Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht Nua-Dhéanta. II.

Title
Filidheacht Nua-Dhéanta. II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Filidheacht Nua-Dhéanta II.



Ní file me, acht nuair thaitneas
rud liom, bíonn a fhios agam.
Ní'l obair ar an talamh so
is deacra do dhéanamh 'ná
filidheacht mhaith. Ní'l obair
ar an talamh so is usa le
déanamh 'ná droich-fhilidheacht. Ní'l ar
cuaird liteardhachta, ara is measa 'ná
droich-fhilidheacht. Is é buaidh an uilc, lot
fíor-mhaitheasa. An nídh is fearr nuair is
maith é, is é is measa nuair is olc é.



Ní fhaca fós riamh filidheacht i ndiaidh aon
fhileadh nua, ó Dhochtúir Mac Héil go dtí a
bhfuil le fír-dhéidheanaighe, nár chuir fearg
orm agus seirbhthean, go trom. Nuair do
léighinn an fhilidheacht so tháinig ó na sgo-
láiridhibh nua, go dtí a bhfuil le fír-dhéidhean-
aighe, cad do chuireadh an trom-chroidhe agus an
fhearg orm? Do thuigeadh m'aigneadh go
ngortuigheadh an uirlis an lámh agus nach bíodh
an obair dá déanamh.



I ngleann an dubh-locha 's le n-a
thaoibh,” etc., etc. Níor léigheas na focail
sin riamh nár chuireadar teinneas aignidh
orm. Beidh cuimhne go deó agam ar an
seirbhthin tháinig ar m'aigneadh an chead lá
riamh do chonnac iad, tá cúig bliadhna agus dá
fhichid ó shoin ann. Ochón, is mór idir iad
agus iad so — féach:



“Do chuala sgéal beag
Anois go déidheanach
Ó fheadóigh shléibhe bhí
I nDubhchoill.”



Sin í an chaint! Sin í an fhilidheacht!
Dá mbeidheadh buadhairt agus brón ar m'aig-
neadh, dhéanfadh na focail sin mé chuir chum
suaimhnis. Ní'l ionnta acht mion-chaint,
acht is cuma nó ceól sidhe dhomh-sa iad. Tá
níos mó filidheachta sa' mhéid sin focal 'ná
mar chonnac-sa riamh fós i n-ar léigheas de
Bhéarla. Is dócha go bhfuil daoine nach
creidfeadh sain. Ní'l leigheas agam-sa
ortha. Is í an fhírinne í.



Oireann dúinn ár nGaedhilg do choimeád
beó. Tá go maith. Is le n-a saothrughadh i
liteardhacht atá curtha rómhainn againn sin
do dhéanamh. Má 'seadh, ní fuláir dúinn
an liteardhacht sain do tháthughadh ar an
gcaint atá beó fós i mbéalaibh daoine.



Muna nglacaidh an táthughadh sain greim,
ní bheidh toradh ar ár saothar. Ní ghlacfaidh
an táthughadh greim, muna mbeidh an litear-
dhacht cumtha suidhte córuighthe, i dtreó
nuair léighfear í i láthair na ndaoine 'ga
bhfuil an Ghaedhilg beó i n-a mbéal, go
n-aithneóchaidh a gcroidhe a gcaint féin ag
teacht chuca as an leabhar.



Ní'l aon suidheamh liteardhachta is fearr
chuighe sin 'ná liteardhacht mhion-chainte. Is
dóigh liom go bhfuil cuid d'ár sgoláiridhibh,
agus gur lag leó mion-chaint do sgríobhadh.
Dob' uaisle leó bheith ag déanamh filidh-
eachta. Is maith í an fhilidheacht, 'na ham
agus 'na háit féin, má 's filidheacht mhaith í.
Acht ní'l i bhfilidheacht, dá fheabhas í, acht
órnáid. Is í bláth na teangadh í. Ní
hé am na gcloch mbuinn am na hórnáide. Ní
hé am an tsíolchuir am na mbláth do
bhaint.



Osgail aon leabhar le Scott agus cad do
chífir? Chífir mion-chaint agus béarla briste
ins gach áit. Bhí a fhios aige siúd cad do
bhéarfadh greim ar chroidhe na ndaoine.



Osgail Shakespeare féin agus cad do
chífir. Chífir an mhion-chaint ins na ran-
naibh is bríoghmhaire dár chum sé.



An chaint is miona is í is treise. An
chaint is mó thaisbeánas saothar, is í is
laige.


L. 29


Is chuige seo atáim. An t-aigneadh atá
agam-sa do'n Ghaedhilg, is é atá ag an uile
dhuine do tógadh le Gaedhilg. An rud thait-
infeas liom-sa, taitinfidh leó-san. An
rud ghoillfeas orm-sa, goillfidh ortha-san.
An liteardhacht tháthóchas lem' aigneadh-sa,
táthóchaidh lé n-a n-aigneadh-san.



Chím an méid sin gach lá. An nídh nach
taitneann liom, léighim do dhuine aca é, agus
adeir sé “Yeh, sir, isn't that quare Irish?”
nó, “Sure that aint right Irish!”



Nuair léighim dóibh an rud thaitneas liom,
is leó féin láithreach é.



Leanamaois ar an sórd Gaedhilge dhéan-
fas an táthughadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services