Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An t-Asal Malluighthe.

Title
An t-Asal Malluighthe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An t-Asal Malluighthe.



Bhí ann agus ní raibh ann, mar
thosuigh an sean-sgéal. Fear
mar chách do bhí sa' Domhan
Thoir dar bh'ainm Inseán.
Bhí sé ag teacht a-bhaile ó'n margadh lá,
tar 'éis dó beagán adhmaid do dhíol. I
gcoill chomhursan is eadh ghearr sé an
t-adhmad, acht mar dubhairt sé leis féin,
mur mbíodh comhursa riamh ann, do bheidheadh
an choill ann. Cuma sin, cipé sgéal é
mar bhí meas mór ar ghaduidheacht sa' tír
úd. Má ghoideadh Inseán cuid an fhir thall,
do ghoideadh an fear thall cuid Inseáin, agus
'ar ndóigh ní raibh slighe bheathadh ar bith ag
muintir na tíre acht ag goid 's ag bruid 's
ag breith ar éigin ó chéile i gcomhnuidhe.
Níor chuir an ghoid a bheag ná a mhór de
cheist ar aigneadh Inseáin, 'pé ar domhan é,
mar bhí an t-adhmad díolta aige, agus an
t-airgead fá n-a chrios aige, agus ní facthas
airgead aisteach an-aithnidh riamh acht é.
Bhí airgead Turcach ann, agus airgead
Franncach, airgead Sasanach agus airgead
Spáinneach, airgead geal agus airgead ruadh,
airgead buidhe agus airgead breac, airgead
cóir agus airgead bréige.



Bhí asal ar adhastar aige ag teacht i
lorg a bhonn, agus é ceangailte de cheann
téide fada, agus an ceann eile de'n téid sin
thar ghualainn a mhaighistir. Bhí an “bul-
bul” ag ceileabhar go caoin ar mhaoilinn
ghéige, agus an sruthán ag snighe síos go síor-
cheólmhar fá bhun na mór-chrann, acht ba
bheag ar Inseán ceól ceachtair aca. Ba
mhinic leis ag éisteacht le n-a leitheid, acht
níor mhinic sparán chomh teann aige agus bhí aige
an uair sin. Tharraing sé an sparán amach
as a chrios, agus shiubhal roimhe ag comhaireamh
a chuid airgid agus á athchomhaireamh, gan
aire thabhairt do cheileabhar na n-éan na do
shám-cheol na sruthán.



Ní mó thug sé d'á uidh ná d'á aire


L. 132


an dá sheabhac ag gluasacht timcheall
os a chionn ag iarraidh faille ar an éinín
bocht binn-ghothach d'fhuadach de'n ghéig agus do
bhreith leo suas go bruach na haille. Ní
fhaca sé, acht an oiread, an bheirt fhear 'n-a
suidhe fá dhín na gcrann ar bhruach an
tsrutháin, acht ní mar sin dóibh-sean.
Bhíodar ag féachaint go géar air, agus ag
éisteacht go géar le n-a chuid chainte.
D'airigheadar na focla so — “Cúig cúbac,
sin piastar — fiche para — ceithre satút -
cúbac eile agus an píosa deich bpara so -
dhá phara go leith, sin piastar agus fiche para
agus — “



Níor bheag leó an méad sin.



Ainm fíor-uasal thug a athair ar gach
deagh-mhac aca, óir Abd-Alla do b'ainm
do'n dara far, agus Abú Salem do'n fhear
eile. A Ghaedhilg sin, má's toil leat a
fiosurghadh, “seirbhíseach Dé” agus “athair na
síothchana.”



Seal dóibh ag cogar le chéile, nó fá
dheireadh gur éirgheadar a mbeirt i ndiaidh
na sgolóige, agus gur éaluigheadar air a-gan
fhios dó, agus é ag comhaireamh an airgid ós árd
an dara feacht déag ar fhichid, agus gan a dheimhin
fós aige an bhfuair sé díol cothrom ó'n
mbac madraidh úd do cheannuigh an
t-adhmad uaidh ar an margadh, nó nach
bhfuair.



