Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán an Tae.

Title
Amhrán an Tae.
Author(s)
Breathnach, Séamas,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


L. 118


Amhrán ó Mhín na Gualainne.



Ughdar an cheoil-se: cean-
naidhe tae da raibh Johnston
air agus a theach reaca aige ar
an tSrath Bán, tá tuairim
is cúig bliadhna déag ó shoin,
do chuir amach uadh fear darbh' ainm Pád-
raig mac Cuinneagáin — b'as Tulaigh an
tsidheáin dó agus cárr tae leis, agus 'sé an
gnaithe chuir sé air seo an tae do dhíol le
bunadh na tuaithe i dTír Chonaill. Ní
facthas a leithid riamh roimhe ins an tír sin,
go mbíodh díol mór ar a chuid tae i dtús
na cúise. Níor mhór le rádh an cineál
tae do cuirthí ar an gcárr leis. Má's
fíor go raibh sé saor, níor dhual do chean-
naidhe ar bith riamh aon chineál tae do dhíol
faoi n-a luach. Maiseadh, ní raibh a fhios
sin ag lucht a cheannuighthe. Bhíthí ag iar-
raidh an tae seo, cion is go bhfághthaoi as
cáirde é. Tháinig Pádraig Mac Cuinnea-
gáin a fhad leis an Ghlaisigh, dúthaigh atá
ós coinne tighe reaca Éamoinn Uí Mhuighe
ar Mhín na Gualainne i nGleann Fhinne, agus
thoisigh sé ag díol an tae, mar déarthá, as
an éadan. Sin rud nár thaitin le lucht na
dteach reaca, nidh nár bh'iongnadh, gur dhiúl-
tadar a gcuid siúcra do thabhairt uatha, do
bhrígh nach dtiocfadh leo an dadaidh de
bhuntáiste do bhaint as a dhíol, gan an tae
do dhíol i n-éinfheacht leis. Thigeadh “fear
an ghearráin bháin,” .i. an Cuinneagánach, agus
banntracht na dúithche i gceann a chéile
uair 'sa' tseachtmhain ar shean-droichead dá
raibh teach Seonaidhe i ndeas dó. Nuair do
bhí na “seacht seachtmhaine de spás” nó
cháirde thug sé dhóibh caithte, tháinig an
Cuinneagánach ar an droichead do réir na
coinne, acht ní raibh na mná roimhe ann ná
'na dhéidh, agus fios ná fagháil ní raibh orra;
bhí sé ann ina aonar. D'iompuigh sé thart
ar a chúlaibh annsin, agus a fhuip i n-a láimh, agus
fearg mhór air, nídh nár bh'iongnadh, agus
casadh Seonaidhe dhó, gur labhair leis, ag
mionnughadh go gcuirfeadh na mná i bprío-
sún agus gan gráinnín tae do thabhairt dóibh
feasda do chionn gan an cháirde do dhíol
dóibh. Lá ar n-a bhárach casadh Séamus
Breathnach (nó Stouty Bhails) ar Sheonaidhe
agus thug sé fios iomláin an sgéil dó gur
ghabh an file ag ceartughadh ceoil faoi, go
ndeárna sé an t-amhrán so tá lán de'n
laghaic agus de'n ghreann, gus seo síos na ceath-
ramhna fá mar chum sé féin iad. Mise
chuir síos ó n-a bhéal-aithris féin iad. Ba
dhearbhráthair do Sheamus Peadar Breath-
nach dá raibh amhrán fír-bhinn d'á chuid fá
chló ins an Irisleabhar tá tamall mór ó
shoin. Ní'l Peadar beo anois, faraor;
fuair sé bás tá cúig bliadhna fichead ó
shoin. Acht ní mar sin do Shéamas, a dhear-
bhráthair. Tá seisean beo beathadhach
bríoghmhar go fóill, buidheachas do'n Rígh, agus
slán folláin fós, cé go bhfuil sé, i réir
mar adeir sé féin, i n-aois a “cheithre scór
agus sé bliadhna.” Guidhim Dia fá thuilleadh
faid-saoghail do thabhairt dó faoi shláinte
shíor-mhaith, óir a shárughadh de Ghaedheal
ghreannmhar ghasda gheanamhail níor casadh
riamh im' threo-sa. Cuid eile dá thréithibh,
is cruadhógach an féar é, go mbíonn sé ag
obair ó mhaidin go hoidhche. Tá mé ag
cumadh nach ndéanfadh faillighe i n-a chuid
oibre ar ór an domhain. Sin mar bhíonn
cuid mhór de'n tsean-Ghaedhealtacht, im'
bharamhail-se.



