Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tá Gaedhil Bhocht Cráidhte.

Title
Tá Gaedhil Bhocht Cráidhte.
Author(s)
Bhuidhe, Máire,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Tá Gaedhil Bhocht Cráidhte.



Máire Bhuidhe cct.



Tá Gaedhil bhocht' cráidhte céasta cásmhar,
Agus cúirt gach lá orra mar dhúbailt
bhróin,
Agus clann na sár-fhear dá gcrochadh i
n-áirde
Is dá gcur síos láithreach 'san gcroppy-
hole.



Na loingis lán díobh dá gcur tar sáile
Is mo chumha! go bráth sinn fá iomad
yoke,
'S nára fada an cháirde go bhfuighmíd
sásamh!
Is agat-sa tá a fhios, a Rí na gcomhacht.
Tá mo chroidhe istigh sgólta agus m'inntinn
go ró-lag
Nuair chím mo chomharsain dá sgóladh ar
fad,
Is na fir bhreágha óga dhá gcrochadh mór-
chuid,
Is canabhás go brónach dhá seóladh amach.



A Rí na glóire nach mór an seó soin,
An dream so thógais gan cóir gan ceart
Dár gcrádh i n-aon mhoiméint ag dlighthibh
Sheoirse,
Agus pírí móra le fórsa ag teacht!



Leagadh is leónadh agus sgóladh go dóighte
Go dtigid 'na gcomhair sin, agus tóir 'na
measg,
An chroch 's an córda bheith fá n-a sgórnaigh,
Agus Dia nár fhóiridh go mór a ngal;



Acht an ceangal córach bheith ag Osgar
cródha,
'S a bheith 'gabháil go deo orra go leodhaidh
a ghad,


L. 35


I n-áit ár n-óigh-fhear tá sínte go ró-lag
Agus a mbuidhean go deórach ro-mhór ar
fad.



Is fada do'n ál so ag iarraidh sásaimh
Ag Rígh na ngrás agus dá gheallamhaint
dóibh
Ná saorfaidh gárda ná gunnaidhe lána
Sliocht Calbhin ghránda nár ghéill do'n
chóir.



Glacaidh coráiste! tá cabhair Dé láimh libh;
Cia gur fada atáthaoi go dubhach fá bhrón,
Le toil an Áird-mhic tuitfid go lán lag
Chomh tiugh le báistigh ar chnoc lá ceóigh.



'Sé chuala ó fháidh go ndubhairt naomh
Seaghán linn
Go raibh deireadh na cáirde anois díolta
leó,
Go mbeadh rith agus rás ar an dream do chráidh
sinn
Go dubhach fá bhráighdeanacht 's gach a
dtáinig reomhainn.



Ní'l bean ná páisde ná go mbeidh dá
dtnáitheadh,
'S gur le clocha'an bháin gur'b eadh
leagfam póit,
Is gan déirc 'san láimh sin do bhéaradh
náid dóibh
Acht bualadh agus cáineadh dá mbríd go deó!



Tá mo shúil lem' Mháighistir ná raghad fá'n
mbán nglas
Go bhfeicead tnáthadh orra agus tamall
spóirt,
Chum go mbeidh rith agus rás ar an dream do
chráidh mé
Go dubhach fá bhráighdeanacht 's gach a
dtáinig reomham;



Chum go mbeidh na mílte lán tiugh i n-aon
pholl amháin díobh,
Ar a dtarr i n-áirde gan cloch gan fód,
Agus Gaedhil ar chlár ghlan ag ól mo
shláinte,
Agus mise láithreach dá chnagadh leó!



Séamas Ó hEachtigheirn.



NOTES



Sgóladh, scalding, torturing, sgólta, tortured.
Pírí = peers, great folks.
Go leodhaidh a ghad, till he wear away his gad.
Náid = a jot, anything however small.
Bríd = breed.
Dá chnagadh, probably = clinking glasses, lit., knock-
ing it.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services