Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Some Irish Law Documents. (continued).

Title
Some Irish Law Documents. (continued).
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SOME IRISH LAW DOCUMENTS.
(continued.)



III.



1. Bíodh a fhios ag gach uile
dhuine go dtug mise, Laois-
each mac Toirdhealbhaigh Uí
Dhúnlaing, ó Chill Choirill
i gConndae an Ríogh, agus gur dhaingnigh mé
ris an gcárta so uaim féin agus óm' oidhribh
im' dhiaidh, mo chuid féin de'n Tulaigh .i.
an chuid thug m'athair .i. Toirdhealbhach mac
Domhnaill Uí Dhúnlaing, de 'n Tulaigh
réamhráidhte sin i ngeall do Nioclás Ualis
agus dá mhac .i. Ruisdeard.



2. An chuid sin do bheith uaim-se insa'
cheangal thug m'athair air, agus seacht mbliadhna
de bharr téarma uaim féin air; agus tar éis
na seacht mbliadhan sin do chaitheamh, nó go
dtugaidh mise, an Laoiseach réamhráidhte
sin, ceithre punta Sacsanach as an gcuid
sin, maille ris an ngeall atá ó Thoir-
dhealbhach ar an gcuid sin.



3. Agus fós bíodh a fhios agaibh, gach
connradh d'á bhfuil óm' athair, .i. Toirdheal-
bhach, ar an gcuid sin, gurab é is ceangal
orm-sa do réir mar adéara dinndiúr
Risdird agus cloinne Dhomhnaill Uí Dhúnlaing
re chéile, taobh amuigh de na seacht mbliadh-
naibh so thug mé féin, an Laoiseach réamh-
ráidhte so, orm.



4. Agus d'a dhearbhadh so, do chuir mé mo
lámh agus mo shéala air seo, an naomhadh lá
fichead de mhí Iunius, 1594.



Comhartha [D] láimhe Laoisigh Uí Dhún-
laing. (Séala).



Uilliam ó Buachalla ó Liathmanchán d'
fhiadhnaise air seo +.



Brian MacFailghe ó 'n gCluanaigh d'
fhiadhnaise air seo. +.



Mise Oireachtach mac Briain do sgríobh
so. Éamunn Ualis testis +.


L. 115


NOTES.



1. Cill Choirill, Engl., Kilcurley. Daingnigh, spelled
daighne, showing local pronunciation.



2. Ceangal, bond. De bharr téarma, by way of an
additional term, lit. of top of term.



3. Connradh, covenant, agreement. Dinndiúr =
indenture, and is derived from that word.



4. Iúnius, the Latin name, Irish, Meitheamh. O
buachalla, Engl. "Buckley." Liathmanchán, Leman-
aghan, King's Co. Cluanach, Clonagh, King's Co.
Oireachtach, hence MagOireachtaigh, Geraghty, Gerty.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services