Tháinig Athair na Síothchána, nó Abú
Salem mar tugadh air 'n-a theangaidh féin,
go rug sé go socair ar adhastar an asail,
gur sgaoil an t-asal ar siubhal, agus gur
chuir a chloigeann féin isteach 'san
adhastar. Bhog leis annsin i ndiaidh na
sgolóige.



Ó fuair an t-asal cead a chinn, ghabh sé
ag ithe an fhéir ar thaobh an chasáin, agus níor
bh'fhada a mhoill do Sheirbhíseach Dé, dar bh'
ainm Abd-Alla i gcanamhaint a thíre féin,
breith air, agus é thiomáint isteach fa'n
choill go socair sásta síor-úrgháirdeach.



Dála an deagh-dhalta sin, Abú Salem, do
ghluais leis go macánta miochair i bhfíor-
lorg a mhaighistir Inseán, agus thug súil thar a
ghualainn siar gach le seal ag féachaint an
raibh Abd-Alla agus an t-asal imthighthe ar fad
as a radharc. Ó chonnaic sé fá dheireadh
nár bhaoghal go mbéarfaidhe orra, do cheap
sé i n-a aigneadh féin gur mhithid dó a
mhalairt de riocht do bheith air féin. Stad
sé d'á shiubhal go daingean do-ghluaiste.
Níor mhór nár leagadh Inseán ar lár, le
teannadh na téide ar a ghualainn, agus murar
leagadh féin, dó cuireadh críoch ar a chomhair-
eamh, agus do sgaipeadh mór-chuid de'n airgead
ar fud na faithche féar-ghlaise. “Mo sheacht
míle mallacht ort, mar asal mí-bhéasach!”
ar seisean, ag iompódh go feargach ar an
asal bocht, agus a bhata d'á bheartughadh aige os
cionn a chinn.



“Ó a Dhia na bfeart!” ar sé, nuair
chonnaic sé gur duine bhí ann i n-ionad a
asail. Léim sé siar seacht dtroighthe i
ndiaidh a chúil, leath a dhá shúil air, agus fá
dheireadh sgairt sé amach de ghuth chaol chrith-
eaglach- “I n-ainm Mhóhamaid, cad thug
annso thú, agus cia thú féin?”



“Asal bocht díleas leat mise,” arsa
Abú Salem, de ghuth umhal úiríseal.



“Asal liom, a n-eadh? Dá ríre!”
ars'an sgológ. “Maiseadh, ní chreidim é.”



“Déan éisteacht liom, sírim ort, a athair
agus a mhaighistir,” arsa Abú Salem. “Bhí mé
aimsir fhada am' asal bhocht bhalbh agat, acht
anois tá guth agam agus inneósaidh mé mo
sgéal duit. Rugadh agus togadh mé i mbaile
beag a dtugtar Blaodan air. Bhí mo
mháthair i dtaobh liom do chloinn, agus í 'n-a
baintrigh, acht mo léan agus mo náire, ba mé
an mac mí-nádúrtha dhi. Thugann uirri
bheith ag obair go cruadhógach, agus do sgaipinn
gach pinginn d'á saothruigheadh sí. Nuair
badh bheag liom a mbíodh aici de bhárr an
lae do bhuailinn gan taise gan trócaire
í, agus do bhuailinn gan taise gan trócaire
í, agus do chuirinn amach ar an sráid í,
cuma cá háit i bhfuigheadh sí fasgad na


L. 133


hoidhche. Ó a mháthairín díleas! Ochón!
ochón! a thruaighe í! Chonnaic mé í, tá
roinnt laetheanta ó shoin ann, agus bhí sí chomh
truaighmhéileach dubrónach bochtuighthe sin
gur ghabh truaighe mhór mé gan mé am'
dhuine go dtiubhrainn sólás di as so
amach.”



“Níor innis tu dhom cad do thug i riocht
asail thú,” ars' an duine macánta.



