa lé an bocht is loige do chífeadh
nó ' tí is tréine bhíodh ' cruinniú maoine.
Aitheanta an dá chlár ba gnáth lé a smaoiniú,
' ceasta go rachadh tar riail fhíorchiort.
Dhá aithne an ghráidh do ghnáth chomhlíon sí,
searc-ghrá Dé tar dhúilibh daonna
agus grá na comharsain ' gheall ar Íosa.
Scéimh gan locht mur shirfeadh aon dí,
ó bhathais go trácht 's gan céim claon ann,
mallrosc cneasta 's a féachaint aobha,
a béal 's a déad sa déanta chéanna
's a gáire banúil chum tocht do scaoileadh
dá lucht caidribh 'o ló 's do oíche.
Seada-chorp seang gan locht dar fríothadh ann.
Fuair sí tíolaca iomdha ó Íosa
i méin 's i gcéill 's i gcrábhaidh fhíre
' b'fhearr nó scéimh an tsaoil in aoneacht.
Fuair sí grá is clú ó ordaibh Chríosta
agus ó uaislibh muraon re daoithibh.
Grá na n-óg 's na sean araon í
is na ndeórainn choigcríbh thigeadh i gciantaibh ?.
B'í grá na comharsain ' ghnáth Catrína,
idir Ghall is Ghael na tíre.
Ní raibh fuath nó mailís do dh'aon aice,
acht grá leanbaí ' gcoinne gach aon neach,
agus mhaithfeadh dhóibh dá ndéandis díth dhí
mur ghrá ar a Coimhdhe cumhachtach Íosa,
' gcuimhne mur mhaith sé féin sa tsaol se
don lucht do chéas ar chroich naomhtha É.
níor bh'ionadh lé heólach feabhas a gníomha,
dá liacht sreabha saorfhola ó ar shíolaidh:
siúr Aodha Ruaidh gan ghó ar gach taoibh í
is Cholla mhic Éibhir 'na dhéidh do shíolaidh;
siúr Shíol Néill sa réim chéanna í


L. 625


is Í Raghailligh ón gCabhán is fós Mhig 'Naoise.
Muraon réna páirt cosaird le laochra
do uaislibh seanGhall ' bhí teann sa chrích se
do rinne sí togha céile go fíordha.
Bhí feabhas Chlann tSeáin is fuil Cholla-dhá-chríoch ann,
bráthair do Shíol Néill gan éara ar thaoibh é,
bráthair Mhic Ceannach is Mhig Uidhir araon é,
is fós Mhic Ailein ó Albain ríogha.
Dá bhfaghadh sí ré fhada saoil insa tsaol so
do bhiadh níos mó dá scéalaibh lé scríobhadh,
óir do chuaidh a honóir tar acainn a maoine
is ní fhéachadh dá costas tráth b'oircheas dí scaoileadh.
Guímaid an Rí fuair páis dar saoradh
is d'fhuiling péin chum síol Éabha do scaoileadh
ón ghleó 's ón ghéibheann a raibh siad millte
go dtuga sé a hanam go Flaitheas na naomh leis.
Aon bhliain déag muraon re míle
agus seacht gcéad do áireamh fíre
ó bhreith Chríosta i mBeithil lé ríoghain
go ndeachaidh sí i gcré, Catrína, ón tsaol so.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services