Amhrán an Tae.



Séamas Breathnach (nó Bhails) cct.



I.
Ar an Ghlaisigh tá an siopa tá sásta a
bhfuil air an sgáth 'gus díon;
Bhéara sé credit do mhná', arú, biotáilte
láidir is fíon;
Gheabha siad seachtmhaine 'spás uadh, tuilleadh
má's áin leo fheín;
ó, ní hionann is Neddy 's a gháir nach
dtiubhradh dhóibh spás i bpighinn.


L. 119


II.
Go mairidh Pat Cunnigam slán, 'sé
thiocfadh go sásta aníos,
'S a sgabfadh an t-earradh ar mhnáibh, 's nach
ndíolfadh go brát de pighinn;
Dá mbéidheadh leis an cineál ab' fheárr
ó Dhoire ó'n tSrath Bán aníos,
B'fhada go gcluinfidhe 'sa' gháire go
gcaithfidhe a gcáirde dhíol.



III.
M'anam Pat Cunnigam thíos, cluinfe sibh
caoineadh cruaidh;
Ní bhfuighe sibh ó Neddy luach pighne feasda
go ndíolaidh a luach;
Ní hionann 's an fear thigeadh aníos bhí
macánta saoitheamhail suairc;
B'fhada go gcluintí dá maoidheamh, nach
sgairtfidhe, “cia dhíolfadh a luach?”



IV.
Anois, ó chaill Neddy an call, cluinfe sibh
gáir fá'n roinn;
Ní thabhairfidh sé an dadaidh ar cáirde, 's is
aithrighe na mná, bíodh geall;
Acht m'anam Pat Cunnigam thíos; béidh
bhuigeanna thríd an luaith;
Béidh sean-mhná 'na gcodladh fá'n ghríosaigh,
is bun-mhná 'na luighe gan stuaim.



V.
'Sé Seonaidhe a mhínigh damh an cás go raibh
sé fhéin ag gáiridhe 'ndé,
Ag amharc ar fhear an ghearráin bháin ag
sgairtighe ar mhnáibh an tae;
Bhí sé, 's a fhuip i n-a láimh, 's ag mionnughadh
go láidir tréan
Go gcuirfeadh sé i gceangal a gcnámha, 's
nach dtiubhradh dhóibh gráinnín tae.



VI.
“Casadh damh fear an ghearráin bháin, 's is
é nach raibh sásda indé,
'S eisean ag sgairtighe go cráidhte, “A
bhfaca tú mná an tae?
Má fhágaim 'un a' bhaile beo slán, ní
fheicfear mé go bráth 'na ndéidh,
'S mo mhallacht do a'n dhuine go bráth a
sgabfas ar mhná' a chuid tae.”



VII.
Agruighim thú, a Neddy, 's bí grástamail, is
dearc ar na mnáibh le tae;
Nach doiligh duit d'anam a dheánamh, 's iad
ag fagháil bháis gan é?
Tabhair dhóbhtha seacht seachtmhainí 'spás is
gheabha tú an call go léir,
Is caithfe mé an sean-ghearrán bán, má
thig sé go bráth le tae.



VIII.
Agruighim sibh, a chailíní óga, stadaidh níos
mó de'n tae,
Nó béidh oraibh aithrighe go fóill, má gheibh
sibh cró díbh fhéin;
Mur ndeánadh sibh acht imirt ná ól, budh
deise an dóigh díbh é,
Is bhéarfa sibh mallacht go fóill do'n lá
thoisigh sibh ag ól an tae.



IX.
Stad thusa d'amaididh ceoil feasta níos mó
fá'n tae;
Tá cuid de na cailíní óga nach mbéidheadh
ar dóigh gan é:
Dá dtéidheadh siad a choinneáil an chró,
bhéidheadh siad faoi bhrón go héag;
Bhéidheadh an sean-saucepan dubh i n-a ndórn
's iad ag osnaighil go mór fá'n tae.



NOTES



1. gáire, report, rumour, gáir, talk


L. 120


gáiridhe, laughter (v.). III. Go ndíolaidh, for go ndíolaidh
sibh. Go gcluintí: or go gcluinfidhe.



Tráchd = trade
or custom.



Aithrighe: used in Glenfinn for
aithreach. Bun-mhná : bún-bhean, a middle-aged woman,
a very common word in Glenfinn



VVI. D'anam a dheánamh, to save
your soul.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services