Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar.

Title
Ó'n Domhan Thiar.
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Ó'n Domhan Thiar.



Cearc-uisge, faoi uisge, a's í ag
plubáil 's ag plabáil, cé déaradh sin naoi n-uaire gan
foillighe, gan faillighe? Abair, abair, 's
ná buail do dhá chab ar a chéile.



Tá mé chomh gabhtha le mo
bhás a's lé bheith beo.



Bhí oiread sin manga
ré acaib gur líonamh an curach.


L. 85


Caithfear cluithche na sgreaga d'imirt le
leath-láimh, agus má chliseann ort aon
chleas de'n chluithche do dhéanamh, tosuigheann
duine eile. Is ionann “sgreaga” agus
“creaga,” nó cloichíní beaga, agus teas-
tóchaidh cúig cinn aca uait.



A.1. Cuir na cúig sgreaga ar bhois do
láimhe, caith suas san aer iad, iompuigh do
lámh ar nós go dtuitfidh na sgreaga, ar
theacht anuas dóibh, ar chúl do láimhe. (Le
linn an chleasa do déanamh, abair “cúig.”)
2-8. An cleas céadna seacht n-uaire i
ndiaidh a chéile (abair “cúig déag” fiche,
(nó aon gan bhréig), cúig fichead, deich fichead,
cúig déag ar fhichid, dá fhichid, cúig agus dá
fhichid).



B.1. Caith na cúig sgreaga ar an
talamh, beir ar cheann aca agus caith suas
san aer í, annsin beir ar dhá cheann eile
agus, ar thuitim do'n chéad-sgreag, beir
uirthi. Déan an cleas céadna leis an
gcéud sgreag agus an dá sgreag eile.
(Abair “h-aon dho chuinneog.”) 2. Caith
síos na cúig sgreaga, caith ceann aca
suas, beir ar thrí cinn eile aca, agus gabh
an ceann thuas ar theacht anuas dí (”dó dho
chuinneog.”) 3. Caith suas ceann aca,
beir ar na ceithre cinn eile, gabh an
ceann thuas arís, ar thuitimn dí “trí dho
chuinneog.”)



C.1. Caith ceithre sgreaga síos, caith an
cúigeadh suas san aer, beir ar dhá cheann
de'n cheithre, buail ar do ghlúin iad gan
leigean dóibh tuitim as do láimh, annsin
beir ar an sgreag san aer ar theacht
anuas dí. (“Haon dho bhualadh glún.”)
2-3. An cleas céadna, faoi dhó, (”Dó dhó
bhualadh glún, trí dh. bh. gh.”)



D. Na cleasa céadna, acht buail do
lámh ar t'ucht agus abair (“haon, dó, trí
dhó bhualadh uchta.”)



E. Na cleasa céadna, acht buail na
sgreaga ar bhois do láimhe eile (haon, dó,
trí do bhualadh bos).



F. Buail na sgreaga ar an talamh sul
bheireann tú ar an sgreag san aer (”haon,
dó, trí dho bhualadh an talaimh.)
Cantar mar “bhualantala” é.



G. Cuir dhá sgreag in do bhéal, caith
sgreag eile san aer, beir ar an dá cheann
eile ar an talamh, cuir do láimh in do bhéal
agus cuir as do bhéal isteach ins an láimh
an dá sgreag a bhí ann, annsin beir ar an
sgreag san aer. An cleas céadna trí
huaire (haon, dó, trí dho bhualadh béilín).



Do dhá láimh ins an gcleas so. Cuir do
lámh chlí ar an talamh, ar nós nach mbeidh
ar an talamh acht fíor-bháirr na méar, agus
iad sgartha ó chéile, ar nós go mbeidh
bearna nó dorus, mar adéarfá, idir gach
dá mhéir. Sin ceithre dhoruis. Anois cuir
sgreag ar aghaidh gach doruis aca so, in aice
bárr na méar (cuirtear na sgreaga i
gcosamhlacht le hasailínibh ag dul isteach
ar dhorusaibh). Annsin tosuigh leis an


L. 86


sgreag is fada uait, agus sáith isteach na
sgreaga faoi do láimh. Beir greim do
láimhe deise ar an gcúigeadh sgreag, caith
suas san aer í, beir greim do láimhe clí ar
na ceithre sgreaga atá fúithe, agus gabh
an sgreag thuas in do láimh chlí (Abair
“haon dh'asailín”). An cleas céadna trí
huaire eile (”do, trí, ceithre dh'asailín).
Sin críoch cluithche na sgreaga.



E. O'G.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services