Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish Text on the 'War of Jenkins' Ear'

Title
An Irish Text on the 'War of Jenkins' Ear'
Author(s)
Ó Neachtain, Tadhg,
Compiler/Editor
Buttimer, C. G.
Composition Date
1739
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1990)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



At Cliath



1739 Ocbr. 30 Re hordúghadh an darra Seorsa righ Sacson do
fuagradh cogadh for in Spainn in Ath Cliath.



An naoichidh 12 Dia Luain Ath Cliath. Do ghabh cuig longa
Maltaois ceithre longa Sasanach ag triall on Morea. Ghabh na Spáinibh
an long Stubington ionna slighe go Sasana. Do gabha an long Sasanach
.i. Britania mar an gceadhna. Do ghabhadar fos an long .i. Uiliam agus
Maire ó Nuafondland. Do ghabhadar mar an gceadna an long Aurora.
Gabhadar fos mar aon riu sin thuas se longa oile. Do ghabh Sasana da
long Spaineach ro shaidbhir, agus long oile.



Nov 14. Deir an nuaighidheacht, do gabh na Spainib ocht
gallonga on on sic Morea. Gabhadar fos long ionn a slighe o Naples.
Ghabhadar mar an gceadna an Golden Fleech, Lee, Beti, Stevens ionn
a slighe o Neufoundland, agus d'eirge an riocht ceadna do na caiptinidh
Woodburi, Le Crav, agus Caille do tugadh go Bilbo. Gabhadar ar chuan
Burdocs san bhFhraing an St John of Waterford, agus gabadh an
Britania os Bristol maille re trí longa eile agus sin re long Spaineach
inn a slighe Charruna.



Nov. 19. Do gabh na Spainib na longa Argíl agus Partipreec fo
croithneacht, ags sic Rachil fo arradh ceannuighibh, agus an San Iosep
o Lonnduin ionn a raibhe luach 150000 ocht mboinn do eadach, agus ceit
longa eile, fo arbar, agus ocht longa deag fo iasg o Neufoundland do tugadh
go San Sabaistin, agus fos long Albanach fo cruithneacht, agus long eile fo
ghual, agus fo fos sic an Dalphin o Lunduin. Gabhadar a Sumerset
ionna fille ó righeacht Sicili.



Duibhlinn



1739 Nov. 23 Ath Cliath. Tug Spainnib long Sasanach go Cadis
800000 luach a lacht. Tuga coig long o Nuashasana et calaidh iad a
mBilbo. Do heigneamh tri longa go San 24 in marg. Baistin a haon
o Sasana fo íasg, agus da long Eireannach fó glasain no peilceards.



Do meannaigh sagairtin .i. Alastar Fond a naghaidh 25 in
marg.> cirbhsire no bribheir dos na Flaithbheartaigh ro bhadh na comh-
naidh a sraid San Seim, agus tre dhuthracht ag meannughadh na aghaidh
san Chingsbinch do bean a bhróga dhe mar adhradh do GREEN CLOTH.
Do spailp an leabhar gudh raib laimh ag an Fhlaithbheartach ceadna
a mbualladh dá Excismen tre ar tugadh breitheamhnas cáin trí céad
puntadh agus braighdeanas no priosuntacht trí bliadna air mhac Ui Fhlaith-
bheartaidh, agus geallamhuin cead go leith puntadh don tsagairtin ar son
a fhiadhnaisi.



Ar mbeith ag fuagradh cogadh naghaidh na Spainnibh do lucht
Dhurlais do mheadughadh an chaithréim cuirid teine
a ttoin seipéil san mbhaile, ag deanamh luaithre de mar aon ris an altoir,
culadh an tsagairt, agus gach ní eile ro bha ann idir corp naomhtha cailis
agus eile.


L. 94


Duibhlinn Decbr an 4 lá. Do ghabh na Spainibh an long Frindship
ionn a slighe ó Oporto go Sasana agus fos an long Prince of Oráng
ó Athclíath agus an long Mountsbay íona slighe go Bheinch agus long eile o
Athclíath cum na Maderas, agus an long Enfild chum Barbados, agus an
long Success, agus trí longa Albanach.



Cuir na buachaillidh diomhaoin laimh re Loch Garmann fios
go gráiseir dos na Smiocach fa deighin ceithre domhain ria a mbliadha agus
da puint deag d'airgead doibh dar dhiult. Ann sin tugaid cuairt air ag
tabhairt da dhamh deag da bhuar riugh. Agus iar a marbhadh doibh cuirid
a ngeir agus a seathachadh chuige ag radh ris da naontadh triall na nochum
go ndalfadaois fleith Nodlacha ro maith do.



1739 Novbr. Do loisgeadh meeting-hoús na Quakers a tToigh
Ma Chuach a gcontae Chille Dara, trear dearna braighibh do naoi
bhfhearaibh déag do na Papists, noch do fridhe neimhchiotach tre ar
saora iad a gcúirt in Náis. Agus in la roimhe a ttriathail do tugadh
crochadoir Atha Cliath gus in Nás, agus naoi ttéadaibh déag chum crochtadh
na mbraighibh bochta sin ar a raibhe morghárda saigheaduiribh gus a
saora. Agus do dhearbhadh bean in Quaker dar loisge a seapodh oibre agus
an tiogh thuas go raibhe a fear fein tri la ag athrughadh gach a raibhe
do mhaoin, éadach is eadail is na toighibh sin, agus ann sin gur ghlac na
toighibh sin tine, agus gur sin a raibhe dfios aice fein, ar loisgeadh na
tteach sin. Cosmhuil mar so gurab é an Quaker féin chuir tine a ttóin,
re go ndeanfadh an chuid eile diobh é féin suas aris, dar measa a bheith
bristeadh.



1739/40. Feb. 27. Ghabh na Spáinibh na longa Sussana, City,
Pas Gharden agus an Dispatch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services