Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pas an Phiobaire. II.

Title
Pas an Phiobaire. II.
Author(s)
O Comhraidhe, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Pas an Phiobaire II.



25.
Go Newpark soir gan taisdeal duit
Budh damaint-ghuith is náire,
Go plúr na sár-fhear searcamhail,
An seabhac suilt gan táire.
Do chlú, do cháil, do phearsa-chruth,
Do bhacaird is do spága,
Bíodh cumhra bearttha barramhail
Chum seasuighthe 'n-a láthair.



26.
Ó théacht thar sáil do ghasraidh
Ghlain ghaisgeamhail Mhilésius,
Mo léan má d'fhás i bhfearann Luirc
A shamhail sin de laoch mhear.
Ní'l éacht le fagháil ar ainm-chlis
Ná tabhairt suilt do bhéithibh,
Nach é bheir barr an ghaisgidh leis
'San aisde sin tar aon-ne.”



27.
Bíodh méar ar bharr do hata dhó,
Is tabhair beannachd Dé air;
Ní'l laoch ó'n gClár go Caiseal soir
Ná caithfeadh sin do dhéanamh.
Féach an rás go tapaidh chuir
Ar Mhassy dhubh 's ar Jérvis,
'S ar aonach lán de Bhrunswickers
I Luimneach le chéile.



28.
Ní baoghal duit tráth gur feargach
A leaca mhaiseach mhíonla;
Gheabhair féasda fáilteach fairsing uaidh,
mar chleachtadar a shinsir.
Recéipt go sámh ar mheamram
Fá leabhair-ghlac an taoisigh,
Gan éileamh cháin ná deachmhaidhthe
Ná srathanna ort choidhche.


L. 36


29.
Níor spéis lem' cháidh-fhear meanmnach,
'S níor bh'easnamh ar a thréadaibh,
Dá léigeadh lámh leat colpach
Nó ceathrar beag caorach.
Do shaoradh tráth an bhanaltra,
'S an leanbh bocht ó bhéiceach,
Is bíodh tréan-shruth grás na bhFlaitheasa
Ag fearthainn air i n'éiric.



30.
An tréan-fhlaith tárrthach treasamhail
'S an faraire seo mhaoidhim-se,
Ba léir do'n chnáimh ó'r easgair sé
Gach ceasnadh-bhruid do sgaoileadh.
Sliochd Éibhir áird i mBaisginne
Is nár mheathaid annsain choidhche
'S mo laoch a Gormáin Mathghamhain
Gur leis barra glan mo chraoibhe.



31.
Tar a éis go bhfághair a n-abraim
Cuir beannachd mhaith is guidhe leis,
Is déan go rábach rathamhail
Fá thearmainn an chaoin-fhir,
'Sé Micheál grádhmhar greannmhar
Geal acfuinneach Ó Míodhcháin;
Is bíodh mo lámh mar thaca dhuit
Nach dealbh dhuit an oidhche ann.



32.
Líonfaidh cáirt gan dearmad
De bheath-uisge mhaith dhaor ann;
Guidhim a ghráidh tú seachain é,
Ná bain acht casadh caol as.
Beidh rinnce ráig is ragairne
I n'aice agad gan chuimse,
Is saoire shámh ag baile rómhat,
Gan eagla roimh luchd cíosa.



33.
An déirc is lugha d'a nglacair-se,
Bíodh leath an tuirc go cinnte ann;
An ghéag is tiugha de'n leathan-mhart,
Nó satchel de'n im tíordha;
An taobh is mó 's is mursanta
Fá lomradh de'n chaoirigh,
Nó léine nua agus rufa léi,
Gan uireasbaidh go híochtar.



34.
Bí réidh ar dtéachd na hInide
Go siosguighthe glan suidhte,
Ar chaol-each éadtrom ingilte
le spuir is fuip is lamaínnibh.
Gach féasda saor, gach cuirm fliuch,
'S gach cuideachda 'n-a suidhfir,
Bí ar thaobh na méise is luchdmhaire
'S is sultmhaire sa' gcuibhreann.



35.
Tá an Cháisg ag téacht go hobann ort;
Bí ullamh glan chum saothair;
Ciseán fós dhéin na n-ubh agad,
Is butter-box go gléasta.
Beidh a lán aráin gan dochma agad,
Gidh sluigfidís buiséal maith,
Is gheabhair stáir lán éadtrom fhonnmhar
Le fosgailt díobh im' fhéachain.



36.
'S a Phádraig ghrádhmhar ghreannmhar,
Mho bheannachd feasda i gcéin leat!
Guidhim ágh na gcárt 's na gcnagairí
Na mbleaghthach is na ngéadh leat.
Gach áit nach fáilteach freasdalach
'S nach cabharthach go séimh leat,
Nár fhásaid grán ná arbhar
Ná bleachdanas ná séan air!



Tabhartha fóm' láimh-se i Luimneach, lá
Naoimh Bríghde, 1821. Eoghan Ó Comhraidhe
ó Dhún Átha an Ghrinn.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services