Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Call here, Sir.

Title
Call here, Sir.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Call Here, Sir.



Is maith a chuimhnighim ar na focail
seo: ní'l aon chuimhne agam ar fhocal
ar bith Béarla do chlos rómpa, sé
sin le rádh, má chualas, níor chuir-
eas aon tsuim ionnta. Go deimhin,
do cuireadh na focail seo im' mheabhair le
slait chaoil chruaidh chuilinn. Is mar so do
thuit sé amach. Timcheall le dá fhichid bliadhain
ó shoin do cheap mo mháthair agus m'athair go
rabhas críonna go leor chum dul ar sgoil.
Do chuadhas go dtí an sgoil, in éinfheacht le
mo dhearbhráthair, an lá 'na dhiaidh sin. Bhí
sin go maith; do shuidheas ar shuidheachán
imeasg na sgoláirí. Bhí garsún 'na shuidhe
im'aice, agus ba ghearr gur chuireamar
caint ar a chéile. Ní raibh focal im' phluic-
se acht Gaedhilg, agus bhí sé sin mar an
gcéadna.



Bhíomar ag aighneas le chéile ar feadh
tamaill, nó gur bhuaileamar a chéile. Do
thárla go bhfeaca an maighistir é sin am'
bhualadh-sa, agus tháinic sé chughainn agus
d'fhiafruigh sé dhíom cad fá nár ghlaodhas air
féin. Dubhairt leis ná féadfainn sin do


L. 175


dhéanamh muna nglaodhfainn air 'san nGae-
dhilg. “Nuair a bhuailfidh aon duine de na
sgoláirí thú, abair, 'Call here, Sir',” ar
seisean. “Ní déarfad,” arsa mise, “mar
Béarla iseadh na focail sin, agus ní'l aon
Bhéarla agam-sa,” “Tháinic tú annso chum
Béarla d'fhoghluim,” ars'an maighistir
liomsa, “agus caithfidh tú Call here, Sir, a
rádh.” “Ní déarfad,” arsa mise go ceann-
dána. “Muna ndéarfaidh tú Call here,
Sir,” ar seisean, “cuirfead ar dhruim
Dhiarmada thu, agus tabharfad fiche buille
de'n tslait seo, trasna an droma dhuit.”
“Is cuma liom,” arsa mise, agus thugas
fiar-shúil ar an ndoras, acht ní túisge
thugas an fhéachaint sin ná mar thomhais sé
an nídh do bhí ar m'aigne, agus do chuir sé
é féin idir mise agus an doras. “Tar annso
chugham, a Dhiarmuid,” ar sé. Buachaill
mór láidir dob' eadh Diarmuid; bhí sé
timcheall cúigdéag nó sédéag de bhliadh-
naibh d'aois. Tháinic Diarmuid chuige; rug
an maighistir ormsa, agus thóg se suas idir
a dhá láimh mé, agus chuir sé ar dhruim
Dhiarmada mé. Bhí mo dhá láimh ar crochadh
anuas ar bhrollach Dhiarmada agus greim aige
ortha. Ní fhéadfainn cor do chur asam féin,
acht amháin go rabhas ag iarraidh an
maighistir do bhualadh lem' chosaibh. Lé gach
aon bhuille dá dtugadh sé dom, deireadh sé
“Anois, an ndéarfaidh tú Call here, Sir.”
Go deimhin, ní raibh an glór go léir aige
fein, mar do chuirinn-se béic fhada árd
asam féin i gcoinne gach buille dá dtugadh
sé dhom. Chum sgéal gearr do dhéanamh de
seo, bhí an maighistir am' shlath-bhualadh, agus
mise ag béiceadh nó go dtug sé an fiche
buille dhom. Annsin dubhairt sé le Diar-
muid mé do leigean anuas. Chomh luath is
fuaras-sa bonna mo chos ar talamh, do
chuireas an doras amach díom agus fuadar
nimhe orm; agus níor stadas riamh ná choidhche
nó gur chuadhas go dtí mo mháthair.



Ba bheag an maitheas dom dul a bhaile an
lá sin; bhí truaigh mhór ag mo mháthair dom,
acht do chaitheas imtheacht go dtí an sgoil lá
ar an bhárach. Geallaim-se nár thuilleas
níor mó de'n tslait d'fhagháil i dtaobh gan
Call here, Sir, do rádh, acht 'na ionad sin, is
minic do dhein an maighistir mé do smach-
tughadh mar gheall ar é do rádh gan chúis.



Bhíos ag an sgoil sin ar feadh tamaill
mhaith sul ar fhéadas poinn Béarla do
thuigsin. Is maith is cuimhin liom an
“Primer,” nó an chéad leabhar, go léir do
bheith agam de ghlan-mheabhair, acht níor
thuigeas focal ar bith de. Is dócha go
ndéarfaidh an léightheoir go raibh mé maol-
aigeantach, agus b'fhéidir go raibh cuid de
sin féin ag baint liom ag foghluim Béarla,
acht go deimhin tá daoine beo fós adéarfadh
go rabhas gasta go leor ag foghluim chleas
agus abhrán agus sgéal agus nidhthe eile
san nGaedhilg, 'san aimsir sin.



Is é mo thuairim-se gurab olc an chuma
do bhí ins na sgoileannaibh tuaithe, lem'
linn-ne, chum eoluis do thabhairt do'n aos
óg. Dá dtabharthaoi oideas domhsa, an
chéad lá do chuadhas ar an sgoilsin, im
theanga féin, san nGaedhilg, do réidhfeadh
sé m'intinn chum greim do bhreith níos
éasgaidhe ar theanga choigcríche. Ní mise
amháin do bhí gan Béarla de'n méad sgo-
láiri do bhí ag an sgoil sin; bhí gach ceann
aca mar mé féin ar a ndul ann dóibh ar
dtús. D'imrimís ár gcleasa, agus gach
caitheamh-aimsire san nGaedhilg.



Ba ghnáthach leis na sagairt an tsean-
móir do thabhairt uatha ins na nGaedhilg, ins
an aimsir sin. Slán beo chughat-sa! a
Athair Uí Liatháin, agus chum an Athar
Shinkwin; is agaibh-se do bhí an teanga
líomhtha dheaslabhartach Gaedhilge deich
mbliadhna fichead ó shoin! Is minic do chuir-
eabhar eagla an Tighearna im' chroidhe, lá
Domhnaigh agus Lá Saoire, ag éisteacht libh
ag tabhairt seanmóirí dhúinn, agus ag trácht
ar neithibh eile do chuirfeadh sinn ar an


L. 176


mbóthar díreach. Is 'mó cainteoir breagh
do chualas-sa ag tabhairt seanmóir uaidh i
mBéarla ó chualas sibhse, acht níor chorruigh
aon duine aca mo chroidhe riamh ó shoin, mar do
dheineadh sibhse é do chorruighe deich mbliadhna
fichead ó shoin. Ba dheacair sibh-se do choim-
eád i ndeireadh an tsluaigh an aimsir sin -
is mithid daoibh músgailt as bhur gcodladh.
Oraibh-se agus ar shagairt na hÉireann
atá an Ghaedhilg ar braith.



A fhir an Irisleabhair, má'r dóigh leat gur
fiú an sgríbhinn-seo do chur fá chló, béidh
tuilleadh ag teacht.



An Sgoláire Bocht.



California, '98.



[Deirtear astam im' áit-se in ionad
asam; mar an gcéadna astat, astainn,
astaibh. Fuadar “ní” adeirthear, is dóigh
liom gur f. nimhe atá ann.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services