“Seadh, lá d'á dtug mé droch-úsáid thar
bárr dhi, gur bhris ar an bhfoidhidin aici, agus
go dtug sí a seacht míle mallacht dom, agus
chuir sí d'á draoidheacht i riocht asail mé,
go dtí go dtiubhradh mo mhaighistir féin an
mhallacht chéadna dhom. Annsin do chuir sí
dom' dhíol ar an margadh mé, agus cheannuigh
tusa mé. Bhí aithne mhaith agam ort gur
duine cráibhtheach deagh-labhartha thú, agus nár
airigh duine riamh ag easgaine thú, rud do
chuir dubrón agus dólás ar fad orm, ó bhí a
fhios agam nár mhóide go mbrisfeá an
draoidheacht do bhí orm go bráth. Táim
anois le seacht mbliadhna am' asal agat agus
gan súil agam go dtí indiu go bhfuighinn
fuasgladh choidhche ó'n draoidheacht. Maiseadh
is ag cuimhniughadh dhom indiu ar an mí-ágh
tugadh orm, agus maighistir chomh maith leat-sa
do bheith orm, do rug aon iarracht amháin
éadóchais ar mo chroidhe an uair úd, gur
stad mé go hobann ar an mbóthar, agus gur
sgaip mé do chuid airgid ar fud an
mhachaire, a gan fhios dom féin. Annsin
thugais do sheacht míle mallacht dom, acht
níor aithin mé gur briseadh an draoidheacht,
nó go ndubhrais féin liom nach gcreidfeá
choidhche gur bh'asal mé.”



“Alla hú acbar!” ars' Inseán, “agus cia
an duine mé, go ndeonóchainn diúltadh d'á
thoil? Fill ar do bhaile féin chum do
mháthar, agus bí ad' mhac dhíleas umal di as so
amach. Agus go soirbhighidh Dia dhuit!” Ní
baoghal nár imthigh Abú Salem.



Dála an fhir eile, Abd-Alla, “seir-
bhíseach Dé,” níor stad cos leis go ráinig
sé sa' mbaile mór isteach, agus gur dhíol an
t-asal ar a lán-luach airgid ar an margadh.
Le n-a linn sin, cia do chífeadh sé chuige
acht Abú Salem, “athair na síothchána,” agus
gean mór gáire ar a ghnúis ghual-duibh
ghrian-dóighte. D'innseadar a sgéala d'á
chéile, agus is iad do bhí go meadhrach meanmnach
d'á mbárr.



Lá ar n-a bhárach d'éirigh Inseán go moch
ar maidin, bhain a sparán, agus é lán
d'airgead gach datha, as an gcrocán i n-a
raibh sé i dtaisge aige, an áit nár bh'eagal
leis go rachadh lucht cána d'á thóraidheacht,
agus d'imthigh leis chum an mhargaidh chum go
gceannóchadh sé asal eile. Tháinig sé i
bhfaithche an mhargaidh agus bhí sé ag imtheacht ó áit
go háit ar tóir asail oireamhnaigh do dhéan-
fadh cúis dó, go dtáinig sé go béal botha,
áit i bhfaca sé a asal féin, agus é ceangailte
de chuaille, agus duine nár bh'eol dó 'n-a bhun.
Thárla go raibh an bheirt dailtín úd, Abd-
Alla agus Abú Salem, istigh sa' bhoith sin, agus iad
ag ól caife, agus ag caitheamh tobac. Nuair
d'aithin Inseán gur bh'é a asal féin do bhí
ann, do ghabh sé ag labhairt go haithiseach
achmhusánach leis, agus d'airigh an bheirt é ag
caint mar leanas:



“Ó a dhuine gan mhaith, nach luath do dhear-
maid tú gach ar fhuiling tú! An gcreid-
feadh aon duine go mbeidheadh de dhonas ort
do chuid droichbheart do thosughadh chomh luath
sin arís, agus easonóir agus easumhla do thabhairt
dod' mháthair bhoicht an chéad oidhche chonnaic
tú í tar éis na seacht mbliadhan thug tú ad'
asal agam-sa? Go deimhin is maith an díol
ort é, tá sé tuillte agat. Act ná síl go
bhfuilim-se chomh díchéillidhe agus go gceann-
óchainn aris thú!”



[Do haistrigheadh an sgéal thuas ó'n mBearla i n-ar
sgríobh "Zara" é, ag tabhairt "The Enchanted Ass"
mar ainm air; do aistrigh seisean ó'n teangaidh
Arabaigh é; "An t-Asal Malluighthe" dob' ainm do'n
sgéal sa' teangaidh sin. Is é an ball in-a bhfuaras é
i mBéarla, "Cassell's Magazine" do mhí Shamhna so
chuaidh tharainn.]




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services