Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Éigse Chinn Choradh.

Title
A Éigse Chinn Choradh.
Author(s)
O Comhraidhe, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Éigse Chinn Choradh.



Eoghan O Comhraidhe cct.



Dileagra ar an mbuaidh caithréimeach
tíorghrádhach rug Domhnall O Conaill,
nuair toghadh é mar bhall feise go honórach
do Chondae cheannasach an Chláir 'san
bhliadhain d'aois Críosd 1828, i n-Innis-
tíomuin.



I.



A éisge Chinn Chóradh 's a threoin de shíol
Éibhir,
Má's méin libh na sgeólta so d'fhóir díbh
go déidheanach,
Gléasaidh bhur n-ór-chruite beódha binn-
téadmhar',
Is méar-spreagaidh ceólta go fóinn-ghlic
fír-néata;
Sreangaidh, gan easnamh aisdí na
ndámh,
An céim so le gaisgead rug gasradh
an Chláir,
D'fhuig Vesey MacGearailt fá thar-
caisne ar lár,
Is Domhnall O Conaill fá chumas
i bhfeisreachd
Pósta fá chumann le Sighle ní
Ghadhra.



II.



Is dearbh nárbh eól dam i dtóir Chuinn na
gcéad gcath
Ná ag Cairbre cródha fuair coróin ríogh le
géilleadh,
I nEamhain na leomhan ná i slógh Craoibhe
craoraige,
I dTeamhair na mór-ghníomh ná i bhfórsaidhibh
na Féinne.


L. 70


Samhail an laoich léidmhigh ó Dhaire
Fhíonáin bhláith
De threibh thréin chonaidhe chalma Chaisil
na bhfáidh
Bhí ag cosgairt na nGallaibh i nEach-
dhruim an áir,—
Aon tseabhac mar Dhomhnall i
ngleó chloidhim 's i n-aighneas
Ag tagairt a córa do Shíghle ní
Ghadhra.



III.



Is éifeachdach eólach tais treórach caoin-
tréitheach,
Is séimh sultmhar sóghamhail beachd beódha
bhinn-bhéasach,
Gan léanadh gan leónadh gan smól gan
teimheal béime
Gan clé-chlis gan chróilighe gan snódh críon
gan claon-chor
An bhé mhilis mhaiseamhail bhanamhail
bhláith
Fuair caomhnadh agus caradas flatha críoc
Fáil
Tá i ngéibheann le sealad ag gallaibh
faoi tháir,—
'S nár ceapadh le mór-chrith na
gcomhachda aon deigh-ghein
Chomh taithneamhach snódh leat-sa, a
Shíghle ní Ghadhra.



IV.



Cidh fada treabh Eoghain fá bhron i gcrích
Fhéidhlim,
Gan foireann gan fórsa gan sógh gan
suim séada,
Fá tharcaisne ar feóchain gan gleó gan
gníomh laochais
I nglasaibh ag cóbaigh cais dreoighte bhuidhe
an bhéarla,
Gan cléirigh gan cealla gan fearann
gan fál,
Gan féinnidhe gan fearta gan cabhair
gan cáin,
Gan féile gan freasdal gan caraid
gan cáil,
'S gach mursaire tuata de'n
chuaine chinn-fheadhma
I n-ionad a nuachair ag Síghle ní
Ghadhra.



V.



A shaor-chlanna cródha, d'ár chóir cíos is
céimibh
Na hÉireann, gan crón-phuic tar mór-
mhuir dá éileamh,
Téarnaidh go slóghmhar i gcló chaoimh le
chéile,
Is réabaidh gach fóir-dhlighe d'ár bhreoigh
Gaoidhil le tréimhse,
Éighim sibh, ná stadaidh 's ná casaidh go
bráth,
Go leagaidh sibh falla na nGallaibh ar
lár!
Bíodh éiric 'n-a n-easmailt ag feara-
choin Fáil;
'S is gairid d'á bhíthin gur'b aoi-
bhinn an radharc linn
Ar aiseach a saoirse ar Shíghle ní
Ghadhra.



NOTES.



1. A threoin = a threóna or a thréana.



The o of Ceann Coradh
should be short. The word cora, a weir, a reef of rock,
etc., is still common in the West. Sreangaidh, string ye,
i.e., play on the harp-strings. Sreang (f. gen. sreinge)
is used for the band connecting the wheel with the spindle
of a spinning-wheel. Gan easnamh, without defect; this
is a very common idea in Irish poetry from the earliest


L. 71


times - cen choll, without deficit (Cíos Caisil, Leabhar na
gCeart), cen imar-rím, without defect of reckoning
(Sochar Connacht, ib.), cen locht, without default (ib.),
cen acht, without "minus" (Tuarastal Connacht, ib.),
cen chleith, without concealment (ib), co demhin, to a cer-
tainty (Tuarasdal Ríogh Ailigh, ib.). D'fhuig or d'fhúig
= d'fhág. This form is really the old future stem, still
used in Ulster. Feirsreachd or feisireachd, the condition
or office of a member of parliament : feisire would be a
much better term than ball feise.



2. Samhail an Laoich and aon tseabhac mar Dhomhnall
are nominatives to nárbh' eol dam. Craoibhe craoraige
= An Chraobh Ruadh. The MS. has Samhail an laoch
sáir-léidmheach ó Dhuire Fhiannáin bhláith, but this will
not fit into the verse. Conaidhe, perhaps from cú, like
fear-choin, stanza 5. Cú, the great Irish hound, takes in
Irish poetry the place of the lion in other literatures.
Na nGallaibh for na nGall, to suit metre.



3. Smól = smál, stain. Teimheal, darkness, pro-
nounced tíol in Munster. Béim = blight? Béim
súile, a stroke of the evil-eye. Bé, often written béith,
like teith for te. Caomhnadh, in MS. caomhnas. 'S nár
ceapadh, since there has not been created amid the mighty
commotion of the powers (of nature) a goodly offspring
as pleasing in aspect, etc.



4. Gan foirenn, without adherents. Gan sometimes
takes accusative as here, sometimes dative, gan chéill:
sometimes aspirates, sometimes not. Gan suim séada,
without (her due) supply of wealth. Cóbaigh seems to be
used as a dative form of cóib or cóip, common in the
sense of "a troop or crew." Buidhe: the Gaedhil have
always prided themselves on their beauty of complexion,
and outsiders have allowed them this boast. Buidhe and
crón-phuic (swarthy he-goats) are applied to the English.
Mursaire tuata, boorish churl. Cuaine, litter, brood.
What does cinn-fheadhma mean?



5. Céimibh, dative for nom. plural, céimeanna. Eighim
sibh, I exhort you. Eiric i n-a n-easmailt, retribution
for their dishounour. Fear-choin, brave men. D'á bhíthin,
in consequence thereof.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services